Dlúpháirtíocht le Fóram Phleanála Teanga Chois Fharraige

Dlúpháirtíocht le Fóram Phleanála Teanga Chois Fharraige

Tá an grúpa feachtasaíochta Misneach i ndiaidh litir tacaíochta a sheoladh chuig fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige agus chuig coistí pleanála teanga eile sa Ghaeltacht lena seasamh ar cheist mhaoinithe na bpleananna teanga a mholadh.

Dúirt úrlabhraí de chuid Misneach, Kerron Ó Luain, inniu:

“Ní chuireann sé lá iontais orainn go bhfuil droim láimhe á thabhairt do mhuintir na Gaeltachta ag an rialtas. Tá ardmholadh tuilte ag Fóram Teanga Chois Fharraige as an fód a sheasamh ar an ábhar tábhachtach seo. Tá fostaíocht, infhéistíocht agus seirbhísí mar chuid de phróiseas na pleanála teanga de dhíth le go mbeidh Gaeltacht Bheo againn amach anseo.”

Lean Ó Luain leis ag rá:

“Molann Misneach go gcuirtear fóram idirGhaeltachtaí ar bun le seasamh ar son na n-éileamh sin a neartú agus go gcuirfear feachtas comhordaithe náisiúnta ar bun chun maoiniú ar na pleananna teanga a chinntiú”.

Chríochnaigh Ó Luain:

“Tá Misneach ag moladh freisin go mbeadh ceist na Gaeltachta i gcroílár aon phlé a dhéantar le linn ‘Bliain na Gaeilge’ in 2018.”

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*