Ár nOidhreacht Theangeolaíoch: An fhírinne shearbh

Ár nOidhreacht Theangeolaíoch: An fhírinne shearbh

Is minic in Éirinn go gcloistear caoineachán faoi chás na Gaeilge agus faoin imeallú atá á dhéanamh uirthi le blianta fada. Tuigeann muid uile faoi seo go bhfuil pobal urlabhra traidisiúnta na teanga á lagú go leanúnach le fada an lá. Léirítear an fhírinne seo go soiléir sa litríocht
shochtheangeolaíoch.

In 2007, mar shampla, dearbhaíodh i saothar suntasach, An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT), nach raibh fágtha ach idir 15 agus 20 bliain ag an nGaeilge mar theanga phobail sna ceantair Ghaeltachta is láidre a mhaireann
(Ó Giollagáin et al., 2007: 27).

Léirítear i dtaighde nua go bhfuil cumas nó acmhainneacht teanga i bhfad níos fearr sa mBéarla ná sa nGaeilge ag gasúir óga atá á dtógáil le Gaeilge amháin sa mbaile i gceantair láidir Gaeltachta (Péterváry et al., 2014). Mar gheall ar an meath tromchúiseach seo atá tagtha ar chroíphobal na teanga, maíonn saineolaithe áirithe gur gearr eile a mhairfeas an teanga sa tír trí chéile.

Ina leabhar Vanishing Voices: The Extinction of the World’s Languages, míníonn Nettle agus Romaine an pointe tábhachtach seo:

“When a language is no longer being passed on at home, efforts to promote it outside that domain…usually end up being symbolic and ceremonial”

Ar an drochuair, ní haon scéal éagsúil é cás na Gaeilge in Éirinn. Go deimhin, is é an bás atá i ndán do fhormhór mór na dteangacha atá á labhairt ar chlár na cruinne faoi láthair.

Sa lá atá inniu ann, tá na mílte teanga á labhairt ar domhan. Ina ainneoin seo, dá gcuirfí ceist ar an mórchuid againn, is dócha nach mbeimis in ann ach cúpla scór acu a ainmniú (ar a méid) – na cinn mhóra chumhachta agus iad siúd a bhaineann le náisiúnstát ar leith agus b’fhéidir corrcheann eile ar ar chuala muid trácht uirthi in alt National Geographic nó a mhacasamhail sin.

Is cinnte agus sainmhíniú á thabhairt ar céard is teanga ann, go minic nach n-úsáidtear aon slat tomhais ach amháin ceann atá lonnaithe in idé-eolaíochtaí polaitiúla. Samhlaigh, mar shampla, dá mbeadh aon aonad polaitiúil amháin ann a chlúdódh Éire, Albain agus Oileán Mhanann.

Dá mbeadh a leithéid de náisiún ann, drochsheans go gceapfadh muid go bhfuil trí theanga éagsúla ann – Gaeilge, Gaelg agus Gàidhlig – ach an t-aon teanga amháin le canúintí éagsúla. Mar sin, is minic a úsáidtear socruithe na hardpholaitíochta in ionad coinníollacha teangeolaíochta, comh-intuigeacht, mar shampla, chun líon na dteangacha a chomaireamh.

Fiú i measc an dreama úd a bhíonn ag plé cúrsaí teanga go gairmiúil, is cosúil nach lia duine ná barúil ar an gceist seo faoi líon na dteangacha. Ach mar sin féin, is é an cuntas is déanaí atá ag an suíomh cáiliúil agus gradamúil, ethnologue.com go bhfuil 7,106 teanga beo inniu.

Is soiléir, mar sin, gur mó i bhfad líon na dteangacha ná líon na náisiúnstát (193 ballstát sna Náisiúin Aontaithe ag deireadh mhí na Samhna 2014). Fiú nuair a thugtar tíortha le cúpla teanga oifigiúil san áireamh, ciallaíonn sé seo go bhfuil na mílte teanga ar domhain gan aon stádas oifigiúil nó cosaint pholaitiúil acu.

Ní hamháin sin, ach – mar a tharla don nGaeilge – rinne na mórchumhachtaí coilíneacha iarracht cuid mhaith de na teangacha a chur chun báis d’aon turas, agus iad ag baint úsáide as modhanna brúidiúla go minic.

Tá impleachtaí na staire impiriúil seo le feiceáil ar fud na cruinne go dtí an lá atá inniu ann. Léiríonn obair an tsochtheangeolaí Suzanne Romaine nach bhfuil páiste ar bith ag foghlaim aon cheann den bheagnach céad teanga bundúchasach atá i Stát Chalafornia agus nach mairfidh ach glac beag de na céadta teanga dúchais san Astráil níos mó ná glúin nó dhó eile (2003: 442). Is é an scéal céanna é, a bheag nó a mhór, ar fud an domhain.

Cuireann an teangeolaí agus caomhnóir K. David Harrison in iúl go lom é in a shaothar When Languages Die: The Extinction of the World’s Knowledge and the Erosion of Human Knowledge ina ndeir sé go bhfuil na cainteoirí deireanacha de níos mó ná leath de theangacha an domhain beo cheana féin, agus is seandaoine atá sa bhformhór acu (2007: 1).

Ach mar sin féin, tá breis is 7,000 teanga fós beo ar domhan – is é sin le rá go bhfuil níos mó na 7,000 cultúr agus stair éagsúil againn agus a saibhreas agus a saintréithe féin ag chuile cheann acu. Mar chéatadán den daonra domhanda (tuairim is 7.2 billiún duine faoi láthair), áfach, tá líon na gcainteoirí atá ag tromlach na dteangacha seo fíor-bheag.

De réir Ethnologue, ní labhraíonn 94% de dhaonra an domhain ach 6% de na teangacha. Tá 81% acu (sin 5,756 teanga) á labhairt ag 1.1% den daonra.
Cé go bhfuil cúrsaí go dona, níl sé ach le scór bliain anuas go bhfuil tuiscintí ag forbairt i measc teangeolaithe ar an athrú tubaisteach atá i ndán d’oidhreacht theangeolaíoch an domhain.

Tháinig borradh faoin gcaint seo uile nuair a foilsíodh alt le Michael Krauss dar teideal The World’s Languages in Crisis san iris acadúil Language in 1992. Ag baint leasa dó as na fíricí agus an taighde ba dhéanaí, bhain Krauss an tátal amach nach raibh ach 10% de theangacha an domhain sách láidir go bhféadfaí a bheith muiníneach go dtiocfadh siad slán tríd an aonú haois is fichead (Krauss, 1992).

Sa bhliain 2006, ba ghruama an mhaise dó é ach chuaigh Krauss siar ar a thuairim go raibh thart ar 700 teanga seasmhach agus slán. Maíonn sé anois go bhfuil fíor-fhigiúir na dteangacha atá saor ó bhaol an bháis i bhfad níos ísle ná sin fiú. (in Ó Giollagáin, 2011: 152).

Ciallaíonn sé seo uile go bhfuil an chuma ar an scéal, de réir an eolais agus an taighde is nua-aimseartha, go gcaillfidh muid teanga amháin, ar an meán, gach uile dheich lá go gceann i bhfad eile (Harrison, 2007: 5). Gan dabht, tá teangacha ag fáil bháis nó ag forbairt le bheith ina dteangacha eile le fada an lá mar chuid de phróiseas na staire.

Mar sin féin, tuigtear do shochtheangeolaithe gur airde an ráta bagartha agus báis anois ná a bhí sé a riamh roimhe ó thosaigh an cine daonna ag caint – an tréith dhaonna is mó a dhéanann idirdhealú idir muid féin agus ainmhithe eile.

I bhfianaise na bhfíricí seo ar fad, is léir go bhfuil athrú mór dochúlaithe ag tarlú ar an gcaoi a maireann daoine. In ionad an t-iliomad teangacha a bheith á labhairt ag grúpaí eitneacha mar chuid nádúrtha dá saol, dá n-oidhreacht agus dá bhféiniúlacht, laghdófar an ilghnéitheacht seo faoi 90% le linn tréimhse saoil na glúine is óige atá beo inniu.

Agus céatadán suntasach de theangacha chomh lag sin nach bhfuil ann ach glac beag seandaoine fós á labhairt, is cosúil go sleamhnóidh roinnt mhaith de na teangacha seo ó chlár na cruinne sula ndéanfar aon taifead ná tuairisc orthu. Nuair a fhaigheann na cainteoirí deireanacha bás, mar sin, tá sé ar nós nach raibh siad ann a riamh.

Nuair a chailltear teanga, tá sé thar a bheith deacair í a fháil ar ais mar theanga bheo bhríomhar arís. Ní bheidh aon bhreith ar ár n-áiféala againn.
I gcodarsnacht leis an ngéarchéim uafásach eile atá ag tarlú faoi láthair, géarchéim na timpeallachta, tá an díothú seo ag tarlú a bheag nó a mhór i ngan fhios don saol.

”Mar gheall ar stair na tíre seo, thuigfeadh cainteoir Gaeilge ar bith go dtosaíonn bás teanga le dúshaothrú agus cos ar bholg polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíochta. Ní haon comhtharlú é nach mbíonn teangacha lucht an rachmais i mbaol báis choíche.”

Má tá baol suntasach báis ann d’os cionn 90% de theangacha roimh dheireadh na haoise seo, is furasta a fheiceáil gur chóir níos mó airde a thabhairt ar an ábhar práinneach seo agus nach áibhéileach ar chor ar bith an focal “géarchéim” chun cur síos a dhéanamh ar na hathruithe móra atá ag tarlú don chaoi a gcaitheann daoine a saol ar an domhan seo.

Tá muid ag fágáil an domhain ilghlóraigh sin a mhair tríd stair an chine daonna go nuige seo in ár ndiaidh agus ag tabhairt aghaidh ar ré nua a bheas i bhfad níos aonteangaí ná mar a bhí.

Agus an geilleagar caipitleach á scaipeadh féin agus an domhandú nualiobrá-lach ag teacht chun cinn le leathchéad bliain anuas, tá níos mó agus níos mó teangacha ag imeacht ar shlí na fírinne.

Ar ndóigh, ní hionann comhghaol agus cúisíocht ach fós féin, níl dabht ar bith ann ach go bhfuil go leor de na príomhthréithe a bhaineann leis an nualiobrálachas – imirce, cathrú, dífhos-taíocht forleathan, síor-scaipeadh an chultúir Angla-Mheireacánaigh srl. – ag cur brú ollmhór ar mhionteangacha an domhain.

Mar gheall ar stair na tíre seo, thuigfeadh cainteoir Gaeilge ar bith go dtosaíonn bás teanga le dúshaothrú agus cos ar bholg polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíochta.

Ní haon chomhtharlú é nach mbíonn teangacha lucht an rach-mais i mbaol báis choíche.

Agus pobal domhanda fíorbhocht cruthaithe ag an gcóras caipitleach (níos mó ná 2.8 billiún duine ag maireachtáil ar níos lú ná luach $2 in aghaidh an lae de réir na Náisiún Aontaithe), ní bhíonn an darna rogha ag daoine ach éirí as a dteanga agus a gcultúr dúchais agus iad ag iarraidh a mbeatha a thabhairt i dtír i gcóras atá dírithe ar leas céatadáin bhig den daonra.

Anseo in Éirinn tá rátaí eisimirce agus dífhostaíochta tar éis éirí an-ard go deo le blianta beaga anuas. Ó thosaigh an ghéarchéim eacnamaíochta tuairim seacht mbliana ó shin tá an dífhostaíocht, an bochtanas agus an eisimirce ag déanamh dochair shóisialta as cuimse don Ghaeltacht – an oiread le gach cearn den tír – leis na mílte duine óg ag fágáil na tíre le dul thar sáile ag tóraíocht oibre.

Anuas air sin, tá ciorraithe uafásacha tar éis maoiniú don Ghaeilge a ghearradh go cnámh. Níl ach drochmheas léirithe ag an rialtas ar an nGaeilge. Rinneadh neamhaird ar na mílte againn ag máirseáil, “Dearg le Fearg”, agus maslaíodh muintir na Gaeltachta le hAire Gaeltachta gan Ghaeilge.

Nuair a chuirtear an t-eolas seo ar fad faoin gcás domhanda i dtoll a chéile, is furasta a aithint gur forleithne i bhfad bás teanga ná díreach imeallú na Gaeilge anseo in Éirinn. Mar a chonaic muid, tá géarchéim theangeolaíoch ag tarlú faoi láthair nach bhfuil a leithéid feicthe riamh cheana agus cé gur furasta don té a thuigeann an tábhacht a bhaineann le hilghnéitheacht cultúir a bheith in ísle brí faoi seo, tá cath fós le troid againn anseo ar son na Gaeilge.

Mar a mholtar sa seanráiteas, bímis ag smaointiú go domhanda ach ag troid san áit ina bhfuil muid. Is cuid amháin, ach cuid fíor-thábhachtach í an troid seo ar son cearta phobal na Gaeilge a dteanga a choinneáil beo, sa streachailt mhór ar son domhain ina ndáiltear an mhaoin go cothrom – domhan ina léi-rítear meas ar ilghnéitheacht éiceolaíocht agus cultúir agus nach bhfuil faoi smacht lucht na cumhachta, na mbaincéirí agus na gcorparáidí móra. Beirimis bua!

*Foilsíodh an alt seo an chéad uair i 2015. Tá tagairtí iomlána do na saothair agus fírící a luaitear san alt seo ar fáil ón údar ach ríomhphost a chur chuige ag riotpunx77@gmail.com

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*