In aghaidh Bhéarlagair na Míleatachta

In aghaidh Bhéarlagair na Míleatachta

Bunaithe ar alt le Wolfi Landstreicher

Faraor, le blianta beaga anuas, tá an iomarca scríbhneoireachta a bhaineann leis an ‘streachailt shóisialta’ á milleadh ag caint leamh leadránach. Ní léiríonn an cineál sin cainte fuinneamh na réabhlóide a bhfuil sí ag tagairt dó, cheapfá. Caint mhíleata, nach mbaineann le saoirse, caint neamhbhlasta nach dtugann a cheart do theacht i láthair an duine aonair.

Is é cruatan ár linne a spreagann go leor dena scríbhneoirí chun pinn i gcéad uair, is ní haon ionadh é, má bhíonn siad go borb agus iad ag cur síos ar chúrsaí sóisialta, polaitiúla is eacnamaíochta mar atá. Ach conas is féidir linn boirbe ár linne féin a shárú má tá ár bhfreagra chomh borb céanna? Caithfidh ár bhfreagra a léiriú gur ag diúltú don saol sin atáimid!

Tá dul amú orainn an mhíleatacht a shamhlú le díogras nó le teas. Níl sa mhíleatacht ach veist bhán an gheilt á cheangaill thart ar loime an duine. Cuireann sé teorainn lena chuid gluaiseachtaí, déanann sé righin é.

Samhlaítear dáiríreacht le diongbháilteacht, ach níl sa dáiríreacht ach cuing na teibíochta, ár gcoinneáil faoi chois! Sclábhaíocht don todhchaí is don am chuaigh thart. Is cad é sin? Ach géibheann féindéanta eile!

Táimidne glan in aghaidh aon ní dá shórt is sinn ag troid chun gach nóiméad dár saol a chur ar ár gcomhairle féin.

Síleann an iomarca daoine a bhfuil an streachailt shóisialta á plé acu gur daoránaigh iad ag tabhairt dúshlán don daoirse, seachas daoine saora neamhspleácha ag cur ar a son féin is na constaicí a thagann rompu á leagadh sa phróiseas féinchruthaithe.

Má bhíonn ár ngluaiseacht mar fhreagairt don daoirse amháin, beimidne i bhfastó sa daoirse chéanna. Ní call dúinn fírinne na daoirse a shéanadh chun glacadh leis sin. Ní bheidh ar ár gcumas a bhfuil romhainn a scrios má chaillimid ár saol féin. Is an frith-bheart ag díriú ar thionscnamh na naimhde amháin, coinníonn sé ar an gcosaint Sinn, is dearbhaíonn sé ár mbás (ár mbua féin fiú) trínár dtionscnaimh féin a sciobadh uainn.

Mar sin, má thugaimid fénár dtionscnamh féin a chumadh is a eagrú as ár stuaim féin, sinn mionnaithe chun gluaiseacht a dhéanamh ar fud an domhain bhraonaigh, inár neacha neamhspléach gan sprioc, ní shamhlóimid arís na bodaigh mhóra .i. na fir ghaimbín, na póilíní, na sagairt, na breithimh, na dúshaothraithe, le tioránaigh a gcaithfimid an fód a sheasamh ina gcoinne, ach mar constaicí a chaithfimid a sharú ar an mbealach.

Is sa chomhthéacs sin amháin a thabharfar brí éiritheach, fhileata is réabhlóideach don ngníomh fíor-thuillte a dhiúltaíonn scun scan don Obair, an saol á oscailt athuair don aer is don iontas.
Ar theacht an lae sin amháin, a bheidh an Scrios is an Spraoi ar scáth a chéile.

*Foilsíodh ar dtús i 2015

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*