Cymdeithas yr Iaith: ár macasamhail féin sa Bhreatain Bheag

Cymdeithas yr Iaith: ár macasamhail féin sa Bhreatain Bheag

Is grúpa radacach pobalda é ‘Cymdeithas yr laith’ sa Bhreatain Bheag. Tá siad ar an bhfód le breis is caoga bliain anois. Bunaíodh thiar sa bhliain 1962 iad chun dul i mbun feachtasaíochta bríomhar le stádas oifigiúil a bhaint amach don mBreatnais. An modh oibre a bhí acu ná chun brú a chuir ar an rialtas trí ghníomh díreach síochánta.

Tharla an chéad agóid poiblí acu i Mí Dheireadh Fómhair 1962 in Aberystwyth nuair a shuigh siad síos ar an mbóthair ar feadh uair a chloig ag cur bac ar trácht dul thar. Sna 1960idí chabhraigh siad le comharthaí bóithre dátheangach a bhaint amach.

Sna 1970idí bhíodh siad ag feachtasaíocht ar son stáisiúin teilifíse ina dteanga dhúchais, rud a baineadh amach nuair a bunaíodh S4C sa bhliain 1982. Sa bhliain 1993 cuireadh Acht Teanga na Breatainise i bhfeidhm, rud ar chabhraigh Cymdeithas lena bhaint amach chomh maith. Ó shin i leith bhí siad gníomhach i bhfeachtais chun cur leis an acht sin agus é a neartú.

Sa bhliain 2011 foilsíodh daonáireamh a léirigh go raibh titim i líon na gcainteoirí Breatnaise. D’aithin Cymdeithas gur léirigh na figiúrí sin go raibh géarchéim don teanga. Mar fhreagra ar seo d’eagraigh siad agóidí fud fad na Breataine Bige. Ag an am céanna sheol siad ‘Maniffesto Byw’ (Forógra Maireachtála) a leag amach polasaithe chun an teanga a láidriú.

I dtús 2013 agus arís sa samhradh bhuail Cymdeithas le Príomh Aire na Breataine Bige Carwyn Jones, chun an géarghá atá le hathraithe sna polasaithe teanga a chur in iúl dó. I ndiaidh an chruinnithe scríobh Cymdeithas chuig Jones chun deis a thabhairt dó léiriú laistigh de 6 mhí go mbeadh sé ar intinn aige 6 athraithe pholasaí a chuir i gcríoch.

Is iad siúd; 1. Oideachas trí mheán na Breataisne do gach éinne 2. Maoiniú cothrom don Bhreatnais 3. Teanga na hoibre a dhéanamh den Bhreatnais 4. Cearta teanga soiléire 5. Scéimeanna teanga dírithe ar an bpobal agus 6. An Bhreatnais ag lár na forbartha inbhuanaithe.

Faoi Mhí Feabhra 2014 ní raibh Jones tar éis ráiteas a dhéanamh go gcuirfí na hathraithe sin i gcríoch. Mar sin thosaigh Cymdeithas ag dul i mbun agóid gnímh dhírigh ar fud na Breataine Bige.

Thosaigh na hagóidí i Mí Aibreáin nuair a chuaigh cathaoirleach Cymdeithas Robin Farr go hoifigí an rialtais i gCardiff agus rinne sprae-phéintéail orthu. Scríobh sé na focla ‘acht’ agus ‘6 rud’ ar an mballa agus ghabh na póilíní é.

Cúpla seachtain ina dhiadh sin chuaigh grúpa leath-dhosaen ball Cymdeithas agus rinne forghabháil ar na hoifigí céanna. I Mí Bhealtaine gabhadh triúr acu lasmuigh d’oifigí an rialtais in Aberystwyth. Agus i Mí Mheitheamh bhí agóid eile acu lasmuigh den ‘Senedd’ (Seanad) i gCardiff.

I ndiaidh na hagóide bhí Jones ag déanamh amach gur cosúil leis na 70idí stíl agóide Cymdeithas. Ach deir úrlabhraithe Cymdeithas gur tríd an easumhlaíocht shibhialta agus an ghníomh díreach amháin gur féidir leo a léiriú chomh dáiríre is atá cúrsaí teangan sa tír.

Ar an 17ú Meitheamh rinne Jones ráiteas inar gheall sé £1.6 milliún chun an nasc idir an eacnamaíocht agus an teanga a neartú. Rinne sé roinnt gealltanas i dtaobh na Breatnaise agus cúrsaí oideachais, ach tá an chuma air nach gcomhlíonann siad éilimh Cymdeithas i ndáiríre. Beidh an freagra a thugann an grúpa radacach ar Jones suimiúil dúinne anseo in Éirinn.

– Kerron Ó Luain

*Foilsíodh an t-alt seo den chéad uair i 2015

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*