Misneach agus leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

Misneach agus leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

D’fhreastal urlabhraí de chuid Misneach, Kerron Ó Luain, ar chruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán inné ag a pléadh an Bille nua chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Bhí suas le tríocha moladh seolta ag Misneach ag an gCoiste roimh réidh, ina measc moltaí faoin nGaeilge a chosaint sa láthair oibre, cead an teanga a úsáid sna cúirteanna a dheimhniú agus go mbeadh ainmneachaí comhlachtaí as seo amach i nGaeilge amháin.

Léigh Ó Luain ráiteas gairid amach roimh dó ceisteannaí a fhreagairt ar na moltaí:‘Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil libh as cuireadh a thabhairt dúinn labhairt libh inniu. Tá an-mheas ag Misneach ar an obair atá á déanamh agaibh chun easpa chúram an stáit i leith na Gaeilge a fhiosrú agus molann muid bhur gcuid iarrachtaí go nuige seo.

Is grúpa ón mbun aníos é Misneach a ghníomhaíonn chun athneartú na Gaeilge a thiomáint agus todhchaí na teanga a chinntiú trí a bheith ag obair le cosmhuintir na Gaeltachta agus na tíre i gcoitinne.

Creideann Misneach go maireann an Ghaeilge in Éirinn i dtrí chomhthéacs éagsúla:

  1. Sa Ghaeltacht
  2. San iar-Ghaeltacht sna Sé Chontae is Fiche
  3. San iar-Ghaeltacht sna Sé Chontae

Tá riachtanais éagsúla sna limistéir éagsúla seo, ach braitheann todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo áit ar bith ar na croíphobail sa Ghaeltacht a thabhairt slán ón tsáinn ina bhfuil siad. Dar linn go mbraitheann athneartú na Gaeilge go hiomlán ar shlánú na Gaeltachta. Mar is eol dúinn uilig, áfach, tá géarchéim theangeolaíoch sa Ghaeltacht inniu agus ní mhairfidh an Ghaeilge i bhfad eile mar phríomhtheanga phobail áit ar bith mura ndéantar gníomh radacach gan mhoill.’

Lean Ó Luain leis:

‘Ní féidir aghaidh a thabhairt ar an gcruachás teanga seo, áfach, gan aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna eacnamaíochta, sóisialta agus polaitiúla atá ag bagairt ar na pobail seo.

Tuigeann muid go bhfuil an coiste seo ag plé le leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá géarghá lena leasú gan dabht, rud atá ar an méar fhada ag an stát le rófhada anois. Rinne craobh BÁC de mhisneach moltaí don phróiseas comhairliúcháin phoiblí, ach ag deireadh an lae creideann Misneach go bhfuil comh-thuiscint fhairsing i measc phobal na Gaeilge faoina bhfuil ag teastáil leis an acht sin a fheabhsú. Is é sin cur i bhfeidhm mholtaí an choimisinéara teanga ina n-iomláine, gan cheist. Dá dtabharfaí brí reachtúil don mhéid atá iarrtha ag an gCoimisinéir teanga, níl aon dabht ach go gcuirfeadh sé go mór le cearta teanga sa tír seo. Mura bhfuil an stát sásta an méid seo a dhéanamh gan mhoill, is ceap magaidh a bheas sna pleananna teanga atá á n-ullmhú ag pobail Ghaeltachta ar fud na tíre faoi láthair.

Cé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh acht teanga láidir ann creideann Misneach go bhfuil sé i bhfad níos tábhachtaí arís go rachfaí i ngleic go dáiríre leis na dúshláin reatha atá roimh an nGaeltacht agus go n-aithneofaí go hoscailte go bhfuil gá le hathrú ó bhonn ar chur chuige an stáit i leith na Gaeltachta.

Cé gur fiú an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an oileáin mar chuid de phróiseas an díchoilínithe, léiríonn an taighde go gceapann formhór mhuintir na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge básaithe mar ghnáth-theanga má chailltear an Ghaeltacht – agus sin cailleadh nach bhfuil i bhfad uainn mura ndéantar infheistíocht mhór sna pobail sin gan mhoill.

Deir an saineolaí ar pholasaí teanga, an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Cardiff, go dteastaíonn féinriail pholaitiúil agus neamhspleáchas eacnamaíochta chun go mairfidh pobal mionteanga beo – ach ar ndóigh scrios polasaithe na déine iad seo i gcás na Gaeltachta le blianta beaga anuas. Dá lochtaí dá raibh sé, ba chéim mhór ar chúl é deireadh le toghchán an Údarais a thug ionadaíocht dhaonlathach de chineál éigean do mhuintir na Gaeltachta. Scriosadh feidhmiúlacht na heagraíochta sin freisin nuair a gearradh 75% dá mbuiséad, agus gearradh buiséad na Roinne Gaeltachta go cnámh freisin.

Ach ní sin le rá go raibh rath an-mhór ar pholasaithe an Údarais fiú agus airgead acu – mar is eol do chách chuir go leor dá bhforbairtí le galldú na Gaeltachta le tríocha bliain anuas agus imíonn a gcliantchomhlachtaí thar sáile chomh luath is a bhíonn an deontas caite.

In ionad cur chuige FDI an Údaráis seo molann Misneach comharchumainn oibre a bhunú ar fud na Gaeltachta – .i. comhlachtaí atá i seilbh iomlán a n-oibrithe a bheadh ag teacht le riachtanais a gceantar agus ag cruthú fostaíochta agus deiseanna chun saol níos fearr a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta, agus é ag tarlú go hiomlán trí Ghaeilge.’

Chríocnaigh Ó Luain:

‘Ach ina dhiaidh sin ar fad, tuigeann  Misneach gur labhair go leor saineolaithe eile leis an gcoiste seo cheana. Níl a fhios cé mhéad tuarascáil a scríobhadh faoi shábháil na Gaeltachta ó bunaíodh an stát. Ní hea nach bhfuil moltaí ann, an fhadhb atá ann ná go ndéantar neamhaird orthu agus leantar ar aghaidh le polasaithe faillíocha a bhfuil an teanga-dhíothú mar thoradh orthu. Cé go bhfuil muid buíoch as an gcuireadh a bheith anseo inniu, caithfidh Misneach an cheist a chur, cén mhaith a bheith ag éisteacht linne ná le haon ghrúpa eile mura gcuirtear na moltaí agus na polasaithe seo ar fad i bhfeidhm. Ní comhairliúchán é mura ndéantar gníomh dá bharr. Agus tá Misneach agus pobal na Gaeilge ar fad tinn tuirseach den easpa tacaíochta agus gnímh ón stát – tinn den easpa tacaíochta don phleanáil teanga, don Ghaeloideachas, do bhád Thoraí, do chearta feamainne, do bhunchearta mhuintir an oileáin seo ar go leor bealaí.

Ar ndóigh, tuigeann Misneach go bhfuil greim ag an Roinn Airgeadais ar na ranna stáit is eagraíochtaí poiblí eile ar fad agus go bhfuil sé an-deacair dá bharr maoiniú cuí a fháil leis an obair seo a dhéanamh. Ach níl ansin ach léiriú, dar linne, ar an ngá le córas eile a chuireann riachtanais chosmhuintir na tíre chun cinn, na Gaeil san áireamh, i leaba a bheith ag sodar i ndiaidh lucht an rachmais mar atá faoi láthair. Tá troid le cur. Bua nó bás – fúinne atá sé.’

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*