Misneach in Aimsir na nÉigeandálaí – Ócáid Phoiblí

Misneach in Aimsir na nÉigeandálaí – Ócáid Phoiblí

Caint phoiblí le hionadaithe de chuid ‘Misneach’ mar chuid den fhéile ‘IMAGINE Festival of Ideas & Politics’, Céadaoin 14 Márta | 7in

Chuir Misneach fáilte chroíúil roimh phobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus roimh chuairteoirí as áiteacha eile nuair a thug ceathrar ball de Mhisneach caint ar ghnéithe éasgúla den streachailt atá ar bun ar son todhchaí phobal na Gaeilge.

Labhair Seanán Mac Aoidh, atá ina chónaí i mBéal Feirste, ar ról na heagraíochta Misneach agus ar naimhdeas an Stáit Éireannaigh. Labhair Ben Ó Ceallaigh, sochtheangeolaí, pleanálaí teanga agus ball gníomhach de Mhisneach ar chomhthéacs eacnamaíochta, sóisialta agus timpeallachta na streachailte, labhair Katie McGreal, príomh-eagarthóir an irisleabhair Mionlach, ar an Fheimineachas mar chuid de chúis na nGael agus bhí an file Ciarraíoch Séamus Barra Ó Súilleabháin ag caint ar thábhacht na n-ealaíon mar chuid den streachailt Ghaelach seo.

Chuireadh clabhsúr leis an imeacht le reic filíochta. Bhí comhrá bhreá againn leis na daoine a bhí láthair fá na ceisteanna tábhachtacha seo agus fán dóigh is fearr le dul i gceann na hoibre.

Is féidir breathnú ar na físeáin thíos nó éisteach leis an iomlán anseo

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*