Cosnaímis timpeallacht na Gaeltachta: Misneach ag tacú le pobal Rann na Feirste

Cosnaímis timpeallacht na Gaeltachta: Misneach ag tacú le pobal Rann na Feirste

Cothrom an lae seo anuraidh bhí agóid mhór bhríomhar ar thrá Rann na Feirste in éadan méadú mór na feirmeoireachta oisrí a ceadaíodh ag an Aire gan chomhairliúchán mar is ceart bheith déanta. Tá feachtas fós ar bun ag an phobal chun timpeallacht na trá a chaomhnú ón scrios.

Ag labhairt dó faoin bhfeachtas dúirt urlabhraí MISNEACH Thír Chonaill, Oisín Mac Eó:

‘Seasann MISNEACH le pobal na Gaeltachta agus in éadan scrios agus baint ár n-achmainní nádúrtha ar son brabúis ag comhlachtaí móra idirnáisiúnta agus má tá sé de mhisneach ag an phobal dul i mbun agóidíochta arís beimid ann.’

Lean Mac Eó leis:

‘Labhair MISNEACH le hAodh Mac Ruairí, feachtasóir agus duine de mhuintir na háite, faoin fheachtas go dtí seo agus faoi na dóigheanna is éifeachtaí ar féidir tacú lena gcúis. Táthar ag súil go mbeidh muid ag fanacht i dteagmhál, agus ag oibriú, le muintir na háite amach anseo’.

Chríochnaigh Mac Eó:

‘Jabanna a fhóireann don cheantar agus cosaint na timpeallachta atá á éileamh le go mbeidh an Ghaeltacht slán agus beo anois agus do na glúnta Gael atá le teacht.’

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*