Day: January 11, 2020

Loscadh na hAstráile: Ról an Choilíneachais

Gné nádúrtha d’éiceachóras na hAstráile is ea an fhalscaí. Tá plandaí ann, mar shampla, nach bpéacann ach i dteas tine. Cén fáth, mar sin, a bhfuil falscaithe na bliana seo ina loscadh gan fasach?

De réir cosúlachtaí, meascán de chúinsí is cúis leis, ach ní féidir neamhaird a dhéanamh de ról an athraithe aeráide ar an ghéarchéim. 

Tá an Astráil buailte ag triomach den tríú bliain as a chéile, rud nár tharla riamh ó tosaíodh ar chuntas a choinneáil. Ina theannta sin, tá meánteocht na hAstráile ardaithe níos mó ná 1°C ó 1910.

D’ainneoin seo, deir Príomh-Aire Scott Morrison nach bhfuil sé sásta spleáchas na hAstráile ar mhianadóireacht guail a laghdú, ag maíomh go gcaillfí na míllte postanna dá ndéanfaí sin. Ar ndóigh, tá an Astráil ar cheann de na táirgeoirí guail is mó ar domhain. 

Cháin an OECD polasaithe timpeallachta na hAstráile in Eanáir 2019 toisc nach raibh an tír ag comhlíonadh a ndualgas faoi Chomhaontú Pháras.

Ní raibh aon éifeacht aige seo ar Morrison áfach. Agus é ag labhairt os comhair ionadaithe de chuid an tionscnaimh mianadóireachta i Mí na Samhna 2019, gheall Morrison go dtabharfadh sé reachtaíocht nua isteach a chuirfeadh cosc ar fheachtais bhaghcatála i gcoinne na mianadóireachta.

Is léir gur tábhachtaí an brabús ná an todhchaí do Morrison agus a léithéid. Seanscéal agus meirg air is ea é seo san Astráil, tír atá creachta gan taise ag an choilíneachas ó hionradh na nEorpach i 1788.

Níl aon ionadh ann mar sin go bhfuil baint dhíreach ag an choilíneachas leis na falscaithe. Leis na mílte bliain roimh an ionradh rinne bundúchasaigh na hAstráile na falscaithe a bhainistiú trí mhiontinte a lasadh agus iad ag siúl na tíre. 

Nós bunaithe ar shaineolas a ndúichí ab ea é a chur coisc ar fhalscaithe móra doshrianta.

Chuir díbirt na mbundúchasach stop leis an bhainistiú seo, rud a d’athraigh timpeallacht na tíre ar shlí bhunúsach. Léiríonn foinsí stairiúla gur meascán d’fhéarach agus díthreabh a bhí ann in 1788 san áit a bhfuil na mórchoillte eocalaipe atá trí thine inniú. 

Gan a sheanchaomhnóirí traidisiúnta, tá garraí na hAstráile tiontaithe go fiántas agus tá a thoradh sin á fheiceáil anois againn.

Tá iarrachtaí á ndéanamh le fada sean-nósanna bainistithe tine a chur in úsáid arís san Astráil. Déanann eagraíochtaí bundúchasacha ar nós an Firesticks Alliance agus Maoir Uunguu (dúiche bheo) iarrachtaí na nósanna seo a chuir i bhfeidhm agus tá ag éirí leo in áiteanna. 

Tá timthriall na mórfhalscaithe briste ag na Maoir Uunguu i ndiadh deich mbliana de bhainistiú traidisiúnta i graa (dúiche thraidisiúnta) mhuintir na Wunambal Gambera.

Léiríonn polasaithe Morrison go bhfuil meon santach an choilíneachais beo fós i measc aicme cheannais na hAstráile. Is léir go dteastaíonn athrú suntúsach i mbeartais thimpeallachta na tíre, mar aon le saineolas agus scileanna traidisiúnta na mbundúchasach.

Ní mór dúinn cuimhniú áfach go gcuireann tubaiste na bhfalscaithe seo go mór le tráma na mbundúchasach céanna. Díbríodh as a ndúichí iad agus anois caithfidh siad scriosadh na ndúichí céanna a choimheád.

Ó hionradh na nEorpach, táthar ag caitheadh leis an Astráil mar acmhainn ar féidir úsáid beag beann ar aon iarmhairt. 

Anois, 232 bliain níos moille, is léir go bhfuil athrú suntasach de dhíth, ní hamháin i mbeartas timpeallachta na tíre, ach i bhféintuiscint na ndaoine ann agus a ndearcadh ar an tír féin.