Easpa Cearta na mBan sa Chipir

Easpa Cearta na mBan sa Chipir

Léiríonn an cás cúirte agus an scéal ar fad atá ag teacht amach as an Chipir le cúpla seachtain anuas nach bhfuil mórán athraithe go dlíthiúil agus go bhfuil an tseanmheon gránna céanna fós i réim i leith ban ar an oileán. 

Chuaigh an bean óg seo go dtí na póilíní in Ayia Napa le linn an tsamhraidh ag rá go ndearna dhá fhear déag éigniú droinge uirthi. 

Chaith an bhean uaireanta an chloig ag freagairt ceisteanna leis na póilíní agus ar dheireadh, faoi bhrú ó na póilíní céanna, dúirt sí gur chum sí an scéal ar fad. Cuireadh sa phríosún í dá bharr sin agus d’imigh na fir ar fad abhaile go dtí an Iosrael. 

Chaith an bhean Shasanach na míonna sa phríosún agus fios maith aici go bhféadadh na húdaráis sa Chipir pionós príosúin bliana agus fíneáil suas le €1,708 a ghearradh uirthi. Le linn na hama sin, ligeadh amach as an bpriosún í ach ní raibh cead aici dul abhaile; bhí uirthi fánach sa Chipir. 

Cúig mhí i ndiaidh na heachta, tugadh os comhair na cúirte í agus  gearradh pionós príosúin ceithre mhí uirthi. Cuireadh siar é ar feadh trí bliana ar dheireadh agus dúradh léi go raibh cead aici dul abhaile; nach deas sin. 

Tá sí ag dul abhaile le fadhbanna meabhairshláinte agus chaill sí amach ar tús cúrsa ollscoile a raibh sí le freastail air. 

Ní sheasann an scéal seo leis féin, ná baol air. Tá dráma ar Netflix faoi láthair darbh ainm Unbelievable.

Dráma bunaithe ar ionsaí a tharla sna Stáit Aontaithe i 2009. Chuaigh Marie Adler go dtí na póilíní le scéal éignithe agus i ndiaidh uaireanta an chloig ag freagairt ceisteanna dúirt sí nach raibh sí 100% cinnte a thuilleadh ar tharla an t-ionsaí. 

Thóg an stát Marie os comhair na cúirte agus bhí uirthi pionós a íoc as am na bpóilíní agus an stáit a chur amú. 

San fhíorshaol, agus sa dráma cúpla bliain i ndiaidh sin, tagann beirt chigire ar scéal an-cosúil le scéal Marie agus ar deireadh tagtar ar fhianaise go ndearnadh ionsaí ar Mharie agus gabhann an stát leithscéal léi.

Is iontach an rud é go bhfuil muid ag caint ar na heachtraí seo. Ach is léir go bhfuil muid ar fad ag éirí braon den chaint amháin. Tháinig an grúpa Network Against Violence Against Women le chéile le mná na hIosrael sa Chipir agus bhí agóid mhór acu taobh amuigh den teach cúirte. Maith iad! 

Tá roinnt den tuairim gur chóir baghcat a dhéanamh ar an Chipir ó thaobh na turasóireachta de, go dtí go bhfeabhsaíonn an córas “dlí agus cirt” acu.

Maith iad na daoine ar fad a sheasann i gcoinne ionsaithe uafásacha a tharlaíonn do dhaoine agus iad ag labhairt leis na póilíní mar gheall ar ionsaithe gnéis.

Nár tharla go leor dó anseo in Éirinn freisin? 

Ní gá ach smaoineamh ar an “Rugby Rape Trial” agus an cás cúirte i gCorcaigh nuair a úsáideadh fobhríste na mban mar fhianaise ina coinne, ag rá go raibh sí sa tóir ar rud éigin toisc go raibh thong á caitheamh aici. 

Léiríonn tráchtanna leithéidí Paddy Holohan go bhfuil meon contúirteach aineolach i leith ionsaithe gnéis coitianta go leor sa tír seo fós.

Ina phodchraoladh, maíonn Holohan, ar comhairleoir de chuid Shinn Féin é, go mbíonn mná agus cailíní óga ag bagairt fear le bréagchúisimh éignithe le dúmhál a chur orthu.

Cuireadh Holohan ar fhionraí de bharr an ráitis sin ach is fiú cuimhniú nach bhfuil fianaise ar bith leis. A mhalairt ar fad atá fíor.

De réir na bhfíricí ní fhaightear ach idir 2-6% de chúisimh éignithe sa tír seo a bheith gan bhunús agus cuirtear cásanna nach raibh na Gardaí ábalta go leor fianaise a bhailiú san áireamh leo sin.

Fíric i bhfad níos tromchúisí is ea an bhunfhíric nach dtéann ach níos lú n á 32% d’íospartaigh éignithe go dtí na Gardaí.

Léiríonn stáidéar de chuid an Ghréasá i n Éigeandála um Éigniú in 2015 go mbíonn an imní nach gcreidfí iad ar na cúiseanna is mó a chuireann bac ar na  híospartaigh a scéalta a insint

Tá na scéalta seo ar fad nasctha le chéile agus ní féidir neamhaird a dhéanamh dóibh a thuilleadh. Caithfidh muid seasamh le chéile, tacú le híospartaigh, agus athrú suntusach a éileamh de ghuth ard láidir.