Lucht Teagaisc agus Mic Léinn i mbun Eagraithe

Lucht Teagaisc agus Mic Léinn i mbun Eagraithe

Tá borradh tagtha faoin gceardchummanachas agus an ghníomhaíocht ar champais ollscoile na tíre le roinnt míonna anuas. Tá géarghá lena leithéid i ndáiríre, óir tá slad déanta ar an maoiniú atá curtha ar fáil do lucht teagaisc ollscoile agus mic léinn ó tharla an ghéarchéim eacnamaíochta i 2008.

Tá roinnt mhaith ceisteanna ag dó na geirbe. Ó thaobh na teagascóirí de, lucht taighde dochtúireachta ina measc, tá cúrsaí pá agus coinníolacha oibre go hainnis ar fad. Maraon leis na múinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile tá éagothromaíocht pá ann ó 2011.

Tá duine ar bith a earcaíodh i ndiaidh 2011 ar phá i bhfad níos ísle ná iad siúd a bhí ann roimhe. Go bunúsach, is iad an t-aos óg atá síos leis. Agus, mar is eol dúinn, tá cúsaí tithíochta agus go leor eile ina dheacreacht cheana. Meascán marfach is ea an pá íseal agus an chíos ard.

Anuas air seo uilig, tá go leor éiginteachta ó thaobh na gconarthaí de. Cuirtear go leor de na teagascóirí óga ar chonarthaí ar théarma seasta, agus ní bhíonn siad in ann pleanáil ó thaobh cúrsaí tithíochta nó saoil de dá bharr.

Tá cúrsaí tithíochta ina chnámh spairne do na mic léinn chomh maith. Tá mic léinn in ollscoileanna i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus áiteanna eile nach iad tar éis éirí amach i gcoinne ardaithe cíosa ar lóistín ollscoile.

Shílfeá, mar sin, go mbeadh easpa maoiniú ón rialtas ag cruthú deacreachtaí do na hollscoileanna. Bheadh an ceart agat. Tá cúrsaí imithe in olcas le tamaill agus na ceardchumainn ag lorg infheistíocht mhór don earnáil tríú leibhéal i gcónaí. 

Ach, níos measa fós, bíonn ollscoileanna áirithe ag caitheamh airgid ar bhaoth-thograí. Cur i gcás UCD, áit ar chaith an t-Uachtarán, Andrew Deeks, na milliúin euro ar “chlub alumni” agus ar athchóiriú a dhéanamh ar a oifig féin fad agus atá mic léinn á dhíbirt ón oideachas ar an tríú léibheál de bharr na heaspa títhíochta.

Tá mic léinn agus teagascóirí bréan den chineál éagothromaíochta seo agus tá siad ag seasamh an fhóid ina coinne. Tá grúpaí feachtais, ceardchumainn agus aontais na mac léinn i ngach cearn den tír tar éis agóidí bríomhara agus forghabhálacha a chur ar bun le tamall anuas. 

Ardú pá do na teagascóirí agus deireadh leis na hardaithe cíosa do na mic léinn atá mar éilimh ag an ngluaiseacht nua seo.

Ar an bhformhór, níl lucht ceannasaíochta na hollscoileanna ag éisteacht leis na héilimh ó dhream ar bith. Mar sin féin, is léir go bhfuil tuiscint ann i measc lucht na feachtasaíochta gur troid níos fada a bheas i gceist. 

Is cath é seo a mbeidh impleachtaí fadtéarmacha aige ar saol na hollscoile amach anseo. Caithfear é a bhuachaint.