Day: March 24, 2020

Sraith alt: #1 An Phaindéim Corónach sna Sé Chontae Fichead

Tá an phaindéim dhomhanda is tromchúisí le breis is céad bliain buailte orainn. Níl ráig víreasach mar an víreas corónach feicthe againn le fada an lá. Scaip an Fliú Spáinneach fud fad na cruinne i 1918-1919 agus meastar gur mharaigh sé thart ar 100 milliún duine.

Dar ndóigh, tá cúrsaí leighis agus eolaíochta imithe i bhfeabhas go mór ó shin. Ach an bhfuil stáit an domhain, an dá stát in Éirinn ina measc, in ann déileáil leis an ráig chorónach seo?

Tá an tSín ag dul in adharca le COVID-19 le roinnt míonna anuas. Tá an Iodáil buailte go dona ó thús Mí an Mhárta agus an scéal ag éirí níos measa lá i ndiaidh lae.

Níl cúrsaí ach ag dul in olcas in Éirinn i láthair na huaire. Níl cuma mhaith ar chúrsaí mar atá agus drochthuar ar a bhfuil i ndán dúinn mar phobal. Ní fiú an fhírinne shearbh a cheilt.

Sa tsraith alt seo, déanfar anailís ar ghnéithe áirithe den ghéarchéim corónach. Ina theannta sin, leagfar síos fís dearfach den cineáil sochaí atá de dhíth chun a leithéid de ghéarchéim a sheachaint arís sa todhchaí.

An babhta seo, breathnófar ar na Sé Chontae Fichead.

Tá an córas sláinte sna Sé Chontae Fichead in Éirinn ina bpraiseach cheana féin. I ndiaidh blianta de pholasaithe na déine, tá ganntanas banaltraí, dochtúirí agus lucht cúram leighis phroifisiúnta trí chéile.

Cailleadh deis iontach san Eoraip i gcoitinne dul i ngleic leis an ráig sular scaipeadh é go forleathan. In Éirinn, d’fhéadfadh rialtas an Sé Chontae Fhichid eitiltí ón Iodáil agus an Mór Roinn a chosc. 

Ina áit sin, ligeadh do dhaoine a bhí ag teacht ó na réigiúin ba mhó buailte ag an víreas bogadh go saor fud fad an stáit, gan iad a chur ar coraintín.

Nuair a tharla féile Cheltenham chuaigh na mílte Éireannach trasna go Sasana. Bhí saineolaithe agus dochtúirí leighis ag impí ar an rialtas gan ligint dóibh teacht ar ais gan beartas slándála a chur i bhfeidhm. Ní dhearnadh tada.

Cén fáth ar fheidhmigh an rialtas sa chaoi seo? I mbeagán focal, an t-airgead ba chúis leis. D’fheidhmigh Varadkar, Coveney agus Harris go mall mar nach raibh siad sásta aghaidh a thabhairt ar lucht an rachmais. 

Bhí buairt orthu cur as do leithéidí Michael O’Leary agus Ryanair.

Bhain an smaointeoireacht chéanna leis an bhfógra fíormhall acu go ndúnfaí tithe tábhairne agus bialanna. Tugadh tús áite don gheilleagar agus fágadh sláinte an phobail in áit na leathphingine.

Tá Varadkar anois á mholadh de bharr óráide a thug sé – óráid inar chur sé athleagan ar ráiteas a rinne Winston Churchill. 

Fós féin tá Varadkar ag moilleadóireacht. Tá páirtithe den eite chlé ag éileamh go ndúnfaí gach rud, seachtas na seirbhísí riachtanach, síos. 

Tá an rialtas ag diúltú seo a dhéanamh de bharr an chostais airgid. Cuimhnigh nár chuireadh Lá ‘le Phádraig ar ceal go dtí gur tháinig brú ollmhór ón bpobal.

Tá Varadkar anois ar chúl Boris Johnson fiú ó thaobh na srianta atá i bhfeidhm sna Sé Chontae Fichead. Tá na mílte oibrithe, fir go príomha, fós ag obair ar láithreacha tógála, mar shampla. Ní seirbhís riachtanach é sin, is léir.

Beidh costas daor ó thaobh líon iad siúd a bheas básaithe i gceann seachtaine nó coicíse mura ndéantar srianta níos déine a chur i bhfeidhm agus má leanann daoine ag bailiú ina sluaite i bpáirceanna agus ar an trá.

Is fiú go mór don phobal brú a chur trí r-phoist a sheoladh chuig na teachtaí dála agus a bheith gníomhach ar na meáin shóisialta chun iallach a chur ar Varadkar agus an rialtas gluaiseacht níos sciobtha.