Day: March 26, 2020

Sraith alt: #2 An Phaindéim sna Sé Chontae

Sa tsraith alt seo, déanfar anailís ar ghnéithe áirithe den ghéarchéim chorónach. Ina theannta sin, leagfar síos fís dhearfach den cineáil sochaí atá de dhíth chun a leithéid de ghéarchéim a sheachaint arís sa todhchaí.

An babhta seo, breathnófar ar na Sé Chontae.

Má chuirtear an méid atá déanta ag Varadkar ó dheas i gcomórtas leis an méid atá déanta ag Boris Johnson tá sé fíor le rá go bhfuil an Tóraí Éireannach chun cinn. Ach an bua é sin i ndáiríre nuair a bhí Johnson sásta polasaí cinedhíothach a chur i bhfeidhm tríd an “imdhíonacht tréada”?

Ardaíonn sé seo ceist eile, dar ndóigh; ceist na críochdheighilte. Ar oileán mar Éire, agus an teorainn mar atá, tá sé go hiomlán craiceáilte dhá pholasaí éagsúla a bheith i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an ráig seo.

Le beagnach seachtain bhí páistí sna Sé Chontae ag freastal ar scoil, fad is a bhí ordú tughta sna Fiche Sé Chontae gach institiúid oideachais fanacht dúnta.

Tá na hAontachtóirí, mar is gnách leo, ag cruthú scéal seicteach as an ngéarchéim seo. Ar eagla go mbeadh polasaithe ciallmhara i bhfeidhm sa dá stát, is é sin le rá sa tír ina iomláine, tá an DUP ag cloí le polasaithe craiceáilte Johnson. 

Ní chaithfear leo go cineálta sna leabhair staire a scríobhfar amach anseo.

Dar ndóigh, níl spéis ag Tóraithe Shasana ach ina dtír agus ina n-uasaicme féin. Tá seo á chur ar shúile daoine sna Sé Chontae, gnáth Phrotastúnaigh ina measc, faoi láthair. 

D’fhéadfadh impleachtaí a bheith aige seo don Ríocht Aontaithe sa todhchaí.