Day: March 29, 2020

“Is é Comhairle Chontae Chiarraí namhaid chosmhuintir na tuaithe” – géarchéim tithíochta Bhreanndáin Uí Bheaglaoich

In agallamh a chuir Seaghan Mac an tSionnaigh ar Bhreanndán Ó Beaglaoich cuirtear síos ar an éagóir atá á déanamh ar Bhreanndán. As Corca Dhuibhne ó dhúchas é agus talamh aige sa dúiche.

Tá cead pleanála á dhiúltú dó le ceithre bliana déag áfach, agus dá bhrí sin, tá teach tógtha ar rothaí aige sa chaoi is go bhféadfadh sé rialacha pleanála a sheachaint.

Teach soghluaiste atá aige le ceart, agus níor chóir go mbeadh cead pleanála de dhíth air, ach tá Comhairle Chontae Chiarraí ag bagairt dhá bhliain príosúnachta air le cois fíneáil dhá mhilliún déag euro!

Tá podchraoladh den agallamh le fáil anseo.

Tá mír físe den agallamh le fáil anseo ar YouTube, móide fotheidil i dteangacha éagsúla.

Tras-scríobh an Agallaimh:

Seaghan: Thá scéal le hinsint agat…

Breanndán: Tháim suite anso, sa tSualainn, Stockholm. Agus lá breá gréine, agus an domhan scanraithe roimis an víreas corónach. Tá dhá víreas ann; an víreas fhéin, agus víreas na sceimhlitheoireachta. Agus táimid ag caint anso ar Chomhairle Chontae Chiarraí, agus an tuathalaíocht a thá ar siúl acu. Abair, rugadh agus tógadh mise i mBaile na bPoc, naoi déag caoga cúig. Agus chuireas isteach ar chead pleanála dhom fhéin, dhá mhíle is a sé, agus dúradh liom go bhféadfainn dhá thig a thógaint san áit. Agus ansan nuair a chuireas isteach air, ní chuimhnigh éinne acu air sin mar ní raibh cuimhnte acu ar an ngeallúint a tugadh.

So, cruinniú réamhphleanála – am amú is ea é. Tá siad ag déanamh cinneadh ciníocha maidir le cár chóir tógaint, cár chóir, cén áit nár cheart tógaint, ach níl aon fhreagracht orthu má tharlaíonn faic. Dá dtógfá do thig istigh i lár na habhann agus go dtiocfadh tuile, agus é a scuabadh amach chun farraige, ní bheadh aon fhreagracht ar Chomhairle Chontae Chiarraí. Ní hamháin san ach na pleánalaithe a thá i gceist, ní féidir iad a dh’ainmniú. Fiú amháin leatsa anois, ní luafaidh mé iad. Caithfidh mé caint mar gheall ar Chomhairle Chontae Chiarraí. Now, daoine a thá istigh ansan. Ní foirgneamh é. Agus dá mbeifeá-sa in áit mar sin, agus gan aon fhreagracht ort aon chinneadh dá dtógann tú seasamh os a chionn, tarlóidh drochrudaí. Agus tá rudaí fíorolc tarlaithe. Chuirfí daoine go príosún na rudaí a thá siad san ag déanamh.

Fiú amháin an méid sin fhéin, agus a rá liomsa go bhféadfainn dhá thig a thógaint ann agus cheithre mbliana déag ina dhiaidh sin. A, an locht so, agus an locht súd ceann dos na lochtanna, nár chruthaíos gurb ón áit mé. Chaitheas leitir a dh’fháil ón sagart paróiste ag rá go gcuas ar scoil Naomh Eirc, naoi déag a seasca hocht, agus scoil na mBráithre sa Daingean, seasca hocht agus seachtmhó trí, agus an bhliain cheannann chéanna, fuair Francach soir an bóthar cead pleanála. N’fheadar ach an gcaith sé sin a chruthú gurb ó Pháras é.

Agus níl aon locht agamsa ar dhaoine a theacht isteach, ach tháimid ag lorg comhionannais leothu, leis na tithe samhraidh seo, leis na stróinséirithe, go bhfuil cead acu tithe a thógaint, agus ná fuil cead againne, cosmhuintir na háite. Tháimid, chomh maith leis sin ó thaobh na n-ainmhithe dho, tháimid… ní cearta daonna a tháimid ag lorg. Cearta ainmhíoch, animal rights atáimid ag lorg. Dá mba bó mé, d’fhéadfainn bothán a thógaint dom fhéin. Trí chéad méadar cearnach, deich n-uaire níos airde ná an ruidín beag a thá tógaithe agam. Agus ní ba ghá dhom aon chead pleanála. Ach toisc gur duine mé, níl cead agam é sin a thógaint dom fhéin. So, cearta na n-ainmhithe a tháimidne ag lorg.

Tá sé ar nós go dtabharfá scéal grinn na gCiarraíoch, saghas Kerryman’s joke is ea é ar shlí amháin. Ach tá sé ar siúl ar fuaid Chiarraí ar fad agus in áiteanna eile. Chomh maith leis sin tá an iomarca cumhachta ag aon nduine amháin. Níl bun ná barr leis na cinní a thá siad ag déanamh. Tá, ghaibh fear amháin chugham ansan mí ó shin agus, dúirt sé:

“Fuaireas cead, chuireas isteach iarratas nó bhí cruinniú réamhphleanála agam leis an bpleanálaí”, is ar Éirinn ní neosfainn cé hí, agus dúirt sé, tá sé ansan uaim, “ní bhfaighfir aon chead san áit sin” a dúirt sé.

“Tá tig ansan thíos, ná ceannófá é?”

“Ní fhéadfainn, ní theastaíonn uaim é sin ach”

“Tá sé sa Ghaeltacht, ceannaigh é”

So, thug sé suas. Tháinig a dhriotháir dhá bhliain ina dhiaidh sin, agus fuair sé cead san áit ceannann céanna a diúltaíodh é sin.

Seaghan: Cén áit cheannann chéanna é sin?

Breanndán: Á, thuas in aice leis an gCill. Á, suas ón Muirígh, agus tithe á thógaint na haon lá timpeall air. Fear eile thoir i gCeann Trá agus, no way go bhfaigheadh sé cead ar a chuid talún fhéin san áit a bhí uaidh. An bhliain ina dhiaidh fuair stróinséir é, ach chuir sé glaoch gearáin isteach air, dúirt sé “ó, dearúd ab ea é sin”.

Abair, tá camaíocht ar siúl. Bhíos ar siúl, bhíos ar an mbus i gCorcaigh, sé nó seacht do bhlianaibh ó shin, agus bhí an tiománaí bus so, agus ní raibh aon aithne fén spéir aige orm, ach bhí rud éigint ag dó na geirbe aige, fucking pleanálaithe, “fucking planners” a bhí sé ag rá, agus “cad atá ortsa” arsa mise leis: “Cheart dúinn dul siar go dtí aimsir na Rómhánach”, a dúirt sé. “Is ea, le linn aimsir na Rómhánach” a dúirt sé, “bhí innealtóir, dhéanfadh sé dearadh ar dhroichead. Chuirtí in airde an taca chun an droichead a thógaint, agus nuair a bhíodh an droichead críochnaithe acu, díreach sara dtógadh anuas na tacaí a bhí á choimeád in airde é, bhí an t-innealtóir ina sheasamh thíos fé”.

Mar sin, muna n-oibrigh an dearadh, is é an chéad duine a dhíolfadh as ná an t-innealtóir fhéin má thiteann sé anuas sa cheann air. Agus, tá tithe tógaithe thiar ansan, agus nuair a thiocfaidh an stoirm a tháinig i naoi déag caoga a haon nó caoga a dó, stoirm Carson, beidh uisce in airde go dtí múnlach an tí sin, agus ní bheidh aon fhreagracht ar Chomhairle Chontae Chiarraí.

Seaghan: An fheagracht ar an innealtóir agus níl ar an bhfear polaitiúil, ar an státseirbhíseach?

Breanndán: An fhreagracht ar an té gur leis an tig. An té a thá tar éis an t-airgead a chur isteach ann, agus gan aon rian freagrachta ar na hinnealtóirí istigh i gComhairle Chontae Chiarraí. Tá rialacha déanta – níl siad ag obair. Tá argóintí na haon lá. Is iad Comhairle Chontae Chiarraí ár namhaide. Dá mbeadh Comhairle Chontae ceart againn, bheidís ar mhaithe linn. Bheidís ar mhaithe leis an áit, leis an nGaeltacht, agus ar, níl ach deichniúr ar an mbaile sin anois. I m’óige-se, bhí suas le deich dhuine fichead, 1841 bhí 235 duine ar an mbaile sin.

Anois is ar éigean atá, bhíos á rá leat, thá deichniúr nó, aon, dáréag. Is mise an tarna duine is sine. Ansan, deir siad, ó 2015 ceadaíodh 70% dos na hiarrataisí a chuaigh isteach. Ba dheas liom ceisteanna a chur orthu mar leis an 70% san. Uimhir a haon, canathaobh go dtugadar, go bpriocadar 2015? Canathaobh ceathair déag? Trí déag, deich, hocht, naoi, sé? Nó na blianta ó shin? Sé déag, seacht déag, hocht déag, naoi déag? Uimhir a dó, an mó ceann acusan a bhí ina dtithe nódha? An mó ceann acusan a thá áirithe má chuir duine isteach iarratas pleanála sa Ghaeltacht fuinneog níos mó a bheith aige?

Nó b’fhéidir, píosa beag a chur lena thig. An bhfuil siad san comháirithe sa 70% san? Uimhir a trí, thá siad ag caint mar gheall ar an nGaeltacht. Tosnaíonn an Ghaeltacht go hoifigiúil ar an dtaobh thiar d’Abhainn an Scáil, an treo ar fad siar go dtí an mBlascaod. An bhfuil an t-achar talún san ar fad san áireamh? Mar, má tá, tá an Daingean san áireamh chomh maith. Agus táimid ag caint fén tuath i gcomparáid le baile. Urban versus, cad a thabharfá air, urban versus country.

Seaghan: Agus tá daoine ag tógaint leothu sa Daingean…

Breanndán: Bhuel, an bhfuil siad san comháirithe insa 70% san? Sin ceist a ba dheas liom a chur. Mar má táid, tá, tá eastáit tógaithe sa Daingean, agus na haon tig acu san, an bhfuil siad san ar fad comháirithe, haon, dó, trí, ceathair, cúig, sé? Ceist bheag eile – gur daoine ón áit iad. Gur daoine a rugadh is a tógadh san áit. An mó duine acu san gur turasóirí iad? Thabharfainne an leabhar, don 70% acu san, ná fuil ach 3% gur daoine iad mar mise, a rugadh agus a tógadh san áit.

Cad é an mhaitheas dúinn a bheith ag caint ar athbheochain na teangan, cad é an mhaitheas dúinn Scoil Cheoil an Earraigh? Cad é an mhaitheas dúinn a bheith a d’iarraidh coláistí Gaelainne a bheith, a lonnú sa Ghaeltacht muna féidir le muintir na Gaeltachta tógaint ina mbailte fhéin? Cad a bhí neamhcheart leis na heastáit a bhí againn? Tá siad ag cruthú eastáit istigh sna bailteacha, agus ag priocadh ainmneacha leath-Ghaelacha orthu amach as fhoclóirí ná fuil cúlra, ná fuil ceangal acu.

Tá eastáití againn, an áit a mhairimse, thá suas le dáréag eastát. Tá paróiste Mórach agat ar dtúis. Ansan, thá Baile Dháith, Baile an Scotaigh, Corrghráig, Baile na bPoc, Baile Reo, Grafaí, Baile Uí Chorráin, Baile na hAbha, Baile an Chnocáin, Baile na bhFionnúrach, Clais, Cill Chuáin. Leanaigh ort, Baile an Lochaigh, leanaigh ort anuas aríst dtí an bhFeothanaigh. Agus tá scéalta i dtaobh na mbailteacha, tá stair a bhaineas leothu. Thá meas againn orthu. Is ann a fuaireas an Ghaelainn, mo cheol, mo thuiscint ar cad é an rud é a bheith ó Pharóiste Mórach. Ó Bhaile na bPoc, ó Chorca Dhuibhne, ó Chiarraí, ó Éirinn.

Seaghan: Bhí cur síos ana-dheas sa Kerry’s Eye ar Bhaile na bPoc le do linnse…

Breanndán: Bhuel, le mo linnse, bhí suas le triocha duine ann. Ní rabhais riamh uaigneach. Bhí daoine timpeall i gcónaí ort. Gheofá soir an bóthar aon uair amháin, á, bhuaileadh, aon am den lá, bhuaileadh ceathrar nó cúigear leat. Gheofá soir an bóthar anois deich bhabhta, ní bhuailfidh éinne leat. Go dtí cheithre mbliana ó shin nó trí mbliana ó shin, bhí rogha agam do thrí siopa, agus oifig an phoist. I ngiorracht dhá mhíle go leith dhom.

Anois, má thá bosca lasán uaim, caithfidh mé suí isteach sa chairt, a bheith ag úsáid breosla, chun bosca lasán a cheannach ar an mBuailtín a thá seacht míle ó bhaile, nó an Daingean, a thá hocht mhíle ó bhaile. Tá bus anois againn dhá uair sa tseachtain, agus i gceann tamaill, ní bheidh aon ghá leis an mbus, mar ná beidh éinne ann a bheidh ag brath uirthi. Tá daoine ann, daoine críonna ná fuil cairteacha acu, thá baitsiléirí agus a leithéidí, ar chúis amháin nó ar chúis eile, ná fuil cairt acu. Thá an áit á bhánú acu, á fhuarú acu.

Cad a bhí neamhcheart lenár mbailte beaga fhéin? Tá innealtóirí ag déanamh cúrsaí, agus tagann siad amach, agus is dóigh leothu gurb é an phleanáil an rud ar fad. Ár gcosmhuintir an dhein an phleanáil roimhe sin. Bhí saol i bhfad níos fearr againn ó thaobh pleanála dho nuair a bhí na Sasanaigh againn. Mar lig na Sasanaigh dúinn maireachtaint inár mbailte fhéin. Bhí tairngreacht mar gheall air, bhíodh mo mháthair ag tagairt do. Gheobhadh sí ar scoil Naomh Eirc. Agus dúirt sí go dtiocfadh an lá fós go mbeadh an tÉireannach ag gol fós ar uaigh an tSasanaigh. Nó go dticofaidh dream ina ndiaidh go mbeadh rialacha níos áiféisí acu. Tá an tairngreacht tagaithe fíor. Níl cead againn maireachtaint inár mbailte fhéin.

Seaghan: Cad é an meon atá laistar do san? Cad atá laistiar do?

Breanndán: Cad é an meon a thá acu? Tá an iomarca cumhachta acu, agus is deachtóireacht iad. Ní bhaineann siad le daonlathachas. An meon a thá istigh ansan, níl daonlathachas i gceist leothu. Tá siad ag insint éithigh. Tabharfaidh mé sampla eile dhuit ar an mbréag. Mo chara, Domhnall Mac an tSíthigh, Danny Sheehy, nuair a bádh é, an naoú dho Mheitheamh dhá mhíle is a seacht déag. Nuair a cuireadh ansan é an t-aonú lá fichead don mí sin. An lá ina dhiaidh, tháinig duine ó Chomhairle Chontae Chiarraí chughamsa:

“I’m just checking to see if there is any change in the house”

Sa Ghaeltacht, gan focal Gaelainne aige, uimhir a haon.

“I just buried my best friend” a dúrt leis.

“I know, I heard he died” a dúirt sé, le tuiscint agus daonnacht, compassion an chrochaire. The hangman.

Ghearánas. Ghaibheadar leath-leathscéal ná raibh a fhios aige. Dúirt sé liom go raibh a fhios aige. So sin, sin éitheach eile a dh’insíodar. Ansan, ar an gceathrú lá déag, do Eanáir, bhí iarratas eile istigh agam, agus thánadar amach ag rá nárbh fhéidir é a leámh. Bhuel, chreideas é, mar bhíos as baile mé fhéin, á thána abhaile seachtain ón lá ina dhiaidh sin. Bhí sé chomh soiléir is atá harp ar leathphingine, mar a deiridís fadó.

Seaghan: Thaispeánais litir dom.

Breanndán: Yeah. Agus ansan, d’éalaíos na pictiúirí eile a tógadh ar an lá san. Fuaireas leitir a rá, déarfaidís cén saghas ceamara a húsáideadh. An freagra a fuaireas ná “úsáideadh ceamara”. Mar bhíos chun rud éigin a rá, ní thabharfadh buachaill dána an freagra san ar scoil. Agus d’éalaíos na pictiúirí eile a tógadh ar an láthair. Fuaireas leitir agus ní raibh aon phictiúir istigh ann. Agus tá, scaoileas…

Seaghan: Gabh mo leathscéal, canathaobh an cheist cén sórt ceamara?

Breanndán: Mar ní raibh agamsa ach mo iPad, agus thóg Conchubhar é lena phone, agus bhí sí, bhí, bhí an t-innealtóir ag seasamh amuigh i lár an bhóthair, agus dúrt léi sa leitir, dúrt leothu sa leitir, an áit a bhí an duine sin ina sheasamh ag tógaint an phicitúir ansan, ná chífeadh, ná beadh seabhac ábalta ar é a léamh le spéaclaí dúbailte. Canathaobh nár dhruid an duine san anso suas troigh eile, bhí sé go soiléir cad a bhí ann. Agus ar an gcéad dul síos, an dóigh leat tar éis cheithre mbliana déag ná feadair aon duine ansan thiar go bhfuilimse ag lorg cead pleanála. Níl aon ghá fén spéir leis an bhfógra fé láthair, fén dtráth so. Tá a fhios aige ages na héinne go bhfuilim á lorg.

Agus dá mbeadh aon rian daonnacht iontu, nó dá mbeadh aon rian daonnachta iontu, Comhairle Chontae cabhraitheach… meon, dá mbeadh meon na gcomhairleoirí orthu, mar chomhairle, just chuirfidís glaoch ar na hinnealtóirí, “an athrófá an fógra san”. Bheadh sé athraithe an tráthnóna san, sin a bheadh air. Agus tá siad ag baint fuil as fheidhleacáin ar mhaithe le bheith tuathalach. Thá siad tuathalach, gránna, maslaitheach don nGaelainn. Do mhuintir na háite.

Seaghan: Bhíos chun ceist a chur mar gheall air, tá a fhios agat, an saghas formaid mar gheall ar an dteangain a thá i gceist?

Breanndán: Á, ní haon tsíceolaí mise. Thá siad mar a thá siad, á, nílim chuin, chuin d’iarraidh iad a thuiscint, ní shin é mo chúram. Ach níor chóir go mbeidís ann. Deintear rialacha ar mhaithe leis na daoine. Muna n-oibríonn siad, is féidir iad a dh’athrú leis an dtoil cheart polaitíochta. Cad ’tá na polaiteoirí ag déanamh? Níl aon bhaint fén spéir agam le aon pholaiteoir. Ach déarfaidh mé rud amháin, an t-aon duine a tháinig chugham ná dhá bhliain ó shin, ag cnag ar an ndoras.

Cé a bhí ann, Martin Ferris. Dh’aithníos é. Thugas isteach é, dúirt sé ná raibh brí ná dealramh leis seo. Agus a iníon ansan, Therese, anuraidh is dóigh liom ab ea é nó arb é arú anuraidh é, an cruinniú deireanach a bhí istigh agam leothu, chuaigh sí isteach le mo chois, agus labhair sí ar mo shon, leis na hinnealtóirí a bhí istigh. Bhíodar ag gáirí chugham. Ach is iad san an t-aon dream a tháinig chugham le aon rian daonnachta don nGaelainn, don nGaeltacht, don dtuath. Tá an córas lofa go smior. Agus níl na polaiteoirí sásta é sin a rá. Is fuirist é a dh’athrú. Freagracht a chur ar an innealtóir. Freagracht a chur ar an gcomhairle.

Agus ansan, beidh cinní á dhéanamh acu a bheidh… má chaitheann siad seasamh os a gcionn, bí siúráltha dho go bhféachfaidh siad ar an gcomhairle áitiúil. Is é sin stair na háite. Cén áit is treise a bhíonn an ghaoth? Cá dtagann an tuile? Tá an t-eolas ann cheana fhéin. Ní gá dhóibh teacht amach agus cúpla míle a thabhairt do dhuine éigint chuin rudaí a chur ar an talamh, is cré a dh’fháil anso is ansúd a thuilleadh, ní gá dhóibh é. Fiarthaigh do mhuintir na háite cá mbíonn an tuile, cá mbíonn an ghaoth. Tá an t-eolas againn. Ach duine ag déanamh cúrsa, agus tagann sé amach, agus déarfaidh sé, “ó mar sin is ceart é a bheith”.

Ansan, bogann sé sin leis, agus tagann fear eile le tuairimí nódh aríst, “déanfaimid mar seo é”, ag teacht anuas orainn fé mar nár mhaireamairne riamh ann. Tá an stair againn, tá an t-eolas againn. Agus sinne muintir na háite, na daoine deireanacha go dteastaíonn uathu bathalaigh tí tógaithe in áit nár chóir dóibh a bheith. Nílimid ach ag lorg tithe umhla dúinn fhéin chun maireachtaint iontu.

Seaghan: D’fhéadfá cur síos ar an tig a thá agat.

Breanndán: Bhuel, chuireas isteach ar thig réasúnta, tig dhá leabaidh, agus lorgaíos é, agus ní bhfuaireas cead, agus laghdaíos é, agus ní bhfuaireas cead. So, tréis naoi mbliana ag plé leothu san, nuair a chaitheas leitir a dh’fháil ón sagart, agus gur diúltaíodh mé, agus chomh maith leis sin, ní chreideadar go rabhas i nganntanas tí, so chaitheas eolas príobháideach a chur isteach chúthu. Bhuel, an tig a thá tógaithe anois agam. Is é an tig is teolaí é i gCiarraí – passive. Agus in inead do Chomhairle Chontae Chiarraí dul siar agus a rá liom, muna dtógfaidh mé é go rabhas ag féachaint ar dhá bhliain phríosúntachta, nó bille de dhá mhilliún déag sé chéad trí chéad agus a seachtmhó nó rud éigint, trí chéad míle agus seachtmhó, nó an dá cheann, agus nuair a bheidh mé istigh, tógfaidh siad fhéin amach an tig, agus cuirfidh siad an bille chugham.

In inead a bheith ag caint mar sin, ná bhféachfaidís air, agus foghlaim uaidh. Thógas-sa an tig sin ar caoga nó seasca míle, agus tá seacht gcéad is a triocha trí cearnach istigh ann. Sin é i bhfad níos mó ná a lán dos na hárasáin a thá i mBleá Cliath. Is ar éigean a chaithim aon phingin a chaitheamh, bím ag déanamh tine na haon tarna lá. Is ar éigean má chaithm leathchéad nó seasca b’fhéidir, céad ar a mhéid chun é a théamh i gcaitheamh an gheimhridh.

Seaghan: Fanfaidh an teas sa tig.

Breanndán: Fanfaidh sé istigh tamall. Tá sé, tá aithne agam ar Duncan Stewart, agus dúirt sé liom conas tig passive a thógaint. Tá sé n-orlaí insliú is dócha ar fáil, insulation, pé Gaelainn cheart a thá air, ins na fallaí, tá sé san urlár, thá deich sa díon, thá na fuinneoga ar fad trí ghloine, tá an doras trí ghloine, agus oslaíonn na fuinneoga na haon mhaidin chun aer nódh a bheith againn. Agus má chuirim síos smut de thine, sin is gá an chuid eile dhon lá. Tá sé tógaithe agam in áit a thá foithiniúil. In áit ná beireann puinn gaoithe air.

Ní féidir é a fheiscint ón mbóthar, thá siad ag rá go bhfuil sé ag teacht sa tslí ar an áit. Rud ná fuil. Tá mo thobar fhéin agam. Níl aon chóras séarachais i gceist mar thugas córas isteach córas bio isteach ón dtír seo, isteach ón tSualainn, ná raibh daor ar fad, míle go leith, nuair a chuimhníonn tú ar chostaisí tí, agus tá sé i gceist agam na painéil ghréine a dh’fháil i dtreo is go mbeidh mé go hiomlán neamhspleách ar aon chóras.

Seaghan: Níl aon phainéal gréine fós agat, an bhfuil?

Breanndán: Níl fós, no, níl, bhíos…

Seaghan: Tá cúpla ceann ar an gcarbhán agam.

Breanndán: Yeah, bhuel, sin é atá im cheannsa, agus nuair a gheobhaidh mé comhlacht a thá sásta a rá liom, oibreoidh sé seo de gheimhreadh is de shamhradh, mar níl aon chomhlacht fachta agam fós atá sásta é sin a dheimhniú dhom, nó a shlánú dhom. Níl sé fachta agam, ach rud eile mar gheall orthu, tá siad ag insint éithigh dom nuair a deir siad ná fuil mo thig istigh i gcroílár an bhaile. Tá mapa agam go raibh tig ann in 1840, mapa a bhfuil, dos na, geobhair ar líne é sin. Táim cruinn díreach istigh i lár an bhaile. An comhrá, an cruinniú deireanach a bhí agam leis an innealtóir, an pleanálaí, dúirt sí liom:

“Cén fáth ná téann tú laistiós do bhóthar”, a dúirt sí, “ní bhfaighidh tú cead lastuas”.

Agus dúrt leothu “níl aon talamh laistíos agam”.

“Ná babhtálfá?”.

“Cé a bhabhtálfadh le talamh ná fuil cead pleanála ann”, arsa mise.

Má dh’fhéachann tú ar an mapa, deir na mapaí fhéin ná fuil cead tógaint laistíos do bhóthar, ach lastuas do bhóthar, de réir na mapaí fhéin, agus bhí sí sin ag cur comhairle m’aimhleasa ormsa ar mhaithe lena dtuathalaíocht fhéin, tuathalaíocht is ea é. Ní faic eile é. Ar mhaithe lena dtuathalaíocht fhéin.

Deir a mapa fhéin a mhalairt. Tá siad á gcosaint fhéin le héitheach anois. Agus ní mar gheall ormsa é seo in aon chor. Thógas an tig seo, agus bhí a fhios agam cad a bhíos ag déanamh. Bhí a fhios agam i ndeireadh na feide, dá dtiocfadh sé go dtí an bpointe, go bhféadfainn é a tharrac amach. Ach ní fhéadfainn é a tharrac amach anois. Agus canathaobh? Ní cheadóidh muintir na háite dhom. Ní raibh oiread is gearán amháin istigh ó aon duine. Ach muintir na háite a thá ag gearán anois. “Níl tú chun é sin a thógaint amach anois, níl cead agat é a thógaint amach”. So, níl cead agam é a thógaint amach.

Seaghan: Canathaobh ná fuil cead agat ó mhuintir na háite?

Breanndán: Mar cíonn siad an éagóir atá á dhéanamh orm fhéin, agus an fhad a tháimse ann, tháim ag tarrac aird an chontae, agus na hÉireann, agus ó dhaoine thar lear orthu. Agus tá an ghráin acu. Tá siad curtha sa ghréin agam. Curtha fén ghréin, i ngréin, i ngréin an donais dóibh sin. Tá a gcamaíocht á nochtadh toisc go bhfuil siad ag priocadh ormsa. Agus má dh’fhéadainn siad priocadh ar fhear áitiúil, ar fhear a rugadh agus tógadh, cad is féidir a dhéanamh le héinne eile.

So, fanfadsa ann, agus fiú amháin má, deinim amach anos, tá iarratas istigh aríst agam, agus ní bheadh aon iontas orm dá dtabharfaidís dom é, mar is dócha go bhfuil siad scóltha age daoine ag gearán ina dtaobh. Bhuel, má dh’fhaighim é, thá saghas plean im cheann, ach ní déarfaidh mé in aon chor leat é go dtí go mbeidh sé tarlaithe. Ach nílimse chuin deireadh a dh’fhágaint leis má dh’fhaighimse an cead pleanála – ní bheidh deireadh leis.

Táimse chuin leanúint orm leis an bhfeachtas so ar mhaithe, tá ceathrar clainne agam, ná ní féidir leothu maireachtaint insa bhaile inar mhair m’athair críonna, mo mháthair chríonna, m’athair is mo mháthair, insa bhaile seo. Tá céad acra talún age mo dhriotháir Séamus. Tá ceathrar clainne aige sin. Níl aon chead acu san maireachtaint i mBaile na bPoc. An bhfuil aon daonlathachas ansan? An bhfuil aon daonnacht ann? An bhfuil aon rud go dtugann siad as, sa Bhéarla, an compassion ann? Tá na mílte gan dídean in Éirinn, agus níl na pleanálaithe ag braistint aon rian freagracht orthu chun an fhadhb san a leigheas.

Seaghan: Tá siad ag bagairt dhá bhliain príosúnachta ort, agus fíneáil dhá mhilliún.

Breanndán: Déag, dhá mhilliún déag. Twelve million.

Seaghan: Dhá mhilliún déag?!

Breanndán: Dhá mhilliún déag, agus dhá mhilliún déag, sé chéad míle, trí chéad is a seachtmhó, nó rud éigint. Agus ansan, nó an dá cheann, agus nuair a bheidh mé istigh, tógfaidh siad fhéin amach é, agus cuirfidh siad an bille chugham ansan.

Seaghan: Agus scriosfaidh siad an tig is dócha. Cuirfidh siad costas ort as an tig a scriosadh. Agus géarchéim tithíochta sa tír agus tá siad chun tig breá a scriosadh.

Breanndán: Ní gá dhom a thuilleadh a rá! Tá rialacha déanta. Deintear rialacha. Déanann tusa rialacha dhuit fhéin go minic. Agus deinimse rialacha dhom fhéin. Ach muna n-oibríonn siad, tiocfaidh mé ar a mhalairt comhairle ionam fhéin. Tiocfaidh mé, agus déanfaidh mé rialacha nódha dhom fhéin. Níl aon eagla fén spéir orm rompu as so amach. Go háirithe tréis an rud a dheineadar liom nuair a cuireadh Danny, go dtiocfaidís go dtí an tig, agus mé ag gol ag an bhord. Is mór agam é nár thánadar chugham age béal an tuama, nuair a bhíomair ag seimin an chaoineadh dho, agus cur isteach ar mo chaoineadh, agus a rá, “an tusa a thá ag caint mar gheall ar an dtig?”. Ní dhéanfadh crochaire é sin. Crochaire, fhéach, ní dhéanfadh é.

Seaghan: An gcreideann tú go seasóidh siad lena bhfocail?

Breanndán: Níl aon fhocal acu le seasamh air. Thá siad ag síorathrú, ní lia, ní hé an focal céanna acu dhuitse agus domsa. Ní thuigeann siad brí an fhocail sin. Más rud é go ndiúltaíonn siad arís mé, táim ullamh, níos mó ná ullamh chun dul chun cúirte. Agus má theipeann orm sa chúirt áitiúil, raghaidh mé go dtí an ardchúirt. Tá foireann iontach, an abhcóide is fear in Éirinn im chomhairiliú. Agus tá sé chun leanúint air go mbuafaidh sé. Fiú amháin más gá dul ’on Eoraip.

Seaghan: Cail an abhcóide san?

Breanndán: Maireann sé i mBaile Átha Cliath, agus tá dlíodóir age baile agam, thá siad ag déanamh a gcuid oibre, agus geobhaidh siad íoctha má bhuann siad.

Seaghan: Agus mara, mara mbuafaidh?

Breanndán: Leanfaimid orainn go mbuafaidh. Tá níos mó ná mise i gceist anso, nílim ionamsa ach an té a thá ag tarrac airde ar an ndlí a thá neamhcheart. Shínigh Bertie Aherne do Section 21, nó rud éigin, cén bhliain ab ea é anois é, dearúdaim an dáta. Tá sé scríte i dtaobh éigin. Ach ní raibh aon iachall air é sin a shíniú, bhí rogha aige gan nó gan, le UNESCO nó rud éigin mar sin. Thá siad ag caint mar gheall ar daoine a chur isteach fén dtuath i dtreo is go mbeidh siad níos cóngaraí do óispidéil is rudaí mar sin. Ach tá siad ag tagairt do thíortha ar nós na hAfraice, ar nós an Ind nó rud éigin mar sin. An áit a thá an sáipéal, an óispidéal mór, ar a laghad cheithre chéad míle ó bhaile nó rud éigin. Bhuel, ní cheithre chéad míle ach, is dócha cheithre chéad míle, nó dhá mhíle míle.

Bhuel, níl aon tig in aon áit in Éirinn ná fuil i ngiorracht cheithre huaire a chloig do Bhleá Cliath. Níl aon tig in aon chor an oiread, ná ó Thrá Lí, ná ó Chorcaigh, ná ón nGaillimh. Thá na rialacha, rialacha na hInde, mar shampla, á chur i bhfeidhm orainne anso. Níl brí ná dealramh leis sin, agus níl, thá ár bpolaiteorí ina gcodladh. Agus is oth liom a rá, bhí rud ann darbh ainm Section 4. Agus dá mba sinne na pleanálaithe, agus bheadh na polaitheoirí anso uathu, agus déarfaidh siad, bhuel, vótálfaimid, níl cead acu gan glacadh leis an gcinneadh a bhí déanta againne mar phleanálaithe.

So, chabhraídís lena chéile, agus caillfimid ár gcumhacht mar phleanálaithe. So, caitheadh amach Section 4. Now, cé is go mbaineadh úsáid as Section4, ach ar a laghad, na daoine a bhain mí-úsáid as, sinne a vótáil isteach iad. Is iad muintir na háite a vótáil isteach iad, go daon, le, fé mar a bhí i gceart a dhéanamh ó thaobh ár gcuid daonlathachais do. Cad as a tháinig na daoine seo, cé hiad? Níl a fhios ag éinne cé hiad. Fé mar a thitfidís anuas ón spéir ó Mars nó áit éigint mar sin. Níl a n-ainmneacha ar eolas ages na daoine, níl cead agamsa insa chaint seo leatsa iad a lua. Curtha isteach san áit sin. Deirtear liom go bhféadfá a bheith id phleanálaí baile gan agat ach céim sa tíreolaíocht.

Agus tugann sé sin ceart dhóibh a bheith ag luí ar an nGaelainn, agus an rialtas ag cur isteach infheistiú ar shon na Gaelainne. As a labhair an Piarsach mar gheall air. As a labhair na scríbhneoirí ar fad i gcaitheamh na mblian. As an Béarla iontach a bhí ag a leithéidí Yeats agus iad san, mar bhí sé préamhaithe sa Ghaelainn. Thá siad so le ceal cruthaitheachta, tuisceana, ceal.. ní gá dhóibh é! Níl aon fhreagracht orthu!

Seaghan: Táimid in ainm is a bheith ag infheistiú sna foraoiseacha chomh maith, agus an bhean san thíos i gCorcaigh ón mBreatain Bheag is dóigh liom, tá sí ag cur i gcoinne na foraoiseacha a bheith á leagadh. An gcualaís an scéal san? Is gabhadh í sin, mar go raibh sí ag cur isteach ar obair a bhí ar siúl sa bhforaois, bhíodar ag leagadh na gcrannaíocha, is tá cúis á cur ina leith siúd anois. Daoine ag cuimhneamh ar chabhrú léithi na costaisí dlí a chlúdach.

Breanndán: Yeah, bhuel, n’fheadar, níl aon eolas agam mar gheall air sin, ní fhéadfainn faic a rá mar gheall air sín. Níl agam ach pé méid eolais atá agam i dtaobh mo chás fhéin. Ach do labhair na daoine i gcoinne an tuathalaíocht a cuireadh i bhfeidhm maidir le uisceanna, agus ní thuig daoine go raibh an chumhacht san acu fhéin. Dhein sé sin múscailt ar na daoine. Labhair na daoine go le déanaí. Cé a chreidfeadh go mbeadh an Sinn Féin a thá anois againn ar chomhleibhéal le Fianna Fáil agus le Fine Gael. Agus ní theastaíonn uathu stair a mhúineadh ins na, insa scoil a thuilleadh. Thá cúis leis sin chomh maith. Mar tá dhá Shinn Féin anois againn. An Sinn Féin nódh, agus an seana-Shinn Féin. An seana-Shinn Féin a bhí ann ná nuair a bhí Dev agus Collins. Agus nuair a d’éiríodar i gcoinne a chéile, nuair a shiúlaigh Dev amach, nuair nár dh’aontaigh sé le cinneadh daonlathach na Dálach a bhí ar siúl sa tig Mansion House, Sráid Dawson i mBleá Cliath.

Agus lena chois fuair sé gunna, agus chuaigh sé isteach sna cheithre chúirteanna, agus lé chúig mbliana anuas, tá siad, tá Fianna Fáil agus Fine Gael tagaithe le chéile aríst. Tá an seana-Shinn Féin ag rá, ag casadh an ghunna leis an Sinn fhéin nódh, ach dá mbeadh a staidéar fhéin déanta acu ar a gcúlra fhéin, is tríd an gunna a deineadh Fianna Fáil le Fine Gael ar aon tslí, ach go bhfuil siad níosa shia siar. Agus sin ag magadh fés na daoine ar mhaithe le vótanna. Thá siad san amhras má dh’fhaigheann siad le chéile aríst go dtiocfaidh Sinn Féin isteach níos treise aríst. Is rás anois é do chumhacht.

Níl smaoineamh dá laghad acu ar na daoine. Níl siad ag smaoineamh ar na daoine in aon chor. Agus thá na daoine ag múscailt. Mar atá á rá ansan, an aisling. Táimse im chodladh is ná dúistear mé. Ní maith le daoine a bheith ag éisteacht liomsa ag rá na rudaí sin. Mar ní thuigeas go deo go mbeinn ag caint mar seo. Ach, ní thuigeas fhéin go rabhas i ngreim, is táim sa ghreim anois, ach táimse sa ghleann, agus thá siad san i bpoll, mar tá na daoine ag dúiseacht.

Agus uaireanta, nuair a deireann rud éigin, duine éigint rud éigin leat, ná teastaíonn uait a chloisint, deir tú “ná dúistear mé”. Sin é an t-amhrán san:

“Is éirigh a chlann is gabhaídh bhur n-airm chughaibh”.

“Á, ná bí á rá san liom, táim im chodladh is ná dúisigh mé”.

“Is leagaídh sa tsriúl gach scrúile Sasanaigh”.

“Á, ná bí á rá san liom, táim im chodladh is ná dúisigh mé”.

“Táimse im chodladh is ná dúistear mé”. Bhíos-sa im chodladh, is dúisíodh mé.

Seaghan: Ana-mhaith.

Breanndán: Agus níl aon rian goimh orm anois, ach tháim dearfa in cad ’táim ag tuiscint, is cad ’táim ag rá. Agus b’fhéidir go dtagaim trasna crosta is na haon ní eile, ní dóigh liom go bhfuilim. Luigh sé ana-mhór orm nuair a bhíos ag troid an chatha i m’aonar. Ach nílim á throid i m’aonar a thuilleadh. Tá ríomhphostanna á dh’fháil agam ó dhaoine, “cathain a bheidh an cruinniú?”. Bhuel, ní dócha gur féidir an cruinniú anois de bharr an virus so atá ag imeacht timpeall, ach b’fhéidir gur féidir.