Sraith alt: #4 Banc na hÉireann ag tapú deis na Géarchéime Corónaí

Sraith alt: #4 Banc na hÉireann ag tapú deis na Géarchéime Corónaí

Sa tsraith alt seo breathnófar ar impleachtaí na géarchéime corónaí. An uair seo caithfear súil ar Ghaeltacht Thír Chonaill.

Le blianta anuas, tá muid ag caint anseo i nGaeltacht Dhún na nGall faoin dochar atá déanta don cheantar seo ó thit an tóin as an gheilleagar i 2008.

Ó shin, druideadh óstáin, cailleadh jabanna, d’imigh comhlachtaí amach as an Eastát Gnó ar an Screabán, chaill muid cúig oifig poist agus dhruid an AIB an chraobh a bhíodh acu i nGaoth Dobhair.

Anois tá géarchéim an choróinvíris againn agus níl a fhios againn cé hiad na himpleachtaí a bheas aige sin ar shaol an cheantair seo.

Ach thug Banc na hÉireann leideadh dúinn ar an chineál rud atá romhainn mar phobal.

Cúpla lá i ndiaidh do dhaoine toiseacht ar an scaradh sóisialta, d’fhógair siad go raibh siad ag druid cúig chraobh bheag i gContae Dhún na nGall, craobh an Bhun Bhig ina measc.

Ar ndóigh, dúirt siad gur rud sealadach a bhí ann ach is beag duine sa cheantar seo a chreidfeadh iad. Mar níl an dara rogha acu. Is tionscnamh caipitileach é Banc na hÉireann agus ní thuigeann siad ach an rud amháin – brabach.

Mar sin de, má fheiceann siad go bhfuil siad ag déanamh níos mó airgid de thairbhe go bhfuil craobhacha beaga tuaithe druidte, cén fáth go bhfosclódh siad arís iad nuair atá an ghéarchéim seo thart?

Beidh sé mar an gcéanna ar fud na tíre. Bainfidh na caipitiligh úsáid as achan chleas le brabach a gcomhlachtaí a mhéadú agus tiocfaidh an stát lena dtarrtháil má tá siad i bponc.

Tabharfar reachtaíocht éigeandála isteach leis an córas a chosaint agus titfidh sé orainne seasamh ina éadan.

De réir mar a théann an ghéarchéim seo ar aghaidh, beidh cur i gcéill an stáit níos soiléire.

Tá cuid de feicthe againn cheana féin. Polaiteoirí ag moladh oibreannaí sa tseirbhís sláinte nuair a dhiúltaigh siad pá ceart a thabhairt daofa roimhe seo. Dualgaisí troma ag titim ar oibreannaí siopa nach bhfuil fiú conradh ceart oibre acu. Éiríonn liosta na fimíneachta níos faide in aghaidh an lae.

Tá sé soiléir anois do achan duine nach bhfuil an córas caipitileach ábalta réiteach a fháil ar an ghéarchéim seo mar ní thuigeann siad an tábhacht atá le pobal láidir, buan, inmharthana.

Ach tuigeann muidne.

Cha dtig linn pilleadh ar an dóigh a bhí rudaí.

Tá domhan úr le tógáil againn.