An Chairt Cheilteach um Thithíocht – Preasráiteas

An Chairt Cheilteach um Thithíocht – Preasráiteas

Tá grúpaí agus gníomhaithe cearta teanga ó Éirinn, Albain, an Bhreatain Beag, Manainn agus Corn na Bhreataine – Misneach na hÉireann ina measc – tar éis teacht le chéile chun “An Chairt Cheilteach um Thithíocht” (atá le léamh thíos) a fhoilsiú. 

Tháinig an comhaontas seo le chéile chun cáineadh láidir a dhéanamh ar an ngearchéim tithíochta atá ag titim amach inár dtíortha éagsúla agus ag déanamh scrios ar ár bpobail teanga. 

Leagtar amach liosta éileamh sa gcairt seo, agus maítear gur gá do rialtais agus d’údaráis réigiúnacha polasaithe a chur a bhfeidhm a chinnteos gur féidir le cainteoirí mionteanga cur futhú go hinbhuanaithe ina gceantair dhúchais.

Tuigeann Misneach agus na grúpaí eile atá páirteach sa bhfeachtas seo nach mbaineann bás teanga go príomhúil le ceisteanna cultúrtha nó oideachais ach le polasaithe eacnamaíocha atá ag déanamh scrios ar phobail imeallacha, agus le dearcadh a chuireann dia beag na turasóireachta chun tosaigh ar leas fadtéarmach na ndaoine sna pobail seo.

Ar ndóigh, ní fadhb cathrach amháin í an ghéarchéim tithíochta in Éirinn nó na tíortha Ceilteacha eile. In Éirinn, maraon le himircigh, an lucht siúil agus grúpaí imeallacha eile, tá muintir na Gaeltachta i measc na bpobal is mó ata thíos leis an éigeandáil. 

I dteannta le pobail mionteangacha eile, tá fás mór tagtha ar líon na dtithe  saoire agus tithe eile atá le ligean ar  AirBnB sna ceantracha seo, rud atá á dhéanamh níos deacra ar dhaoine a oibríonn agus a chónaíonn sa Ghaeltacht teacht ar áit chónaithe. 

I mí na Samhna 2019, mar shampla, ní raibh ach trí theach le fáil ar cíos i nGaeltacht Chiarraí ar Daft.ie – san am céanna bhí 219 teach saoire ar fáil le haghaidh turasóirí! San am céanna tá An Bord Pleanála ag diúltiú cead pleanála do Ghaeilgeoirí atá ag obair i gceantracha Gaeltachta chun tithe a thógáil agus cur fúthu ann go buan.

Dar le Tomás Ó Loingsigh, gníomhaí cearta tithíochta agus ball de Mhisneach, go bhfuil:

“an ghéarchéim tithíochta ag titim amach ní amháin sna cathracha, ach i gceantracha tuaithe agus Gaeltachta chomh maith, ní amháin in Éirinn, ach i measc pobal mionteangacha sna tíortha Ceilteacha ar fad.”

“Ar mhaithe leis an turasóireacht agus le lucht an rachmais, níl teacht ar thithe ar phraghas réasúnta ag muintir na Gaeltachta agus tá scrios á dhéanamh ar an nGaeilge mar teanga pobail mar thoradh díreach air sin. Tá an troid ar son cearta teanga agus cearta tithíochta nasctha le chéile go dlúth.” 

Deir Robat Idris, ball Cymdeithas yr laith, grúpa cearta teanga sa mBreatain Bheag: 

“tá an-chuid fadhbanna nua a bhaineann leis an ngéarchéim tithíochta tagtha chun cinn mar thoradh ar Covid-19. Tá líon mór daoine feicthe againn ag teitheadh chuig a gcuid athbhailte, agus tá fógraí le haghaidh lóistín ar cíos fós suas ag Airbnb i rith an dianghlasaithe.” 

“Feictear an Bhreatain Bheag mar áit le héalú chuige, mar cinéal clós súgartha, ní mar áit ina bhfuil pobal beo ina gcónaí. Tá an easpa tithíochta le haghaidh daoine áitiúla ag bagairt an bonn a bhaint den Bhreatnais mar theanga pobail sna ceantracha is láidire don teanga”

Is féidir an Chairt Cheilteach um Thithíocht a léamh ina hiomláine anseo:

An Chairt Cheilteach um Thithíocht – An Ceart chun Áitribh 

Is fadhb ollmhór í an ghéarchéim tithíochta atá ag cur todhchaí phobail labhartha na dteangacha Ceilteacha i mbaol.

Fógraímid, mar eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar mhionteangacha na náisiún Ceilteach, go bhfuil géarghá le gníomh gan mhoill. Caithfear an damáiste atá déanta ar ár bpobail agus ár dteangacha a leigheas – lena n-áirítear in áiteanna nach labhraítear ár dteangacha a thuilleadh.

Tá rátaí easpa dídine ag dul in airde go leanúnach, agus tá níos mó agus níos mó daoine ann nach bhfuil sé d’acmhainn acu maireachtáil ina gceantair dhúchais. Feictear dúinn go bhfuil an méid seo tarlaithe de bharr polasaithe na rialtaisí lárnacha agus cineachta. Ina measc sin, tá polasaí na déine agus na blianta d’éagothromaíocht eacnamaíoch a dhéanann cos ar bolg ar ár bpobail tuaithe.

Mar sin, éilímid ar na rialtais sraith polasaithe a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh na daoine a mhaireann agus a n-oibríonn sna ceantracha seo – lena n-áirítear daoine ar baill iad de phobail immeallaithe agus mionlaigh – in ann fanacht ina bpobail áitiúla. Rachadh sé seo chun tairbhe ár dteangacha agus rath ár bpobal, le haird chuí á tabhairt ar chothramaíocht deiseanna, beag beann ar aicme, inscne nó cine. Ar bhearta na bpolasaithe sin, ba chóir iad seo a leanas a bheith san áireamh:

  • uasteorainn le céatadán na n-athbhailte agus na dtithe saoire in aon phobal;
  • athrú ar an sainmhíniú de thithíocht inachmhainne agus rialú costaisí cíosa ionas go mbeidis inachmhainne do dhaoine ar mheán-tuarastal an cheantair;
  • rialú breise agus cáin nua pionósach ar thithe a úsáidtear i gcomhair AirBnB amháin nó go príomhúil, lena n-airítear idirdhealú sainiúil a dhéanamh idir tithe/árasáin a úsáid mar teach saoire nó mar réadmhaoin AirBnB;
  • plean stráitéiseach a fhorbairt i leith tithíochta agus turasóireachta i gceantracha tuaithe chun dul i ngleic leis an gcaoi go bhfuil an-chuid tithe fágtha ar lár ón stoc tithíochta áitiúil;
  • cumhachtaí pleanála a dhílárú go dtí an leibhéal áitiúil is iomchuí, lena n-áirítear spriocanna tithíochta a leagan síos, agus riachtanas dosheachanta a dhéanamh den phleanáil teanga;
  • praghasanna cíosa a bhainistiú ionas go mbeadh siad inachmhainne do daoine ar thuarastail áitiúla;
  • leasú a dhéanamh ar aon laigí nó lúbanna ar lár sa dlí a thabharfadh deis cáin a sheachtaint;
  • reachtaíocht nua réadmhaoine a thabhairt isteach chun praghasanna agus cíosanna a rialú, chun tacaíochtaí sainiúla a ofráil do chainteoirí mionteangacha chun go mbeidh siad in ann fanacht ina bpobail, agus chun a chinntiú go n-úsáidtear aon tithíocht fholamh atá in áit sula dtabharfaí faoi fhorbairtí nua;
  • an stoc tithíocht shóisialta agus stoc tearcúsáidte a thabhairt ar ais faoi úinéireacht an phobail, agus úinéireacht pobail a bheith ar chuid shuntasach de gach tionscadal tithíochta nua;
  • cáin ar bhrábús tiarnaí talún a thabhairt isteach as a ndéanfaí infheistíocht chun tithe folmha agus tithe saoire a chur ar ais in úsáid do phobail áitiúla agus do na daoine a mhaireann agus a n-oibríonn iontu;
  • dreasachtaí a chur ar fáil ar mhaithe le hathchóirí agus/nó tógáil tithíocht atá inbhuanaithe ó thaobh ábhair agus modh tógála de;
  • fíneálacha a ghearradh as diúltiú d’áit chónaithe a ligean amach ar cíos do bhaill aon phobail faoi míbhuntáiste, an Lucht Siúil nó teifigh mar shampla.

Is féidir físeán a ghabhann leis an gCairt agus leaganacha den doiciméad sna teangacha Ceilteacha éagsúla a fheiceáil ar suíomh Cymdeithas Yr Iaith anseo.