Author: misneach

Ceanada agus Éire: an Stát agus an Eaglais Chaitliceach sa gComhthéacs Coilíneach

Is ar éigean a thug na meáin clóite in Éirinn aird ar bith ar an scéal a tháinig amach as Ceanada le linn an tsamhraidh. Scéal a léirigh an slad a rinneadh ar bhundúchasaigh i gCúige Saskatchewan agus British Columbia.

Cosúil le scéal na hÉireann, nuair a d’fheidhmigh an stát agus an Eaglais Chaitliceach as lámha a chéile, bhí drochthoradh ann dóibh siúd a bhí imeallaithe agus ar bheagán cumhachta.

Tháinig sé chun solais i rith Mhí an Mheithimh go raibh dhá shuíomh ar a raibh scoileanna cónaithe de chuid na hEaglaise Caitlicí breac le huaigheanna gan leacht – uaigheanna bundúchasacha.

215 páiste a aimsíodh sa chéad scoil, agus 751 duine ag an tarna scoil, an formhór díobh ina bpáistí chomh maith.

Ní fios go fóill ar bhásaigh na páistí ó ghalair éagsúla nó ar dúnmharaíodh iad – tiocfaidh na fíricí gruama amach i gcaitheamh ama.

Tagann na rudaí atá ar eolas againn i láthair na huaire ó chuntais bhéil na n-íospartach a raibh sé de mhí-ádh orthu freastail ar na scoileanna, ach ar tháinig slán uathu.

Brúidiúlacht, mí-úsáid ghnéis, cos ar bholg ar chultúr agus teanga; b’in iad cleachtais na scoileanna “Críostaí” seo.

Dár ndóigh, is i gcomhthéacs coilíneach a tharla an díol náire seo. Bunaíodh na scoileanna cónaithe i dtreo dheireadh an naoú haois déag chun asamhlú cultúrtha a chur i gcríoch ar bhundúchasaigh Cheanada.

B’amhlaidh an scéal i Stáit Aontaithe Mheiriceá, san Astráil agus i dtíortha eile nach iad.

In Éirinn ba iad na páistí ba bhoichte, páistí na máithreacha a raibh “smál” orthu, a mhair in institiúidí den saghas céanna, agus ní gá ach smaoineamh ar an 796 leanbh a fuarthas i ndabhach shéarachais i dTuaim.

Cé go raibh difríochtaí áirithe idir Éire agus Ceanada sa chaoi is go mbaineann an cos ar bholg ar bhundúchasaigh le cúrsaí cine agus aicme, seachas le cúrsaí aicme go príomha mar a tharla in Éirinn, tá cosúlachtaí ann chomh maith.

Bhí an dá stát “neamhspleách” ag an am. D’éirigh le Ceanada féinrialtas a fháil in 1867, tríocha bliain sular bunaíodh na scoileanna cinedhíothaithe.

Bhí “neamhspleáchas” ag Fiche a Sé Chontae na hÉireann ó 1922 chomh maith, agus ba le linn blianta luatha an stáit a tosaíodh ar pháistí agus máithreacha a chur chuig na scoileanna saothair ‘s na neachtlanna Mhaigdiléana.

San fholús cumhachta agus infreastruchtúir a d’fhág an coilíneachas bhí an dá stát sásta go líonfadh an Eaglais Chaitliceach an bhearna. Ná déanaimís dearmad, ach oiread, go raibh ról ag an Eaglais Chaitliceach sa dá thír i gcur chun cinn an Ghalldaithe chomh maith.

Tá Rialtas Bhaile Átha Cliath tar éis praiseach a dhéanamh den phróiseas a thugadh an fhírinne chun solais agus cúiteamh ceart do na híospartaigh.

Rinne an tuairisc is déanaí ar thaithí na n-íospartach sna hinstitiúidí seo beag is fiú den scéal. Seachas an milleán a chur ar an stát, an Eaglais Chaitliceach, na Gardaí agus na hoibrithe “sóisialta”, cuireadh an milleán ar an “tsochaí trí chéile”.

Níl Rialtas Cheanada faoi Justin Trudeau puinn níos fearr agus is cur i gcéill aon phróiseas athmhuintearais sa stát úd fad is a leantar ar aghaidh leis an scrios atá á dhéanamh ar thailte na mbundúchasach sa tóir ar ola, gás agus adhmad.

Tá íospartaigh na n-institiúidí seo i gCeanada agus in Éirinn fós ag maireachtáil le pian na drochíde a d’fhulaing siad.

Tá teanga agus cultúr an dá áit fós an-lag de bharr an naisc lofa idir an stát agus an Eaglais a d’fhorbair i gcomhthéacs an choilíneachais.

Tá neart oibre le déanamh go fóill chun an dá áit a dhíchoilíniú ionas go bhfaighfí réidh le rianta, agus pianta, an stair dhearóil sin.

Athruithe

Pléann ball Misneach, Tomás Ó Loinsigh, na hathruithe atá ag teacht ar an gcomhshaol; comhshaol na Gaeilge san áireamh

Tá go leor rudaí ann nach n-aithnítear go bhfuil siad in easnamh, go dtí go bhfeictear arís go tobann iad tar éis tamall fada gan a n-easnamh a thabhairt faoi ndeara. 

Is annamh anois a fheictear snáthaidí móra ná creabhair capaill ná an iomaí feithid bheag eile nach bhfuil de Ghaeilge ná de Bhéarla agam, mar jackeen a rugadh i dtreo dheireadh an fichiú haois, le cur síos orthu. 

Ach is cuimhin liom na feithidí sin do mo chrá ar fheirm m’uncail i gContae an Chabháin agus mé ag cuidiú (nó sin a cheapas agus níor bhréagnaíodh mé) le m’athair ann mar ghasúr. 

Agus ansin le cúpla lá anuas, nuair a mhothaigh mé iad ag baint greim asam arís, d’airigh mé cé chomh fada is a bhí sé ó chonaic mé iad. Is cuimhin liom chomh maith, agus muid ag taisteal abhaile ar chúlbhóithre dorcha, scáth gaoithe an ghluaisteáin clúdaithe le feithidí beaga, meallta ag soilse tosaidh an chairr. 

Ní fheictear sin anois. Tá córas feirmeoireachta monashaothraithe agus scaipeadh sciodair agus lotnaidicíde tar éis deireadh a chur leo uile, is dócha.  

Ar an bhfeirm chéanna, blianta fada ó shin, bhíodh capaill ann chun obair na feirme a dhéanamh, agus gort coirce curtha ar leataobh chun ábhar beatha a sholáthar dóibh, agus sa ghort sin bhíodh piasún agus éin eile, a d’fhéadadh iad fhéin a chothú ón choirce céanna. 

Anois, níl ar an bhfeirm ach beithígh, agus níl áit ann don fhiadhúlra uile eile a mhaireadh leo air tráth.

Agus ní ar na feirmeacha amháin atá seo ag titim amach. Tá éisc na farraige ag dul in éag leis an ró-iascaireacht atá ar bun. 

Aon iascaire ar mian leo a bheatha a chothú ar an bhfarraige, níl an dara rogha acu anois ach páirt a ghlacadh sa ró-iascaireacht chéanna, mar is é sin a chuireann an córas caipitlíoch iachall orthu a dhéanamh. 

Sna portaigh, ar sean-nós traidisiúnta agus dúchasach (agus eistarraingtheach) na tíre seo, tá móin fós á baint bliain in aghaidh bliana, ag scriosadh gnáthóg dhúlra agus linn carbóin, agus ag scaoileadh carbóin – ach gan foinse in-athnuaite fuinnimh faoi smacht an phobail, cén rogha atá ag teaghlaigh thuaithe ach an mhóin a bhaint agus a dhó?

Agus b’fhéidir gurb é sin an chúis nach bhfuil an stór focal agam chun cur síos cruinn a dhéanamh ar an dúlra seo ar fad – ní bhaineann sé le mo shaol ná le saol duine nó dála sa tír seo anois. 

Cad is fiú, sa lá atá inniú ann, an t-ainm cruinn traidisiúnta a bheith agat ar éan atá ag dul in éag, ar chrann nach féidir luach adhmaid a fháil uirthi, ar athrú tapaidh ar an aimsir nó cith tobann baistigh, nuair atá muid sáinnithe slán sábháilte sa ghluaisteán nó os comhair na teilifíse?

Is dócha nach aon rud nua í seo i stair an chine dhaonna. Ní hí an fichiú haois an chéad uair atá scrios iomlán déanta ag daoine ar an gcomhshaol mórthimpeall orthu. 

Dar ndóigh, rinne na hEorpaigh scrios ar fhiadhúlra (agus ar shochaithe daonna) Mheiriceá nuair a thosaigh siad ar an mhórchríoch sin a choilíniú sa séú chéad déag. Ach b’fhéidir gurb í seo an chéad uair go bhfuil seo ag tarlú ar scála domhanda.

Is minic le tamaillín beag anuas a fheictear inbhuanaitheacht teanga agus dúlra á phlé sa chomhrá céanna. 

Tá an-phlé ar cheisteanna timpeallachta sna meáin Ghaeilge, agus tá leabhair ar díol anois ag tarraingt aird ar an nasc ársa idir an teanga Ghaeilge agus tírdhreach agus timpeallacht na tíre seo. Ach ar shlí éigin, uaireanta mothaím nach bhfeictear méad agus donas an chruacháis atá ann ó thaobh na teanga agus an chomhshaoil de.

Le cúpla seachtain anuas, chualathas nach bhfuil ach 23% de theaghlaigh Ghaeltachta ag tógáil a gclann le Gaeilge. Is teanga dhaoine aosta na Gaeltachta í an Ghaeilge anois – níl ach 16% de dhaoine óga faoi bhun 18 bliain d’aois as an Gaeltacht ag labhairt na teanga go laethúil lasmuigh den chóras oideachais. 

Figiúirí iad seo atá an-chosúil leis na figiúirí a tháinig amach anuraidh, a léirigh nach bhfuil ach deich mbliain fágtha ag Gaeilge na hAlban mura mbíonn athrú mór ar chur chuige an rialtais ansin chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá á fulaingt ag an teanga, áit a bhfuil mórchuid na gcainteoirí sna caogaidí nó níos sine. 

Is rí-shoiléir atá sé leis na staitisticí úra os ár gcomhair, agus gan aon dalbhadh orainn nach bhfuil cás na Gaeilge mórán níos fearr.

Seachtain nó dhó ina dhiaidh sin, i lár tonn teasa millteanach ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh, agus tuillte uafásacha ag titim amach in áiteachaí eile, foilsíodh tuairisc nua de chuid an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis an ngéarchéim aeráide.

Cuirtear in iúl sa tuairisc go bhfuil aimsir den chineál seo ag dul in olcas agus i minicíocht, agus go bhfuilimid cheana féin buailte leis an bpointe claochlaithe, pointe nach mbeidh (nó nach bhfuil) aon filleadh uaidh. 

Agus, ag féachaint ar mhéad na faidhbe sin, tá sé rí-shoiléir nach bhfuil aon fhiúntas ag baint le haon iarracht aonair cúrsaí a athrú – athrú iomlán chórais atá de dhíth.

Nuair a airím ainmhithe nó feithidí nach bhfaca mé le tamall i gceantar éigin atá scoilte amach ón fheirmeoireacht mhonashaothraithe arb é bunleagan na feirmeoireachta sa tír seo agus i ngach aon tír sa lá atá inniú ann, nó nuair a chloisim páistí óga Gaeltachta ag caint eatarthu fhéin as Gaeilge, bíonn idir áthas agus brón orm. Mothaím brón mar dhuine a bhfuil sé de phribhléid aige gnéithe de shean-domhain atá ar tí imeacht go deo a fheiceáil nó a chloisint. 

Nuair a bhristear leis an slabhra trasghlúine a théann siar na mílte bliain trínar sheoladh teanga ar aghaidh ó ghlúin go glúin – agus tá an eachtra mílaoiseach seo ag tarlú timpeall orainn inniú – agus nuair a cailltear gnáthóg dhúlra, níl aon bhóthar siar. 

Ní féidir an slabhra briste a chuir le chéile nó an ghnáthóg a athógáil mar a bhí. 

Cinnte, is féidir an Ghaeilge a fhoghlaim anois go héasca ar líne nó ó leabhair, agus cinnte, má thagann deireadh leis an gcine daonna (rud nach gcreidim a tharlóidh, beidh lucht an rachmais ann i gcónaí, iad slán sábháilte ina gcathracha aerchóirithe agus teochtrialaithe, agus beidh na bochtanaigh ann i gcónaí chomh maith, gan aon cheist, gafa i gcathracha fairsinge, gan aon chosaint acu ón timpeallacht, ón salachar, ón ghalar, ó iarmhairtí millteanacha an athrú aeráide), b’fhéidir go dtiocfaidh an dúlra ar ais chuici féin, ach ní hí an dúlra céanna a bhéas ann – tá ainmhithe ‘s éisc ‘s éin atá imithe ina n-iomlán anois, ró-iascaireacht déanta orthu nó a mbiashlabhra iomlán scriosta againn.

Uaireanta mothaímid go bhfuilimid ag cónaí i ndomhan atá ag fáil báis.

Ach anseo is ansiúd, bíonn fíorsplancacha an dóchais le feiceáil. I mBéal Feirste, tá naíonra á chur ar bun ag gníomhaithe cróga in oirthear na cathrach, ainneoin bagairtí roinnt biogóidí Gaelfóbacha. 

I mBéal Feirste, cathair ina bhfuil an Ghaelscolaíocht ag dul ó neart go neart, ón am ar bunaíodh Bunscoil Phobail Feirste, in aghaidh gach iarracht an stáit í a chur faoi chois, tá an Ghaeilge anois mar cheann des na huirlisí is láidre le dhá phobail scoilte a thabhairt le chéile.

I mBéal Feirste a cuireadh ar bun an chéad iarracht pobal labhartha Gaeilge a bhunú go tíreolaíoch i gceantar faoi leith ar Bhóthar Seoighe, nach raibh lonnaithe sa Ghaeltacht féin ach san iar-Ghaeltacht. 

Tá torthaí na hiarrachta sin le clos inniú i measc na ndaoine óga a bhfuil an teanga in úsáid acu ar na sráideanna agus i gcaiféanna na cathrach. 

B’fhéidir go mbristear an slabhra anseo nó ansiúd, ach in áit eile cuirtear tús le slabhra nua. 

Is sampla í Béal Feirste dúinn ar fad – más saol trí Ghaeilge atá uainn, ní mór an Ghaeltacht a chosaint, ach chomh maith le sin beidh orainn troid san áit ina bhfuilimid, bíodh sin sa chathair nó faoin tuath. 

Le domhan atá ag éirí níos uirbí gach aon lá – de réir na Náisiún Aontaithe tá breis is leath de dhaonra an domhain anois ina gcónaí i gcathracha agus ceantracha uirbeacha, an tromlach ollmhór dóibh sin i slumaí bochta, don chéad uair riamh i stair an chine dhaonna – muna bhfuil spás sna cathracha don Ghaeilge, ní bheidh ann di amach anseo. 

Agus b’fhéidir gur féidir splancacha den chineál céanna a airint leis an chomhshaol. Ní bheidh rudaí mar a bhí riamh arís. 

Ach an cheist mhór atá romhainn anois ná an scaoilfimid do lucht an rachmais (agus ar scála domhanda, sin cuid mhór den Eoraip agus na Stáit Aontaithe) iad féin a chur faoi ghlas laistiar de bhallaí arda an chiníochais agus an fhuatha, agus an mhórchuid againn a fhágáil lasmuigh den doras, san fhásach atá le déanamh den domhan? Nó an dtroidfimid chun réiteach cóir a bhaint amach, chun tograí ón mbun aníos a chur ar bun, chun domhan slán agus saor a chur ar fáil do chuile dhuine air? 

Tá tograí i gceantracha tuaithe na tíre seo curtha ar bun le blianta beaga anuas, chun smacht an phobail áitiúil a fháil ar fhuinneamh inathnuaite, feirmeacha gaoithe phobail a thógáil agus an fuinneamh sin a chur chun leas an phobail chéanna, agus briseadh amach ón mhargadh fuinnimh agus breosla eistarraingtheach domhanda. 

Tá fuinneamh na gréine chomh flúirseach sin agus an teicneolaíocht chomh forbraithe anois, gurb í an bac is mó atá air sa lá atá inniú ann mar chóras cumhachta, ná nach bhfuil brábús le dhéanamh as. 

Ach más deireadh leis an gcóras caipitlíoch, eistarraingtheach, is cúis leis an ngéarchéim aeráide atá uainn – agus ag an bpointe seo ní dócha go bhfuil aon chaoi eile chun saol cóir a chur ar fáil do thromlach mór an chine dhaonna – is é seo atá le déanamh. 

Beidh focail nua Ghaeilge ag teastáil chun cur síos ceart a dhéanamh ar dhomhan úr den chinéal sin.

Feall na gComhairlí Contae – cén chúis atá leis?

Bhí sé ina raic sna meáin Ghaeilge le gairid nuair a léirigh Tuarascáil Faireacháin 2020/21 de chuid an Choimisinéara Teanga nach bhfuil go leor de na Comhairlí Contae ag cloí lena ndualgas i leith na Gaeilge, de réir mar a leagtar amach iad in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Is iomaí tráchtaire glórmhar a dúirt gur scannal é seo agus gur feall é ar Ghaeilgeoirí na tíre. Níl aon dabht faoi ach gur olc an rud é ceart go leor.

Mar is gnáth, áfach, bhí an dearcadh is tábhachtaí i leith pholasaí agus dhán na Gaeilge ar lár go hiomlán sna comhráite seo – dearcadh a thugann aitheantas do na struchtúir caipitlíocha a imríonn tionchar ollmhór ar ár saol uilig.

Ní fiú caint ar fheall na gComhairlí Contae gan a lua gur scriosadh iad le deich mbliana anuas le polasaithe nualiobrálacha an stáit.

Mar a mhíníonn Shannon (2016: 9), “local government level was the hardest hit by employment cutbacks” (22%). Mar bharr air sin, “small rural county councils endured the most austerity” (Turley et al. 2018: 1) – mar atá formhór na gComhairlí a fuair an grád ba mheasa ón gCoimisinéir Teanga, agus mar atá formhór na gComhairlí ina bhfuil ceantair Ghaeltachta.

Go deimhin, tuairiscíodh san Irish Times i mí Dheireadh Fómhair go raibh ganntanas chomh mór sin ar Chomhairlí áirithe nach mbeadh aon rogha orthu ach “to start cutting all services including housing maintenance, roads, lighting and parks services, community grants, festivals and arts supports”.

Ní ábhar iontais é nach mbeadh Comhairlí atá ar an ngannchuid ó thaobh airgid agus cumhachta de ag díriú ar aistriúchán a dhéanamh ar fhoirmeacha nach n-úsáidtear.

Is locht ollmhór ar chóras polaitiúil an Daorstáit go bhfuil sé chomh lárnaithe is atá.

B’institúidí laga iad na Comhairlí Contae fiú sular gearradh a gcuid buiséad go trom.

I bhformhór na dtíortha eile san Eoraip, tá i bhfad níos mó cumhachta polaitiúla ag an leibhéal áitiúil.

Is fiú a lua, freisin, gur laige ná na Comhairlí Contae is laige é Údarás na Gaeltachta – ní nach ionadh é, mar sin, gur minic nach mbíonn mórán rath ar a saothar-san. Fáth eile é seo go bhfuil Misneach go láidir i bhfábhar dílárú maoine agus cumhachta.

Ní féidir drochstaid ár dteanga a thuiscint gan tuiscint a bheith agat ar ollthionchar an chaipitleachais ar chuile chuid den saol. Má tá Misneach agat, bí linn agus athraímis dioscúrsa dípholaitithe na Gaeilge – cuid lárnach den troid ar son chearta na cosmhuintire uilig!

Tagairtí:


Boyle, R. (2015). Public sector trends 2015 [State of the public service series, research paper no. 17]. Baile Átha Cliath, An Foras Riaracháin.


Irish Times (2020). Local authorities say they will have to cut services over collapse in revenues. https://www.irishtimes.com/news/politics/local-authorities-say-they-will-have-to-cut-services-over-collapse-in-revenues-1.4378106


Ó Ceallaigh, B. (2020) Má tá a gcearta uathu is é dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh https://tuairisc.ie/ma-ta-a-gcearta-uathu-is-e-dualgas-lucht-na-gaeilge-a-bheith-ina-soisialaigh/


Shannon, L. (2016). Local and regional bodies in Ireland 2012–2016 [Local government research series, no. 12]. Baile Átha Cliath, An Foras Riaracháin.

Turley, G., et al. (2018). “Austerity and Irish Local Government Expenditure since the Great Recession”, Administration, 66(4).

Cás na Briotáinise

Me n’em eus ket morse redet
War-lerc’h arc’hant hag aour. ’Skeud va labour ’meus bevet,
Gant va zud ’n o zi poaur.
Hag hon-tri, ’tal an tan,
Er goanv, goude koan,
Gant marvailhoù ha kan,
Ni ’ankouazhe hor poan.
Níor ritheas-sa i mo bheo
Ar lorg an phunt ná an óir.
Ar scáth mo shaothair bhí mo shó,
Le mo mhuintir ina dteach dearóil.
Agus an triúr againn, cois tine,
Sa ngeimhreadh is ár gcuid ite,
Le scéal agus amhrán fite, Dhearmadaimis an phian is tinne.

Tús dáin ‘E-tal an Tan’ (Cois Tine) a chum Anjela Duval do Roparz Hemon in Eanáir 1963, dán le feirmeoir do shaoi mór na Briotáinise, ar brezhoneg.

Bean a bhí i mbun an tseantalaimh ar feadh a saoil agus fear a chum na mílte scríbhinní, idir fhilíocht agus scéalaíocht agus ghramadach na Briotáinise.

Laochra na Briotáinise. Dhíbrigh stát na Fraince Roparz Hemon as a dhúiche féin mar cuireadh ina leith go raibh sé ag comhoibriú leis na Gearmánaigh i rith an Dara Cogaidh Dhomhanda.

Agus bhí; b’in é an t-aon am a bhí aon bhonneagar cultúrtha oifigiúil ag muintir na Briotáinise, a stáisíún raidió féin, mar shampla—Radio Roazhon-Breizh, ina raibh Roparz Hemon ag craoltóireacht.

Ba in Éirinn a chuir sé faoi ansin agus choinnigh sé air ag obair ar son a thíre in Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath.

Nuair a reáchtáil sé daonáireamh na Briotáine, as a stuaim féin, i 1928, bhí 1.2 milliún cainteoirí Briotánaise ann; níl aon fhigiúir oifigiúla ann roimhe sin ná ó shin, ach ceaptar gur lú ná a leath sin é líon mhuintir na Briotáinise anois.

Thosaigh Anjela ag cumadh filíochta tar éis bhás a tuismitheoirí.

Marvet eo ma zud karet,
Beb eil gant ar gozhni,
Hag un deiz ’on ’n em gavet
Va-unan ’barzh va zi.
Ha va-un ’tal an tan
Er goañv, goude koan,
’Lec’h kan, n’eus ’met gouelvan
’N em c’halon leun a zoan.
Caillte atá mo mhuintir dhil,
An bheirt leis an aois mhóir caite,
Is lá amháin, cosúil le haonsil
Faoi dhíon an tí, isteach mise.
I’m uaignisín cois tine
Sa ngeimhreadh, is mo chuid ite,
I leaba’n amhráin níl ach caointe
Is brón i gcluais mo chroidhe.

Cén fáth? Léigh Bunreacht Phoblacht na Fraince, Airteagal 2: «La langue de la République est le français. L’emblème national est le drapeau tricolore, bleu, blanc, rouge. L’hymne national est La Marseillaise. La devise de la République est Liberté, Égalité, Fraternité. Son principe est: gouvernement du peuple, par le peuple et pour le peuple.»

Is í an Fhraincis teanga na Poblachta. Is é an Trídhathach, an gorm, an bán, an dearg, an suaitheantas náisiúnta. Saoirse, Comhionannas, Bráithreachas is ea mana na Poblachta. Rialtas an phobail, faoi stiúir an phobail agus le haghaidh an phobail is ea bunús na Poblachta.

Bloavezhioù am eus stourmet
Ouzh kleñved ha dispi
Rak, dre eurvad, on douget
D’al labour, d’ar studi.
Met en noz ’tal an tan,
Er goañv, goude koan,
Ouzh netra ne ran van,
Moredet en em poan.
Leis na blianta seasaim baoil,
An galar is an t-éadóchas,
Mar, ar ámharaí an tsaoil,
Táim tugtha don obair is oideas.
Ach san oíche cois tine,
Sa ngeimhreadh, is mo chuid ite,
Níl aire a’m ar rud ar bith
Is mé i néal na péine tite.  

Sin é an fáth, sárú an Bhunreachta, de réir an chinnidh de chuid Le Conseil Constitutionnel, Cúirt Uachtarach na Fraince, a neamhnigh Loi du 21 mai 2021 relative à la protection patrimoniale des langues régionales et à leur promotion—Dlí an 21 Bealtaine 2021 maidir le caomhnú oidhreacht na dteangacha réigiúnacha agus lena gcur chun cinn.

Lezenn Molac a baisteadh air mar ba é Paul Molac, Teachta l’Assemblée Nationale, Morbihan, in iarthuaisceart na Fraince, a chuir an dlí faoi bhráid na dála.

Bille tábhachtach i bhfriotal deamheáite diongbháilte, bille ar ghlac formhór mór den Assemblée leis.

Ach chuimhnigh scata acu orthu féin ina dhiaidh sin, teachtaí de chuid an Rialtais agus Pháirtí Emmanuel Macron, cuid mhaith acu, scata 60 san iomlán, de chuid  Groupe La Répulique en Marche, grúpa náisiúnach i nDáil na Fraince.

Má ghlac cuid acu leis an mbille ar an gcéad dul síos, ba ghearr gur thuig siad go mbainfeadh an dlí céanna an bonn ó fhlaitheas na Fraincise agus ó ollsmacht an stáit i gcúrsaí oideachais.

Tumoideachas faoi choimirce na Poblachta sna teangacha réigiúnacha, agus an Bhriotáinis, an Ocsatáinis, an Chatalóinis, an Bhascais agus eile san áireamh, ab ea cuspóir an dlí seo.

Oideachas ionchuimsitheach daonlathach mar a bhí ceaptha ag na réabhlóidithe roimh rialtas sceimhle Robespierre. Réabhlóid bhunreachtúil cheart nár tharla.

É sin tar éis céad bliain feachtasaíochta síochánta, ar a laghad, é sin tar éis cásanna sceimhlitheoireachta fiú, é sin tar éis do thoil dheona na mílte de shaoránaigh na Fraince a bheith mínithe in agóidí agus i mórshiúlóidí éagsúla ar fud na tíre.

‘Rialtas an phobail, faoi stiúir an phobail agus le haghaidh an phobail,’ go deimhin!

Mhair agus maireann an Bhriotáinis in éagmais thacaíocht an stáit, maireann sí, agus mairfidh, in ainneoin Phoblacht na Fraince, mar gheall ar anam dochloíte phobal na Briotáine, mar gheall ar ghluaiseachtaí agus eagraíochtaí cosúil leis an Diwan (An Ghineog).

Gréasán scoileanna a reáchtálas oideachas trí mheán na Briotáinise is ea an Diwan; eagraíocht a bhfuil an dearg-ghráin ag Jean-Michel Blanquer, an tAire Oideachais, agus ag a leithéidí, uirthi.

De bharr sháriarracht phobal na Briotáine atá ar brezhoneg beo, ach teastaíonn tacaíocht idirnáisúnta ón bpobal céanna.

Tá Misneach ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann scríobh chuig Vincent Guérend, Ambasadóir na Fraince in Éirinn, chun míniú a éileamh ar pholaitíocht theangacídeach (linguicidal) na Fraince.

Iarran Misneach ar mhuintir na hÉireann gan táirgí ná seirbhísí na Fraince a cheannach ná a úsáid—táirgí agus seirbhísí nach dtagann as Tír na mBascach, as an gCatalóin, as an Ocsatáin agus as an mBriotáin.

Iarran Misneach ar mhuintir na hÉireann sluaghán a ligean ar son phobail bheaga na Fraince. Bíodh amhrán againn, amhrán a chloisfear thar lear, a eitleos chomh fada leis an mBriotáin.

Met un deiz (tra vurzhudus !),
Nijet eus Iwerzhon,
Heklev ho sonioù marzhus
A zihun va c’halon.
Ha bremañ ’tal an tan,
Er goañv, goude koan,
Din va-unan m’ o c’han
Da luskellat va doan.
Ach lá amháin (an-mhíorúilt go deo !)
Ar eiltreoga as Éirinn,
Seo chugam macalla t’amhrán beo,
Ahmra a dhúisíos mo chroí tinn.
Agus anois cois tine,
Sa ngeimhreadh, is mo chuid ite,
Táid á rá a’m féin dom féin
Mar shuantraí dom’ phéin.

Naisc:

Giolcaireacht: @Diwan @gouvernementFR @Paul_Molac @jmblanquer @AssembleeNat @AitaBreizh @francediplo_EN @EmmanuelMacron @Cymdeithas @cymdeithasybyd

#brezhoneg #breton #BoycottezLesProduitsFrançais #Breizh #Bretagne

Iascairí Mara na hÉireann i mbun Agóide

Thaisteal cabhlachán de 50 long suas abhainn na Life i mBaile Átha Cliath le déanaí. Ba chun deacrachtaí an tionscadail iascaigh a léiriú do rialtas na Sé Chontae Fhichead a chuaigh na hiascairí i mbun agóide.

Tá iascairí mara na hÉireann, na cinn Ghaeltachta san áireamh, dearmadta ag an rialtas i mBaile Átha Cliath ó ghlac an stát ballraíocht san Aontas Eorpach sa mbliain 1972.

An tráth sin ba iad na feirmeoirí móra a bhí mar thosaíocht ag lucht na cumhachta. Dá bhrí sin, b’éigean do phobail an chósta soláthar dóibh féin agus rinneadh íobairt ar fhlaitheas mara an stáit.

Tá cúrsaí imithe in olcas le déanaí, áfach. I ndiaidh an mhargaidh Breatimeachta a rinneadh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, beidh iascairí na Sé Chontae Fhichead thíos leis.

Anuas air sin, tá riail nua de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaineann le meá na n-iasc ag dó na geirbe ar na hiascairí.

Lena ais sin, tá ceist an fhlaithis ina cnámh spairne. Bíonn trálaeir ollmhóra ón Spáinn agus ó thíortha eile nach í ag breith ar éisc amach ó chósta na hÉireann go minic.

Go bunúsach, beidh níos lú éisc á ngabháil ag na hiascairí agus, dá bharr sin, beidh sé níos deacra orthu slí bheatha a dhéanamh as seo amach. Bánófar pobail an chósta agus cuirfear, arís, le meath na Gaeltachta.

Ní fiú dúinn bheith ag trácht ar inbhuannacht an stoic éisc agus cúrsaí comhshaoil má tá cead a gcinn ag na trálaeir ollmhóra seo. Bheadh tionscadail iascaigh na hÉireann níos fearr do shláinte an stoic ná na báid mhóra milteacha seo.

I ndeireadh na dála, is gá dúinn cás na n-iascairí a thuiscint i dtéarmaí an chaipitleachais. Tá claonadh ag an gcóras eacnamaíochta caipitleach “lárnú”. Sé sin le rá, gur ríchuma le lucht an rachmais, agus an cleas polaitíochta a thacaíonn leo, faoi thionscadail bheaga nach féidir leo brábús ollmhór a bhaint uaidh.

Is ríchuma leo faoi phobail bheaga tuaithe, bíodh siad ar an gcósta nó ná bíodh, nuair a ghintear formhór an rachmais sna cathracha móra.

Ó bunaíodh an stát fágadh na feirmeoirí beaga, na hiascairí agus na tionscadail tuaithe beaga eile ar an trá fholamh. Cruthaítear polasaithe do na boic mhóra.

Ní gá ach breathnú ar leithéidí Kerry Group agus Glanbia agus na billiúin de brábús a ndéantar. Is amhlaidh an scéil leis na hollmhargaí cosúil le Tesco. Fós féin, fágtar na feirmeoirí beaga ar an ngannchuid.

Is mithid dúinn briseadh leis an gcóras caipitleach trí phróiseas díchoilínithe a chur ar bun – próiseas ina mbeadh an teanga, an cultúr, cumhacht, daonlathas agus maoin i seilbh an chosmhuintir, seachas i seilbh dream big ag barr an tsochaí.

An Ghaeilge, an Gaeloideachas agus Aineolas an Rabharta Ghlais

Tá páirtí polaitiúil nua le hainm aonteangach sa Ghaeilge ar an bhfód – An Rabharta Glas. Is iarbhaill an Chomhaontais Ghlais a d’fhág an páirtí sin – toisc iad a bheith míshásta le cinntí an rialtais a bhfuil an Comhaontas páirteach ann – iad baill an pháirtí nua seo.

Le hainm den chinéal sin, bheiféa ag súil le polasaí daingean láidir uathu maidir leis an Ghaeilge, ach ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí.

De réir ailt a foilsíodh ar an 5ú Meitheamh san Irish Independent, ‘sé an moladh atá ag Ciara Noble, atá mar bhall den pháirtí úr seo, ná “Maybe take it out of schools so people who come from foreign countries don’t feel excluded, introduce it some other way [sa Bhéarla a bhí an ráiteas, agus sa Bhéarla a fágfaidh muid anseo é]”.

Níl an chuma air ón méid sin go raibh mórán machnaimh déanta ag lucht an pháirtí nua maidir leis an Ghaeilge sula ndeachaigh siad chun cainte ar an cheist sa nuachtán is mó léamh sa tír.

Ach ag an am céanna, is cinnte go bhfuil leagan éigin den argóint seo cloiste againn go léir uair amháin nó uair eile.

Tá sé imithe ina cliché amach is amach faoin staid seo – an Béarlóir a leagan an miléan ar a mhúinteoir Ghaeilge meánscoile nó ar an gcóras oideachais i gcoitinne dá gráin i leith na teanga, agus an Gaeilgeoir a bhréagnaíonn ar an dtort iad, á rá nach í an córas oideachais is cúis le meath na Gaeilge, ach an coilíneachas, an caipitleachas, agus naimhdeas an stáit.

Cé gur iomaí cúis atá le drochstaid na teanga sa tír seo nach iad an córas oideachais iad, is fíor chomh maith nach bhfuil aon bhealach chun slánú na Gaeilge a chur i gcrích d’uireasa an oideachais go ginéarálta, agus gan an Gaeloideachas ach go háirithe.

I measc na ndrochscéalta gan stad a thagann lá i ndiaidh ló maidir le meath na Gaeilge, ‘sé an Gaeloideachas an t-aon loinnir soilse atá le feiceáil. 

Ó thuaidh agus ó dheas, sa Ghaeltacht agus sna cathracha móra, i gceantracha ardnósacha mar Stigh Lorgan agus i gceantracha an lucht oibre ar nós Baile Munna, i measc Gael a théann siar na céadta glúine sa tír seo agus Gael nua arb as tíortha agus phobail eile na cruinne dá dtuismitheoirí, sa lá atá inniu ann agus le breis is caoga bliain anuas (agus amach anseo chomh maith, má tá rath le bheith orainn maidir le slánú an Gaeilge sa tír seo), is é rath an Gaeloideachais an éacht is mó atá bainte amach ag pobal na Gaeilge. 

In aghaidh naimhdeas an stát ó thuaidh ‘s ó dheas, tá pobal lucht oibre Iarthar Bhéal Feirste agus Tuaisceart Bhaile Átha Cliath tar éis troid fada seasta a dhéanamh chun a gcearta a fhíorú agus oideachas a chur ar a bpáistí trí Ghaeilge. 

Tá Gaeil nua ó gach cúinne den cruinne ag fás aníos, agus iad gníomhach go mór i saol na Gaeilge, agus is buíochas leis an Ghaeloideachas é sin chomh maith.

Más mian linn, mar a deir Noble, a chinntiú nach mothaíonn daoine ó tíortha éagsúla eisiata ón teanga, is é an Ghaelscolaíocht an chaoi is fearr chun é sin a bhaint amach.

Is é an Gaeloideachas, níos mó ná aon ní eile, a nascann na teaghlaigh uile atá ag tógáil clainne le Gaeilge isteach leis an phobal mór taobh leo. Anuas air sin, leagann an Gaeloideachas bunús a bhfuil fréamhacha doimhne curtha aige i bpobail agus saoil áitiúla na tíre do phobail na Gaeilge. 

Más mian linn pobal Gaelach a thógail sna ceantracha ina chónaíonn muid, is iad na Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a luíonn i gceartlár na sprice (agus na bpobal) sin.

Agus má tá muid chun an Ghaeilge, agus pobal na Gaeilge a sheoladh ar aghaidh ó glúin go glúin, is tríd an nGaeloideachas go príomha, a ndéantar agus a ndéanfar sin. Uirlis troda trasglúine i leith na todhchaí atá in oideachas an óige.

Ní chóir go mbeadh aon duine ag moladh an Ghaeilge a ghearradh ón gcóras oideachas, ach a mhalairt. Mar a deir ag an bhfeachtas pobail Gaelscoil 4 All, is ceart bunúsach sa tír seo é oideachas a chur ar do pháistí trí Ghaeilge.

Is leathnú amach mór ar sholáthar na Gaelscolaíochta, níos mó ná aon rud eile, atá ag teastáil ón teanga, chun Gaeloideachas atá oscailte do chách, ionchuimistheach, ilchultúrtha (agus nach bhfuil greim docht na hEaglaise Caitlicí fós air) a chur ar fáil.

I measc baill Misneach tá iarscoláirí an Gaeloideachais agus daoine atá múinteoireacht sna Gaelcholáistí mar gairm bheatha acu.

Tá sé feicthe go soiléir againn an tairbhe a bhaineann leis an Gaeiloideachas do dhaoine óga Gaelacha agus do phobal na Gaeilge i gcoitinne.

Ní fiú do pholaiteoirí a bheith ag caint ráiméise maidir leis an Ghaeilge agus an t-oideachas, gan fios a ngnó a bheith acu ar an méid a bhfuil á rá acu – go háirithe iad siúd a mhaíonn go bhfuil inbhuanaitheacht comhshaoil agus teanga mar sprioc acu.

Go dtí go léiríonn an Rabharta Glas tuiscint ar bhunfhíricí an ábhair seo, is beag aird atá tuillte acu dá dtuairimí.

Clár agus Ardán 13 Phointe Pháirtí na dTiarnaí Óga – 13 Meitheamh

Inniu an 13 Meitheamh, Lá Phórtó Ríce! Déanaimis an ócáid a cheiliúradh trí aithne níos fearr a chur ar streachailtí an náisiúin sin go stairiúil, streachailtí a bhaineann le hábhar fiú is an lá inniu, faraor.

Ag seo thíos aistriúchán Gaeilge den cháipéis stairiúil ar a dtugaimse anseo ‘Clár agus Ardán 13 Phointe Pháirtí na dTiarnaí Óga’ [13 Point Program and Platform of the Young Lords Party].

Is éard a bhí i bPáirtí na dTiarnaí Óga ná cumann um chearta an duine agus an tsaoránaigh ar son na bpobal Laidineach uile sna Stáit Aontaithe – ach pobail Phórtó Ríce go mór mhór. In Chicago sa bhliain 1960 a bunaíodh Páirtí na dTiarnaí Óga.

Thuilleadar cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta dóibh féin de bharr a gcuid tacaíochta le tionóntaí ó Phórtó Ríce agus ó Mheicsiceo a cuireadh amach as a n-áitribh i mbruachbhailte Chicago sa bhliain 1966. Seanscéal agus meirg air!

Ansin sa bhliain 1970, d’eisigh Páirtí na dTiarnaí Óga forfhógra – sin é an ‘Clár agus Ardán 13 Phointe’ dá dtagraím. Bhí tábhacht leis mar fhorógra, forógra lenar spreagadh glúin ealaíontóirí sóisialacha ó phobail éagsúla Laidineacha. Go leor díobh bhíodar radacach go leor.

Agus tógfar ceann den radacacht sin san fhorfhógra seo, fiú amháin ó thaobh na roghanna litrithe de! Ní le ceannlitreacha, cuirim i gcás, a scríobhtar túslitreacha ainmneacha na dtíortha coilíneacha a luaitear anseo, ná ní le ‘c’ a scríobhtar ‘Meiriceá’ ach le ‘kkk’ d’fhonn béim a leagan ar ghné an bhun-fhorlámhais ghil i sochaí na Stát Aontaithe.

Is léir gur tráthúil iad na tagairtí a fhaightear sa cháipéis stairiúil seo do na billiúin dolar a bheith ag imeacht amach ó Phórtó Ríce gach bliain i dteannta na ráiteas éagsúil ar son fhéinchinntiúchán Mheiriceá Laidinigh.

Táim ag cuimhneamh ar an bhfógra a tháinig ón tSalvadóir le seachtain anuas go mbeadh Bitcoin ina airgeadra dlíthairgthe acu feasta. An gcuideoidh an gníomh radach díláraithe sin le féinchinntiúchán Mheiriceá Laidinigh a bhaint amach? Beidh le feiceáil. Ach idir an dá linn, mar a deirtear, in ‘Clár agus Ardán 13 Phointe Pháirtí na dTiarnaí Óga’, “Hasta La Victoria Siempre”! Agus muintir Boricua abú!


Páirtí na dTiarnaí Óga
CLÁR AGUS ARDÁN 13 PHOINTE
Páirtí polaitiúil réabhlóideach is ea Páirtí na dTiarnaí Óga agus bíonn sé ag troid ar son shaoirse gach pobal atá faoi chois
1. Éilímid féinchinntiúchán do gach duine ó Phórtó Ríce – Saoirse istigh san Oileán féin agus laistigh de na Stáit Aontaithe. Leis an spáinn ar dtús agus leis na stáit aontaithe ina dhiaidh sin, tá coilíniú á dhéanamh ar ár dtír le 500 bliain. Gach bliain, imíonn na billiúin dolar de bhrabús amach as ár dtír agus téann i dtreo na stát aontaithe. Is sinne sclábhaithe an gringo ar gach aon slí. Éilimíd go mbeadh saoirse agus cumhacht i lámha na ndaoine, seachas ina lámha siúd a a thagann i dtír ar Phórtó Ríce. Que Viva Puerto Rico Libre!

2. Éilímid féinchinntiúchán do gach duine ón bpobal Laidineach. Tá gnólachtaí Meirikkkeánacha i mbun dúshaothrú a dhéanamh ar ár ndeartháireacha agus ár ndeirfiúracha Laidineacha, ó laistigh agus ó lasmuigh de na stáit aontaithe. Is é an pobal Chicano a thóg an t-iardheisceart, agus tacaímid lena gceart smacht a fháil ar a saol féin agus ar a dtalamh. Leanann pobal Santo Domingo ar a dtroid i gcoinne ollsmacht an gringo agus a chuid ginearál teaghráin. Is cuid den chogadh i gcoinne an impiriúlachais iad na streachailtí armtha ar son na saoire i Meiriceá Laidineach. Que Viva La Raza!

3. Éilímid saoirse gach duine sa tríú domhan. Fearacht na Laidineach a bhí ina sclábhaithe de chuid na spáinne agus na bponcán, is daoine gorma, Indiaigh agus Áisigh a rinne sclábhaíocht le saibhreas na tíre seo a thógaint. Le 400 bliain atá siad ag troid ar son na saoirse agus na dínite, agus i gcoinne na Bablóine (is ea, an impireacht dhrabhlásach úd!). Bhí muintir an Tríú Domhain i gceannas ar an troid ar son na saoirse. Aon náisiún faoi dhaorsmacht iad na pobal dhaite go léir ar fud an domhain atá faoi chois. Ní saoirse phobal Phórtó Ríce go saoirse gach pobail!

4. Is náisiúnaithe réabhlóideacha sinn agus cuirimid i gcoinne an chiníochais. Coilíneachtaí laistigh de na Stáit Aontaithe iad daoine Laidineacha, daoine gorma, daoine Indiacha agus Áiseacha, agus tá siad ag troid ar son na saoirse. Is maith atá a fhios againn go bhféachfaidh washington, wall street agus hallaí na cathrach lena thabhairt le fios gur ciníochas atá i gceist lenár náisiúnachas féin; ach is den uile dhath craicinn iad muintir Phórtó Ríce, agus is i gcoinne an chiníochais atáimid. Tá na milliúin daoine geala ag seasamh le héileamh na saoire agus tacaímid leo. Is iad seo na daoine sna stáit aontaithe atá faoi chois ag na rialacha agus ag an rialtas. Tá gach dream dínn freagrach as ár bpobal féin a ullmhú, ach is ionann an daorsmacht a dtroidimid ina choinne agus is le chéile a thabharfar an bua air. Treise Leis An Uile Phobal Faoi Chois!

5.  Éilímid comhionannas do mhná. Síos le seobhaineacht na bhfear agus le machismo. Faoin gcaipitleachais, bíonn mná faoi chois ag an tsochaí agus ag ár bhfir. Le fada atá na fir ag insint shoiscéal an machismo ar mhaithe le mná, deirfiúracha, máithreacha agus páistí a mhilleánú as a gcuid frustrachais féin. Ní mór d’fhir troid i dteannta a ndeirfiúracha ar níos mó ná leath den airm réabhlóideach iad: ar chomhchéim a throidfidh an deartháir agus an deirfiúr ar son ár bpobail. Ar aghaidh leis na Deirfiúracha sa Streachailt!

6.  Éilímid smacht pobail ar ár n-institiúidí agus ar ár dtalamh. Éilímid go mbeadh smacht ag ár ndream féin ar an tsochaí agus go mbeadh scéimeanna ann lena chinntiú go bhfreastalaíonn gach institiúid ar riachtanais ár bpobail. Is gá go mbeadh na daoine féin i gceannas ar an tseirbhís phóilíneachta, ar na seirbhísí sláinte, ar na heaglaisí, ar na scoileanna, ar thithíocht, ar iompar agus ar leas shóisialta. Éilímid go gcuirfí deireadh leis an ionsaí atáthar a dhéanamh ar ár dtalamh leis an bhforbairt uirbeach, leis an scrios dá dtagann de thoradh na mótarbhealaí, na n-ollscoileanna, agus na gcorporáidí. Is Leis An Uile Dhuine An Talamh!

7.  Éilímid teagasc ceart faoinár gcultúr Creole trí mheán na Spáinnise. Is gá dúinn ceachtanna ár staire féin a fhoghlaim chomh fada agus a bhaineann sé lena bheith ag troid i gcoinne dhíothú cultúrtha agus eacnamaíoch na bponcán. Is é cultúr na Réabhlóide, cultúr ár muintire, an t-aon teagasc ceart.

8. Cuirimid i gcoinne caipitlithe agus cuirimid i gcoinne dul i gcomhghuaillíochtaí le feallairí. Ní haon chabhair ar ár bpobal rialtóirí Phórtó Ríce a bheith ina bpuipéid de chuid na dtíoránach. Tuilleann siad sin tuarastal ó chóras lena dtreoraítear ár bpobail síos póirsí caocha, amhail na mílte máistrí striapach a chaomhnaíonn an tsíocháin inár bpobal ar mhaithe le gnó, nó na hoibrithe sráide a chothaíonn an scoilt idir na drongadóirí le go leanfaidís go deo de bheith ag marú a chéile. Éilímid sochaí ina mbeidh smacht sóisialach ag na daoine ar a gcuid oibre. Venceremos!

9. Cuirimid i gcoinne Airm Mheirikkkeá. Éilímid go n-imeodh fórsaí agus bunáiteanna míleata na stát aontaithe ó Phórtó Ríce, ó Vítneam agus ó gach pobal faoi chois ó laistigh agus ó lasmuigh de na stáit aontaithe. Níor chóir go mbeadh aon duine de bhunadh Phórtó Ríce sásta tabhairt faoi thréimhse seirbhíse in airm na stát aontaithe i gcoinne a dheartháireacha agus a dheirfiúracha, mar is é an t-aon airm dlisteanach atá ann ná airm na ndaoine i gcoinne gach rialtóra. S.A.M. amach as Vítneam, Saortar Pórtó Ríce!

10. Éilímid saoirse do gach cime polaitiúil!  Éilímid go mbeadh saoirse ag gach aon duine de bhunadh Phórtó Ríce mar gur cúirteanna ciníocha na gcoilínitheoirí seachas a bpobail féin a dhaor iad. Éilímid go saorfaí ón bpríosún gach gníomhaí saoirse. Saortar Cimí Polaitiúla!

11. Is idirnáisiúnaithe sinn. Tá múnlú intinne ón teilifís, ón raidió, ó na nuachtáin, ó na scoileanna, agus ó leabhair á dhéanamh ar ár bpobail i dtreo is go mbeidís i gcoinne daoine i dtíortha eile atá ag troid ar son a saoirse. Ní ghéillfidh ár bpobal a thuilleadh do na hionsaithe ná don dúmháil, mar go bhfoghlaimeoidh siad cé hé is fíornamhaid ann agus cé hé an fíorchara. Cosnóimid ár nDeartháireacha agus ár nDeirfiúracha ar fud an domhain agus iad ag troid ar son an cheartais agus i gcoinne rialtóirí saibhre na tíre. Que Viva Che Guevara!

12. Creidimid gurb í an fhéinchosaint agus an streachailt armtha amháin a bhainfidh saoirse amach. Táimid i gcoinne an fhoréigin – foréigean na bpáistí ocracha, daoine fásta a bheith gan léamh, seandaoine a bheith breoite, agus foréigean na bochtaineachta agus an bhrabúis. D’iarramar, d’achainíomar, d’imíomar chun na gcúirteanna, mháirseálamar go síochánta, agus chaitheamhar vóta do pholaiteoirí atá lán de gheallúintí folmha. Agus táimid fós gan a bheith saor. Anois an t-am le beatha ár bpobail a chosaint i gcoinne an daorsmachta agus le cogadh réabhlóideach a chur ar an bhfear gnó, ar an bpolaiteoir, agus ar na póilíní. Nuair a chuireann rialtas cos ar bolg ar na daoine, is ceart dóibh deireadh a chur leis agus ceann nua ar fad a bhunú. Tá Boricua ina dhúiseacht! Ar bhur n-aire, a mhuca!

13.  Éilímid sochaí shóisialach.  Éilímid saoirse, éadaí, bia saor in aisce, oideachas, cúram sláinte, iompar, áiseanna, agus fostaíocht do chách. Éilímid sochaí ina dtabharfaí tús áite do riachtanais ár bpobail, sochaí ina mbeimid rannpháirteach agus cuidiúil le pobail eile an domhain, seachas le daorsmacht agus le ciníochas. Hasta La Victoria Siempre!

Cumhacht

Má labhraíonn tú le duine i dteanga a thuigeann siad, téann sin isteach sa cheann. Ach, má labhraíonn tú leo ina dteanga féin, sroicheann sin croí-lár an duine. Cén teanga a thuigeann muid sa lá atá inniu ann? Agus cén teanga a labhraímid? An labhraíonn muidne teangacha, fiú – nó an labhraíonn teangacha trínne?

Ní furasta a rá… go háirithe nuair a labhraíonn gníomhartha níos airde ná focail, mar a deirtear. Céard í bunfhadhb ár linne? Chuirfeadh mise an t-aon phingean rua a bheadh agam gurb í an mhíchothromaíocht atá ann. 

Rud a théann go smior i bhfeidhm ar chách. Míchothromaíocht a bhaineann le smacht agus cumhacht. Míchothromaíocht áiseanna agus achmhainní. Míchothromaíocht ghránna dho-mhaite atá ag dul in olcas in aghaidh an lae. 

Agus de ghnáth, níl ach an tost balbh le cloisteáil ag screadaim amach ina coinne. I gcoinne an choráis mhíchothroma seo. An córas capitileach. Tóir an bhrabúis. An gealltanas go bhfaighfaimís i gcónaí níos mó ar son níos lú. An t-inneall fáis eacnamaíochta. Agus foinse féin na deighilte móra.

Ní hionnann sin ’s a rá nach bhfuil scataí móra daoine ag troid in aghaidh na míchothromaíochta domhanda – agus éiríonn leo srian éigin a chur uirthi, cé go bfhuil siad ag fulaingt fúithi freisin. 

Ach ó thaobh an rialtais de, is annamh an dul chun cinn atá á dhéanamh. Táimse féin tuirseach. Go háirithe nuair a smaoiním ar an bPalaistín agus mé ag léamh tuarascáil na Náisiún Aontaithe – agus iad ag rá nach bhfuil aon dul chun cinn déanta i dtreo chuspóir an dá stát.

Is cuid den fadhb í an ‘réiteach’ sin, áfach, dar liom. Scéal (nó bréag) a thacaíonn leis an status quo amháin. Ag an am céanna, tá comharthaí suntasacha le feiceáil dúinn a leiríonn treo éigin eile. 

Tá rialtas Stát Sé Chontae Fhichead na hÉireann, mar shampla, tar éis teacht amach á rá go hoscailte agus go poiblí go bhfuil Iosrael tar éis seilbh de facto a ghlacadh ar thalamh iomlán na Palaistíne cheana féin. Agus is fíor sin. Agus an rud atá fíor, is tábhachtach a aithint.

Grianghraf tógtha le cead ag ócáid ​​dlúthpháirtíochta i gcathair Köln ar an 15 Bealtaine 2021

Níor fhágamar slán go fóill leis an ambasadóir Iosraelach áfach, agus is trua nár cuireadh an Bille um Ghníomhaíocht Eacnamaíoch Rialaithe (Bille na Críche faoi Fhorghabháil) fós i bhfeidhm mar gheall ar Chomhrialtas Fhianna Fáil, Fhine Gael, na nGlasaigh agusmar gheall ar an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney.

Ní féidir linn cur leis an uafás ag breathnú air mar ábhar spéise. Is í an Eoraip an dara bloc trádála is mó atá ag Iosrael, tar éis na Stát Aontaithe. Ba cheart dúinn ár dtionchar a úsáid chun dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn. Mar is eol do chách. Mar a chan Cohen.

Grianghraf tógtha le cead ag ócáid ​​dlúthpháirtíochta i gcathair Köln ar an 15 Bealtaine 2021

Tá an t-Aontas Eorpach (in éineacht leis an “gcomhphobal idirnáisiúnta”) tar éis smachtbhannaí a chur ar an tSín mar gheall ar sharú ar chearta an duine i gcoinne na Moslamach Uyghur – agus gach cosúlacht air go bhfuil cinedhíothú ar siúil ansin. Céard is ciall le “dlí idirnáisiúnta” agus “nie wieder” mura ndéanaimid é a chosaint?

Ach cén fuadar atá fúthu? Fuadar ar bith, is cosúil. Ní hiad lucht an rialtais atá ag tuilleamh níos lú ná €5 in aghaidh an lae. Ní hiad siúid atá ag teitheadh ón gcogadh. Ní hiadsan atá gan dídean nó a bhfuil buairt orthu nach mbeidís in ann cíos na míosa seo chugainn a íoc.

Ní hiad atá á mbá sa Mheánmhuir. Níl iontu ach lucht an chompoird agus is cuma sa tsioc leo faoin dream eile. Tá siad ar aon intinn amháin mar is gnáth – meon an ghnó mar ba ghnáth – fiú in ainneoin na paindéime – agus tá siad ag súil go mór go leanfaidh rudaí ar aghaidh ‘á fheabhsú’ go deo. 

le feiceáil ar lampa sráide sa Köln

Cad chuige todchaí na nGael? Nó fiú todchaí an Chinne Dhaonna? Nach chun báis amháin atá muid uile seolta? Ach idir an dá linn? Bainfimis úsáid agus sult as ár gcoirp, labharaímis ár dteangacha, agus déanaimis ár seacht ndícheall chun an scrios agus an mhíchothromaíocht, anseo agus mórthimpeall orainn, a laghdú. 

Is deis í an t-am atá ag sleamhnú thart, ag pléascadh agus ag titim as a chéile anseo ’s ansiúd, agus níl aon leigheas air sin. Is ionann an deis agus an dúshlán.

Níl uainn ach an Domhan uilig. 

Agus tá an chathair fós breac le tithe folmha. Tá 36,000 i mBaile Átha Cliath amháin, más buan mo chuimhne, agus 240,000 sa stát, gan tithe saoire san áireamh. 

Ní tithe atá iontu ar aon nós – níl ann ach infheistiú. Níl ann sna tithe folmha úd ach airgead. Is seirbhís bhainc atá ann. Chuir David Graeber i gcuimhne dúinn ina leabhar Debt: the First 5000 Years nach bhfuil ann sa chóras airgid ach córas creidmheasa. 

Is léir go gcreideann muid fós sa chóras sin, mar bainfimid úsáid as lá i ndiadh lae. Anois, nach bhfuil ár lán feasa againn go bhfuil an córas féin lofa – gur contúirt bháis don chine daonna é a scarann óna chéile muid agus a scriosann an plainéad dúinn, an t-aon bhaile amháin a bheidh againn uilig feasta?

“Homes for people, not for profit”

Túr dorcha airgid, tógtha i gcathair Köln

Is do lucht an bhrabúis atá an córas tithíochta ag soláthar. Mar a thug Richard Dawkins le tuiscint tráth ina leabhar The Selfish Gene – tá lucht an chaipitil i seilbh ag an víreas caipitleach féin; agus sin atá á dtiomáint. Ar tóir níos mó ar son níos lú atáthar, de shíor. Agus tá an barr bainte amach acu dá bharr. 

Téann siad ó neart go neart, ag folmhú na gcathracha agus ag scriosadh an phlainéid, agus ag cur an mhilleáin ar an duine bocht, ar na Moslamaigh, na teifigh, na Giúdaigh, srl. 

Ligtear dóibh dul ó neart go neart. Tugtar luach saothair dóibh, m.sh. luamh nua Bezos. Ina n-éagmais siúd, daoine éigin eile a bheadh ​​ann. Mar is fadhb shistéamach atá ann. Agus cumhacht sistéamach a rialaíonn ina bhfabhar. 

Ní bheadh an saibhreas sin ar fad acu murach ár ndlíthe, ár gcóras airgidis, ár rannpháirtíocht, ár gciontacht. Tá géarghá anois ann córas eile a chruthú le chéile – córas a oireann dúinn ar fad. 

Ní leor an t-eolas sin amháin, áfach. Mar is eol do chách. Tá athrú creidimh ag teastáil uainn chomh maith, chun muid a spreagadh. Agus tá comharthaí ann – ar nós na pandéime agus blocáil an Chanáil Shuais ag an Evergreen – a mheabhraíonn dúinn go bhfuil teannais phléascacha agus laigí ann sa chóras féin. 

Is suíomhanna straitéiseacha iad seo a bhféadfadh muid ár gcumhacht féin a dhíriú orthu agus ár leas féin a chur chun tosaigh. B’fhéidir go mbainfaimis amach an lá a labhróimis an fhírinne. I mbéal agus i ngníomh. Ach is dúshlán a bheidh ann, gan aon ráthaíochtaí…

An dtiocfaidh ár lá choíche?

Le Darragh de Paor, atá ag cur faoi sa Ghearmáin i láthair na huaire

I dTreo an Díchoilínithe / Towards Decolonisation

[Béarla thíos/English below]

Sa chomhrá iontach suimiúil agus tairbhiúil seo, an chéad cheann dá shórt, go bhfios dúinn, beidh gníomhaithe ó Éirinn agus ón mBolaiv ag plé an díchoilínithe.

Cé go bhfuil trí cheathrú d’Éire “díchoilínithe”, mar dhea, ní minic a phléitear tionchar rianta síceolaíochta an choilíneachais – na rudaí ar bhaist Frantz Fanon “germs of rot” orthu. Sna Sé Chontae, tá na constaicí a bhfuil an coilíneachas a chur i mbealach na Gaeilge agus an próisis díchoilínithe níos soiléire.

Beidh Feargal Mac Ionnrachtaigh, údar an leabhair Language, Resistance and Revival, a bpléann an díchoilíniú ina phobal féin i mBéal Feirste, agus Kerron Ó Luain, Oifigeach Poiblíochta Misneach, ag caitheamh súil ar chás na hÉireann.

Amhail na Gaeil, is pobal mionlaithe é an pobal Quechua na Bolaive. Ach is pobal í atá scaipthe amach thar teorainn tíortha eile i Meiriceá Theas chomh maith.

Beidh José Antonio Rocha Torrico, Uachtarán an Acadaimh Réigiúnaigh don Teanga Quechua sa mBolaiv, agus ionadaithe eile ón phobal linn chun a gcuid taithí agus saineolas ar chás na teanga úd a roinnt linn.

Samhlaítear an comhrá seo mar mhalartú tuairimí, straitéisí agus mar thógáil dlúthpháirtíochta.

Cé go bhfuil “saoirse” anois ag formhór na dtíortha a bhí greim ag stáit choilíneach orthu san am a chuaigh thart, cén fáth a mbíonn a ladar á chur ag lucht na himpireachta isteach i gcúrsaí cumhachta na dtíortha sin go fóill?

Céard é an díchoilíniú go díreach and conas gur féidir leis dul in adharca leis na stáit impiriúla? Ní hé díreach nithe fisiciúla amhail deilbh lucht na himpireachta a bhaint aníos, curaclam ollscoile a athrú, nó na boscaí poist a phéinteáil glas in áit na deirge. Dealraíonn sé go bhfuil cur chuige níos doimhne i gceist – ceann a bhaineann leis an intinn, an teanga, leis an oideachas, an daonlathas agus le cultúr laethúil na cosmhuintire.

Beidh seo, agus tuilleadh lena hais, á chíoradh sa chaint uathúil seo.

Beidh formhór na cainte i mBéarla agus beidh cuid de i nGaeilge.

Is ar Zoom a bheas an chaint – 7pm, Dé Luain, 21ú Meitheamh.

Tá cuireadh ort chuig cruinniú Zoom: Luan an 21ú Meitheamh 2021, 19:00 (Baile Átha Cliath)

Cláraigh roimh ré. Ina dhiaidh sin, gheobhaidh tú r-phost deimhnithe ina mbeidh an t-eolas maidir le theacht isteach sa chruinniú.

https://us02web.zoom.us/meeting/register/tZYrcOytqDktHNNE6aigpY6JwCUUmHhZnpve

———————–

In this interesting and necessary conversation, the first of its sort that we’re aware of, activists from Ireland and Bolivia will discuss decolonisation.

Although three quarters of Ireland is, some would say, “decolonised”, the long-term impact of colonialism on the state is hardly ever discussed – that which Frantz Fanon termed the “germs of rot” left behind by imperialism. In the Six Counties, the obstacles facing the growth of the Irish language and any process of decolonisation are more stark.

Feargal Mac Ionnrachtaigh, author of Language, Resistance and Revival, which discusses decolonisation in his own Belfast community, and Kerron Ó Luain, Publicity Officer of Misneach, will elucidate the Irish situation.

Like Irish speakers, the Quechua people of Bolivia are a minoritized community. But they are a community that is spread across a number of states in South America.

We will be joined by José Antonio Rocha Torrico, President of the Regional Academy for the Quechua Language, along with other representatives from the language community, to hear their experience and learn from their expertise in trying to save their own language.

This conversation is framed as an exchange of ideas, strategies and as a means of building international solidarity.

Although the majority of countries who suffered under the colonial states of the past have, ostensibly, achieved “freedom”, why do the imperial states continue to interfere in their affairs?

What is decolonisation exactly and how can it challenge this continued interference? Decolonisation is not simply removing the statues of the colonisers, changing university curricula or painting post boxes green instead of red. It seems to us that a deeper interpretation needs to be put centre stage – one that focuses on the mind, on language, on education, on democracy and on the daily culture of ordinary people.

This, among other questions, will be discussed in this unique talk.

The talk will mostly be in English, with some of it in Irish.

It will be broadcast on Zoom – 7pm, Monday, 21st June.

You are invited to a Zoom meeting: Monday 21st June 2021 19:00 (Dublin)
Register in advance. After registering, you will receive a confirmation email containing information about joining the meeting.

https://us02web.zoom.us/meeting/register/tZYrcOytqDktHNNE6aigpY6JwCUUmHhZnpve

An tÚdarás dall ar an bPleanáil Teanga

Tuairiscíodh ar Thuairisc.ie le déanaí nach raibh “taifead ar bith ag Údarás na Gaeltachta d’aon chás le deich mbliana inar sháraigh comhlacht a dhualgas i leith na Gaeilge”

Léiriú soiléir é seo ar phríorachtaí, nó easpa príorachtaí, an Údaráis. Tá taighde déanta, nach féidir a shéanadh, a léiríonn an damáiste don Ghaeilge a dhéanann comhlachtaí áirithe nach bhfuil aon mheas acu ar chearta teanga.

Tá sé mar chuid de na prionsabail is bunúsaí sa bpleanáil teanga gur gá monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar aon pholasaí le cinntiú go bhfuil sé ag feidhmiú mar ba cheart.

Fiú dá gcreidfeadh muid an leithscéal bacach (ar bhréag í, is cinnte) atá ag an Údarás “nach bhfuil an teicneolaíocht acu” le taifead a choinneáilt ar cé mhéad babhta a sháraigh chliantchomhlachtaí na coinníollacha teanga a bhaineann leis an airgead poiblí a fhaigheann siad, ní léiríonn sin ach go bhfuil siad dall ar phrionsabail na pleanála teanga!

Tá Misneach sásta seasamh suas don Údarás nuair is cuí, mar tuigeann muid méid na gciorruithe a fuair a mbuiséad le linn aimsir na déine agus na deacrachtaí eile atá acu.

Ach léiríonn an scéal seo aríst ar ais nach bhfuil an cur chuige atá acu – ag tarraingt comhlachtaí móra chun na Gaeltachta ar feadh tréimhse ghearr le deontais agus an gealltanas d’oibrithe nach bhfuil mórán de rogha eile acu ach glacadh le cac na mbainisteoirí – nach bhfuil sé feiliúnach ná éifeachtach.

Ní aon ionadh é dúinn go raibh Príomhfheidhmeannach an Údaráis ag cosaint Randox le déanaí as an r-phost aineolach a seoladh ag impí ar dhaoine bheith ag cumarsáid i mBéarla amháin.

Níl taifead acu ar líon na saraíochtaí mar níl siad ag iarraidh go mbeadh an t-eolas sin ar fáil go poiblí, ná bíodh aon dabht faoi.

Tá sé in am do na Gaeil seilbh a ghlacadh ar a dtodhchaí féin seachas a bheith ag brath ar chomhlachtaí caipitleacha. Níl cúis ar bith ann nach bhféadfaí na tionscadail céanna Gallda a mbíonn an tÚdarás ag sodar ina dhiaidh a reáchtáil ar bhonn comharchumannach Gaelach.