Category Archive : Taighde

Fás na gaelscolaíochta: toradh ar an streachailt ón mbun aníos

Tá taighde de chuid Kerron Ó Luain, ball Misneach, ar stair na gaelscolaíochta le fáil anseo thíos. Scéal dóchais atá i bhfás na gaelscolaíochta, cé go bhfuil neart dúshláin go fóill roimh an earnáil.

Tá súil againn go léireoidh an léarscáil cuid de na bearnaí atá le líonadh go fóill agus gur féidir misneach agus ceachtannaí a bhaint as an méid atá déanta chun tabhairt faoin ngad is gaire don scornach do lucht labhartha na Gaeilge sa lá atá inniu ann – an éigeandáil teangeolaíochta sa Ghaeltacht atá á dtreisiú ag an ngéarchéim tithíochta.

Bhí an ghluaiseacht in adharca le córais gheilleagair agus pholaitiúla a rinne beag is fiú di ó tháinig sí in inmhe, ach tríd an streachailt, a bhí radacach nuair ba ghá, d’éirigh leis an ngluaiseacht brú ar ais i gcoinne na bhfórsaí úd.

Tá “Léarscáil scéala” de chuid ArcGIS atá le fáil ANSEO a thabharfaidh comhthéacs don úsáideoir agus iad ag baint leasa as an léarscáil idirghníomhach atá le fáil ANSEO. Tá feidhmiúlacht níos fearr don léarscáil ar ríomhairí ná mar atá ar ghutháin.

Tá 53 agallamh béil le fáil sa léarscáil idirghníomhach chomh maith trí chliceáil ar na pointí daite de na scoileanna atá beagáinín níos mó agus ansin ar “Eolas”. Tá dhá agallamh ann do roinnt de na scoileanna. Sna cásanna sin beidh an dara hagallamh le fáil sa chur síos faoi bhun an fhíseáin.

Is féidir teacht ar na hagallaimh uilig a mbaineann le Gaelscoileanna/Gaeloideachas trí chliceáil ar an bpointe ina bhfuil an oifig lonnaithe i Marino i mBaile Átha Cliath. Nó, mar rogha eile, is féidir teacht ar an iomlán ar YouTube ANSEO

Maraíonn an Caipitleachas Mionteangacha

Ón am a ath-bhunaíodh Misneach in 2012, tá muid tar éis an argóint a dhéanamh gurb é an córas eacnamaíochta brúidiúil, éagothrom atá againn, an caipitleachas, is ciontaí le meath na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Leis an dearcadh seo, tá muid ag leanacht traidisiún fada de Ghaeil radacacha a chuaigh romhainn.

Ba é an Cadhnach an duine ba cháiliúla i saol na Gaeilge a bhí den tuairim seo, seans, agus é ag rá in Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar Strae gur é “dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh”.

Ach bhí agus tá an tuairim chéanna ag go leor eile freisin, ina measc Séamus Ó Conghaile, an t-Éireannach (nuachtán radacach Gaeltachta sna 30idí), Aindrias Ó Cathasaigh, Tomás Mac Siomóin, Caoimhghin Ó Croidheáin, srl.

Dá fheabhas í, tá go leor den tuairimíocht seo sách éadomhain ó thaobh na hanailíse sochtheangeolaíochta de, áfach, agus mar sin b’fhurasta do dhaoine a rá nár tháinig sé uilig le fírinne an tsaoil san 21ú haois.

Le bonn níos fearr a chur faoin dearcadh seo, áfach, thug ball de Mhisneach, Ben Ó Ceallaigh, faoi PhD le hiniúchadh a dhéanamh ar an nasc idir an caipitleachas agus imeallú na Gaeilge agus a pobal.

Pléann sé an scrios a rinneadh ar thacaíochtaí don teanga tar éis 2008 agus an dochar uafásach a rinne an déine do shaol na Gaeltachta.

Léirítear ina shaothar go bhfuil contrárthachtaí bunúsacha idir an nualiobrálachas – an leagan reatha den chaipitleachas – agus iarrachtaí chun teangacha agus pobail mhionlaithe a chothú.

Agus an t-eolas seo uilig againn, is soiléire anois ná riamh gur gá an gcóras craosach seo ar fad a scriosadh agus ceann bunaithe ar leas na cosmhuintire agus comhar na ndaoine a chruthú má tá muid ag iarraidh an Ghaeilge – agus éagsúlacht theangeolaíoch agus bhitheolaíoch eile na cruinne – a chur chun cinn.

Anois gur cosúil go bhfuil géarchéim eacnamaíochta fiú níos measa ná ceann 2008 ag bagairt orainn tá sé ríthábhachtach go dtuigeann na Gaeil na hargóintí láidre seo.

Tá PDF de thráchtas Bhen anois ar fáil le léamh anseo