Tag Archive : Aire Gaeltachta

Cás Ráth Chairn

Tarraingíodh raic ar líne ag tús an tsamhraidh maidir le cead pleanála a thug an Bord Pleanála d’fhorbairt eastát tithíochta 28 teach agus teach ósta trí stór i gcroílár Ghaeltacht na Mí, Ráth Chairn.

Má mheasann tú gur ait an rud é cead pleanála a thabhairt d’fhorbairt den mhéad seo i mbaile chomh beag sin, bhuel, ní tú amháin a mheasann sin – mheas cigire an Bhoird Pleanála an rud céanna, ar an gcéad dul síos!

Is baile beag é Ráth Chairn — níl cónaí ach ar tuairim is 300 duine, nó níos lú ná sin fiú, i gcroílár Ráth Chairn. Níl éileamh ar na tithe nua seo, ach is í an fhadhb is mó a bhaineann leis an bhforbairt sheafóideach seo, an dochar a dhéanfadh sí don Ghaeilge sa cheantar.

Ar an gcéad dul síos, ní leor an coinníoll suarach teanga sa chead pleanála leis an nGaeilge a chosaint sa cheantar – agus is cinnte nach bonn sochtheangeolaíochta a bhí leis an gcoinníoll sin. Anuas air sin, fágann lúb ar lár sa choinníoll gur féidir leis an bhforbarthóir an coinníoll teanga a chur ar ceal, má aontaítear i scríbhinn é.

Sin é, a chairde, casadh sa scéal.

Ní hamháin go bhfuil an fhorbairt seo i bhfad rómhór do Ráth Chairn (agus go mbeadh an t-óstán ag dul in iomaíocht le mná tí an cheantair a chuireann seirbhís B’n’B ar fáil agus leis an gclub áitiúil!).

Ní hamháin nach leor an coinníoll teanga a luaitear sa chead pleanála leis an nGaeilge a chosaint.

Ní hamháin go raibh cigire an Bhoird Phleanála féin glan i gcoinne na forbartha seo.

Ach barr air sin ar fad, is féidir leis an bhforbarthóir féin cinneadh a dhéanamh gan an coinníoll teanga a chur i bhfeidhm ar chor ar bith.

Níl léamh, scríobh ná insint béil ar an dochar a dhéanfadh an fhorbairt seo don Ghaeilge sa Ghaeltacht álainn seo.

Ní bheadh cosaint ar bith aici in aghaidh an Bhéarla, go háirithe ós rud é gur cheantar beag é Ráth Chairn, atá timpeallaithe ag bailte gallda cheana féin. Ní hé go bhfuil muintir Ráth Chairn ag iarraidh daoine a choinneáil amach, ach caithfimid ár dteanga dhúchais a chosaint.

Ní i Ráth Chairn amháin atá a leithéid de sheafóid ag tarlú na laethanta seo. Cuireadh isteach ar chead pleanála sa Rinn, le heastát tithíochta 46 teach a fhorbairt.

Is cosúil, áfach, go bhfuil Comhairle Contae Port Láirge rud beag níos toilteanaí coinníollacha a leagan síos maidir le cosaint na Gaeilge sa cheantar ach is scéal eile é sin.

Beidh an chéad éisteacht eile d’athbhreithniú breithiúnach chás Ráth Chairn, a thosaigh i mí Mheán Fómhair na bliana seo, ar siúl ag tús mhí na Nollag.  

~ le Elisaveta Nic Eibhearáird

Cás oibreannaí RAP

 

Téann cás oibreannaí RAP go croí na ceiste maidir le caomhnú na Gaeltachta. Tá tuarascálacha tromchúiseacha acadúla i ndiaidh a chéile ag inse don phobal go bhfuil an Ghaeltacht ar leaba a báis agus go bhfuil an t-aos óg ag tréigbheáil na teanga. Read More

Cáineann Misneach ceapachán Josepha Madigan mar Aire Gaeltachta

Tá Misneach tar éis cur i gcéill an rialtais a cháineadh go láidir i ndiaidh Leo de Varad, cara mór na Gaeilge mar dhea, bean nach bhfuil líofa sa teanga a cheapadh mar Aire Gaeltachta an tseachtain seo chaite.

Tá cúlú iomlán anois ón mbéim a bhí ann tráth go mbeadh leibhéal Gaeilge de shaghas éigin ag an Aire Gaeltachta.

Tagann ceapachán Madigan sna sála ar cheapachán an Aire Humphreys le blianta beaga anuas. Ní raibh Gaeilge ar bith ag Humphreys agus níor léirigh sí suim dá laghad i gcúrsaí Gaeltachta nó cur chun cinn na teanga.

Read More