Tag Archive : Streachailt Shóisialta

Clár agus Ardán 13 Phointe Pháirtí na dTiarnaí Óga – 13 Meitheamh

Inniu an 13 Meitheamh, Lá Phórtó Ríce! Déanaimis an ócáid a cheiliúradh trí aithne níos fearr a chur ar streachailtí an náisiúin sin go stairiúil, streachailtí a bhaineann le hábhar fiú is an lá inniu, faraor.

Ag seo thíos aistriúchán Gaeilge den cháipéis stairiúil ar a dtugaimse anseo ‘Clár agus Ardán 13 Phointe Pháirtí na dTiarnaí Óga’ [13 Point Program and Platform of the Young Lords Party].

Is éard a bhí i bPáirtí na dTiarnaí Óga ná cumann um chearta an duine agus an tsaoránaigh ar son na bpobal Laidineach uile sna Stáit Aontaithe – ach pobail Phórtó Ríce go mór mhór. In Chicago sa bhliain 1960 a bunaíodh Páirtí na dTiarnaí Óga.

Thuilleadar cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta dóibh féin de bharr a gcuid tacaíochta le tionóntaí ó Phórtó Ríce agus ó Mheicsiceo a cuireadh amach as a n-áitribh i mbruachbhailte Chicago sa bhliain 1966. Seanscéal agus meirg air!

Ansin sa bhliain 1970, d’eisigh Páirtí na dTiarnaí Óga forfhógra – sin é an ‘Clár agus Ardán 13 Phointe’ dá dtagraím. Bhí tábhacht leis mar fhorógra, forógra lenar spreagadh glúin ealaíontóirí sóisialacha ó phobail éagsúla Laidineacha. Go leor díobh bhíodar radacach go leor.

Agus tógfar ceann den radacacht sin san fhorfhógra seo, fiú amháin ó thaobh na roghanna litrithe de! Ní le ceannlitreacha, cuirim i gcás, a scríobhtar túslitreacha ainmneacha na dtíortha coilíneacha a luaitear anseo, ná ní le ‘c’ a scríobhtar ‘Meiriceá’ ach le ‘kkk’ d’fhonn béim a leagan ar ghné an bhun-fhorlámhais ghil i sochaí na Stát Aontaithe.

Is léir gur tráthúil iad na tagairtí a fhaightear sa cháipéis stairiúil seo do na billiúin dolar a bheith ag imeacht amach ó Phórtó Ríce gach bliain i dteannta na ráiteas éagsúil ar son fhéinchinntiúchán Mheiriceá Laidinigh.

Táim ag cuimhneamh ar an bhfógra a tháinig ón tSalvadóir le seachtain anuas go mbeadh Bitcoin ina airgeadra dlíthairgthe acu feasta. An gcuideoidh an gníomh radach díláraithe sin le féinchinntiúchán Mheiriceá Laidinigh a bhaint amach? Beidh le feiceáil. Ach idir an dá linn, mar a deirtear, in ‘Clár agus Ardán 13 Phointe Pháirtí na dTiarnaí Óga’, “Hasta La Victoria Siempre”! Agus muintir Boricua abú!


Páirtí na dTiarnaí Óga
CLÁR AGUS ARDÁN 13 PHOINTE
Páirtí polaitiúil réabhlóideach is ea Páirtí na dTiarnaí Óga agus bíonn sé ag troid ar son shaoirse gach pobal atá faoi chois
1. Éilímid féinchinntiúchán do gach duine ó Phórtó Ríce – Saoirse istigh san Oileán féin agus laistigh de na Stáit Aontaithe. Leis an spáinn ar dtús agus leis na stáit aontaithe ina dhiaidh sin, tá coilíniú á dhéanamh ar ár dtír le 500 bliain. Gach bliain, imíonn na billiúin dolar de bhrabús amach as ár dtír agus téann i dtreo na stát aontaithe. Is sinne sclábhaithe an gringo ar gach aon slí. Éilimíd go mbeadh saoirse agus cumhacht i lámha na ndaoine, seachas ina lámha siúd a a thagann i dtír ar Phórtó Ríce. Que Viva Puerto Rico Libre!

2. Éilímid féinchinntiúchán do gach duine ón bpobal Laidineach. Tá gnólachtaí Meirikkkeánacha i mbun dúshaothrú a dhéanamh ar ár ndeartháireacha agus ár ndeirfiúracha Laidineacha, ó laistigh agus ó lasmuigh de na stáit aontaithe. Is é an pobal Chicano a thóg an t-iardheisceart, agus tacaímid lena gceart smacht a fháil ar a saol féin agus ar a dtalamh. Leanann pobal Santo Domingo ar a dtroid i gcoinne ollsmacht an gringo agus a chuid ginearál teaghráin. Is cuid den chogadh i gcoinne an impiriúlachais iad na streachailtí armtha ar son na saoire i Meiriceá Laidineach. Que Viva La Raza!

3. Éilímid saoirse gach duine sa tríú domhan. Fearacht na Laidineach a bhí ina sclábhaithe de chuid na spáinne agus na bponcán, is daoine gorma, Indiaigh agus Áisigh a rinne sclábhaíocht le saibhreas na tíre seo a thógaint. Le 400 bliain atá siad ag troid ar son na saoirse agus na dínite, agus i gcoinne na Bablóine (is ea, an impireacht dhrabhlásach úd!). Bhí muintir an Tríú Domhain i gceannas ar an troid ar son na saoirse. Aon náisiún faoi dhaorsmacht iad na pobal dhaite go léir ar fud an domhain atá faoi chois. Ní saoirse phobal Phórtó Ríce go saoirse gach pobail!

4. Is náisiúnaithe réabhlóideacha sinn agus cuirimid i gcoinne an chiníochais. Coilíneachtaí laistigh de na Stáit Aontaithe iad daoine Laidineacha, daoine gorma, daoine Indiacha agus Áiseacha, agus tá siad ag troid ar son na saoirse. Is maith atá a fhios againn go bhféachfaidh washington, wall street agus hallaí na cathrach lena thabhairt le fios gur ciníochas atá i gceist lenár náisiúnachas féin; ach is den uile dhath craicinn iad muintir Phórtó Ríce, agus is i gcoinne an chiníochais atáimid. Tá na milliúin daoine geala ag seasamh le héileamh na saoire agus tacaímid leo. Is iad seo na daoine sna stáit aontaithe atá faoi chois ag na rialacha agus ag an rialtas. Tá gach dream dínn freagrach as ár bpobal féin a ullmhú, ach is ionann an daorsmacht a dtroidimid ina choinne agus is le chéile a thabharfar an bua air. Treise Leis An Uile Phobal Faoi Chois!

5.  Éilímid comhionannas do mhná. Síos le seobhaineacht na bhfear agus le machismo. Faoin gcaipitleachais, bíonn mná faoi chois ag an tsochaí agus ag ár bhfir. Le fada atá na fir ag insint shoiscéal an machismo ar mhaithe le mná, deirfiúracha, máithreacha agus páistí a mhilleánú as a gcuid frustrachais féin. Ní mór d’fhir troid i dteannta a ndeirfiúracha ar níos mó ná leath den airm réabhlóideach iad: ar chomhchéim a throidfidh an deartháir agus an deirfiúr ar son ár bpobail. Ar aghaidh leis na Deirfiúracha sa Streachailt!

6.  Éilímid smacht pobail ar ár n-institiúidí agus ar ár dtalamh. Éilímid go mbeadh smacht ag ár ndream féin ar an tsochaí agus go mbeadh scéimeanna ann lena chinntiú go bhfreastalaíonn gach institiúid ar riachtanais ár bpobail. Is gá go mbeadh na daoine féin i gceannas ar an tseirbhís phóilíneachta, ar na seirbhísí sláinte, ar na heaglaisí, ar na scoileanna, ar thithíocht, ar iompar agus ar leas shóisialta. Éilímid go gcuirfí deireadh leis an ionsaí atáthar a dhéanamh ar ár dtalamh leis an bhforbairt uirbeach, leis an scrios dá dtagann de thoradh na mótarbhealaí, na n-ollscoileanna, agus na gcorporáidí. Is Leis An Uile Dhuine An Talamh!

7.  Éilímid teagasc ceart faoinár gcultúr Creole trí mheán na Spáinnise. Is gá dúinn ceachtanna ár staire féin a fhoghlaim chomh fada agus a bhaineann sé lena bheith ag troid i gcoinne dhíothú cultúrtha agus eacnamaíoch na bponcán. Is é cultúr na Réabhlóide, cultúr ár muintire, an t-aon teagasc ceart.

8. Cuirimid i gcoinne caipitlithe agus cuirimid i gcoinne dul i gcomhghuaillíochtaí le feallairí. Ní haon chabhair ar ár bpobal rialtóirí Phórtó Ríce a bheith ina bpuipéid de chuid na dtíoránach. Tuilleann siad sin tuarastal ó chóras lena dtreoraítear ár bpobail síos póirsí caocha, amhail na mílte máistrí striapach a chaomhnaíonn an tsíocháin inár bpobal ar mhaithe le gnó, nó na hoibrithe sráide a chothaíonn an scoilt idir na drongadóirí le go leanfaidís go deo de bheith ag marú a chéile. Éilímid sochaí ina mbeidh smacht sóisialach ag na daoine ar a gcuid oibre. Venceremos!

9. Cuirimid i gcoinne Airm Mheirikkkeá. Éilímid go n-imeodh fórsaí agus bunáiteanna míleata na stát aontaithe ó Phórtó Ríce, ó Vítneam agus ó gach pobal faoi chois ó laistigh agus ó lasmuigh de na stáit aontaithe. Níor chóir go mbeadh aon duine de bhunadh Phórtó Ríce sásta tabhairt faoi thréimhse seirbhíse in airm na stát aontaithe i gcoinne a dheartháireacha agus a dheirfiúracha, mar is é an t-aon airm dlisteanach atá ann ná airm na ndaoine i gcoinne gach rialtóra. S.A.M. amach as Vítneam, Saortar Pórtó Ríce!

10. Éilímid saoirse do gach cime polaitiúil!  Éilímid go mbeadh saoirse ag gach aon duine de bhunadh Phórtó Ríce mar gur cúirteanna ciníocha na gcoilínitheoirí seachas a bpobail féin a dhaor iad. Éilímid go saorfaí ón bpríosún gach gníomhaí saoirse. Saortar Cimí Polaitiúla!

11. Is idirnáisiúnaithe sinn. Tá múnlú intinne ón teilifís, ón raidió, ó na nuachtáin, ó na scoileanna, agus ó leabhair á dhéanamh ar ár bpobail i dtreo is go mbeidís i gcoinne daoine i dtíortha eile atá ag troid ar son a saoirse. Ní ghéillfidh ár bpobal a thuilleadh do na hionsaithe ná don dúmháil, mar go bhfoghlaimeoidh siad cé hé is fíornamhaid ann agus cé hé an fíorchara. Cosnóimid ár nDeartháireacha agus ár nDeirfiúracha ar fud an domhain agus iad ag troid ar son an cheartais agus i gcoinne rialtóirí saibhre na tíre. Que Viva Che Guevara!

12. Creidimid gurb í an fhéinchosaint agus an streachailt armtha amháin a bhainfidh saoirse amach. Táimid i gcoinne an fhoréigin – foréigean na bpáistí ocracha, daoine fásta a bheith gan léamh, seandaoine a bheith breoite, agus foréigean na bochtaineachta agus an bhrabúis. D’iarramar, d’achainíomar, d’imíomar chun na gcúirteanna, mháirseálamar go síochánta, agus chaitheamhar vóta do pholaiteoirí atá lán de gheallúintí folmha. Agus táimid fós gan a bheith saor. Anois an t-am le beatha ár bpobail a chosaint i gcoinne an daorsmachta agus le cogadh réabhlóideach a chur ar an bhfear gnó, ar an bpolaiteoir, agus ar na póilíní. Nuair a chuireann rialtas cos ar bolg ar na daoine, is ceart dóibh deireadh a chur leis agus ceann nua ar fad a bhunú. Tá Boricua ina dhúiseacht! Ar bhur n-aire, a mhuca!

13.  Éilímid sochaí shóisialach.  Éilímid saoirse, éadaí, bia saor in aisce, oideachas, cúram sláinte, iompar, áiseanna, agus fostaíocht do chách. Éilímid sochaí ina dtabharfaí tús áite do riachtanais ár bpobail, sochaí ina mbeimid rannpháirteach agus cuidiúil le pobail eile an domhain, seachas le daorsmacht agus le ciníochas. Hasta La Victoria Siempre!

Seasaimís in aghaidh an fhaisisteachais

Tá MISNEACH ag iarraidh ar lucht labhartha na Gaeilge a bheith i measc na slóite a chuirfidh in éadan na ngrúpaí faisisteacha nuair a bheas siad i mBéal Feirste Dé Sathairn (14/07/2018) ar 2.30in.

Léirionn an stair gurb eard a tharlaíonn le faisisteachas má dhéantar neamhaird air ach go bhfásann sé, ní hea go dtitfidh an tóin as muna dtugtar dúshláin dó.

Dúirt urlabhraí de chuid MISNEACH, Oisín MacEó: Read More

Misneach in Aimsir na n-Éigeandálaí – rath ar an gcaint phoiblí

 

D’eagraigh Misneach Átha Cliath caint phoiblí rathúil in Ionad an Phiarsaigh i lár na cathrach aréir chun dearcadh radacach s’againn ar chás na teanga agus an claochlú sóisialta atá ag teastáil sa tír seo a phléigh le Gaeil na hardchathrach.

Labhair Seanán Mac Aoidh ar stair an ghrúpa agus ar na spriocanna agus cineál gníomhaíochta a dhéanann Misneach sa lá atá inniu ann, chomh maith leis an dearcadh sóisialach atá againn ar shlánú na teanga agus tábhacht na Gaeltachta. Read More

Gníomhaíocht sa Ghaeltacht

 

Dea-Scéal do thodhchaí na Gaeltachta mar phobal beo bíoga bríomhar a bhí san ollchruinniú a d’eagraigh ár gcomrádaithe Teacht Aniar sna Forbacha ón Aoine go dtí an Satharn. Tháinig coistí pleanála teanga ó cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre le chéile le cinntí a ghlacadh faoina bhfuil i ndán don ghluaiseacht ar son todhchaí na Gaeltachta.

Bhí toscaireacht láidir ag Misneach i láthair ann. Bhí toradh maith ar an obair agus tá na coistí pleanála ag tógáil céimeanna móra chun cinn. Tá an-mhisneach againn go mbeidh rath agus bláth ar an iarracht seo agus go dtabharfaidh sé dúshlán an stáit nach bhfuil ag freastal mar is cóir ar mhuintir na Gaeltachta. Tá nuacht le teacht faoi seo fós. Impíonn muid ar Ghaeil ar fud na tíre a bheith páirteach sa phróiseas thábhachtach seo. Coinneoidh muid ar an eolas sibh. Read More

Neoliberal understandings of society and social policy – some tensions with LPP

Caint a thug Ben Ó Ceallaigh, rúnaí Misneach, in OÉ Gaillimh in Aibreán 2018

A talk given by Ben Ó Ceallaigh, Misneach Secretary, in NUI Galway in April 2018

I’ve given lots of talks based on my PhD where I talk about deindustrialisation, employment, emigration and so on, so instead of that today I want to give a slightly different talk and discuss some points that I’ve been thinking about but haven’t had the chance to present yet.

So, it might be a bit rough and ready but I’ll give it a go and will be looking forward to hearing your thoughts on the matter afterwards.

As many of you know it’s extremely commonplace in literature on language loss and revival to see “economic forces” listed as a key causal factor driving language shift. Read More

Cosnaímis timpeallacht na Gaeltachta: Misneach ag tacú le pobal Rann na Feirste

Cothrom an lae seo anuraidh bhí agóid mhór bhríomhar ar thrá Rann na Feirste in éadan méadú mór na feirmeoireachta oisrí a ceadaíodh ag an Aire gan chomhairliúchán mar is ceart bheith déanta. Tá feachtas fós ar bun ag an phobal chun timpeallacht na trá a chaomhnú ón scrios.

Ag labhairt dó faoin bhfeachtas dúirt urlabhraí MISNEACH Thír Chonaill, Oisín Mac Eó:

Read More

Toraigh go Brách!

Is cúis bróin gur éirigh le polasaí éagórach an rialtais i leith Oileán Thoraí scoilt a chruthú i bpobal an oileáin. Ba cheart go n-éistfí le  muintir Thoraí ón chéad lá ariamh ach ina áit sin shocraigh an rialtas conradh seirbhíse farantóireachta gan dul i gcomhairle le pobal Thoraí.

Tá Misneach ag tabhairt tacaíochta do phobal Thoraí san fheachtas ar son seirbhís cheart farantóireachta don phobal le tamall anois agus leanfaidh muid dó sin fhad is a bhíonn muintir Thoraí féin i mbun feachtasaíochta.

Dúirt urlabhraí de chuid Misneach, Seanán Mac Aoidh: Read More

Misneach in Aimsir na nÉigeandálaí – Ócáid Phoiblí

Caint phoiblí le hionadaithe de chuid ‘Misneach’ mar chuid den fhéile ‘IMAGINE Festival of Ideas & Politics’, Céadaoin 14 Márta | 7in

Chuir Misneach fáilte chroíúil roimh phobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus roimh chuairteoirí as áiteacha eile nuair a thug ceathrar ball de Mhisneach caint ar ghnéithe éasgúla den streachailt atá ar bun ar son todhchaí phobal na Gaeilge. Read More

AG BRIONGLÓIDIGH FÉ THORAIGH: i lár Anfa an Nualiobrálachais

Bhíos ar bhád mór farantóireachta le déanaí ag dul trasna Mhuir Éireann. Is tábhachtach an turas agam é. Ar nós na mílte eile, thall i London a saolaíodh mé do bheirt imirceach Éireannach. Ábhar machnaimh bheith ag filleadh i dtreo na háite ar saolaíodh mé ach nárbh as mé, ag samhlú mo mhuintire ag tabhairt fén dturas céanna. Bheartaíos, de bharr an mhaoithneachais seo, tús aistir a chaitheamh i mo sheasamh ar deic agus mullaí Bhinn Éadair a fhaire á slogadh ag íor na spéireach.

Theastaigh uaim féachaint cén fhad thógfadh sé ar na faoileáin éirí as bheith ag guardall timpeall an árthaigh siar is aniar, agus filleadh ar chóngaracht an chósta ar chuma eitleog.

Níl samhlaoid is mó i m’aigne ná an fharraige. Ár gcuid amhrán ar maos léi. Gan treabh againn nár ghaibh duine dá sinsear thairsti tráth. D’fhiafraíos d’antraipeolaí cad ba dhóigh leis a thug ar na dreamanna is luaithe an turas a thabhairt an chéad lá. Dúirt sé gur dhóichí gur ag teitheadh a bhíodar. Read More

Cosain Pobal Oileán Thoraí!

Le heagla mhór go mbánófar an t-oileán, tá agóid eagraithe ag muintir Thoraí don tseachtain seo chugainn. Beidh ionadaithe Thoraí i mbun agóide taobh amuigh den Dáil i mBaile Átha Cliath ar an Chéadaoin, an 14ú Feabhra, ón 10r.n. ar aghaidh. Tá siad ag iarraidh ar lucht tacaíochta a theacht amach agus a bheith i láthair fá choinne a 11r.n.

Tá Roinn na Gaeltachta ag tairiscint seanbhád farantóireachta do mhuintir Thoraí atá os cionn 40 bliain d’aois. Bád seanchaite atá ann nach bhfuil fóirsteanach don fharraige idir Toraigh agus an mhórthír, a bhfuil cáil uirthi as a bheith thar a bheith garbh. Tá sé ráite fiú ag teaghlaigh áirithe ar an oileán go bhfágfaidh siad an t-oileán mura gcuirtear seirbhís cheart farantóireachta ar fáil.

Ag labhairt dó fán agóid, dúirt urlabhraí de chuid Misneach, Seanán Mac Aoidh: Read More