Month: April 2025

Rúnaí Misneach, Kerron Ó Luain, ar Tús Áite ar RnaG ag caint faoin ngéarchéim Tithíochta

Labhair Rúnaí Misneach, Kerron Ó Luain, ar Tús Áite ar RnaG le déanaí faoin ngéarchéim tithíochta.

Dhírigh sé ar an róbhéim atá ann i measc lucht ceannasaíocht stát na Sé Chontae Fhichead agus eacnamaithe an ESRI ar idé-eolaíocht an phríobháidithe.

Ní leigheasfar an ghéarchéim má leanann an stát ar aghaidh ag brath ar fhorbróirí príobháideacha agus creach-chistí chun tithíocht a sholáthar.

Is gá athrú ó bhonn i dtaobh an tsoláthair tithíochta agus díriú ar mhúnla na Tithíochta Poiblí Uilíoch a fheictear i dtíortha eile.

—–

Misneach Secretary, Kerron Ó Luain, recently spoke on Tús Áite on RTÉ Raidió na Gaeltachta about the housing crisis.

He highlighted the excessive reliance among the leadership of the Twenty-Six County state and ESRI economists on the ideology of privatisation.

The crisis will never be solved if the state continues to depend on private developers and vulture funds to provide housing.

A fundamental shift in housing provision is needed, focusing on the model of Universal Public Housing seen in other countries

‘Anois is iad na hoibrithe a thugann na horduithe!’: Réabhlóid Lus na Gile, an 25 Aibreán

Ba é an t-amhrán Grândola, Vila Morena, a scríobh José Afonso, an comhartha do thús coup d’état sa Phortaingéil a tharla ar an 25 Aibreán 1974. Amhrán é faoi thír dhúchais ina mbeadh glór ag an gcosmhuintir, amhrán a cuireadh faoi chosc faoin deachtóireacht a bhí i bhfeighil sa tír.

Roghnaigh oifigigh chléacha san arm an t-amhrán chun tabhairt faoin réabhlóid, a bhí síochánta ar an mórgóir, agus a nglaoitear Réabhlóid Lus na Gile air.

Bhí míshástacht ann i measc an airm sa Phortaingéil ar feadh tamall de bhlianta. Cé go raibh coilíneachtaí na dtíortha coilíneacha eile ag ‘díchoilíniú’ le beagnach scór bliain, chinn deachtóireacht António de Oliveira Salazar greim a choinneáil ar Angóla, Guine Bissau agus Mósaimbíc, fiú agus gluaiseachtaí ar son na saoirse ag teacht in inmhe iontu.

Bhí costas mór ag baint leis an gcogaíocht seo, agus caitheadh thart ar leath de bhuiséad na tíre uirthi. Chuir sé seo go mór le bochtaineacht na cosmhuintire.

25 Aibreán 1974 – Níos Mó na Reabhlóid le Daniel Arrhakis (2021)
Daniel Arrhakis/Flickr

Tháinig réimeas Salazar i gcumhacht i ndiaidh coup míleata in 1926. Ainmníodh mar phríomh-aire é in 1932, agus chuaigh sé i mbun an tír a iompú ina Estado Novo, ‘stát nua’ faisisteach-cléireach a bhí cosúil le stát na Spáinne faoi Franco.

Bhí na gnáthdhaoine beo bocht agus na fiacha náisiúnta á n-íoc. Ar an lámh eile, bhí na húinéirí móra talún, daoine gnó agus oifigigh mhíleata ag déanamh go maith. Bhí an freasúra polaitiúil á chur faoi chois ag póilíní rúnda sa Phortaingéil agus sna coilíneachtaí. Dá ainneoin seo, glacadh leis an tír mar bhall bunaithe ECAT in 1949.

Nuair a tosaíodh ar an gcogaíocht chun na coilíneachtaí a choinneáil, tháinig deireadh, i bhfocail an staraí Urte Sperling,

‘leis an gcomhghuaillíocht aicmeach a bhí bunaithe ar an gcaomhnaitheacht agus gadaíocht choilíneach’.

Scoilt olagarcacht na Portaingéile ina dhá dhream, ceann ar theastaigh uaidh dul i dtreo an nuachóirithe agus an geilleagar a oscailt suas don domhandú, agus na éilítigh thraidisiúnta a bhain brabús ón gcoilíniú. 

De bharr gur tharraing réimeas Salazar ar oidhreacht sheanbhunaithe na coilíneachta, bhí dlúthnasc ann idir a mbeadh i ndán don deachtóireacht agus don choilíneacht araon. Tháinig Marcelo Caetano i gcomharba ar Salazar in 1968, ach níor chuir a réimeas aon leasaithe i bhfeidhm a mhaolódh na fadhbanna eacnamaíocha agus sóisialta nó a shásódh an chuid sin de lucht an rachmais ar theastaigh uathu geilleagar na tíre a oscailt.

Is de bharr na gcontrárthachtaí córasacha seo a thit réimeas Caetano ar an 25 Aibreán 1974. Tháinig an Ginearál António de Spínola i bhfeighil na tíre. Ach de bharr gur theastaigh uaidh leanúint le réimeas údarásach, bhí aighneas ann leis an gcuid sin den arm ar theastaigh uathu dul i dtreo an daonlathais, an díchoilínithe agus leasuithe sóisialta.

D’éirigh Spínola as, agus bhog an réabhlóid i dtreo tréimhse radacach nuair a chuathas i mbun stailceanna, rinneadh forghabháil ar mhonarchana, gabhadh talamh na n-úinéirí talún móra, agus deineadh náisiúnú ar thionscail chomh maith le leasuithe ar chúrsaí talmhaíochta. Mhaígh oibrí monarchan in Liospóin

Agora é o povo quem mais ordena!’ (Anois is iad na hoibrithe a thugann na horduithe!)

Mar sin féin, tháinig deighilt pholaitiúil chun cinn i ngeall ar threo na réabhlóide. Rinne an Páirtí Sóisialach agus liobrálaigh, le tacaíocht comhghuaillithe san iarthar a bhí i gcoinne an chumannachais, iarracht an réabhlóid a cheansú. 

Faoi 1975 bhí an choimhlint idir na fórsaí réabhlóideacha agus na coimeádaigh imithe i dtreis. Rinne Spínola iarracht coup a chur ar bun i mí an Mhárta, ach theip air agus tógadh isteach tuilleadh bearta cléacha. Ach chuir frith-coup i mí an Mhárta deireadh leis an tréimhse radacach.

Chuir an réabhlóid an daonlathas i bhfeidhm, tharraing an Phortaingéil as na tíortha a bhí mar choilíneachtaí aici, agus cuireadh cearta sóisialta i bhfeidhm, ach cuireadh deireadh leis an gclaochlú eacnamaíoch sular baineadh amach é.

Cnámh Spairne tharaifí na nDlíthe Arbhair sa 19ú hAois

Tá taraifí Trump go mór i mbéal na meán agus lucht an rachmais le roinnt seachtainí anuas. Go deimhin, tá siad go mór i mbéal an phobail de bharr go bhfuil buairt ann i measc go leor daoine in Éirinn go ndéanfar dochar do roinnt codanna éagsúla de gheilleagar stát na sé chontae is fiche.

Lena bpolasaithe eacnamaíocha agus trádála, a bhfuil eacnamaithe caipitlíocha fiú ag rá fúthu go mbeidh siad díobhálach, tá Trump ag tabhairt dúshlán do status quo an domhandaithe. Is díospóireacht é seo idir iad siúd a chreideann in eacnamaíocht laissez-faire (sé sin go mbeidh saorthrádáil idir tíortha) agus iad siúd ar nós Trump a chreideann go mbeidh buntáiste le baint ag tíortha níos mó ar nós SAM as polasaithe caomhnaitheacha.

Bhí ré eile i stair an domhain, agus stair na hÉireann, ina raibh na hargóintí céanna ina gcnámh spairne. Le linn an naoú haois déag go háirithe bhí na Dlíthe Arbhair á bplé go mion minic.

I ndiaidh dheireadh Chogaí Napoléon thit an praghas ard a bhí ar an arbhar a bhí á íoc le linn na gcogaí. Bhí éileamh mór ar an arbhar le linn na gcogaí agus feirmeoirí agus tiarnaí talún móra ag déanamh go maith as. Ach nuair a tháinig an tsíocháin, deineadh arbhar níos saoire a iompórtáil ó thíortha lasmuigh den Ríocht Aontaithe agus d’ísligh an praghas a bhí ar phunt arbhair go sciobtha.

Ag an am, bhí cumhacht ollmhór ag na tiarnaí talún i bParlaimint Westminster. Chun dul i ngleic le titim na bpraghsanna, theastaigh uathu taraifí a chuir i bhfeidhm. Ritheadh reachtaíocht, na Dlíthe Arbhair, in 1815 agus cuireadh taraifí móra ar an arbhar a tháinig isteach sa stát, beart a choinnigh arbhar a d’fhás na tiarnaí ag praghas an-ard.

De dheasca gurbh é arán an príomhbhia a bhí ag lucht oibre na Breataine, bhí drochthionchar ag praghsanna arda an arbhair ar go leor teaghlach agus iad stiúgtha leis an ocras.

Bhí lucht oibre Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige sna cathracha agus bailte tionsclaíochta ag fulaingt go mór cheana féin de bharr tuarastail ísle agus drochchoinníolacha sna muilte, monarchana agus mianaigh. Ba tharcaisne curtha i gceann na héagóra na praghsanna ardaithe arbhair dóibh siúd.

D’éirigh an éagothromaíocht shóisialta níos measa de bharr na nDlíthe Arbhar. Ar thaobh amháin bhí na tiarnaí talún móra, agus ar an taobh eile bhí an lucht tionsclaíochta rachmasach agus an lucht oibre, a chreid gur ualach míchothrom ar an ngeilleagar a bhí sna dlíthe.

Bhí úinéirí na monarchana i gcoinne na nDlíthe Arbhar de bharr go raibh orthu tuarastail níos airde a n-íoc lena n-oibrithe chun nach mbeidís beo bocht agus stiúgtha. Bhí cuid mhaith acu ar son na saorthrádála agus chreideadar go dtiocfadh méadú ar an táirgiúlacht déantúsaíochta agus go mbeadh earraí Briotanacha níos iomaíche sna margaí domhanda dá ndéanfaí aisghairm ar na Dlíthe Arbhair.

“Poles Offering Corn” – Anti-Corn-Law Circular #8 (Thackeray)

Tháinig cuid acu le chéile chun an Conradh i gCoinne na nDlíthe Arbhair a bhunú in 1838. D’fhorbair an eagraíocht ina gluaiseacht chumhachtach pholaitiúil, le daoine mór le rá ar nós Richard Cobden agus John Bright chun cinn san fheachtas.

Dúirt Cobden go raibh na Dlíthe Arbhair, “ar an gcoir pholaitiúil is mó le linn ár ré. Is íobairt leas sóisialaí an phobail ina iomláine iad na dlíthe ar mhaithe le haicme amháin”. D’éirigh agóidí ón mbun aníos i gcoinne na ndlíthe chomh maith. Mar a dúirt oibrí teicstíle ó Chathair Mhanchain sa Northern Star (nuachtán de chuid na gCartach) in 1839:

“Táimid ag fáil bháis a fhad is go bhfuil na tiarnaí talún ag éirí ramhar ar ár saothar. Coinníonn na Dlíthe Arbhair an t-arán daor, agus ár bpá íseal. Cén fáth ar cheart dúinn a bheith ag obair ó dhubh go dubh , agus fós ár leanaí a fheiceáil ag caoineadh ar son aráin, agus na daoine saibhre ag ithe cruithneacht mhín ónár bpáirceanna féin?” 

Aisghaireadh na dlíthe ar deireadh sna 1840í ar dhá chúis, idé-eolaíocht eacnamaíochta na saorthrádála laissez-faire agus an Gorta Mór in Éirinn. Nuair a chuaigh an Drochshaol in olcas in 1846 mar gheall ar mheath na bprátaí, bhí bac á chur ag na Dlíthe Arbhair ar iompórtáil arbhair níos saoire isteach in Éirinn, agus cuireadh brú ar an bPríomh-Aire, Robert Peel, a bhí ina Thóraí, gníomhú chun reachtaíocht a rith.

Bhí smaointeoireacht na saorthrádála tagtha i réim i measc na bpolaiteoirí liobrálacha agus lucht na tionsclaíochta faoin tráth seo, a bhuí le smaointeoirí caipitlíocha amhail David Ricardo agus Adam Smith. Luaigh Smith ina leabhar The Wealth of Nations (1776) go rachadh ‘lámh dhofheicthe an mhargaidh’ chun leasa don tsochaí i gcoitinne. 

Cé gur Coimeádach a bhí in Peel thuig sé nach bhféadfaí leanúint leis na dlíthe agus aisghairmeadh iad in 1846, rud a scoilt an Páirtí Coimeádach. Bhí toradh na fealsúnachta saorthrádála le brath go mór an bhliain dár gcionn, 1847, le linn an Ghorta Mhóir, nuair a cheadaigh polaiteoirí Liobrálacha do mhilliún Éireannach bás a fháil de bharr gur chreid siad go dlúth sa tsaorthrádáil laissez-faire.

Cé go bhféadfaí arbhar a thabhairt isteach sa tír anois gan taraifí, bhí an méid sin bia á sheoladh amach as an tír de bharr na saorthrádála gur beag an buntáiste a bhí ann dóibh siúd a stiúg. 

Mar a dúirt an náisiúnaí Seán Mistéil (a chosain córas na sclábhaíochta i gCónaidhm Mheiriceá ar ball, faraor), “sheol an Tiarna meath na bprátaí, gan dabht, ach chruthaigh na Sasanaigh an Gorta”. Bhí an ceart aige, ar bhealach.

Ach i ndáiríre, ba é an córas caipitlíoch laissez-faire i bpáirt leis an gciníochas frith-Éireannach ba chúis leis. Ní thuigtear seo fós, agus ní cuidiú chun an bhearna ollmhór seo i dtuiscint an phobail ar an nGorta Mór leabhar Tim Pat Coogan, The Famine Plot. Is fearr i bhfad an léargas a thugtar i leabhar de chuid Bhreandáin Mhic Shuibhne, The End Outrage, chun tuiscint a fháil ar na córais a ghéaraigh uafás an Drochshaoil

Nuair a aisghairmeadh na Dlíthe Arbhair, thit praghas an arbhair do lucht oibre na Breataine, agus thit costais lucht na tionsclaíochta, rud a thug tuilleadh airgid dóibh chun infheistíocht a dhéanamh ina gnóthaí agus an táirgiúlacht a neartú. Tháinig rath níos mó fiú ar gheilleagar na himpireachta i ré na Banríona Victoria, nó “Banríon an Ghorta” mar a ghlaoigh an Conghaileach uirthi in Labour and Irish History (1910).

De bharr, cuid mhaith, gur cuireadh deireadh le polasaithe an chaomhnaithe, tháinig an Bhreatain i réim mar impireacht thionsclaíoch an domhain. Bhí an impireacht in ann naisc gheilleagracha a chruthú le stát ar nós Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na Rúise, agus leathnaíodh cumhacht na himpireachta sa naoú haois déag. Tháinig Meiriceá i gcomharba ar an mBreatain i ról stát ceannasach an domhain i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, 1939-1945.

Tá sé aisteach, mar sin, go dteastaíonn ó Trump droim láimhe a thabhairt do chóras a bhí go mór chun tairbhe don impireacht.

Seans go dtuigeann sé nach domhan “aon-pholach” a bheas ann a thuilleadh, agus gur gá do Mheiriceá filleadh ar an déantúsaíocht “dhúchasach” chun dul in iomaíocht leis na BRICS, mar a ghlaoitear orthu. Nó seans nach dtuigeann sé faic agus gur duine naircisíoch é gur mhaith leis beartais aisteacha a thabhairt isteach ar mhaithe le haird a tharraingt air féin.

Léiríonn conspóid Charna drochthionchar pholasaithe an rialtais agus imeallú na Gaeltachta araon

Le coicís anuas tá conspóid tagtha go cnámh na huillinne i ngeall ar iarrthóirí tearmainn atá ceaptha teacht go hÓstán Chuan Charna i nGaeltacht Chonamara. D’ofráil úinéir an óstáin an t-ionad don Roinn Lánpháirtíochta, agus meastar go bhféadfadh 84 duine bogadh isteach ann. Tá léirsiú ar bun ag muintir na háite lasmuigh den óstán ina aghaidh sin. Faraor, mar is dual dóibh, tá an eite dheas i bhfad amach ar líne ag déanamh a ndíchill an ciníochas a bhrú isteach i lár báire.

An comhthéacs domhanda 

Is ceist chigilteach agus ceist chasta í ceist na himirce. Teastaíonn ón eite dheas i bhfad amach ceist shimplí bunaithe ar an gciníochas a dhéanamh di. Sa chaoi sin, ní thuigfidh saoránaigh na cúiseanna móra struchtúrtha a bhaineann leis an imirce.

Agus é ag scríobh in 1972 ina leabhar How Europe Underdeveloped Africa, d’áitigh an Marxach díchoilíneach Walter Rodney gur bréag a bhí ann nuair a dúradh gurb ann do ‘thíortha forbartha’ agus ‘tíortha atá i mbéal forbartha’. I ndáiríre, sciobadh acmhainní nádúrtha agus baineadh an bonn de gheilleagar na hAfraice le linn ré an choilíneachais. 

Ina dhiaidh sin, coinníodh mar ‘thíortha tearcfhorbartha’ cuid mhór den Afraic trí ghadaíocht na gcomhlachtaí ilnáisiúnta, iasachtaí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Bhainc Dhomhanda agus ‘cabhair’ ón iasacht le coinníollacha a spreag an spleáchas. Tá na tíortha ‘tearcfhorbartha’ ar an imeall sa chóras domhandaithe agus na tíortha impiriúlacha i lár baill an chórais.

De bharr na n-éagothromaíochtaí stairiúla seo, agus de bharr an impiriúlachais agus na bhfeachtas buamála reatha sa Mheánoirthear, gan trácht ar an téamh domhanda, leanfaidh an imirce i dtreo ‘na gcroíthíortha’ ar aghaidh.

Cé go raibh Éire go stairiúil ina tír a ndearnadh coilíniú uirthi, tá stát na sé chontae is fiche suite i dteach an leathbhealaigh anois de bharr shaibhreas lucht an rachmais agus sciar suntasach den mheánaicme. 

Infreastruchtúr

Ach níl an mhaoin sin á dáileadh mar is cóir. Léiríonn staitisticí de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh agus na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta le blianta beaga anuas go bhfuil idir 25% agus 30% den chosmhuintir ‘ag streachailt’ i dtaobh cúrsaí airgid de agus thart ar 13% ‘i mbochtaineacht’. 

Sa mhullach air sin, mar is eol dúinn uilig faoin tráth seo, tá an ghéarchéim thithíochta ag brú síos ar sciar mór den phobal. Tá míréir thíreolaíoch ann agus ceantair lucht oibre sna cathracha agus roinnt ceantair thuaithe, in iarthar na tíre go háirithe, faoi mhíbhuntáiste. Léiríonn léarscáil de chuid na heagraíochta Pobal go bhfuil an toghcheantar ina bhfuil Carna suite ‘go mór faoi mhíbhuntáiste’. 

De réir dhaonáireamh 2022 tá 197 ina gcónaí i gCarna. Dá gcuirfí 84 iarrthóir tearmainn leis sin is méadú daonra 43% a bheadh i gceist, i gceantar atá ar bheagán seirbhísí cheana. Níl ach bus uair sa ló ann, mar shampla.

Le blianta beaga anuas tá roinnt de mhuintir na háite, i gcomhpháirt le hÚdarás na Gaeltachta, ag déanamh iarrachta fostaíocht a chruthú dóibh féin trí Pháirc na Mara a bhunú. Dhiúltaigh Comhairle Contae na Gaillimhe agus ansin an Bord Pleanála don scéim. 

Níl fágtha ach an t-óstán chun airgead turasóireachta a thabhairt isteach sa cheantar sa samhradh. Fanann roinnt de thuismitheoirí dhaltaí na gcoláistí samhradh san óstán agus bíonn cuairteoirí ag triail ar an gceantar do na féilte cultúrtha agus sean-nóis chomh maith. Is é an t-óstán an t-aon áit gur féidir le muintir na háite ócáidí sóisialta, an chéad chomaoineach, bainiseachaí is araile a bheith acu. Níl an t-óstán ar fáil mar ionad sóisialta ó bhí 2022 ann.

Mar sin féin, níl an locht ar na hiarrthóirí tearmainn as sin, agus mar a dúirt oibrí pobail atá lonnaithe sa Ghaeltacht liom, ‘níl postannaí ann daofa … níl siad ag iarraidh a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht’.

Is ar an stát atá an locht as an aighneas seo, mar nach n-aithnítear an Ghaeltacht mar phobal beo atá i dteideal fostaíochta agus ionaid sóisialta.

An Ghaeilge

I dtaobh cúrsaí teanga de, mheas an t-oibrí pobail céanna nach mbeadh na hiarrthóirí tearmainn ag athrú cúrsaí teanga, ach gurb é gradam an Bhéarla agus daoine aitheanta áitiúla ag brú an Bhéarla a thiomáinfeadh an t-iompú teanga, cé go bhfuil neart daoine áitiúla ag cothú na teanga.

Labhair mé le sochtheangeolaí ar an gceist chéanna, agus mar a d’áitigh siad, ‘níl aon taighde go bhfios dom déanta ar mheall imirceach a bhogadh isteach … [ach] is léir go mbeidh tionchar acu ar an iompú teanga sa bpobal’.

I mo thuairim féin, is botún a bheadh ann líon suntasach daoine gan Ghaeilge a chur isteach i gceantar Gaeltachta a bhfuil an phleanáil teanga ar bun ann, bíodh siad ina n-iarrthóirí tearmainn nó Éireannaigh gheala gan Ghaeilge. 

Ar an ábhar sin, bheadh contúirt níos mó i dtaobh na teangeolaíochta dá dtógfaí eastát buan lán Bhéarlóirí, mar a tharla i mBearna le déanaí, ná ó iarrthóirí tearmainn a bheadh in óstán go sealadach. Níor chualathas gíog ná míog ón eite dheas i bhfad amach faoi choilíniú Béarlóirí geala ar an nGaeltacht. Tríd is tríd, ba chóir tacú le héileamh Tinteán ‘straitéis daonra agus tithíochta’ don Ghaeltacht a fhorbairt a chinnteodh fás inbhuanaithe do na ceantair sin.

D’fhéadfadh líon áirithe iarrthóirí tearmainn agus inimirceach a bheith mar chuid den straitéis chéanna. Tá éirithe le cúpla scoil Ghaeltachta, a bhí i mbaol a ndúnta de bharr an bhánaithe tuaithe, páistí ón iasacht a spreagadh i dtreo na Gaeilge. Agus tá ag éirí leis an tionscadal Le Chéile de chuid Chonradh na Gaeilge eachtrannaigh a thabhairt i dtreo na Gaeilge, cé gur gá é leathnú amach go mór.

Rátaí na hinimirce

I dtaobh na hinimirce de, ó 2020 go háirithe, tá fás as cuimse tagtha ar líon na n-imirceach atá tagtha isteach i stát na sé chontae is fiche. Ag tabhairt na mblianta 2020-2024 san áireamh, meastar go mbeidh thart ar 320,000 sa bhreis ar an daonra tar éis teacht. 

Tá meascán cúiseanna leis seo: ionradh na Rúise ar an Úcráin, iarrthóirí tearmainn ón Afraic agus an Meánoirthear, éileamh saothair na gcomhlachtaí teicneolaíochta agus tógála, easpa altraí, dochtúirí is araile san earnáil sláinte, agus easpa oibrithe san earnáil fáilteachais. Beidh fás 6.4% tagtha ar dhaonra an stáit in achar ceithre bliana de bharr na himirce, rud atá as riocht le tíortha eile na hEorpa. 

Más ag caint ar leibhéal an stáit nó an leibhéal logánta atáimid, is é an inbhuanaitheacht an phríomhghné gur gá díriú air. Laistigh den chóras mar atá, agus gnáthdhaoine in iomaíocht lena chéile do bhlúiríní saibhris lucht an rachmais agus é ag dul deacair dóibh teacht ar lóistín agus seirbhísí, de réir dealraimh ní bheidh sé inbhuanaithe arduithe suntasacha d’imircigh, murab ionann agus iarrthóirí tearmainn, a spreagadh ar mhaithe le héilimh an lucht gnó agus na gcóras stáit a shásamh.

De réir fhigiúirí na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, mar shampla, is ionann an t-éileamh ó imircigh ar thithíocht agus 50-60%, rud atá ag cur leis an mbrú ar an stoc tithíochta.

Mura dtagann athrú ó bhonn ar chur chuige an stáit i dtaobh na tithíochta de, agus mura dtógtar tithíocht uilíoch phoiblí ar mhúnla Vín, Shingeapór, na Fionlainne is araile, agus má leantar le rátaí na hinimirce mar atá, is cinnte go bhfuil tuilleadh coimhlinte sóisialta i ndán dúinn. Déanfaidh an eite dheas i bhfad amach gach iarracht teacht i dtír ar an gcoimhlint sin.

Ar an dea-uair, i gCarna tá sé beartaithe ag muintir na háite teacht le chéile chun ‘óstán pobail’ a chruthú. In éagmais tacaíocht ón stát, is é an féintuilleamaí an cur chuige is fearr.

An Páipéar: Eagarfhocal

Scríobhann Rúnaí Misneach, Kerron Ó Luain, Eagarfhocal do An Páipéar

Ina leabhar Decolonizing Methodologies: Research and Indigenous Peoples, pléann an tOllamh Maorach, Linda Tuhiwai Smith, ‘fiche a cúig tionscadal bundúchasach’ atá ar bun go domhanda faoi láthair.

I measc na dtionscadal, a dtagraíonn sí dóibh i gcomhthéacs ginearálta, tá: ‘an athghabháil’ ar an stair; ‘teacht in inmhe an bhéaloidis’; finnéithe ‘ag tabhairt fianaise’; ‘an ceiliúradh’ ar an gcultúr/teanga; na ‘naisc’ atá á gcruthú le ceantair dhúchais/logainmneacha, agus ‘an t-athréimniú  teanga’.

Luann sí chomh maith go bhfuil ‘athfhrámáil’ tagtha ar léamh na mbundúchasach ar an tsochaí, ar an bpolaitíocht agus ar an stair agus, ina theannta sin, go bhfuil níos mó acu ag léamh agus ag foilsiú ina dteanga dhúchais ná mar a bhí riamh.

Ní shéanann Tuhiwai Smith go bhfuil géarchéimeanna ollmhóra ann lena gcaithfimid, mar phobal, mar chainteoirí teanga mionlaithe, dul in adharca leo, ach baineann sí dóchas as an méid atá ar bun i dtaobh an phróisis díchoilínithe go domhanda.

Is sa chomhthéacs sin a mbreathnaím ar fhoilsiú An Páipéar, agus eagrán fiche a haon bainte amach againn; cineál deasghnátha aistrithe saoil nó teacht in inmhe, b’fhéidir. Más buille i gcoinne an choilínithe agus an domhandaithe aonchineálaigh gach focal a labhraítear i nGaeilge, cá bhfágann sin léamh na Gaeilge?

Tá a fhios againn ón taighde a dhéantar ar theangacha mionlaithe go mbíonn leibhéal litearthachta níos ísle iontu ná mar a bhíonn sna teangacha ceannasacha. Dar ndóigh, baineann seo le heaspa deiseanna oideachais sa teanga mhionlaithe, leis an imeallú socheacnamaíochta agus polasaí a dhéantar orthu, agus le gradam na dteangacha ceannasacha.

Ach baineann sé chomh maith le heaspa meáin léite sa teanga mhionlaithe, cibé acu an ganntanas meán sa réimse digiteach nó a laghad ábhar clóite cosúil le leabhair agus nuachtáin atá ann i gcomparáid le teanga fhorlámhach cosúil leis an mBéarla. 

Mar sin, cothóidh léamh rialta An Páipéaran Ghaeilge mar tiocfaidh feabhas ar scileanna teanga roinnt mhaith léitheoirí, a mbeidh stór focal níos leithne acu don chomhrá agus, b’fhéidir, a chuirfidh peann le pár iad féin amach anseo. I mo thuairim féin, ní féidir cóip chrua de théacs nó nuachtán a shárú más ag iarraidh eolas nó teanga éigin a shú isteach atá tú.

Agus an chloch mhíle seo, eagrán le cois an scóir, bainte amach againn, teastaíonn uainn leanúint le forbairt an nuachtáin, bíodh sin ar an gcóip chrua nó ar an suíomh gréasáin. Ach, a léitheoirí, ba mhór againn bhur gcabhair chun na chéad chéimeanna eile a ghlacadh!

Murab ionainn agus nuachtáin eile Ghaeilge agus Bhéarla, níl aon tacaíocht chorparáideach ná stáit faighte againn. Táimid ag brath oraibhse, ár léitheoirí dílse, an nuachtán a cheannach, síntiúis a ghlacadh, agus an scéal a scaipeadh. 

Tá sé feicthe againn cheana go roinneann léitheoirí postálacha ar na meáin shóisialta a léiríonn gur cheannaigh siad an nuachtán, agus táimid buíoch as sin. Tá feachtas ar bun againn ar na meáin shóisialta i láthair na huaire agus ba mhór againn dá roinnfeadh ár gcuid léitheoirí cuid den ábhar.

Más coincheap coimhthíoch iad na meáin shóisialta duit, ná bí buartha, is féidir an scéal faoin nuachtán a scaipeadh de bhéal i measc bhur ngaolta, bhur gcairde nó, níos fearr fós, in bhur gcumainn Ghaelacha, clubanna CLG, clubanna spóirt, ciorcail chomhrá áitiúla agus araile.

Nó, más múinteoir thú i nGaelscoil, Gaelcholáiste nó scoil Bhéarla, is fiú a iarraidh ar an bpríomhoide síntiúis a ghlacadh chun an teanga a normalú sa seomra foirne nó sa scoil i gcoitinne? 

Ar an gcaoi chéanna, más oibrí san earnáil phoiblí tú, beidh buntáiste ann An Páipéar a dháileadh i measc do chomhghleacaithe chun iad a chur ar a gcompord leis an teanga agus a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú.

Tá spriocanna móra le baint amach san earnáil phoiblí i leith na Gaeilge sna blianta amach romhainn, sé sin go mbeidh 20% d’earcaithe sna comhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge roimh 2030. D’fhéadfadh nuachtán ar nós An Páipéar a bheith ina ghléas tábhachtach sna hiarrachtaí sin.

Ar scáth a chéile a mhaireann na Gaeil.

Táillí uisce le tabhairt isteach in athuair faoi scáth ‘táillí ró-úsáide’, ach an mbeidh freagra ann ón bpobal an babhta seo?

Tá sé beartaithe ag an Roinn Tithíochta i mBaile Átha Cliath tabhairt faoi tháillí uisce arís. Cé go ndúradh i ráiteas leo ‘nach raibh aon phleananna’ acu táillí ar son ‘ró-úsáid uisce’ a thabhairt isteach agus ‘nach raibh siad luaite sa Chlár Rialtais’, is cosúil go bhfuil neart oibre ar bun sa chúlra chun tabhairt faoina leithéid sa todhchaí.

An leithscéal a bhfuil leas á bhaint as an uair seo ná cúrsaí caomhnaithe. Bhuel, b’in an leithscéal a bhí ann cheana sa tréimhse inar éirigh an pobal amach i gcoinne na dtáillí. An babhta seo, tá an Roinn Tithíochta ag díriú isteach níos mó ar cheist an chaomhnaithe, agus ar bhealach níos glice. 

Beidh idirdhealú á dhéanamh idir ‘táillí uisce’ (ar theip orthu iad a thabhairt isteach cheana) agus ‘táillí ar son ró-úsáid uisce’.

An plean atá ann ná liúntas bliantúil 217,000 lítear a thabhairt do gach teach, ach go mbeidh costas €1.85 ar gach 1,000 lítear thar an teorainn sin má sháraítear í. Tá eagraíocht stáitiomlán nua ann agus ainm breá Gaeilge air, An Fóram Uisce, bunaithe le ‘comhairle’ a thabhairt fiú amháin.

Léirigh anailís a foilsíodh in 2023 gur úsáid 10% d’áitribh 35% den uisce. Is dócha gur daoine iad seo a bhfuil gairdíní acu, gairdíní móra a bhformhór, agus a úsáideann neart uisce sa samhradh go háirithe dá bplásóga agus bláthanna breátha. 

De ghnáth ní bheinn i gcoinne cáin a ghearradh ar lucht an rachmais ina dtithe ollmhóra. Ach, tá a fhios againn ónár dtaithí le táillí uisce sna tíortha béal dorais linn, an Bhreatain Bheag agus Sasana, gur úsáideadh leithscéal an chaomhnaithe chun clár príobháidithe a bhrú isteach. Bealach é seo chun acmhainn nádúrtha, an t-uisce, a iompú isteach i sealúchas príobháideach gur féidir le comhlachtaí brabús a bhaint as.

Má ghlactar le prionsabal na dtáillí, déanfar iad a leathnú amach agus is cáin bhreise a bheas iontu. Tá daoine ag streachailt a ndóthain leis an gcostas maireachtála faoi láthair, go háirithe le costais fuinnimh. 

Ní bheidh sna táillí uisce, má ghlactar leo, ach uirlis eile le maoin a aistriú ó ghnáthoibrithe agus na bochtáin go lucht an rachmais. Is é seo nós an caipitleachais nualiobrálaigh ar fud na cruinne.

An bhuncheist don phobal is ea an mbeidh éirí amach i gcoinne na dtáillí seo? Ós rud é go bhfuil gliceas an stáit ag díriú ar cheann caol na dinge ar dtús báire agus nach bhfuil bagairt láithreach d’fhormhór an phobail, beidh sé níos deacra daoine a shlógadh an uair seo.

Anuas air sin, tá fearg bhlianta na déine laghdaithe cuid mhaith, nó curtha i dtreo na n-imirceach ag an eite dheas i bhfad amach, agus i dtreo tuairimí comhcheilge ag na meáin shóisialta nach raibh chomh cumhachtach sin deich mbliana ó shin. 

Tá athruithe tagtha ar chomhdhéanamh ceannaireacht cuid de na ceardchumainn a bhí go mór chun cinn san fheachtas i gcoinne na dtáillí idir 2014 agus 2016 go háirithe. Brúdh amach daoine sinsearacha a bhí ar an eite chlé, agus tá daoine coimeádacha i bhfeighil anois agus spéis dá laghad acu in ollslógaí móra sráide.

Ach, i ndeireadh na dála, roimh do na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla cléacha teacht ar bord leis an bhfeachtas 10 mbliana ó shin, b’fheachtas é a d’fhorbair ón mbun aníos. Thagadh pobail amach ina n-eastáit chun cosc fisiciúil a chuir ar lucht Uisce Éireann agus na Gardaí a bhí ag cur na méadar uisce isteach.

Mar sin féin, tá na méadair sa talamh anois lasmuigh de chuid mhaith tithe. Beidh an tréimhse amach romhainn spéisiúil. An bhfuil an t-ocras sin ar an eite chlé tabhairt faoi bhabhta eile sa chath chun an acmhainn nádúrtha is bunúsaí, uisce, a choinneáil i seilbh an phobail seachas i seilbh na scairshealbhóirí?

Beidh dreamannaí poblachtánacha, agus Misneach ina measc, sásta an fód a sheasamh i gcoinne na dtáillí arís.