Month: May 2020

Seasaimís le hoibrithe Debenhams

Tá lucht oibre Debenhams fós á dtréigint ag an gcomhlacht ó scaoileadh iad uilig chun bealaigh i rith Mí Aibreáin. Chinn lucht bainistíochta an chomhlachta na siopaí uilig sna Sé Chontae Fhichead a dhúnadh de bharr nach raibh brabús mór go leor á dtuilleamh acu.

Bhí buairt ann le tamall anuas i measc na n-oibrithe go ndúnfaí na siopaí sna Sé Chontae Fhichead, óir ní raibh an brabús céanna á ghiniúint acu is a bhí ag na cinn i Sasana. Thapaigh bord bainistíochta an chomhlachta an deis a thug an ghéarchéim Covid i mbealach soiniciúil.

Is mná iad na hoibrithe den chuid is mó agus roinnt mhaith acu ag obair leis an gcomhlacht leis na blianta fada ó aimsir Roche’s Stores.

Ainneoin é sin, níl cúiteamh ar bith curtha ar fáil ag Debenhams do na hoibrithe dílse seo. Sheol an comhlacht ríomhphost chuig na hoibrithe go luath i ndiaidh do na srianta dianghlasála a bheith curtha i bhfeidhm inar dúradh leo go raibh siad á ligean chun bealaigh

Míníodh sa teachtaireacht nach mbeadh pacáiste scartha ar bith ar fáil agus gur chóir do na hoibrithe cúiteamh a lorg ón stát.

Idir an dá linn, eagraíodh feachtas agóide. Ní raibh bealach ar bith ag na hoibrithe labhairt amach ar a son féin le linn na paindéime, seachas agóidí a eagrú lasmuigh de na siopaí a bhí dúnta.

Eagraíodh agóidí ar Shráid Mhic Anraí i mBaile Átha Cliath, i dTamhlacht agus i mBaile Bláinséir i mbruachbhailte na cathrach, i bPort Láirge, Gaillimh, Corcaigh agus in áiteachaí eile nach iad. Bhí na hoibrithe airdeallach ar an scaradh sóisialta agus iad i mbun agóide agus bhí mascanna agus láimhíní á gcaitheamh acu.

Mar sin féin, rinne na Gardaí leatrom orthu agus an fhianaise uilig le feiceáil anois ar na meáin sóisialta. Úsáideadh an reachtaíocht éigeandála a tugadh isteach de bharr na géarchéime Covid chun na hagóidí a bhriseadh suas.

Ba dhíol suntais é d’oibrithe Debenhams nach bhfuil spéis dá laghad ag na Gardaí cur isteach ar na hagóidí atá á reáchtáil go rímhinic ag faisistithe amhail Gemma O’Doherty.

Tá lámh mhór ag Banc na hÉireann san eagraíocht a stiúrann Debenhams. Tá na hoibrithe anois ag éilimh ar an mbanc sin agus ar an rialtas an rud ceart a dhéanamh agus cúiteamh a íoc leis na hoibrithe. 

Ar ndóigh, agus bancanna na tíre tar éis na scórtha de bhilliúin euro a fháil ó cháiníocaitheoirí le dhá bhliain déag anuas, cheapfá go mbeidis ag iarraidh an cothrom na féinnne a thabhairt do chosmhuintir na tíre gan aon ghá le feactasaíocht.

Tá oibrithe Debenhams tar éis tosaíochtaí an stát chaipitligh a léiriú go soiléir. Tugtar tús áite do na comhlachtaí móra, na bancanna agus, fiú, na faisistithe. Is mithid dúinn seasamh le hoibrithe Debenhams agus ár nglór a ardú ar a son.

Maraíonn an Caipitleachas Mionteangacha

Ón am a ath-bhunaíodh Misneach in 2012, tá muid tar éis an argóint a dhéanamh gurb é an córas eacnamaíochta brúidiúil, éagothrom atá againn, an caipitleachas, is ciontaí le meath na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Leis an dearcadh seo, tá muid ag leanacht traidisiún fada de Ghaeil radacacha a chuaigh romhainn.

Ba é an Cadhnach an duine ba cháiliúla i saol na Gaeilge a bhí den tuairim seo, seans, agus é ag rá in Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar Strae gur é “dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh”.

Ach bhí agus tá an tuairim chéanna ag go leor eile freisin, ina measc Séamus Ó Conghaile, an t-Éireannach (nuachtán radacach Gaeltachta sna 30idí), Aindrias Ó Cathasaigh, Tomás Mac Siomóin, Caoimhghin Ó Croidheáin, srl.

Dá fheabhas í, tá go leor den tuairimíocht seo sách éadomhain ó thaobh na hanailíse sochtheangeolaíochta de, áfach, agus mar sin b’fhurasta do dhaoine a rá nár tháinig sé uilig le fírinne an tsaoil san 21ú haois.

Le bonn níos fearr a chur faoin dearcadh seo, áfach, thug ball de Mhisneach, Ben Ó Ceallaigh, faoi PhD le hiniúchadh a dhéanamh ar an nasc idir an caipitleachas agus imeallú na Gaeilge agus a pobal.

Pléann sé an scrios a rinneadh ar thacaíochtaí don teanga tar éis 2008 agus an dochar uafásach a rinne an déine do shaol na Gaeltachta.

Léirítear ina shaothar go bhfuil contrárthachtaí bunúsacha idir an nualiobrálachas – an leagan reatha den chaipitleachas – agus iarrachtaí chun teangacha agus pobail mhionlaithe a chothú.

Agus an t-eolas seo uilig againn, is soiléire anois ná riamh gur gá an gcóras craosach seo ar fad a scriosadh agus ceann bunaithe ar leas na cosmhuintire agus comhar na ndaoine a chruthú má tá muid ag iarraidh an Ghaeilge – agus éagsúlacht theangeolaíoch agus bhitheolaíoch eile na cruinne – a chur chun cinn.

Anois gur cosúil go bhfuil géarchéim eacnamaíochta fiú níos measa ná ceann 2008 ag bagairt orainn tá sé ríthábhachtach go dtuigeann na Gaeil na hargóintí láidre seo.

Tá PDF de thráchtas Bhen anois ar fáil le léamh anseo

Léirmheas leabhair: Hitching for Hope

Bhí am ann R. C. – roimh choróna! Bhí am ann go raibh cead ár gcinn againn dul ag spaisteoireacht timpeall na tíre gan aon srian dhá chiliméadar orainn!

Roinnt blianta ó shoin bhí srian de chineál eile orainn – srian eacnamaíochta toisc go raibh teipthe ar shláinte an Tíogair Cheiltigh.

Bhí easpa dóchais ollmhór le braith sa stát agus eagla ar dhaoine nach dtiocfadh an stát as an sáinn ina raibh sí, nach gcúiseofaí éinne des na baincéirí a bhí tar éis an stát a scrios lena gcraos agus nach dtiocfadh slite úra maireachtála chun cinn a chinnteodh nach dtarlódh a leithéad arís.

I 2013 agus an ghéarchéim eacnamaíochta faoi lán seoil fuair an t-údar, Ruairí McKiernan, cuireadh caint a thabhairt ag Scoil Samhradh MacGill. B’iad tuairimí muintir na hÉireann ar chás na tíre ábhar na cainte.

Agus é ag machnamh ar conas díriú ar chaint mar seo cheap McKiernan nach raibh aon rud fé ach dul i measc na ndaoine.

Mar sin chuaigh sé i mbun eachtraíochta, lena ordóg san aer ag síob-shiúl bhóithre na tíre. ‘Hitching for Hope’ a thug sé ar an turas – turas a bhí ag lorg tuartha dóchais agus an tír i ndroch-chaoi.

Agóidí agus scríbhneoir is ea McKiernan. Bheadh seanaithne ag muintir Ros Dumhaigh air, mar shampla. Is minic go bhfoilsítear altanna leis sna nuachtáin náisiúnta. Chuir sé tús le Spunout.ie – suíomh idirlíon a chuidigh go mór le guth agus cabhair a thabhairt do dhaoine óga.

Le blianta beaga anuas bhí dlúthbhaint aige le ‘Gaelic Voices for Change’ a tharraing imreoirí na gcluichí Gaelacha le chéile le haird a tharraingt ar ábhair ar nós meabharghalar.

Seans freisin go mbeadh aithne ag muintir an Spidéil ar a mháthair, Ann Keenaghan, a bhunaigh an t-ionad leighis, Ionad Bhríde, i mBaile Éamuinn, roinnt blianta ó shoin.

Séard atá sa leabhar ná dialann de shórt den am a chaith sé ar an mbóthar. Chuir sé leabhar an chraoltóra, Paddy O’Gorman, i gcuimhne dom – Queuing for a Living. Bhí leabhar O’Gorman, a foilsíodh é i 1994, bunaithe ar agallaimh raidió. Leabhar tábhachtach a bhí ann a thug deis chainte do dhaoine nach gcloisfeá uathu go hiondúil.

Tugann McKiernan an deis chéanna do an-chuid daoine ó ghach cearn den tír.

Mar aon le O’Gorman is beag de féin ná a chuid tuairimíochta a chuireann McKiernan sa leabhar. Tá cur síos aige ar a chlann agus an chomhairle a chur a sheanathair air, ach a bheag nó a mhór tá an leabhar dílis dos na daoine lenar bhuail sé.

Ina measc bhí: bean ón Pholainn a labhair leis faoi mhac tíre; lánúin ón Iodáil a thug síob dó thar cúpla lá; daoine a bhí ag freastal ar ionad buail isteach Cill Dá Lua; file a bhí ag campáil ar bharr Uisneach; ceannaí éisc ó Dhún na nGall; bean rialta agus mór, mórchuid eile.

Tá scéal gach duine agus a gcuid smaointe fíorspéisiúil.

‘Sé laige an leabhair, má tá laige ann, ná a laghad. Mar shampla, ní shroicheann sé

Gaeltacht na Rinne agus é cúpla míle ó thuaidh uaithi; nó ní shroicheann sé lár Uladh, Ciarraí ná Corcaigh.

Ba bhreá liomsa féin dá rachadh sé ar ais ar an mbóthar arís agus smaointe an chuid eile den tír a chruinniú mar tá sé go maith chuig an jab seo agus is soiléir nach leasc le héinne labhairt leis.

Mholfainn an leabhar d’éinne ar spéis leo guthanna gnáthdhaoine a chloisint. Bhaineas an-taitneamh as é a léamh agus mé ag smaoineamh ar an am R. C. go raibh cead ár gcinn againn dul amach ar an mbóthar, ordóg a ardú agus dul ag spaisteoireacht.

– Colm Ó Snodaigh

Ruairí McKiernan, Hitching for Hope: a Journey into the Heart and Soul of Ireland, (Chelsea Green Publishing, 2020), 240 lth.

Is féidir aon eolas faoin leabhar a fháil ar www.hitchingforhope.com

Is féidir eolas ar phodchraoladh rialta Ruairí ‘Love & Courage’ a fháil ag podcast@loveandcourage.org

Sraith alt: #7 Pleanál Lárnach agus Spiorad na Meithle

Sa tsraith alt seo, rinneadh anailís ar ghnéithe áirithe den ghéarchéim corónach. Ina theannta sin, leagadh síos fís dhearfach den chineál sochaí atá de dhíth chun a leithéid de ghéarchéim a sheachaint arís sa todhchaí.

San alt deireanach seo, breathnófar ar an leigheas atá air seo uilig. Dar ndóigh, níl na freagraí uilig againn, ach is fiú aird a tharraingt ar ghné nó dhó a d’fhéadfadh feabhas a chur ar chúrsaí amach anseo.

Chun go dtiocfaidh muid slán ón tsáinn ina bhfuilimid, agus chun go bhfanfaidh muid slán, caithfear droim láimhe a thabhairt don chóras eacnamaíochta mar atá agus na sean-rialacha a ghabhann leis. 

Ba chóir do na hoibrithe seilbh a ghlacadh ar a gcuid láthair oibre, ach go háraithe na hoispidéil phríobháideacha. Níor chóir go mbeadh aon bhaint ag an mbrabús ná an t-ioncam leis an leibhéal cúraim a chuirtear ar fáil don phobal.

Caithfear polasaí uile-Éireann a chur i bhfeidhm agus cúl a thabhairt don críochdheighilt atá, arís is arís, ag déanamh dochair do shláinte mhuintir an oileáin. 

Ba chóir go bhfanfadh na scoileanna agus ollscoileanna dúnta fud fad an oileáin go dtí Meán Fómhair. Nuair a osclófar iad, caithfear an chomhréir idir na daltaí agus múinteoirí a laghdú go mór.

Chun freastal ar an riachtanas seo, beidh ardú as cuimse i dtaobh earcaíochta agus i dtaobh infheistíochta de dhíth, ar ndóigh.

Ba chóir líon na dtástálacha don víreais a leathnú go mór agus srianta níos déine a chur i bhfeidhm sna haerphoirt agus sna calafoirt.

Ag leibhéal an phobail, ní mór cloí le spiorad na meithle a chothaíodh ó thosaigh an ghéarchéim seo.

B’fhiú go mór do tuilleadh grúpaí pobail teacht le chéile chun cabhrú le cúrsaí glaineachta i mblocanna árasáin, chun freastail ar sheandaoine ó thaobh siopadóireachta de, agus chun eolas a scaipeadh mar gheall ar dhea-chleachtas agus caitheamh masc chun déileáil leis an víreais sa chaoi is go laghdaítear tionchar na ráige atá le teacht. 

Is léir ónár éispeáras go dtí seo gur orainn féin is fearr bheith ag brath chun cinntiú go dtiocfadh an oiread daoine is féidir slán ón ghéarchéim.

Tharla seo i go leor áiteanna cheana féin. Tháinig grúpaí pobail le chéile agus bhain roinnt dóibh leas as na meáin shóisialta le heagrú agus leis an mana “ar scáth a chéile a mhaireann na daoine” a chleachtadh.

Ar ndóigh, tá “comhar na gcomharsana” ina dhlúthchuid den chultúr Gaelach leis na blianta marbha.

Nuair a sháraíonn muid an ghéarchéim seo – agus sáróidh – ní féidir filleadh ar an seanchóras mar a bhí.

D’fhéadfadh an ghéarchéim seo cur ar shúile na ndaoine an géarghá atá le hathrú córais ó bhonn. Is fúinne atá sé na hargóintí ar a shon sin a chur chun cinn anois.

Buailimis an t-iarrann agus é te!