1. Réamhrá
Is grúpa ón mbun aníos é MISNEACH a ghníomhaíonn chun athneartú na Gaeilge a thiomáint agus todhchaí na teanga a chinntiú trí a bheith ag obair le cosmhuintir na Gaeltachta agus na tíre i gcoitinne.
Aithníonn MISNEACH go bhfuil géarghá le heagraíocht atá neamhspleách ar pháirtithe polaitiúla agus ar mhaoiniú stáit a bheidh ag obair i dtreo díchoilínithe agus a dhíreoidh aird ar thábhacht na Gaeltachta agus ar an nGaeilge mar chuid thábhachtach d’oidhreacht chultúrtha na tíre.
Tá sé de sprioc ag MISNEACH comhluadar láidir Gaelach a thógáil ar mhaithe le hathneartú na Gaeilge agus troid ar son chaighdeán shaol na cosmhuintire, óir ní teanga go pobal agus ní pobal go teanga.
2. Modhanna oibre
Díríonn muid ar cheithre réimse ar leith agus muid ag obair i dtreo ár gcuid cuspóir:
- Tógáil Comhluadair
- Múscailt Feasachta agus Oideachas
- Feachtasaíocht
- Tógáil Comharchumann
2.1 Múscailt Feasachta agus Oideachas
- Dioscúrsa an díchoilínithe a spreagadh i measc muintir na hÉireann
- Meon na heagraíochta a chur chun cinn trínár n-iris, MIONLACH, a dháileadh chomh maith le díospóireachtaí agus cainteanna a eagrú a mheallann lucht na Gaeilge
2.2 Feachtasaíocht
- Feachtais challánach fheiceálacha, spreagúla a fhorbairt a chuireann ceist na Gaeilge i mbéal phobal na tíre
- Feachtasaíocht a dhéanamh ar son chearta teanga phobal na Gaeilge i réimsí an stáit agus an domhain tráchtála
- Tacú agus cabhrú le feachtais fhorásacha de chuid eagraíochtaí/grúpaí Gaeilge eile agus eagraíochtaí/grúpaí agóide eile
2.3 Tógáil Comhluadair
- Imeachtaí sóisialta do lucht na Gaeilge a eagrú agus saol sóisialta láidir a chruthú a chuimsíonn an ceol, an spórt agus an cultúr Gaelach
- Fréamhacha a chur i gcomhphobail ar fud na tíre
- Glúin úr de gníomhaithe teanga agus pobail a earcú agus a fhorbairt don todhchaí
2.4 Tógáil Comharchumann
- Fostaíocht a chruthú i gceantair Gaeltachta
- Fréamhacha a chur síos sna ceantair céanna
- Spiorad na meithle a chothú
3. Luachanna na hEagraíochta
- Creideann MISNEACH go maireann an Ghaeilge in Éirinn i dtrí chomhthéacs éagsúla:
- Sa Ghaeltacht
- San iar-Ghaeltacht sna Sé Chontae is Fiche
- San iar-Ghaeltacht sna Sé Chontae
- Tá riachtanais éagsúla sna limistéir éagsúla seo, ach braitheann todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo áit ar bith ar na croíphobail sa Ghaeltacht a thabhairt slán ón tsáinn ina bhfuil siad
- Ní féidir aghaidh a thabhairt ar an gcruachás teanga gan aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna eacnamaíochta, sóisialta agus polaitiúla atá ag bagairt uirthi agus ar a pobail
- An namhaid is mó atá ag an Ghaeilge ná córas ar bith a dhéanann beag is fiú de dhaoine ar mhaithe le brabús
4. Struchtúr
- Tá MISNEACH comhdhéanta de na coistí áitiúla in Éirinn (móide coistí thar sáile) agus an Coiste Náisiúnta.
- Is féidir le gníomhaí aonair feidhmiú mar oifigeach áitiúil de chuid MISNEACH, agus dul i mbun gnímh, má ghlacann an Coiste Náisiúnta leis/léi.
- Is é an coiste náisiúnta a thabharfaidh aitheantas do ghrúpaí nua a théann i dteagmháil linn ag iarraidh coistí áitiúla a bhunú.
- Buailfidh an Coiste Náisiúnta le chéile gach 4 mhí
- Buailfidh na Coistí Áitiúla le chéile de réir mar is gá
- Ó thaobh cúrsaí airgeadais, cuirfear aon ioncam ar aghaidh go ciste náisiúnta. Cabhróidh an t-airgead seo le bunú craobhachaí nua nó ócáidí náisiúnta ar nós Meitheal Misneach. Beidh beirt Chisteoir Náisiúnta i bhfeighil ar an gciste náisiúnta.
4.1 Ballraíocht agus Cáilitheacht:
- Tá cead ag duine ar bith a aontaíonn leis na cuspóirí thuasluaite bheith ina b(h)all de MISNEACH
- Tá cead ag baill agus dreamanna áitiúla clárú le pé coiste is mian leo, ach ní féidir leo clárú ach le craobh amháin, agus moltar gurb é sin an craobh sa chontae/cathair ina bhfuil siad ina gcónaí ann.
- Reachtálann MISNEACH Meitheal Misneach gach bliain chun a chuid beartas a shainmhíniú, a éifeacht a léirmheas, agus chun rudaí a bheartú don bhliain ar aghaidh.
- Íocfar ráta ballraíochta bliantúil a rachfaidh isteach i gciste náisiúnta
4.2 An Mheitheal Bhliantúil:
- Tá an Mheitheal ar oscailt do gach ball de MISNEACH, agus do tacaitheoirí na heagraíochta, agus tá cead acu uile bheith rannpháirteach sna díospóireachtaí a bhíonn ann.
- Déantar cinntí ar bhun daonlathach, le vóta amháin ag gach rannpháirtí agus gá le tromlach 66% le go nglacfar le rún nó cinneadh mar pholasaí oifigiúil
- Toghann an Mheitheal baill an Choiste Náisiúnta don bhliain ar aghaidh agus tugann sé údarás dóibh obair MISNEACH a dhéanamh agus a chur i gcrích.