Béalghrá aeráide i nGlaschú ag COP-26

Béalghrá aeráide i nGlaschú ag COP-26

Tá neart cainte faoin athrú aeráide le roinnt seachtainí anuas de thoradh na comhdhála a bhí ar siúil i nGlaschú. Comhdháil bhliantúil dhomhanda na Náisiún Aontaithe, nó COP (Committee of the Parties) a bhí i gceist, agus ba é seo an 26ú ceann ó tháinig a leithéid ar an bhfód.

Leag lucht eagraithe na comhdhála béim ar leith ar ócáid na bliana seo ar chúpla cúis.

Ar an gcéad dul síos, dúradar go raibh tábhacht ar leith ag na comhdhálacha seo ó tharla iad ag teacht sna sála ar Chomhaontú Pháras 2015 – b’shin é an chéad uair a d’aontaigh gach stát ar domhan gur ghá díriú ar an téamh domhanda a laghdú faoi bhun 2 chéim Celsius agus gur chóir oibriú ina threo sin agus airgead a sholáthar lena aghaidh.

Sa mhullach air sin, tá tuiscint fhorleathan ann anois – bíodh sin sna meáin, i measc eolaithe nó i measc lucht na cumhachta – go mbeidh na deich mbliana amach romhainn cinniúnach.

Mura dtagann maolú ar an téamh domhanda faoi 2030, beidh sé dodhéanta é a fháil ar ais faoi bhun an 1.5 céim Celsius is gá a shroicheadh chun scrios gach rud beo ar thalamh an domhain a sheachaint.

Ach laistigh d’achar cúig lá bhí an chomhdháil á cáineadh ag gníomhairí óga aeráide amhail Greta Thunberg ón tSualainn agus Vanessa Nakate ó Uganda.

Ag tarraingt na gcos i dtaobh coimitmintí cearta a thabhairt agus caint san aer, sin an méid a tháinig ó lucht na cumhachta istigh dar leis an mbeirt bhan agus iad amuigh ar shráideanna Ghlaschú ag agóidíocht.

Ba léir go luath sa chomhdháil nach ndéanfaí beart de réir briathair. Agus cén fáth a ndéanfaí? Má tá laghdú le teacht ar na hastaíochtaí carbóin, ar an dífhoraoisiú agus ar an dianfheirmeoireacht, beidh athrú córais de dhíth.

Ní éireoidh le lucht polaitiúil an domhain srian a chur leis na próisis sin, fiú más spéis leo an sprioc a chur i gcrích, mar gur dlúthchuid iad den chóras eacnamaíochta ina maireann muid – an caipitleachas.

Ón am a d’fhorbair an caipitleachas san Eoraip i lár na meánaoiseanna tá sé ina dhlúthchuid de phróiseas an choilínithe. Is é sin le rá gur scaip córas an tsealúchais phríobháidigh, an córas baincéireachta agus an córas margaíochta amach ón Eoraip go dtí na ‘margaí nua’, mar a glaodh orthu, is é sin Meiriceá Thuaidh agus Theas.

I gcaitheamh an ama chéanna bhí tailte sna ‘máthairthíortha’, amhail Sasana – tailte a bhíodh i seilbh an phobail ar feadh na gcéadta bliain – á ndúnadh agus á ngoid ag na tiarnaí talún chun go mbeidís in ann brabús a bhaint astu.

In Éirinn, tharla sé seo thart faoin tréimhse chéanna agus glaodh na Plandálacha ar an bpróiseas.

Saintréith amháin den chóras caipitleach, mar sin, ná go gcaithfidh sé scaipeadh isteach i ‘margaí nua’ nó margaí a chruthú ar bhealach éigin.

I mbeagán focal, caithfidh an córas an t-uasmhéid brabúis a lorg de shíor.

Fágann sin go bhfuil ceannairí COP-26 i ngreim an dá bhruach, fiú más ceannairí ‘forásacha’ iad, óir ní féidir leo domhan a shamhlú gan an síorfhás eacnamaíochta mar bhunchloch ann.

Cloistear é go mion minic sna meáin agus sa mhír ghnó ag deireadh gach cláir nuachta. “Tá an geilleagar le fás arís i mbliana ag ráta 4%”, nó cibé faoin gcéad. Tá ráta an fháis sin bunaithe ar leas a bhaint as acmhainní teoranta an domhain.

Tá contrárthacht agus lúb ar lár i gcroílár an chórais chaipitligh.

Dár ndóigh caithfear bia agus seirbhísí a chur ar fáil don chine daonna agus beidh geilleagair mar chuid de sin. Mar sin féin, is í úinéireacht an gheilleagair an phríomhcheist.

Má fhanann na modhanna táirgeachta (na monarchana, na hinnill, na meaisíní déantúsaíochta, na hionaid sonraí) i seilbh lucht an rachmais, bainfear leas astú chun córas an bhrabúis gan srian a chur chun cinn de shíor.

Is mithid don phobal seilbh a ghlacadh ar na láithreacha oibre agus iad a stiúradh chun maitheas an chine dhaonna seachas chun maitheas chuntais bhainc Jeff Bezos, Mark Zuckerberg ná Elon Musk.

Bíonn neart cainte le cloisteáil ar an ‘Aistriú Cóir’, is é sin nach mbeadh an gnáthoibrí thíos leis de bharr na n-athruithe atá le teacht san eacnamaíocht agus sa chóras iompair.

Ach sin go díreach atá beartaithe ag rialtais an domhain – ceann na Sé Chontae Fichead ina measc.

Gearrfar cáin charbóin ar an ngnáthdhuine chun iad a bhrú i dtreo na gcarranna leictreacha agus níl aon chaint ar athdháileadh a dhéanamh ar acmhainn lucht an racmhais chun córas iompair phoiblí a thógáil.

Go deimhin, fógraíodh le cúpla lá anuas nach dtógfar an MetroLink i mBaile Átha Cliath go dtí i bhfad i ndiaidh 2030 “ceal acmhainní”. Amuigh faoin tuath tá slad á dhéanamh ar chóras iompair Bus Éireann, arís “ceal acmhainní”.

Tá an t-iarthuaisceart – Doire agus Tír Chonaill – go fóill gan córas traenach. Deir tráchtairí áirithe go raibh ag éirí níos fearr leis an réigiún sin ó thaobh an chórais iompair de faoi réimeas na himpireachta.

Mar gheall go bhfuil stráitéis na nGlasach agus Eamon Ryan dírithe go hiomlán ar athruithe an duine aonair agus cáin charbóin a bhrú ar dhaoine atá cheana féin ar an ngannchuid seachas ar an athrú córasach atá de dhíth, tá damáiste as cuimse déanta do chúis na timpeallachta sa stát le blianta beaga anuas.

Tuar dóchais amháin is ea an t-athrú tuisceana atá ag teacht ar ghníomhairí aeráide ar fud an domhain. Mar is iondúil, tá sciar den ghnáthphobal chun cinn ar lucht na cumhachta agus tuiscint ann anois nach réiteofar mórcheist na haeráide laistigh de chóras an bhrabúis.

Tá dúshlán ollmhór roimh an chine daonna i láthair na huaire chun ceist an athraithe aeráide a réiteach. Ach níl leigheas na ceiste le fáil sa sop in áit na scuaibe a léirigh lucht na cumhachta ag COP-26.