Category Archive : NUACHT

Scoil Éanna: freagra radacach an Phiarsaigh ar oideachas coilíneach Shasana, 8ú Meán Fómhair 1908

Rinne Pádraig Mac Phiarais cáineadh géar ar an gcóras oideachais coilíneach… “an meaisín dúnmharaithe”. Ba chóras é a chuir cos ar bolg ar spiorad na ndaltaí agus a bhrú an teanga agus cultúr síos.

Bhunaigh sé Scoil Éanna ar an 8 Meán Fómhair 1908 ag Teach an Chuillinigh in Raghnallach. Ghlac an Piarsach ról an phríomhoide agus bhí Tomás Mac Donnchadha in éineacht leis mar leas phríomhoide.

Ar lá a oscailte bhí dhá scór dalta ag freastal ar an scoil, ach chuaigh sin i méid agus faoi dheireadh na bliana bhí an ceithre scór ann. Tionscadal clainne a bhí ann: Liam, Mairéad agus Máire Bhríd ar an bhfoireann.

Chruthaíodh atmaisféar clainne. Bhí Cúchulainn mar “bhall foirne dofheicthe”. Roghnaíodh an modh díreach; tumoideachas iomlán. Ba é Scoil Éanna an chéad Ghaelscoil!

Tháinig cáil ar an scoil as a drámaí gaisciúla agus a spiorad réabhlóideach. Spreag saothair agus teagasc an Phiarsaigh idéalachas, misneach agus dílseacht don náisiún i measc na ndaltaí.

Bhí an lúthchleasaíocht agus an disciplín lárnach i Scoil Éanna. Mhúin Con Colbert druileáil agus máirseáil; ullmhúchán fisiciúil agus intinne don ghlúin réabhlóideach a bhí ag teacht chun cinn.

Bhog an scoil go dtí an Eirmeatáiste i Ráth Fhearnáin in 1910; láthair a raibh baint ag Roibeárd Emmet leis. Spreag an nasc stairiúil seo tuiscint réabhlóideach i measc na ndaltaí.

Bhí tionchar ollmhór ag Scoil Éanna ar Éirí Amach 1916. Mhúin Ceannt agus Colbert ann; ghlac cúig dalta dhéag páirt san éirí amach. Ba lárionad réabhlóideach í an scoil.

An shamhlódh an Piarsach go mbeadh stráicí móra de stát na Sé Chontae Fhichead gan Gaelscoil, agus contaetha iomlána gan Gaelcholáiste, 104 bliain i ndiaidh “neamhspleáchas”?

Te Reo Māori Faoi Ionsaí ag an Scothdheis

Tá comhghuaillíocht lena n-áirítear an scothdeis in Aotearoa (“An Nua Shéalainn”) tar éis reachtaíocht a bhrú tríd a dhéanann teanga oifigiúil den Bhéarla.

Níl anseo ach athdhearbhú ar an gcumhacht choilíneach. Tá an Béarla i gceannas sa stát cheana. Sna díospóireachtaí d’impigh feisirí Maoracha ar lucht tacaíochta an achta áit amháin ina raibh easpa seirbhísí i mBéarla le sonrú; dár ndóigh, ní fhéadfaidís.

Bhí ar na Maoraigh troid ar feadh na nglúnta chun a dteanga a chosaint. Ní raibh an Béarla riamh i mbaol. Ó 1847 ar aghaidh cuireadh cosc ar te reo Māori a labhairt ar scoil, agus baineadh leas as pionóis fisiciúil — rud a rinne dochar síceolaíochta agus a chuir luas faoin iompú teanga.

In 1900 tháinig os cionn 90% de pháistí Maorach isteach ar scoil ina chainteoirí dúchasacha. Faoi 1984 bhí an figiúr sin tite go 2%. Mar fhreagra bunaíodh Kaupapa Māori: Te Kōhanga Reo agus Te Kura Kaupapa Māori — iarrachtaí ón mbun aníos chun an teanga a athbheochan.

Is cuid de phátrún domhanda é seo: stáit choilíneacha i gCeanada, SAM, an Astráil, Iosrael, an Ind, san Eoraip, agus sna tíortha Ceilteacha ag léiriú cumhacht teanga lucht an choilínithe arís eile.

Roinnt blianta ó shin d’eagraigh Misneach imeacht darbh ainm “I dTreo an Díchoilínithe” ag a labhair an fhile Maorach Vaughan Rapatahana. Ghlaoigh sé “a many headed hydra” ar an mBéarla, mar léiriú ar ollchumhacht dhomhanda na teanga.

Agus an caipitleachas ag cliseadh os ár gcomhar, tagann an eite dheis i bhfad amach i réim agus díríonn siad a n-aird ar mhionlaigh agus teangacha mhionlaigh.

Is iad feidhm na n-ionsaithe seo ná dallamullóg a chur ar an mórphobal faoi chúis formhór a gcuid fadhbanna — an éagothroime ollmhór a chruthaíonn lucht an rachmais, na billiúnaithe, agus a sclábhaithe i measc an aosa pholaitiúil.

Gaelscoil Choláiste Mhuire

Ar feadh 24 bliain tá Gaelscoil Coláiste Mhuire, ceann de na Gaelscoileanna is sine i mBaile Átha Cliath, tar éis a bheith lonnaithe in áitreabh sealadach.

Luaigh an Roinn Oideachais go raibh “fadbhanna neamhfheicthe”, ar nós stádas cosainta dúshraitheanna an foirgneamh in aice láímhe, agus tógáil an líne LUAS, cinn de na leithscéalta le haghaidh na moilltí.

Ach bhí an suíomh faoi úinéireacht Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath roimh a cheannaigh an Roinn é uathu. I ndiaidh sin, chuir diospóidí idir na conraitheoirí agus an Roinn leis an t-ualach airgeadais. Phléasc costais an fhoirgnimh nua ó €11.5 millúin chuig ar a laghad €22 millúin i 2025.

Le déanaí, dúirt an tAire Oideachais Hildegarde Naughton go mbeidh tairiscint curtha amach le linn 4-6 seachtain i gcomhair conraitheoir nua, agus go mbeadh tógáilí ar suíomh Gaelscoil Choláiste Mhuire faoi dheireadh 2026. Faoi láthair tá daltaí Gaelscoil Choláiste Mhuire ag fulaingt i foirgneamh míchuí dá cuid riachtanais.

Léiríonn neamhiniúlacht an Rialtais a meoin tútach chuig Gaelscolaíocht sa tír: is cuma sa tioc leo faoinár teanga nó faoi leas na scoláirí.

Is siomptóim é den corás capitileach nach bhfuil foirgneamh oiriúnach ag daltaí Gaelscoile sa príomhcathair.


Chun cinntiú go bhfuil rochtain ag gach páiste ar oideachais sásúil, agus chun deireadh a chur le cuir amú fhollasach ó conraitheoirí príobháideacha ar airgead na gcáiníocóirí, is gá poblacht nua.

Lá Bithéagsúlachta agus Díchoilínithe

D’fhreastail baill Misneach ar Lá Bithéagsúlachta agus Díchoilínithe i mBaile Locha Riach inné. Reáchtáladh an lá sa “Pháirc Leathnaithe”.

Thug Joe Nix gearrchúrsa garraíodóireachta, feirmeoireachta agus bithéagsúlachta ina raibh deis ag na rannpháirtithe oideachas praiticiúil a fháil ar fhás glasraí éagsúla.

Ina dhiaidh sin thug an Dr. Kerron Ó Luain caint dár dteideal “An Ghaeilge, an Chomhshaoil agus an Díchoilíniú”. Tugadh léargas sa gcaint ar an nasc idir an scrios coilíneach-caipitleach a rinneadh ar an teanga agus ar thimpeallacht na hÉireann, ach go háirithe na foraoiseacha.

I ndiaidh an lóin thug Pádraig Ó Baoill, gníomhaí Gaeilge agus Gaelscolaíochta as Béal Feirste ach atá ag cur faoi i mBaile Locha Riach le fada, caint ar stair frith-choilíneach Oirthear na Gaillimhe.

Cíoradh gluaiseacht na mBuachaillí Bána sna 1820í ach go háirithe. Chan Ó Baoill amhrán leis an bhfile Antoine Raiftearaí a scríobadh faoi Anthony Daly, ceannaire na mBuachaillí Bána i mBaile Locha Riach a crochadh in 1820 de bharr go ndearna sé iarracht an tiarna talún James Hardiman Burke a fheallmharú.

Thug Joe Nix turas treoraithe staire, sóisialta agus bithéagsúlachta den bhaile don ghrúpa ansin a léirigh gnéithe éagsúla spéisiúla de Bhaile Locha Riach.

Lá cumhachtach a bhí ann a léirigh go soiléir go bhfuil bithéagsúlacht, díchoilíniú, agus oideachas polaitiúil fite fuaite sa streachailt chéanna.

Gaimbíní Fianna Fáil ag éascú scrios Airbnb ar an nGaeltacht

Tá sé tuairiscithe i The Ditch gur oscail an tAire Foley oifig gnó atá ag cur, go mídhleathach, le meath na Gaeltachta. Is le lánúin as Los Angeles ceann de na tithe ar Wild Atlantic Aways. D’íoc siad €370,000 air agus d’iompaigh siad ina chíos gearrthéarmach ar €1,800 é.

De réir na ndlíthe pleanála is gá cead a lorg an dara teach a chur ar cíos go gearrthéarmach. Níl cead ag an teach Gaeltachta seo a bheith ar cíos go gearrthéarmach.

Is é seo croílár na faidhbe sa Ghaeltacht: breathnaíonn infheisteoirí seachtracha ar na ceantair mar dheis le brabús a dhéanamh. Is cuma sa sioc leo faoi thodhchaí na teanga. Agus tá rialtas na nGaimbíní ag éascú an phróisis i rith an ama.

Seans go gcuirfidh na treoirlínte nua pleanála srian éigin ar chultúr an tsaint seo, ach caithfear iad a chur i bhfeidhm go láidir. Más í Foley agus lucht gaimbín Fianna Fáil agus Fine Gael a bhfanfaidh i gcumhacht beag seans go gcuirfear i bhfeidhm iad.

Ní chinnteoidh ach Poblacht Nua, ina bhfuil fíor dhaonlathas agus ina dtugtar dúshlán ceart do thiarnaí talún, todhchaí bheo don Ghaeltacht agus an Ghaeilge.

Íonsaionn Reform UK na Teangacha Ceilteacha Arís!

Is sotal an choilínithe, faoi scáth an mhaorlathais, é iarracht Reform UK ábhar toghchánaíochta a theorannú go dtí na “teangacha dúchasacha”.

Maítear gurb é Béarla teanga nádúrtha an daonlathais. Ach brúdh an Béarla ar na hoileáin seo trí choncas, an phlandáil agus polasaithe frith-Cheilteacha.

Is beag nár maraíodh na fíor teangacha dúchasach – an Ghaeilge, an Bhreatnais, Gàidhlig, Gaeilge Mhanann agus Coirnis – go hiomlán trí na blianta den fhoréigean stáit agus an cosc a bhí orthu sna córais oideachais, dlí agus polaitiúil.

Tá Reform UK ag iarraidh “soiléiriú” a dhéanamh anois ag maíomh nár bhain an reachtaíocht ach le teangacha “eile” ar nós an Urdu agus Bengali. Ach chaith an páirtí na seachtainí ag ionsaí na Breatnaise le linn an fheachtais toghchánaíochta ann le déanaí.

Tá ciníochas leithéidí Reform UK i gcoinne daoine de dhath fite fuaite leis an gciníochas fadbhunaithe frith-Cheilteach.

Má theastaíonn uait páirt a ghlacadh in eagraíocht a sheasann i gcoinne leithéidí na heite deise i bhfad amach i Reform UK agus atá meon agus comrádaithe idir-Cheilteacha aige glacaigí páirt i Misneach inniu.

Glac páirt in eagraíocht Díchoilínithe i gColáiste na hOllscoile, BÁC!

Bhí an Ghaeilge mar chuid de Choláiste na hOllscoile, BÁC, ó 1854 nuair a múineadh é mar chuid de churaclam na dána. Nuair a d’iompaigh an ollscoil ina institiúid stáit in 1908 bhí an teanga mar chuid foirmeáilte den struchtúr acadúil.

Le linn an fhichiú haois bhí léachtóirí Gaeilge na hollscoile lárnach i gcur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge. Tá Cartlann Béaloideasa na hÉireann, a chaomhnaíonn oidhreacht scéalaíochta agus béaloideasa na tíre, lonnaithe san ollscoil.

Bunaíodh An Cumann Gaelach sna 1920í. Bhí neart feachtais síos trí na blianta don chomharthaíocht agus ar son feiceálacht na Gaeilge, ach go háirithe ó na 1960í ar aghaidh.

Ach ainneoin cumhacht agus saibhreas na hollscoile, ba mhinic a raibh tacaíocht institiúideach don teanga lag go leor. Ba iad na mic léinn a chur póstaeir in airde, a reáchtáil imeachtaí agus a d’eagraigh agóidí Gaeilge, a choinnigh an Ghaeilge beo ar an gcampas agus a rinne dul chun cinn ar son na teanga.

Má theastaíonn uait páirt a glac in eagraíocht atá dírithe ar tuilleadh díchoilíniú a chur i gcríoch i gColáiste na hOllscoile, BÁC, bígí i dteagmháil linn inniu.

Is Smál ar an bProtastúnachas “Oíche an 12ú”

Maíonn lucht tinte cnámh “Oíche an 12ú” go bhfuil siad ina ionadaithe ar an traidisiún Protastúnach. Ach an fheidhm atá ag na tinte chnámh ná chun fuinneamh an lucht oibre Protastúnach a chur I dtreo na polaitíochta frithghníomhaí.

Sa chaoi seo ní théann an fuinneamh céanna i dtreo na saoirse, na cothromaíochta, agus na féinmhuiníne cultúrtha. Níl an tAontachtas forchiníoch ionadaíoch ar stair na bProtastúnach in Éirinn.

Smaoineoimis, in áit sin, ar Dhúbhglas de hÍde; Gaeil Protastúnach, gníomhaí, scoláire, béaloideasóir, teoiricí dhíchoilínithe a bhí lárnach san athbheochan. Bhí lámh ag de hÍde i mbunú an Conradh a bhí sé mar aidhm aige an tír a dhí-Ghalldú, sé sin a Dhíchoilíniú, ar son gach éinne beag beann ar a reiligiún nó cúlra eitneach.

Chuaigh de hÍde ar shlí na fírinne ar an 12ú Iúil 1949. D’fhág sé traidisiún saibhir den uileghabhálacht cultúrtha radacach agus fís ina raibh an Ghaeilge mar oidhreacht náisiúnta do chách. Tá Protastúnaigh in Oirthear Bhéal Feirste agus ar fud na tíre ag leanúint sa traidisiún sin go fóill.

Diúltaíonn Misneach do pholaitíocht cúngaigeanta “Oíche an 12ú Iúil”. Seasann muid i dtraidisiún de hÍde agus iad siúd a bhreathnaigh ar an nGaeilge mar ghléas saoirse do chách. Sna comhráití atá ag tarlú faoi Éirinn Aontaithe cheana, ba chóir an bhéim a leagadh ar an gcuid lárnach sin den traidisiún Protastúnach.

Gníomh díchoilínithe i gCorcaigh

Chuaigh gníomhaithe Misneach agus Liú na Laoi i mbun obair dhíchoilínithe i gCorcaigh le déanaí.

Seoladh litir oscailte go comhairleoirí cathrach Chorcaí ag impí orthu rún a rith le tús a chur le Polasaí Díchoilínithe don chathair, lena n-áirítear ainmneacha sráide.

Tá sé i bhfad thar am gur deineadh díchoilíniú ceart ar thírdhreach na cathrach!

Cath na staire beo i gCorcaigh go fóill agus díchoilíniú déanta ar chomharthaí sráide impiriúlacha

Is iomaí uair gur chualathas i léamh liobrálach na staire, “gurb ionann an stair ar fad”. Is é sin le rá go bhfuil an luach céanna ag insint staire amháin agus atá ag insint staire eile. Dár ndóigh, is truflais é an ráiteas sin. Mar is eol dúinn bíonn insintí éagsúla na staire in adharca lena chéile.

Cuir i gcás insint stair na hÉireann atá bunaithe ar cheart fhlaitheas na náisiúin agus an insint athbhreithnitheach fhrithnáisiúnach a dhéanann beag is fiú den cheart sin. 

Sampla eile den chur chuige liobrálach seo i leith na staire ná i gcás thírdhreach ár gcathracha agus bailte, áit a bhfuil ainmneacha, deilbheanna agus siombailí an choilínithe fós le feiceáil.

Maíonn na liobrálaithe gur “cuid den stair” iad na rianta seo ó ré na himpireachta. Agus, dá bharr sin, maítear gur gá iad “a chaomhnú inár dtírdhreach”. Ach tá feidhm agus cumhacht shíceolaíoch áirithe ag siombailí, ainmneacha, comharthaí, agus logainmneacha.

Mar is eol do Ghaeil, tá cumhacht an Bhéarla le sonrú sa ghibiris ghalldaithe dár logainmneacha Gaelacha fud fad na tíre. Tá cumhacht áirithe le sonrú chomh maith sna sráideanna agus bóithre a bhfuil ainmneacha chlanna ríoga Shasana orthu go fóill. 

Seans nach dtugann formhór na ndaoine mórán airde ar na siombailí seo. N’fheadar an gcothaíonn nó nach gcothaíonn siad meon Seoiníneach. Níor deineadh taighde soch-shíceolaíochta ar an gceist riamh, go bhfios dom.

Ach, níos mó ná aon rud eile, is léiriú iad ar an díchoilíniú nach ndeachthas fada go leor leis. Tá impleachtaí na heaspa díchoilínithe seo le sonrú mar a luaigh mé sna hainmneacha Béarla atá in áit ár logainmneacha ársa, in easpa físe fadradharcaí an stáit i leith na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa chóras oideachais, in úinéireacht talún atá go fóill faoi smacht tiarnaí talún coilíneacha, cuir i gcás Lios Mór agus Diúc Devonshire, agus sa chóras caipitlíoch coilíneach nár briseadh leis tar éis bhunú an tSaorstáit.

Is sa chomhthéacs seo a chuaigh Misneach agus Liú na Laoi i mbun gníomh díchoilínithe i gCorcaigh le linn dheireadh seachtaine na Cásca. Tá an chathair breac le comharthaí sráide a thugann ómós d’Impireacht Shasana.

Cé go ndeir muintir Chorcaí gur “reibiliúnaigh” iad, tugtar ómós do chlann ríoga Shasana ina dtírdhreach go fóill. Níl Baile Átha Cliath gan locht sa mhéid seo, dár ndóigh. Agus chuaigh Misneach i mbun gníomh den sórt céanna ann in 2024.

An babhta seo i gCorcaigh mhol Misneach agus Liú na Laoi gur chóir laochra Gael agus poblachtacha a chur in áit ainmneacha an choilínithe. Mar sin, d’athraíomar trí chomhartha i lár na cathrach.

Is ainm é Union Quay a léiríonn an scrios cultúrtha: tugtar ómós d’Acht an Aontais 1801. Reachtaíocht é seo a fuair réidh le parlaimint na hÉireann i ndiaidh Éirí Amach 1798. Mhaígh lucht cumhachta Shasana go gcruthófaí “aontacht”.

Ach i ndáiríre is tuilleadh den chur faoi chois a bhí i gceist. Déanann ainm na céibhe comóradh ar an imeallú bunreachtúil. Ní léiriú é an t-ainm ar na daoine a mhair, a d’oibrigh nó a labhair sa cheantar sin é. 

Mar sin, athraíodh ainm na céibhe go Cé Phádraig Uí Chuanacháin. Chaith Ó Cuanacháin, a rugadh i gCorcaigh in 1932, a shaol i mbun oibre i gcoinne thoradh an impiriúlachais. Ba dhíograiseoir Gaeilge é, a rinne feachtasaíocht ar a son i gcúlseomraí, seomraí boird agus ar na sráideanna.

Cuireadh i ngéibheann é sa Churrach in 1956 de bharr a sheasaimh phoblachtaigh, agus chaith sé seal sa phríosún arís sna 1970í. Nuair a scaoileadh saor é chinn sé ar an nGaeilge a dhéanamh níos feiceálaí agus a chur i lár an aonaigh i ngeilleagar na cathrach agus an chontae.

Chuir sé an chomharthaíocht dhátheangach chun cinn go mór mór agus bhí lámh aige i mbunú Gaelscoileanna ar fud Chúige Mumhan. Rinne sé athréimniú ar an nglór a rinne Acht an Aontais iarracht a chur faoi chois.

Comhartha eile a ndearnadh díchoilíniú air ná Albert Street. Cosúil le Union Quay, is comhartha aonteangach Béarla é seo. Ainmníodh Albert Street i ndiaidh an Phrionsa Albert tar éis dó féin agus an Bhanríon Victoria cuairt a thabhairt in 1849.

Agus an tír ag fulaingt sa Drochshaol, thug an chlann ríoga cuairt áiféiseach ar Éirinn lán de sheó agus searmanais. Tugann an t-ainm seo ómós don ríochas, ní don ghnáthphobal nó na daoine a d’oibrigh ar thaobh na habhann agus a d’fhulaing faoi riail Shasana. 

I gcodarsnacht leis an méid sin, chaith Muirgheal Bean Mhic Suibhne (Muriel MacSwiney mar is fearr aithne uirthi) a saol ag obair go díograiseach ar son na ndaoine. Rugadh i gCorcaigh í mar Muriel Frances Murphy in 1892 agus chuaigh sí leis an ngníomhaíocht chléach phoblachtach. Ghlac sí ballraíocht le Conradh na Gaeilge agus Cumann na mBan.

I ndiaidh bhás a fir Traolach Mac Suibhne, nó Terence MacSwiney mar is fearr aithne air, chuaigh sí i mbun feachtasaíochta go hidirnáisiúnta. 

Bhí sí chun cinn i bhfeachtais phoblachtacha agus ar son na n-oibrithe sna Stáit Aontaithe agus i bParás. Throid sí ar son an cheartais, i gcoinne na héagóra agus sheas sí leis na hoibrithe agus cosmhuintir an domhain i gcoinne lucht an cheannais.

Ainmníodh Bóthar Victoria as an mbanríon, dár ndóigh, “Banríon an Ghorta”. Ba chomóradh é seo ar an gcuairt ríoga in 1849, agus ba chomhartha é chun ómós a léiriú d’údarás na himpireachta. Ba iarracht é ainmniú an bhóthair cathair Éireannach a iompú ina chathair dhílis Sasanach nó, ar a laghad, ina chathair sheoinínteach.

A mhalairt a bhí ar bun ag Leslie Price de Barra, a rugadh in 1893. Ba chúiréir í in Ard Oifig an Phoist in 1916. Thug Seán Mac Diarmada ardú céime di agus d’iompair sí teachtaireachtaí agus armlóin i mbaol a báis le linn na réabhlóide. I ndiaidh an Éirí Amach chabhraigh sí le fás Chumann na mBan ó 17 gcraobh go 600 craobh. Bhí sí ina stiúrthóir ar Chumann na mBan ar ball, agus chuaigh sí i mbun obair dhaonnúil chomh maith. Bhí sí mar chathaoirleach ar Chumann Croise Deirge na hÉireann.

Chabhraigh sí le teifigh agus bhí lámh aici i mbunú Gorta, eagraíocht a thug cúnamh do dhaoine ocracha san Afraic. Mar sin, nár cheart ómós a thabhairt inar tírdhreach do dhuine a d’oibrigh i gcoinne an ghorta, seachas banríon a bhí ina ceann feadhna ar stát Shasana a rinne réabadh ar an tír sna blianta 1845-52 agus a bhuail buille láidir ar ár sochaí, teanga, cultúr agus geilleagar a bhfuilimid fós ag dul i ngleic leis inniu?

Ní mór do Chomhairle Cathrach Chathair Chorcaí, i dteannta comhairlí eile agus an rialtais chomh maith, polasaí díchoilínithe a chur i bhfeidhm.

I gCorcaigh go háirithe tá sé scannalach an bealach a bhfuil an stát ag caitheamh le Gael Taca, an eagraíocht a bhunaigh Pádraig Ó Cuanacháin thuasluaite. Ba chóir an eagraíocht a mhaoiniú, infheistíocht a dhéanamh chun Cultúrlann Chorcaí a bhunú, agus dul i mbun bearta díchoilínithe ar an tírdhreach leis.

Is féidir cuimhneamh ar an stair go cinnte, an stair impiriúlach chomh maith. Ach is é an iarsmalann an áit do na siombailí sin, áit a ndéanfar comhthéacsú agus míniú orthu. Níor chóir go mbeidís fós scaipthe ar fud ár gcathracha go fóill tar éis 104 bliain den “neamhspleáchas”.

Cuirim an focal sin idir uaschamóga mar is stát spleách é na sé chontae fichead go fóill, mar is léir i dtaobh a stádais mar stát faoi smacht na bPoncánach go míleata agus go heacnamaíoch. Tá gaol díreach síceolaíoch ag an staid reatha sin leis an easpa díchoilínithe a deineadh san fhichiú haois agus a léirítear go fóill i gcuid mhaith comharthaí sráide impiriúlacha.

Mar sin, is cath comhaimseartha é an cath stairiúil; troidimis an dá chath i dteannta a chéile!