Cymdeithas yr iaith agus ceist na tithíochta

Cymdeithas yr iaith agus ceist na tithíochta

Bhí agóid mhór faoin ngéarchéim tithíochta ar siúl le gairid in Aberystwyth na Breataine Bige ag ár gcomrádaithe in Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (“Cumann na Breatnaise”). 

Dála cás s’againne in Éirinn, tá cúrsaí tithíochta ina n-ábhar achrainn sa mBreatain Bheag le píosa maith anuas, agus tá Cymdeithas yr Iaith ar cheann de na grúpaí atá ag troid in aghaidh chumhacht lucht an rachmais agus na dtiarnaí talún. 

Bhí baill den chumann tionontaí ACORN i láthair ag an agóid freisin, macasamhail CATU in Éirinn.

Cothrom an ama seo 60 bliain o shin a bunaíodh Cymdeithas yr Iaith. Ón gcéad lá riamh bhain siad úsáid as an easumhlaíocht shibhialta mar chroílár dá stráitéis – b’é ceann de na chéad rudaí a rinne siad ná bac a chur ar phríomhdhroichead Aberystwyth. 

Is toradh díreach ar na taicticí sin iad na cearta láidre teanga atá ag cainteoirí Breatnaise inniu. Bhí grúpaí eile a chuaigh ní b’fhaide – dhóigh an grúpa “Meibion Glyndŵr” breis is 230 teach saoire sna 80idí agus na 90idí.

Ach tá dúshláin fós ann. In Ynys Môn (“Anglesey”), mar shampla, ceann de na ceantracha is láidre Breatnaise, tá sráidbhailte ann ina bhfuil breis is 75% de thithe ina dtithe saoire – rud atá ina scannal dearg a bhrúnn cainteoirí óga Breatnaise amach ón áit. 

Léiríonn na figiúirí sin an leisce uafásach atá ar rialtais rialú a dhéanamh ar an margadh tithíochta, agus is dá bharr seo a deir Cymdeithas go bhfuil pobail Bhreatnaise á ndúnmharú ag fórsaí an mhargaidh.

Is próiseas é seo, ar ndóigh, atá ar siúl ar fud an domhain. Is córas idirnáisiúnta é an caipitleachas. 

Chun aird a tharraingt ar nádúr idirnáisiúnta na faidhbe seo, rinne Misneach agus ár gcairde i Misneachd na h-Alba, agus grúpaí Ceilteacha eile, an físeán seo i gcomhar le Cymdeithas arú anuraidh. 

Tá baill de Mhisneach i gceantracha éagsúla Gaeltachta ag obair ar fheachtas tithíochta faoi láthair, agus tá go leor againn gníomhach i CATU chomh maith.

Na bíodh aon doiléireacht faoi seo – is cearta daonna iad cearta tithíochta. Tá áit chónaithe shábháilte tuillte ag chuile dhuine beo, beag beann ar a gcumas airgeadais, agus cuireann daoine saibhre an ceart seo ar ceall ar mhaithe le brabús a dhéanamh. Míníonn an físeán seo go snasta é:

Ar ndóigh, nuair atá pobal mionteanga i gceist, tá gné eile den scéal ann chomh maith. Seasann Misneach lenar gcairde thar sáile agus leis an éileamh atá acu ar athrú radacach polaitiúil le dul i ngleic le scriosadh a bpobal. Cymdeithas yr Iaith abú!