Athruithe

Athruithe

Pléann ball Misneach, Tomás Ó Loinsigh, na hathruithe atá ag teacht ar an gcomhshaol; comhshaol na Gaeilge san áireamh

Tá go leor rudaí ann nach n-aithnítear go bhfuil siad in easnamh, go dtí go bhfeictear arís go tobann iad tar éis tamall fada gan a n-easnamh a thabhairt faoi ndeara. 

Is annamh anois a fheictear snáthaidí móra ná creabhair capaill ná an iomaí feithid bheag eile nach bhfuil de Ghaeilge ná de Bhéarla agam, mar jackeen a rugadh i dtreo dheireadh an fichiú haois, le cur síos orthu. 

Ach is cuimhin liom na feithidí sin do mo chrá ar fheirm m’uncail i gContae an Chabháin agus mé ag cuidiú (nó sin a cheapas agus níor bhréagnaíodh mé) le m’athair ann mar ghasúr. 

Agus ansin le cúpla lá anuas, nuair a mhothaigh mé iad ag baint greim asam arís, d’airigh mé cé chomh fada is a bhí sé ó chonaic mé iad. Is cuimhin liom chomh maith, agus muid ag taisteal abhaile ar chúlbhóithre dorcha, scáth gaoithe an ghluaisteáin clúdaithe le feithidí beaga, meallta ag soilse tosaidh an chairr. 

Ní fheictear sin anois. Tá córas feirmeoireachta monashaothraithe agus scaipeadh sciodair agus lotnaidicíde tar éis deireadh a chur leo uile, is dócha.  

Ar an bhfeirm chéanna, blianta fada ó shin, bhíodh capaill ann chun obair na feirme a dhéanamh, agus gort coirce curtha ar leataobh chun ábhar beatha a sholáthar dóibh, agus sa ghort sin bhíodh piasún agus éin eile, a d’fhéadadh iad fhéin a chothú ón choirce céanna. 

Anois, níl ar an bhfeirm ach beithígh, agus níl áit ann don fhiadhúlra uile eile a mhaireadh leo air tráth.

Agus ní ar na feirmeacha amháin atá seo ag titim amach. Tá éisc na farraige ag dul in éag leis an ró-iascaireacht atá ar bun. 

Aon iascaire ar mian leo a bheatha a chothú ar an bhfarraige, níl an dara rogha acu anois ach páirt a ghlacadh sa ró-iascaireacht chéanna, mar is é sin a chuireann an córas caipitlíoch iachall orthu a dhéanamh. 

Sna portaigh, ar sean-nós traidisiúnta agus dúchasach (agus eistarraingtheach) na tíre seo, tá móin fós á baint bliain in aghaidh bliana, ag scriosadh gnáthóg dhúlra agus linn carbóin, agus ag scaoileadh carbóin – ach gan foinse in-athnuaite fuinnimh faoi smacht an phobail, cén rogha atá ag teaghlaigh thuaithe ach an mhóin a bhaint agus a dhó?

Agus b’fhéidir gurb é sin an chúis nach bhfuil an stór focal agam chun cur síos cruinn a dhéanamh ar an dúlra seo ar fad – ní bhaineann sé le mo shaol ná le saol duine nó dála sa tír seo anois. 

Cad is fiú, sa lá atá inniú ann, an t-ainm cruinn traidisiúnta a bheith agat ar éan atá ag dul in éag, ar chrann nach féidir luach adhmaid a fháil uirthi, ar athrú tapaidh ar an aimsir nó cith tobann baistigh, nuair atá muid sáinnithe slán sábháilte sa ghluaisteán nó os comhair na teilifíse?

Is dócha nach aon rud nua í seo i stair an chine dhaonna. Ní hí an fichiú haois an chéad uair atá scrios iomlán déanta ag daoine ar an gcomhshaol mórthimpeall orthu. 

Dar ndóigh, rinne na hEorpaigh scrios ar fhiadhúlra (agus ar shochaithe daonna) Mheiriceá nuair a thosaigh siad ar an mhórchríoch sin a choilíniú sa séú chéad déag. Ach b’fhéidir gurb í seo an chéad uair go bhfuil seo ag tarlú ar scála domhanda.

Is minic le tamaillín beag anuas a fheictear inbhuanaitheacht teanga agus dúlra á phlé sa chomhrá céanna. 

Tá an-phlé ar cheisteanna timpeallachta sna meáin Ghaeilge, agus tá leabhair ar díol anois ag tarraingt aird ar an nasc ársa idir an teanga Ghaeilge agus tírdhreach agus timpeallacht na tíre seo. Ach ar shlí éigin, uaireanta mothaím nach bhfeictear méad agus donas an chruacháis atá ann ó thaobh na teanga agus an chomhshaoil de.

Le cúpla seachtain anuas, chualathas nach bhfuil ach 23% de theaghlaigh Ghaeltachta ag tógáil a gclann le Gaeilge. Is teanga dhaoine aosta na Gaeltachta í an Ghaeilge anois – níl ach 16% de dhaoine óga faoi bhun 18 bliain d’aois as an Gaeltacht ag labhairt na teanga go laethúil lasmuigh den chóras oideachais. 

Figiúirí iad seo atá an-chosúil leis na figiúirí a tháinig amach anuraidh, a léirigh nach bhfuil ach deich mbliain fágtha ag Gaeilge na hAlban mura mbíonn athrú mór ar chur chuige an rialtais ansin chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá á fulaingt ag an teanga, áit a bhfuil mórchuid na gcainteoirí sna caogaidí nó níos sine. 

Is rí-shoiléir atá sé leis na staitisticí úra os ár gcomhair, agus gan aon dalbhadh orainn nach bhfuil cás na Gaeilge mórán níos fearr.

Seachtain nó dhó ina dhiaidh sin, i lár tonn teasa millteanach ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh, agus tuillte uafásacha ag titim amach in áiteachaí eile, foilsíodh tuairisc nua de chuid an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis an ngéarchéim aeráide.

Cuirtear in iúl sa tuairisc go bhfuil aimsir den chineál seo ag dul in olcas agus i minicíocht, agus go bhfuilimid cheana féin buailte leis an bpointe claochlaithe, pointe nach mbeidh (nó nach bhfuil) aon filleadh uaidh. 

Agus, ag féachaint ar mhéad na faidhbe sin, tá sé rí-shoiléir nach bhfuil aon fhiúntas ag baint le haon iarracht aonair cúrsaí a athrú – athrú iomlán chórais atá de dhíth.

Nuair a airím ainmhithe nó feithidí nach bhfaca mé le tamall i gceantar éigin atá scoilte amach ón fheirmeoireacht mhonashaothraithe arb é bunleagan na feirmeoireachta sa tír seo agus i ngach aon tír sa lá atá inniú ann, nó nuair a chloisim páistí óga Gaeltachta ag caint eatarthu fhéin as Gaeilge, bíonn idir áthas agus brón orm. Mothaím brón mar dhuine a bhfuil sé de phribhléid aige gnéithe de shean-domhain atá ar tí imeacht go deo a fheiceáil nó a chloisint. 

Nuair a bhristear leis an slabhra trasghlúine a théann siar na mílte bliain trínar sheoladh teanga ar aghaidh ó ghlúin go glúin – agus tá an eachtra mílaoiseach seo ag tarlú timpeall orainn inniú – agus nuair a cailltear gnáthóg dhúlra, níl aon bhóthar siar. 

Ní féidir an slabhra briste a chuir le chéile nó an ghnáthóg a athógáil mar a bhí. 

Cinnte, is féidir an Ghaeilge a fhoghlaim anois go héasca ar líne nó ó leabhair, agus cinnte, má thagann deireadh leis an gcine daonna (rud nach gcreidim a tharlóidh, beidh lucht an rachmais ann i gcónaí, iad slán sábháilte ina gcathracha aerchóirithe agus teochtrialaithe, agus beidh na bochtanaigh ann i gcónaí chomh maith, gan aon cheist, gafa i gcathracha fairsinge, gan aon chosaint acu ón timpeallacht, ón salachar, ón ghalar, ó iarmhairtí millteanacha an athrú aeráide), b’fhéidir go dtiocfaidh an dúlra ar ais chuici féin, ach ní hí an dúlra céanna a bhéas ann – tá ainmhithe ‘s éisc ‘s éin atá imithe ina n-iomlán anois, ró-iascaireacht déanta orthu nó a mbiashlabhra iomlán scriosta againn.

Uaireanta mothaímid go bhfuilimid ag cónaí i ndomhan atá ag fáil báis.

Ach anseo is ansiúd, bíonn fíorsplancacha an dóchais le feiceáil. I mBéal Feirste, tá naíonra á chur ar bun ag gníomhaithe cróga in oirthear na cathrach, ainneoin bagairtí roinnt biogóidí Gaelfóbacha. 

I mBéal Feirste, cathair ina bhfuil an Ghaelscolaíocht ag dul ó neart go neart, ón am ar bunaíodh Bunscoil Phobail Feirste, in aghaidh gach iarracht an stáit í a chur faoi chois, tá an Ghaeilge anois mar cheann des na huirlisí is láidre le dhá phobail scoilte a thabhairt le chéile.

I mBéal Feirste a cuireadh ar bun an chéad iarracht pobal labhartha Gaeilge a bhunú go tíreolaíoch i gceantar faoi leith ar Bhóthar Seoighe, nach raibh lonnaithe sa Ghaeltacht féin ach san iar-Ghaeltacht. 

Tá torthaí na hiarrachta sin le clos inniú i measc na ndaoine óga a bhfuil an teanga in úsáid acu ar na sráideanna agus i gcaiféanna na cathrach. 

B’fhéidir go mbristear an slabhra anseo nó ansiúd, ach in áit eile cuirtear tús le slabhra nua. 

Is sampla í Béal Feirste dúinn ar fad – más saol trí Ghaeilge atá uainn, ní mór an Ghaeltacht a chosaint, ach chomh maith le sin beidh orainn troid san áit ina bhfuilimid, bíodh sin sa chathair nó faoin tuath. 

Le domhan atá ag éirí níos uirbí gach aon lá – de réir na Náisiún Aontaithe tá breis is leath de dhaonra an domhain anois ina gcónaí i gcathracha agus ceantracha uirbeacha, an tromlach ollmhór dóibh sin i slumaí bochta, don chéad uair riamh i stair an chine dhaonna – muna bhfuil spás sna cathracha don Ghaeilge, ní bheidh ann di amach anseo. 

Agus b’fhéidir gur féidir splancacha den chineál céanna a airint leis an chomhshaol. Ní bheidh rudaí mar a bhí riamh arís. 

Ach an cheist mhór atá romhainn anois ná an scaoilfimid do lucht an rachmais (agus ar scála domhanda, sin cuid mhór den Eoraip agus na Stáit Aontaithe) iad féin a chur faoi ghlas laistiar de bhallaí arda an chiníochais agus an fhuatha, agus an mhórchuid againn a fhágáil lasmuigh den doras, san fhásach atá le déanamh den domhan? Nó an dtroidfimid chun réiteach cóir a bhaint amach, chun tograí ón mbun aníos a chur ar bun, chun domhan slán agus saor a chur ar fáil do chuile dhuine air? 

Tá tograí i gceantracha tuaithe na tíre seo curtha ar bun le blianta beaga anuas, chun smacht an phobail áitiúil a fháil ar fhuinneamh inathnuaite, feirmeacha gaoithe phobail a thógáil agus an fuinneamh sin a chur chun leas an phobail chéanna, agus briseadh amach ón mhargadh fuinnimh agus breosla eistarraingtheach domhanda. 

Tá fuinneamh na gréine chomh flúirseach sin agus an teicneolaíocht chomh forbraithe anois, gurb í an bac is mó atá air sa lá atá inniú ann mar chóras cumhachta, ná nach bhfuil brábús le dhéanamh as. 

Ach más deireadh leis an gcóras caipitlíoch, eistarraingtheach, is cúis leis an ngéarchéim aeráide atá uainn – agus ag an bpointe seo ní dócha go bhfuil aon chaoi eile chun saol cóir a chur ar fáil do thromlach mór an chine dhaonna – is é seo atá le déanamh. 

Beidh focail nua Ghaeilge ag teastáil chun cur síos ceart a dhéanamh ar dhomhan úr den chinéal sin.