Author: misneach

te reo Māori: inné agus inniu 

Tháinig te reo Māori, nó teanga na Maorach, faoi bhrú nuair a thosaigh próiseas an choilíneachais in Aotearoa (“An Nua-Shéalainn”). Ach thosaigh an cúlú dáiríre i ndiaidh 1840í – cosúlacht aisteach le hÉirinn, is dócha. 

Bhí formhór Aotearoa ag labhairt na Maoraise nuair a síníodh Te Tiriti o Waitangi (Conradh Waitangi) in 1840. Chreid na Maoraigh go gcosnófaí a gcearta, agus a dteanga agus cultúr. Ach, iontas na n-iontas, loic Coróin Shasana ar na gealltanais a tugadh. 

Níos lú ná tríocha bliain i ndiaidh shíniú an chonartha déanadh rialú Wi Parata v Easpag Wellington (1877) a chaith spiorad Chonradh Waitangi i dtraipisí. Tháinig creimeadh ar neamhspleáchas na Maorach ina dhiaidh sin agus cruthaíodh an comhthéacs don asamhlú cultúrtha dian.

Ba é an t-oideachas príomhghléas an choilíneachais chultúrtha. Bhain scoileanna miseanacha leas as te reo Māori, ach b’éigean Béarla amháin a úsáid i ndiaidh Reacht Oideachais 1847.

Threisigh dhá phíosa eile reachtaíochta, Acht na Scoileanna Bundúchasacha (1867) agus Cód na Scoileanna Bundúchasacha (1880), an cur faoi chois cultúrtha agus an ciníochas institiúideach.

Faoi thús an fhichiú haois bhí cosc ar te reo Māori a labhairt ar scoil, agus baineadh leas as pionós fisiciúil sa seomra ranga, rud a rinne dochar ollmhór síceolaíochta agus a chuir luas faoin iompú teanga.

In 1900, tháinig os cionn 90% de pháistí Maoracha isteach ar an scoil ina gcainteoirí dúchasacha. Faoi 1960, bhí an figiúr sin tite go 25%, agus faoi 1984 ní raibh ach thart ar 2% ann a bhí á dtógáil leis an teanga.

Mar fhreagra ar an gcúlú tubaisteach seo bunaíodh Kaupapa Māori, oideachas trí mheán theanga na Maorach. Bunaíodh Te Kōhanga Reo (neadacha Maoraise), macasamhail na naíonraí, agus Te Kura Kaupapa Māori, macasamhail na ngaelscoileanna. Tá ceart teanga áirithe bainte amach ag cainteoirí na Maoraise chun tacú leis na hiarrachtaí seo a tháinig ón mbun aníos.

Ach le déanaí tá comhghuaillíocht den eite dheis agus an eite dheis i bhfad amach, Páirtí Náisiúnta na Nua-Shéalainne, New Zealand First agus ACT New Zealand, tar éis reachtaíocht a bhrú tríd a dhéanann teanga oifigiúil den Bhéarla. 

Níl anseo ach athdhearbhú ar an gcumhacht choilíneach. Tá an Béarla i gceannas sa stát cheana. Sna díospóireachtaí faoin reachtaíocht d’impigh na feisirí Maoracha ar lucht tacaíochta an achta áit amháin a lua ina raibh easpa seirbhísí i mBéarla le sonrú; dár ndóigh, ní fhéadfaidís.

Is cuid de phatrún domhanda é seo; tá stáit choilíneacha, i gCeanada, in SAM, san Astráil, in Iosrael, san Ind, agus in áiteanna eile, ag brú reachtaíocht chun teanga an choilínígh a léiriú arís eile fad is a fhanann teangacha na mbundúchasach imithe. Is cuid de chathanna cultúrtha na heite-deise i bhfad amach é an méid atá ag tarlú. 

Fad is a chliseann ar an gcaipitleachas, tagann an eite dheis i bhfad amach i réim agus ar an bpointe boise díríonn siad a n-aird ar mhionlaigh agus teangacha mionlaigh. 

Sa chaoi seo, cuireann siad an dallamullóg ar an mhórphobal faoin gcúis atá le formhór a gcuid fadhbanna – an éagothroime ollmhór a chruthaíonn lucht an rachmais, na billiúnaithe, agus a sclábhaithe i measc an aosa pholaitiúil. 

Te Reo Māori Faoi Ionsaí ag an Scothdheis

Tá comhghuaillíocht lena n-áirítear an scothdeis in Aotearoa (“An Nua Shéalainn”) tar éis reachtaíocht a bhrú tríd a dhéanann teanga oifigiúil den Bhéarla.

Níl anseo ach athdhearbhú ar an gcumhacht choilíneach. Tá an Béarla i gceannas sa stát cheana. Sna díospóireachtaí d’impigh feisirí Maoracha ar lucht tacaíochta an achta áit amháin ina raibh easpa seirbhísí i mBéarla le sonrú; dár ndóigh, ní fhéadfaidís.

Bhí ar na Maoraigh troid ar feadh na nglúnta chun a dteanga a chosaint. Ní raibh an Béarla riamh i mbaol. Ó 1847 ar aghaidh cuireadh cosc ar te reo Māori a labhairt ar scoil, agus baineadh leas as pionóis fisiciúil — rud a rinne dochar síceolaíochta agus a chuir luas faoin iompú teanga.

In 1900 tháinig os cionn 90% de pháistí Maorach isteach ar scoil ina chainteoirí dúchasacha. Faoi 1984 bhí an figiúr sin tite go 2%. Mar fhreagra bunaíodh Kaupapa Māori: Te Kōhanga Reo agus Te Kura Kaupapa Māori — iarrachtaí ón mbun aníos chun an teanga a athbheochan.

Is cuid de phátrún domhanda é seo: stáit choilíneacha i gCeanada, SAM, an Astráil, Iosrael, an Ind, san Eoraip, agus sna tíortha Ceilteacha ag léiriú cumhacht teanga lucht an choilínithe arís eile.

Roinnt blianta ó shin d’eagraigh Misneach imeacht darbh ainm “I dTreo an Díchoilínithe” ag a labhair an fhile Maorach Vaughan Rapatahana. Ghlaoigh sé “a many headed hydra” ar an mBéarla, mar léiriú ar ollchumhacht dhomhanda na teanga.

Agus an caipitleachas ag cliseadh os ár gcomhar, tagann an eite dheis i bhfad amach i réim agus díríonn siad a n-aird ar mhionlaigh agus teangacha mhionlaigh.

Is iad feidhm na n-ionsaithe seo ná dallamullóg a chur ar an mórphobal faoi chúis formhór a gcuid fadhbanna — an éagothroime ollmhór a chruthaíonn lucht an rachmais, na billiúnaithe, agus a sclábhaithe i measc an aosa pholaitiúil.

Lily O’Brennan, Gníomhaí Chumann na mBan 1878-1948

Rugadh Elizabeth “Lily” O’Brennan i mBaile Átha Cliath ar an 20ú Lúnasa 1878. D’fhás sí aníos i gclann láidir náisiúnach a ghinfeadh daoine mór le rá i saol polaitiúil agus cultúrtha na tíre. Ba ghníomhaithe a raibh cur amach ag an bpobal náisiúnach orthu a deirfiúracha Áine agus Kathleen. Phós Áine Éamonn Ceannt, duine de cheannairí Éirí Amach 1916, rud a chuir Lily ag croílár na n-eachtraí cinniúnacha i Réabhlóid na hÉireann 1916-23.

Is cosúil gur Fínín a bhí in athair O’Brennan. Le linn na hAthbheochana, chuir an chlann an O’ roimh an sloinne “Brennan”, rud a tharla in go leor cásanna ag an am. Chuir sliocht de mo chuid féin, a raibh an sloinne “Farrelly” orthu, O’ roimh a sloinne chomh maith. Gan dul ar seachrán, ach ba mhaith an rud é feachtas den sórt céanna a fheiceáil arís ach sloinnte a Ghaelú go hiomlán.

Tá zeitgeist díchoilínithe ann faoi láthair, agus d’fhéadfadh feachtas Ath-Ghaelú Chonradh na Gaeilge, ina lorgaítear coimitmint logainmneacha a úsáid, a chur in oiriúint do shloinnte. Bhí feachtais mar seo ann san am a chuaigh thart agus tá na cartlanna lán de scríbhneoirí Gaeilge ag impí ar an bpobal a n-ainmneacha Gaeilge a úsáid i bhfoilseacháin éagsúla; ach le cumhacht na meán sóisialta agus an borradh atá faoin nGaelachas faoi láthair seans go mbeadh glacadh maith lena leithéid de bheart?

Ach le filleadh ar O’Brennan. Amhail go leor den ghlúin náisiúnach seo, ba mhúinteoir í an bhean Bhleá Cliathach. Bhí sí ina drámadóir agus ina file chomh maith. D’éirigh go maith lena dráma May Eve in Stephen’s Green a léiríodh in 1912. Ach ba é an obair pholaitiúil an gad is gaire don scornach dar le O’Brennan. Bhí sí i láthair nuair a bunaíodh Cumann na mBan in Wynn’s in 1914, agus ba ghearr go raibh lámh lárnach aici mar eagraí.

Agus Éirí Amach 1916 ag teannadh léi, chabhraigh sí le trealamh a bhogadh, d’iompair sí teachtaireachtaí míleata, agus chruthaigh sí brat an Cheathrú Cathlán. Bhí sí lonnaithe ar Lána Mhuire Mhaith le linn an Éirí Amach. Gabhadh í leis an gcuid eile den gharastún sin agus coinníodh í i mBeairic Richmond agus i bPríosún Chill Mhaighneann ina dhiaidh sin. Scaoileadh amach í an lá céanna is a cuireadh a dheartháir cleamhnais, Ceannt, chun báis.

Chloígh O’Brennan leis an bpoblachtánachas i ndiaidh 1916. Bhí sí ar Ard-Chomhairle Chumann na mBan agus ina dhiaidh sin mar rúnaí ag Art Ó Ghríofa le linn idirbheartaíochta faoin gconradh.

Cé go raibh sí ag comhoibriú le toscaireacht an Chonartha Angla-Éireannaigh, thaobhaigh sí leis na hÓglaigh Frith-Chonartha le linn an Chogaidh Cathartha/na Frith-Réabhlóide. Chaith sí tréimhse ag feidhmiú le hoifig Erskine Childer sular cuireadh i ngéibheann arís í in 1922-23, áit ar ghlac sí páirt i stailceanna ocrais.

Ba náisiúnach cultúrtha díograiseach í agus scríobh sí ficsean faoin ainm cleite “Esther Graham” agus bhí lámh aici i mbunú Ghild na Scríbhneoirí Caitliceacha. Bhásaigh sí ar an 31ú Bealtaine 1948 agus thiomnaigh sí oidhreacht shaibhir ealaíon agus polaitiúil do na glúnta a tháinig ina diaidh.

Gaelscoil Choláiste Mhuire

Ar feadh 24 bliain tá Gaelscoil Coláiste Mhuire, ceann de na Gaelscoileanna is sine i mBaile Átha Cliath, tar éis a bheith lonnaithe in áitreabh sealadach.

Luaigh an Roinn Oideachais go raibh “fadbhanna neamhfheicthe”, ar nós stádas cosainta dúshraitheanna an foirgneamh in aice láímhe, agus tógáil an líne LUAS, cinn de na leithscéalta le haghaidh na moilltí.

Ach bhí an suíomh faoi úinéireacht Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath roimh a cheannaigh an Roinn é uathu. I ndiaidh sin, chuir diospóidí idir na conraitheoirí agus an Roinn leis an t-ualach airgeadais. Phléasc costais an fhoirgnimh nua ó €11.5 millúin chuig ar a laghad €22 millúin i 2025.

Le déanaí, dúirt an tAire Oideachais Hildegarde Naughton go mbeidh tairiscint curtha amach le linn 4-6 seachtain i gcomhair conraitheoir nua, agus go mbeadh tógáilí ar suíomh Gaelscoil Choláiste Mhuire faoi dheireadh 2026. Faoi láthair tá daltaí Gaelscoil Choláiste Mhuire ag fulaingt i foirgneamh míchuí dá cuid riachtanais.

Léiríonn neamhiniúlacht an Rialtais a meoin tútach chuig Gaelscolaíocht sa tír: is cuma sa tioc leo faoinár teanga nó faoi leas na scoláirí.

Is siomptóim é den corás capitileach nach bhfuil foirgneamh oiriúnach ag daltaí Gaelscoile sa príomhcathair.


Chun cinntiú go bhfuil rochtain ag gach páiste ar oideachais sásúil, agus chun deireadh a chur le cuir amú fhollasach ó conraitheoirí príobháideacha ar airgead na gcáiníocóirí, is gá poblacht nua.

Mikhail Bakunin, cuid dá shaol agus teoiric

Chuaigh Mikhail Bakunin ar shlí na fírinne an tráth seo bliana, Mí Iúil, sa bhliain 1876. Bhí Bakunin i measc mórlaochra na polaitíochta radacaí san naoú haois déag. Bhí lámh lárnach aige i mbunú theoiric an ainrialachais chomhchoitinn. Rugadh é in 1814. Ba de shliocht uaisle Rúiseach é. Ach dhiúltaigh sé dá chúlra go luath ina shaol agus do na buntáistí a bhain leis. Chuaigh sé i dtreo líonraí réabhlóideacha na hEorpa ina n-áit sin.

Thosaigh a aistear intleachtúil i measc na Hegelians-Cléacha. Ach ba ghearr gur chaith sé an fhealsúnacht theibí i dtraipisí. Bheartaigh sé dul i muinín an ghnímh dhírigh agus ghlac sé páirt sna réabhlóidí a bhí ag borradh san Eoraip le linn na 1840dí.

Bhí cáil amach air mar dhuine míleatach i ndiaidh réabhlóidí 1848-49 agus an pháirt a ghlac sé in éirí amach Phrág agus Dresden. D’íoc sé go daor as an mbaint a bhí aige leis na heachtraí sin. Gabhadh é, chaith sé tréimhsí ar deoraíocht agus na blianta i bpríosúin sa Rúis, roimh dó a bheith seolta chuig an tSibéir.

D’éirigh leis éalú ón tSibéir. Thaisteal sé tríd an tSeapáin agus na Stáit Aontaithe sular fhill sé ar an Eoraip.

Dhaingnigh sé seo a stádas mar laoch i measc radacaithe na linne agus ba léir go raibh sé de mhisneach aige beart a dhéanamh de réir a chuid tuairimí polaitiúla.

Mhúnlaigh na blianta a chaith Bakunin sa tSibéir a straitéis fhadtéarmach. Thóg sé líonraí i measc na bPolannach, na Rúiseach agus na Sibéireach a bhí ar deoraíocht leis. Rinne sé staidéar ar choinníollacha na dtuathánach trí anailís a dhéanamh ar an méid a chonaic sé, agus chuir sé snas ar a theoiric gur gá don réabhlóid teacht ón mbun aníos seachas ó lucht comhcheilge éilíteach.

Ach ag croílár a theoirice áitíodh go raibh an stát leatromach, beag beann ar an dream a bhfuil smacht acu air.

Chun fíorshaoirse a bhaint amach, d’áitigh Bakunin gurb éigean comúin fheidearálacha féinrialaithe agus cumainn oibrithe a bhunú. Níor mhór na hinstitiúidí  seo a bheith eagraithe ón mbun aníos, seachas ón mbarr anuas, dar leis.

Ba shnámh in aghaidh easa agus cur amú ama an tsaoirse pholaitiúil gan an chothromaíocht eacnamaíochta i dtuairim Bakunin.

De bharr an chreidimh frith-údarásaigh seo bhíodh Bakunin in adharca le Karl Marx go minic. Chreid Marx gurb éigean stát idirthréimhseach a bhunú sula mbeadh saoirse iomlán ag an lucht oibre, ach cheap Bakunin gur leagan eile den smacht a bheadh sa mhéid sin. 

Tháinig an crú ar an tairne sa chath idé-eolaíochta áirithe seo sa Chéad Idirnáisiúntas. Sa deireadh, tugadh bata agus bóthar do Bhakunin in 1872, rud a mhúnlaigh an scoilt idir an sóisialachas Marxach agus an t-ainrialachas ar feadh na mblianta.

Tá na saothair God and the State agus Statism and Anarchy i measc na leabhar is tábhachtaí a d’fhoilsigh Bakunin. Is buntéacsanna iad go fóill dóibh siúd ar mhaith leo greim a fháil ar theoiric na n-ainrialaithe. Tá tionchar nach beag ag áitiú Bakunin ar son an ghnímh dhírigh, an díláraithe, agus an úinéireacht chomhchoitinn, ar ghluaiseachtaí go domhanda go fóill.

Bhásaigh Bakunin in Bern na hEilvéise in 1876. D’fhág sé oidhreacht shaibhir den radacachas frith-údarásach a bhfuil tionchar go fóill aige i streachailtí ar son na saoirse, an chomhionannais, agus an daonlathais ón mbun aníos.

Lá Bithéagsúlachta agus Díchoilínithe

D’fhreastail baill Misneach ar Lá Bithéagsúlachta agus Díchoilínithe i mBaile Locha Riach inné. Reáchtáladh an lá sa “Pháirc Leathnaithe”.

Thug Joe Nix gearrchúrsa garraíodóireachta, feirmeoireachta agus bithéagsúlachta ina raibh deis ag na rannpháirtithe oideachas praiticiúil a fháil ar fhás glasraí éagsúla.

Ina dhiaidh sin thug an Dr. Kerron Ó Luain caint dár dteideal “An Ghaeilge, an Chomhshaoil agus an Díchoilíniú”. Tugadh léargas sa gcaint ar an nasc idir an scrios coilíneach-caipitleach a rinneadh ar an teanga agus ar thimpeallacht na hÉireann, ach go háirithe na foraoiseacha.

I ndiaidh an lóin thug Pádraig Ó Baoill, gníomhaí Gaeilge agus Gaelscolaíochta as Béal Feirste ach atá ag cur faoi i mBaile Locha Riach le fada, caint ar stair frith-choilíneach Oirthear na Gaillimhe.

Cíoradh gluaiseacht na mBuachaillí Bána sna 1820í ach go háirithe. Chan Ó Baoill amhrán leis an bhfile Antoine Raiftearaí a scríobadh faoi Anthony Daly, ceannaire na mBuachaillí Bána i mBaile Locha Riach a crochadh in 1820 de bharr go ndearna sé iarracht an tiarna talún James Hardiman Burke a fheallmharú.

Thug Joe Nix turas treoraithe staire, sóisialta agus bithéagsúlachta den bhaile don ghrúpa ansin a léirigh gnéithe éagsúla spéisiúla de Bhaile Locha Riach.

Lá cumhachtach a bhí ann a léirigh go soiléir go bhfuil bithéagsúlacht, díchoilíniú, agus oideachas polaitiúil fite fuaite sa streachailt chéanna.

Na hÉireannaigh i Meiriceá agus Círéibeacha Coinscríofa Nua-Eabhrac, Mí Iúil 1863

Tharla Círéibeacha Coinscríofa Nua-Eabhrac an tráth seo bliana, Mí Iúil, sa bhliain 1863. Bhí siad ar an gcorraíl ba mharfaí i stair na Stát Aontaithe. Fuair 105 duine bás agus rinneadh damáiste do shealúchais ar fud na cathrach. 

Ba é an tAcht um Choinscríobh don Aontas a spreag an chorraíl. Chuirfí iachall ar fhir troid ar son airm an Aontais sa Chogadh Cathartha a bhí ar bun le Cónaidhm an Deiscirt ó 1861 i leith. Ach bhí fearg ar lucht na círéibe faoi rudaí eile chomh maith. D’fhorbair na círéibeacha isteach ina éirí amach i gcoinne an údaráis fheidearálaigh, an rialtais Phoblachtaigh, agus Afrai-Mheiriceánaigh a bhí in iomaíocht leis na hÉireannaigh do na poist is measa sa chathair.

Bhí clásal san Acht um Choinscríobh a lig d’fhir shaibhre éalú ó dhul chun cogaidh trí $300 a íoc. Ní nach ionadh go raibh lucht oibre na cathrach, ach go háirithe na himircigh Éireannacha ina measc, ar buile faoin méid sin.

Bhris an foréigean amach ar an 13ú Iúil, nuair a bhailigh na sluaite lasmuigh den oifig choinscríofa sa Naoú Ceantar Comhdhála in Manhattan.

D’ionsaigh baill den “Black Joke”, fir dhóiteáin dheonacha, an oifig i ndiaidh beirt dá mbaill a bheith roghnaithe don choinscríobh. Scriosadh taifid den choinscríobh agus dódh an foirgneamh.

Rinne na póilíní agus buíonta beaga de shaighdiúirí iarracht an chorraíl a chur faoi chois, ach bhí na sluaite eagraithe go maith. Rinne siad creachadh ar shiopaí, scriosadh iarnróid, agus gearradh línte teileagraif. Anuas air sin, ionsaíodh siombailí a léirigh údarás na bPoblachtach a bhí i gceannas i Washington, tráth a raibh Nua-Eabhrac ag vótáil go mór ar son na nDaonlathach a bhí bunaithe in Halla Tammany.

De réir mar a scaip na círéibeacha d’fhorbair siad isteach i gcíréibeacha ciníocha. Tógadh Afrai-Mheiriceánaigh ó charranna sráide, ionsaíodh iad agus maraíodh iad. Dódh an Coloured Orphan Asylum agus ba bheag nár maraíodh na páistí ann. 

Faoin dara lá, bhí na hionsaithe ar dhaoine dubha ag éirí níos tréine. Chuaigh go leor de na hAfrai-Mheiriceánaigh i bhfolach nó theith siad ón gcathair. Ionsaíodh sibhialtaigh a bhí gléasta go maith, saighdiúirí, nó éinne a ceapadh go raibh siad báúil leis an rialtas Poblachtach. Maraíodh an Coirnéal Henry O’Brien tar éis dó iarracht a dhéanamh na sluaite a bhrú siar gan leas a bhaint as an lámh láidir.

Bhí deacracht ag na húdaráis na círéibeacha a chur faoi chois ar dtús. Bhí cuid mhaith de mhílíste Nua-Eabhrac fós in Pennsylvania i ndiaidh fheachtas Gettysburg. Ní raibh ach buíon bheag póilíní fágtha a d’fhéadfadh dul i ngleic leis na sluaite, nuair a tháinig reisimintí an Gharda Náisiúnta ar an bhfód agus thosaigh siad ag scaoileadh leis na sluaite.

Faoin tríú agus ceathrú lá bhí airtléire in úsáid agus bhí saighdiúirí ag dul ó theach go teach chun an chorraíl a chur faoi chois, ach go háirithe ar an Taobh Oirthearach Uachtarach, áit a raibh lucht na círéibe tar éis baracáidí a chur in airde chun iad féin a chosaint.

Tháinig deireadh leis na círéibeacha tar éis ceithre lá den fhoréigean. Maraíodh lucht na círéibe den chuid is mó, agus maraíodh dosaen Afrai-Mheiriceánach. Níor chuir na húdaráis áitiúla an dlí ar lucht na círéibe de bharr go raibh drogall ar na Daonlathaithe áitiúla pionóis ghéara a chur i bhfeidhm.

Tugadh an coinscríobh isteach arís faoi chosaint mhíleata i mí Lúnasa. Ach ní raibh glacadh maith leis i measc an phobail agus b’éigean don Aontas brath ar óglaigh, ina measc 180,000 saighdiúir Afrai-Mheiriceánach.

Cé go raibh na hÉireannaigh go mór chun cinn i measc lucht na círéibe, bhí go leor Éireannach i measc na bpóilíní, na saighdiúirí, agus an mhílíste chomh maith, rud a léirigh na deighiltí sa phobal Éireannach i Nua-Eabhrac ag an am.

Tá aird tarraingthe ag staraithe amhail Noel Ignatiev ar Chíréibeacha Choinscríofa Nua-Eabhrac 1863 mar chor cinniúnach i bhforbairt fhéiniúlacht na nÉireannach i Meiriceá mar dhaoine geala.

Ina leabhar How the Irish Became White áitíonn Ignatiev gur dhreap na hÉireannaigh dréimire ciníoch SAM trí iad féin a scaradh amach ó na hAfrai-Mheiriceánaigh agus iad a chur faoi chois. 

Tá samplaí i stair SAM inar léiríodh dlúthpháirtíocht idir an dá dhream, agus pléifear iad sin sa cholún seo amach anseo, ach ar an mórgóir tá sé deacair easaontú le tátal Ignatiev.

Gaimbíní Fianna Fáil ag éascú scrios Airbnb ar an nGaeltacht

Tá sé tuairiscithe i The Ditch gur oscail an tAire Foley oifig gnó atá ag cur, go mídhleathach, le meath na Gaeltachta. Is le lánúin as Los Angeles ceann de na tithe ar Wild Atlantic Aways. D’íoc siad €370,000 air agus d’iompaigh siad ina chíos gearrthéarmach ar €1,800 é.

De réir na ndlíthe pleanála is gá cead a lorg an dara teach a chur ar cíos go gearrthéarmach. Níl cead ag an teach Gaeltachta seo a bheith ar cíos go gearrthéarmach.

Is é seo croílár na faidhbe sa Ghaeltacht: breathnaíonn infheisteoirí seachtracha ar na ceantair mar dheis le brabús a dhéanamh. Is cuma sa sioc leo faoi thodhchaí na teanga. Agus tá rialtas na nGaimbíní ag éascú an phróisis i rith an ama.

Seans go gcuirfidh na treoirlínte nua pleanála srian éigin ar chultúr an tsaint seo, ach caithfear iad a chur i bhfeidhm go láidir. Más í Foley agus lucht gaimbín Fianna Fáil agus Fine Gael a bhfanfaidh i gcumhacht beag seans go gcuirfear i bhfeidhm iad.

Ní chinnteoidh ach Poblacht Nua, ina bhfuil fíor dhaonlathas agus ina dtugtar dúshlán ceart do thiarnaí talún, todhchaí bheo don Ghaeltacht agus an Ghaeilge.

Íonsaionn Reform UK na Teangacha Ceilteacha Arís!

Is sotal an choilínithe, faoi scáth an mhaorlathais, é iarracht Reform UK ábhar toghchánaíochta a theorannú go dtí na “teangacha dúchasacha”.

Maítear gurb é Béarla teanga nádúrtha an daonlathais. Ach brúdh an Béarla ar na hoileáin seo trí choncas, an phlandáil agus polasaithe frith-Cheilteacha.

Is beag nár maraíodh na fíor teangacha dúchasach – an Ghaeilge, an Bhreatnais, Gàidhlig, Gaeilge Mhanann agus Coirnis – go hiomlán trí na blianta den fhoréigean stáit agus an cosc a bhí orthu sna córais oideachais, dlí agus polaitiúil.

Tá Reform UK ag iarraidh “soiléiriú” a dhéanamh anois ag maíomh nár bhain an reachtaíocht ach le teangacha “eile” ar nós an Urdu agus Bengali. Ach chaith an páirtí na seachtainí ag ionsaí na Breatnaise le linn an fheachtais toghchánaíochta ann le déanaí.

Tá ciníochas leithéidí Reform UK i gcoinne daoine de dhath fite fuaite leis an gciníochas fadbhunaithe frith-Cheilteach.

Má theastaíonn uait páirt a ghlacadh in eagraíocht a sheasann i gcoinne leithéidí na heite deise i bhfad amach i Reform UK agus atá meon agus comrádaithe idir-Cheilteacha aige glacaigí páirt i Misneach inniu.

Glac páirt in eagraíocht Díchoilínithe i gColáiste na hOllscoile, BÁC!

Bhí an Ghaeilge mar chuid de Choláiste na hOllscoile, BÁC, ó 1854 nuair a múineadh é mar chuid de churaclam na dána. Nuair a d’iompaigh an ollscoil ina institiúid stáit in 1908 bhí an teanga mar chuid foirmeáilte den struchtúr acadúil.

Le linn an fhichiú haois bhí léachtóirí Gaeilge na hollscoile lárnach i gcur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge. Tá Cartlann Béaloideasa na hÉireann, a chaomhnaíonn oidhreacht scéalaíochta agus béaloideasa na tíre, lonnaithe san ollscoil.

Bunaíodh An Cumann Gaelach sna 1920í. Bhí neart feachtais síos trí na blianta don chomharthaíocht agus ar son feiceálacht na Gaeilge, ach go háirithe ó na 1960í ar aghaidh.

Ach ainneoin cumhacht agus saibhreas na hollscoile, ba mhinic a raibh tacaíocht institiúideach don teanga lag go leor. Ba iad na mic léinn a chur póstaeir in airde, a reáchtáil imeachtaí agus a d’eagraigh agóidí Gaeilge, a choinnigh an Ghaeilge beo ar an gcampas agus a rinne dul chun cinn ar son na teanga.

Má theastaíonn uait páirt a glac in eagraíocht atá dírithe ar tuilleadh díchoilíniú a chur i gcríoch i gColáiste na hOllscoile, BÁC, bígí i dteagmháil linn inniu.