Feall an Údaráis Oideachais ó Thuaidh

Feall an Údaráis Oideachais ó Thuaidh

In 2017, ghearr an tÚdarás Oideachais (ÚO) maoiniú do cheithre chumann óige Ghaeilge i mBéal Feirste. Láithreach, spreag seo ollchruinniú i gColáiste Feirste ina raibh na céadta Gael ag cáineadh an ÚO agus réidh le dul i mbun troda chun na seirbhísí óige Gaeilge a shábháil. 

Thug sé chun cuimhne an méid a bhí le rá ag ceannródaí Bhóthar Seoighe, Seamus Mac Seáin: “bhí spiorad na hagóide beo i gcónaí i measc Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste, a bhuíochas, b’fhéidir, don stát a bhí á rialú ó Stormont, stát ina raibh Gaeilgeoirí mar mhionchuid de mhionchuid agus leatrom á dhéanamh ar an iomlán againn.” 

Leoga, spreag scaifte Bhóthar Seoighe na glúinte de Ghaeilgeoirí, ach is léir go ndearna an ÚO amhlaidh nuair a ghlac na céadta Gaeilgeoir óg seilbh ar an oifig s’acu in 2017 i bhfreagairt ar na ciorruithe. Tugadh an maoiniú ar ais do na seirbhísí óige Gaeilge láithreach. 

Tá seans ann go gcuirfeadh sé iontas ar dhuine, mar sin de, le cluinstin gur ghearr an ÚO ní hamháin maoiniú do sheirbhísí óige Gaeilge Bhéal Feirste i mbliana, ach maoiniú d’earnáil iomlán óige na Gaeilge ó thuaidh! Ba é Glór na Móna in iarthar Bhéal Feirste an tseirbhís óige ina raibh na ciorruithe is tréine le feiceáil, óir ghearr an ÚO £86,000 nó cúig phost uathu in aon bhuile leatroim amháin. 

Cosúil le 2017, eagraíodh cruinniú poiblí agus agóid ag oifig an ÚO. Thug baill Mhisneach Bhéal Feirste óráidí uatha ag an ndá léirsiú seo. Taobh istigh de mhí amháin de stocaireacht agus de chruinnithe le Glór na Móna, gheall an ÚO an t-airgead a thabhairt ar ais dóibh.  

Ach caithfear an cheist a chur: cad chuige a bhfuil sé seo ag tarlú in éadan tola pobail na Gaeilge in 2022? Bhí bua mór ag Glór na Móna ach tá streachailt fós roimh an earnáil óige Gaeilge chun aitheantas a bhaint amach dá bpobal. 

Is ionann an maoiniú a bhí an ÚO ag iarraidh a bhaint ón earnáil seo agus thart fá 1% dá mbuiséid iomlán. Ní ar mhaithe le hairgead a shábháil a tharla seo, mar sin. Tá fórsaí frith-Ghaelacha fós ag imirt tionchar san ÚO agus sa Roinn Oideachais ón bharr anuas. Ní chuidíonn sé nuair is baill den DUP iad na hairí oideachais ach oiread.  

Ba é Peter Weir, an t-aire oideachais siar i 2017 nuair a tharla na ciorruithe sin, an duine céanna a dúirt ar na mallaibh nach bhfuil aon bhunús leis an argóint go bhfuil leithcheal ag tarlú in éadan pobail na Gaeilge.

Ar a bharr sin, feicimid na fadhbanna a chruthaíonn easpa reachtaíochta don Ghaeilge ó thuaidh.  Luaigh an ÚO sna cruinnithe ar na mallaibh nach gá dóibh aon aitheantas a thabhairt don Ghaeilge ós rud é nach ann d’Acht Gaeilge. 

Is leithscéal leithchealach é seo a thugann údaráis poiblí ó thuaidh de ghnáth chun cosaint a thabhairt don easpa cearta teanga sna suímh s’acu. Tá pobal na Gaeilge ó thuaidh ag fanacht ar Acht Gaeilge ó bhí 2006 ann agus ar na mallaibh nochtadh fimíneacht Rialtais na Breataine nuair a dhiúltaigh siad an tAcht a thabhairt isteach d’ainneoin gur gheall siad é anuraidh. Mar a fheicimid leis an ÚO, mothaítear éifeacht na heaspa reachtaíochta ar bhonn laethúil. 

Ní mór do phobal na Gaeilge súil a chaitheamh siar go 2017 agus an bealach a bhfuair siad an maoiniú ar ais dá seirbhísí óige – gníomh díreach – chun a gcuspóirí a bhaint amach. Beidh sé seo de dhíth chun dúshlán a thabhairt ar leithcheal na Gaeilge, bíodh sin ón ÚO, ón DUP, nó ó Rialtas na Breataine. Beirimis bua.