Ceacht faoi Shaoradh ón Combahee River Collective

Ceacht faoi Shaoradh ón Combahee River Collective

Agus muintir na hEorpa ag breathnú ar an chogadh san Úcráin le beagnach coicís anuas, ní mór ár machnamh a dhéanamh ar ‘shaoradh’. Ní hamháin saoradh phobal na hÚcráine ó ionradh na Rúise, ach saoradh an chine dhaonna i gcoitinne chomh maith – déanta na fírinne, ní féidir an dá rud a scaradh óna chéile. 

Siar sna 1970í, bunaíodh an Combahee River Collective i mBostún, eagraíocht dhubh, leispiach, fheimineach agus shóisialach a d’aithin nár fhreastail gluaiseacht an fheimineachais (bháin) agus gluaiseacht na gceart sibhialta (ina raibh ceannas ag fir) ar a riachtanais féin. 

‘Tugaimid faoi deara,’ a scríobh siad ina ráiteas oifigiúil, ‘gur gá córais pholaitíochta-eacnamaíochta an chaipitleachais, an impiriúlachais agus na patrarcachta a scriosadh chun a bheith in ann na daoine uilig atá faoi chois a shaoradh.’ 

Leanadh ar aghaidh, ‘Dá mbeadh mná dubha saor, chiallódh sé go mbeadh gach duine eile saor, toisc go n-éileodh ár saoirse léirscrios gach córais leatroim.’

Is iomaí is féidir linn a fhoghlaim ón léargas sin agus sinn ag iomrascáil leis an iliomad saghas leatroim ar fud an domhain. Ní féidir linn a bheith caoch ar fhadhbanna agus ar choimhlint atá ag tarlú i bhfad uainn, gan aird a thabhairt ach ar dheacrachtaí na hEorpa. 

Ní mór seasamh leis na daoine is leochailí ar leibhéal idirnáisiúnta, pé áit a bhfuil siad, agus troid ar a son go gníomhach mura bhfuil muid ag iarraidh cogadh a fheiceáil ar leac ár ndorais féin. 

Ní mór dúinn fosta cuimhneamh go mbíonn gach coimhlint casta agus go bhfuil muid uilig fite fuaite lena chéile. Tá féiniúlachtaí trasnacha ag gach duine againn, agus is trí dhlúthpháirtíocht leis na daoine is mó atá ar lagchuidiú gur féidir linn fanacht dílis dár bprionsabail féin. 

Anois tá cogadh á fearadh ar an Úcráin ag Putin, faisistí nach bhfuil tacaíocht roinnt mhaith dá phobal féin aige, agus ní mór troid i gcoinne an fhoréigin sin. 

Ach ná déanaimis dearmad nach bhfuil cúrsaí dubh agus bán riamh, go bhfuil córais leatroim eile i bhfeidhm chomh maith, agus in am na géarchéime is minic a dhéantar na córais sin a athchruthú. 

Tá sé le feiceáil go bhfuil deacrachtaí ag daoine áirithe éalú ón Úcráin faoi láthair mar gheall ar dhath a gcraicinn nó a bpas. Is dócha nach bhfuil sé d’acmhainn ag na daoine is boichte sa tír fiú iarracht a dhéanamh éalú ón chogadh. 

Agus tá a fhios againn nach mbíonn daoine aiteacha sábháilte, cibé áit a bhfuil siad. Baineann an faisisteachas leas as díchobhsú an phobail, agus dá bhrí sin ní mór leanúint ar aghaidh ag seasamh i gcoinne gach cineáil éagothroime (san Úcráin, sa Rúis agus ar fud na cruinne) agus sinn ag seasamh taobh le pobal na hÚcráine i gcoinne an fhaisisteachais agus an impiriúlachais. 

Ná déanaimis dearmad ar an Phalaistín, Éimin, na hUigiúraigh, na Róihinsí. Ná déanaimis dearmad tacú leis na pobail uilig a fhulaingíonn go dtí inniu faoi choilíneachas agus impiriúlachas na hEorpa. 

I bhfocail an Combahee River Collective, is trína saoirse féin a ndéanaimis gach córais leatroim a scriosadh.

le Tadhg Mac Eoghain