Is Smál ar an bProtastúnachas “Oíche an 12ú”
Maíonn lucht tinte cnámh “Oíche an 12ú” go bhfuil siad ina ionadaithe ar an traidisiún Protastúnach. Ach an fheidhm atá ag na tinte chnámh ná chun fuinneamh an lucht oibre Protastúnach a chur I dtreo na polaitíochta frithghníomhaí.
Sa chaoi seo ní théann an fuinneamh céanna i dtreo na saoirse, na cothromaíochta, agus na féinmhuiníne cultúrtha. Níl an tAontachtas forchiníoch ionadaíoch ar stair na bProtastúnach in Éirinn.
Smaoineoimis, in áit sin, ar Dhúbhglas de hÍde; Gaeil Protastúnach, gníomhaí, scoláire, béaloideasóir, teoiricí dhíchoilínithe a bhí lárnach san athbheochan. Bhí lámh ag de hÍde i mbunú an Conradh a bhí sé mar aidhm aige an tír a dhí-Ghalldú, sé sin a Dhíchoilíniú, ar son gach éinne beag beann ar a reiligiún nó cúlra eitneach.
Chuaigh de hÍde ar shlí na fírinne ar an 12ú Iúil 1949. D’fhág sé traidisiún saibhre den uileghabhálacht cultúrtha radacach agus fís ina raibh an Ghaeilge mar oidhreacht náisiúnta do chách. Tá Protastúnaigh in Oirthear Bhéal Feirste agus ar fud na tíre ag leanúint sa traidisiún sin go fóill.
Diúltaíonn Misneach do pholaitíocht cúngaigeanta “Oíche an 12ú Iúil”. Seasann muid i dtraidisiún de hÍde agus iad siúd a bhreathnaigh ar an nGaeilge mar ghléas saoirse do chách. Sna comhráití atá ag tarlú faoi Éirinn Aontaithe cheana, ba chóir an bhéim a leagadh ar an gcuid lárnach sin den traidisiún Protastúnach.
