Rath ar Chomóradh ar Ó Cadhain i mBÁC

Rath ar Chomóradh ar Ó Cadhain i mBÁC

Reáchtáil Misneach, i bpáirt le Conradh na Gaeilge Inse Chóir, comóradh ar Mháirtín Ó Cadhain le déanaí.

De bharr na géarleanúna atá á bhfualaingt ag muintir na Palaistíne faoi láthair, cinneadh ócáid dlúthpháirtíochta a dhéanamh dó. Is féidir ráiteas ó bhean Ghiúdach a bhí i láthair a léamh thíos agus éisteach le hóráid chumhachtach an Dr Fearghal Mac Bhloscaidh san fhíseán chomh maith:

Agus mé in éineacht le comrádaithe eile chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhear a chaith a shaol ar fad a mhuintir a shaoradh agus a chultúr a shábháil ó choilíneachas bhí mé ag smaoineamh, mar Ghiúdach Frith-Shíónach, ar mhuintir na Palaistíne. Conas nach bhféadfainn a bheith ag smaoineamh orthu?

Ar feadh na mblianta bhí muintir na Palaistíne curtha faoi chos in ainm an Ghiúdachais.

Ach ní Giúdachas é seo. Ó thús an tSíónachais bhí Giúdaigh i gcónaí ag labhairt amach faoi. Go príomha, ba Ghiúdaigh de chuid an luchta oibre a sheas an fód ina coinne.

Giúdaigh iad seo a bhí i gcampaí le haghaidh daoine easáitithe tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus thug Giúdaigh Shíónacha drochíde dóibh as a bheith ag labhairt amach.

Dúradh gur Giúdaigh le féinfhuath a bhí iontu. Cuireadh na Giúdaigh seo ar liosta dubh nó rinneadh imeallú orthu sna pobail Ghiúdacha mar nach nglacfaimis leis an gcinedhíothú, impiriúlachas lonnaitheora, nó coilíneachas a bhí á dhéanamh ar ár son, mar dhea.

Is fuath le Síónaigh teangacha an diaspóra a mbíonn á labhairt againn agus rinne siad tréaniarracht iad a chur faoi chois.

Chuige seo, chruthaigh siad an Eabhrais shaolta. Dá réir sin, tá dáimh agus comhbhá agam do Mháirtín Uí Chadhain. Thuig seisean, mar a thuigeann Giúdaigh atá inár gcónaí sa diaspóra, tábhacht na dteangacha agus an chultúir.

Tá seanfhocal againn sa Ghiúdais, “Mir Veln Zey Iberleben”, “We Shall Outlive Them”.

Beimid fós anseo nuair atá deireadh tagtha leis an Síónachas, mairfidh muid tríd an uafás seo, mairfidh muid tríd an gcoilíneachas seo. Beidh Éire agus an Phalaistín saor!”

I ndiaidh na comórtha bhí seisiún breá ceoil traidisiúnta i Halla Chraobh Inse Chóir de Chonradh na Gaeilge a mhair go hoíche.