Athghabháil Misneach ar Árus na nGael

Athghabháil Misneach ar Árus na nGael

Mar chuid den Fhéile “Ar Imeall”, beidh Misneach na Gaillimhe ag reáchtáil lá in Árus na nGael ar Máirt an 12ú Iúil dár dteideal “Athghabháil Misneach ar Árus na nGael”.

Beidh neart ar bun ar an lá idir cúrsaí oideachas polaitiúil, plé ar chúrsaí tithíochta Gaeltachta, taispeántas ghrianghraf, agus ceol agus craic istoíche.

Más thart ar Chathair na Gaillimhe atá sibh nó, go deimhin, i nGaeltacht Chonamara nó Mhaigh Eo, bígí i láthair don fhorbairt pholaitiúil agus don chraic.