
Cad chuige Ballraíocht?
Tá MISNEACH ag tabhairt isteach córas ballraíochta míosúil chun bonn níos láidre a chur faoin eagraíocht. Is do bhaill ghníomhacha MISNEACH agus do lucht tacaíochta atá an córas seo.
Ní hionann síntiús míosúil agus ballraíocht iomlán san eagraíocht. Ba chóir dóibh siúd ar mian leo a bheith ina mbaill clárú anseo ar dtús nó teagmháil a dhéanamh leis an Rúnaí Ginearálta trí rphost a sheoladh chuig eolas@misneachabu i.e.
Tacóidh an bhallraíocht le:
- Feachtais ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta
- Gníomhaíocht díchoilínithe
- Ábhair fheachtais agus eagrú imeachtaí
- Forbairt na heagraíochta amach anseo
Leibhéil Bhallraíochta:
Cearta Ballraíochta
Tá na trí leibhéal ballraíochta comhionann ó thaobh cearta, freagrachtaí agus rannpháirtíochta de. Ní thugann aon leibhéal breis cumhachta ná pribhléidí d’aon bhall. Is roghanna éagsúla tacaíochta airgeadais iad na leibhéil amháin.
Faigheann baill cearta vótála tar éis:
- Clárú
- Tréimhse promhaidh rathúil, agus
- Sé mhí de rannpháirtíocht leanúnach san eagraíocht.
Bí Linn
Má tá tú tiomanta d’obair MISNEACH agus do thodhchaí na Gaeilge mar theanga phobail, cláraigh mar bhall inniu.