An chéad Bhród na Gaeltachta á reáchtáil i gCloich Cheann Fhaola

An chéad Bhród na Gaeltachta á reáchtáil i gCloich Cheann Fhaola

le Tadhg Mac Eoghain

Bhí an phribhléid agam le déanaí freastal ar Bhród na Gaeltachta i gCloich Cheann Fhaola i dTír Chonaill. Ócáid ar leith, thar a bheith speisialta a bhí ann – seachtain a bhí lán d’fhilíocht, ceol, craic, stair, feachtasaíocht agus pobal. 

Ba é an chéad uair riamh a reáchtáladh ceiliúradh dá leithéid sa Ghaeltacht, agus is iomaí uair i rith na seachtaine a chuala mé ó lucht LADTA+ na háite nár shamhlaigh siad riamh go dtiocfadh leo a bheith chomh foscailte agus chomh feiceálach mar dhaoine aiteacha ina gceantar féin. 

I lár na seachtaine, reáchtáladh ócáid dar teideal ‘Cúlchaint Aiteach’ le Izzy Kamikaze, Brian Lacey agus Seán Ó Dubhchon, comhrá idir an triúir maidir le stair fheachtasaíocht an phobail aitigh in Éirinn, agus leag Izzy Kamikaze béim ar cé chomh tábhachtach is atá sé feachtasaíocht LADTA+ a dhéanamh taobh amuigh de na cathracha agus na bailte móra.

San am atá thart, bhí ar fhormhór na ndaoine aiteacha dul ar deoraíocht sna cathracha chun a bheith ábalta teacht amach go sábháilte, ach anois tá daoine ag seasamh suas agus ag éileamh an ceart a bheith dílis dóibh féin ina mbailte dúchais féin.

Agus tá ag éirí leo – is léir ó thacaíocht phobal an Fháil Charraigh go bhfuil spás ann sa Ghaeltacht don phobal aiteach. Bhí na Croisbhealaí maisithe le bratacha bogha báistí agus tháinig slua mór daoine amach don mhórshiúl Dé Sathairn chun lucht an Bhróid a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh. 

Dul chun cinn nach beag atá i gceist leis sin, ní hamháin maidir le cearta LADTA+ ach maidir le staid na Gaeilge sa Ghaeltacht chomh maith. Mura mothaíonn daoine óga gur gá imeacht as an cheantar siocair go bhfuil siad ‘difriúil’, seans go bhfanfaidh níos mó cainteoirí dúchais ina mbailte dúchais féin, ag cur le saol agus cultúr na háite. 

Dúirt duine amháin liom, agus muid ag siúl linn sa mhórshiúl, go raibh sí ag smaointeamh faoi níos mó ama a chaitheamh ar ais sa cheantar anois i ndiaidh a saol fásta ar fad a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Mar a dúirt Izzy Kamikaze, is trí dhlúthpháirtíocht amháin a leanfaidh an pobal LADTA+ ar aghaidh ag dul chun cinn agus is dlúthpháirtíocht a thabharfaidh daoine ar ais chuig an Ghaeltacht.

Míle buíochas don choiste eagraithe – Pól Penrose, Marc Mag Riada, Brian Lacey, Sam Ó Fearraigh, Mel Bradley, agus Isabel Ní Chuireáin – as an obair chrua atá déanta acu chun ócáid chomh tábhachtach agus stairiúil leis seo a reáchtáil. 

Tá a fhios agam go bhfuil achan duine ar bís le feiceáil cad é atá le teacht sa todhchaí!