Author: misneach

Misneach le freastal ar Aonach Leabhar Radacach Dhoire

Beidh an grúpa Misneach ag freastal ar Aonach Leabhar Radacach Dhoire, Dé Sathairn an 27ú Eanáir ón mheán lae ar aghaidh.

D’fhreastal Misneach ar an Aonach anuraidh agus baineadh an-tairbhe as. An lá i ndiaidh an Aonaigh, ar an Domhnach, beidh Misneach ag glacadh páirte i Mórshiúl Dhomhnach na Fola.

Dúirt Oisín Mac Eó, urlabhraí de chuid an ghrúpa i dTír Chonaill agus Doire:

‘Is deis ar dóigh é an tAonach bualadh le daoine atá ar comhintinn linn agus táimid buíoch as an chuireadh atá faighte againn ó na heagraithe den dara bliain as a chéile. Deis mhaith atá ann fosta ábhar suimiúil a phiocadh suas idir leabhair agus phaimfléid pholaitiúla, fhealsúnachta agus ar ábhar na steachailte sóisialaí.’ Read More

Ár nOidhreacht Theangeolaíoch: An fhírinne shearbh

Is minic in Éirinn go gcloistear caoineachán faoi chás na Gaeilge agus faoin imeallú atá á dhéanamh uirthi le blianta fada. Tuigeann muid uile faoi seo go bhfuil pobal urlabhra traidisiúnta na teanga á lagú go leanúnach le fada an lá. Léirítear an fhírinne seo go soiléir sa litríocht
shochtheangeolaíoch.

In 2007, mar shampla, dearbhaíodh i saothar suntasach, An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT), nach raibh fágtha ach idir 15 agus 20 bliain ag an nGaeilge mar theanga phobail sna ceantair Ghaeltachta is láidre a mhaireann
(Ó Giollagáin et al., 2007: 27).

Léirítear i dtaighde nua go bhfuil cumas nó acmhainneacht teanga i bhfad níos fearr sa mBéarla ná sa nGaeilge ag gasúir óga atá á dtógáil le Gaeilge amháin sa mbaile i gceantair láidir Gaeltachta (Péterváry et al., 2014). Mar gheall ar an meath tromchúiseach seo atá tagtha ar chroíphobal na teanga, maíonn saineolaithe áirithe gur gearr eile a mhairfeas an teanga sa tír trí chéile.

Read More

Cáineann Misneach ceapachán Josepha Madigan mar Aire Gaeltachta

Tá Misneach tar éis cur i gcéill an rialtais a cháineadh go láidir i ndiaidh Leo de Varad, cara mór na Gaeilge mar dhea, bean nach bhfuil líofa sa teanga a cheapadh mar Aire Gaeltachta an tseachtain seo chaite.

Tá cúlú iomlán anois ón mbéim a bhí ann tráth go mbeadh leibhéal Gaeilge de shaghas éigin ag an Aire Gaeltachta.

Tagann ceapachán Madigan sna sála ar cheapachán an Aire Humphreys le blianta beaga anuas. Ní raibh Gaeilge ar bith ag Humphreys agus níor léirigh sí suim dá laghad i gcúrsaí Gaeltachta nó cur chun cinn na teanga.

Read More

Litir Oscailte ó MISNEACH go Conradh na Gaeilge

Mar atá ráite againn go minic, tá Misneach go láidir den tuairim go bhfuil gá le feachtas láidir trodach ar son na Gaeltachta a chuirfidh brú ar na húdaráis géilleadh do na riachtanais atá ag na pobail ina bhfuil an Ghaeilge fós beo mar ghnáth theanga cumarsáide.

Aontaíonn muid 100% leis an méid a scríobh Máire Ní Fhinneadha ar Thuairisc.ie le gairid, gur ‘bliain éigeandáil na Gaeltachta’ atá ag teastáil,  bliain cheiliúrtha.

Read More

Seasann Misneach le Feachtas Comharthaí Sráide Chorcaí

Beidh an Chomhairleoir Diarmaid Ó Cadhla, agus beirt chomhghleacaithe leis, Tom O’Connor agus Tony Walsh, ós comhar na cúirte den tarna uair i gCorcaigh an tseachtain seo chugainn de bharr gníomh díreach ar chomharthaí sráide a rinne siad i Mí Feabhra.

Tá an triúr mar bhaill de Feachtas Comharthaí Sráide Chorcaí a rinne comharthaí ar a bhfuil ainm an Banríon Victoria luaite a scriosadh ag tús na bliana. Tá an stát tar éis na fir a chúiseamh as damáiste coiriúil a dhéanamh.

D’iarr Ó Cadhla go reáchtálfar an triail trí Ghaeilge, ach dhiúltaigh an breitheamh dó.

Read More

Seirbhís cúram leanaí druidte

Seirbhís cúram leanaí druidte ag na húdaráis i ngaeltacht Thír Chonaill.

Sa tseachtain chéanna a tháinig tuairisc amach ag léiriú uafás an mhíbhuntáiste sóisialta sa Ghaeltacht, cuireadh deireadh le seirbhís a thug cúram do leanaí agus fostaíocht do dhaoine fásta go hiomlán trí Ghaeilge i nGort A’ Choirce .

Léirigh an grúpa feachtasaíochta MISNEACH a mhíshástacht go bhfuil muintir na Gaeltachta fágtha arís in áit na leathphingine ag na húdárais agus go bhfuil foirgneamh eile fágtha ar díomhaoin i nGaeltacht Thír Chonaill.

Read More

Dlúpháirtíocht le Fóram Phleanála Teanga Chois Fharraige

Tá an grúpa feachtasaíochta Misneach i ndiaidh litir tacaíochta a sheoladh chuig fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige agus chuig coistí pleanála teanga eile sa Ghaeltacht lena seasamh ar cheist mhaoinithe na bpleananna teanga a mholadh.

Dúirt úrlabhraí de chuid Misneach, Kerron Ó Luain, inniu:

Read More