Category Archive : Fealsúnacht

Taobh Thiar Do Gach Bean Tá Fear Ann atá ag Déanamh an méid is lú gur féidir leis déanamh

Féach ar do mháthair. Féach ar do dheirfiúr, d’aintín, do sheanmháthair. Féach ar do chomhghleacaí Áine, nó do pháirtí ranga Siobhán. Féach ar do chara Niamh. Rinne fear éigean gnéaschiapadh ar gach aon duine acu. 

Neart amanna nuair a bhí na mná timpeall ort amuigh i bpub éigean chuir fear a láimh orthu gan cead; scealpóg bheag anseo is ansiúd. Bheir sé greim aistí. Nuair a bhí sí crosta faoi dúradh, léi “Muise nílim ach ag spochadh asat!”

Amanna eile bhí sí ag siúl áit éigean agus thosaigh fear ag béicíl uirthi. Neart daoine timpeall ach ní dhearna siad aon rud. Cén fáth? Mar is léir gur “moladh” atá ann. Nuair a thug sí neamhaird air, nó a mhalairt, nuair a thug sí idé bhéil dó, thosaigh sé á leanúint.

Thóg fear a grianghraif gan cead. Labhair fir go drochbhéasach fúithi ar líne nó ar WhatsApp i ngan fhios di. Cén fianaise atá agam? Féach ar an gcás cúirte i mBéal Feirste leis na himreoirí rugbaí. Ní sin an chéad uair ná an uair dheireanach a tharla sé.

Ní chreideann tú mé? Cur ceist ar na mná uilig i do shaol. Iarr orthu an ndéanadh na rudaí sin dóibh. Feicfidh tú gur eispéireas coiteann é. Is cuma an as Éirinn í, na Stáit Aontaithe, Sasana nó an Phacastáin; tá na rudaí seo tárlaithe dúinn uilig.

Do mhná áirithe tá rudaí níos measa tarlaithe dúinn; ionsaí, éigniú agus dúnmharú.

Léiríonn seo ar fad an easpa measa atá ann do mhná. Táim bréan d’fhir ag rá liom, “Ní dhéanaim seo…ní dhéanaim siúd…” mar argóint ar son “ní na fir uilig!” Dúirt fear ar Twitter liom, “Tá ráta níos airde d’ionsaí ar fhir ná mná”. 

Fiú más fíor sin, cé hiad an dream atá ag déanamh na hionsaithe seo? Fir! B’fhéidir nach bhfuil gach fear ag déanamh na rudaí déistineacha seo ach gach am a tharlaíonn sé is fear atá á dhéanamh.

Is cuma liom céard nach ndéanann sibh! Sin a laghad oibre gur féidir libh a dhéanamh! Céard a dhéanann sibh ar ár son? Nuair a bhain do chara Brian an daonnacht as bean éigean, an ndúirt tú stop? Nuair a d’inis do chol ceathrair Daithí scéal grinn faoi éigniú an ndúirt tú leis stopadh?

Nuair a rinne d’uncail Caoimhín magadh gur chóir do mhná fanacht sa chistin, an ndúirt tú stop? Nuair a bhí do dheirfiúr míshásta agus thosaigh d’athair ag spochadh aisti, ag rá gur léir go bhfuil tinneas na mná uirthi, an ndúirt tú stop?

Maraíodh Ashling Murphy le gairid. Is cuma cá raibh sí. Is cuma linn céard a bhí ar siúl aici. Is cuma cén sórt duine a bhí inti; an post a bhí aici, a haois srl. 

Is cuma cén t-am a tharla sé. Is cuma nach raibh sí ag ól nó na héadaí a bhí uirthi. Is cuma cárbh as don fhear a mharaigh í. Níor chóir go mbeadh eagla orainn. Níor chóir go mbeadh orainn céimeanna a thógáil chun muid féin a chosaint. 

Feicimid an leibhéal ionadh atá ar beagnach gach duine sa tír agus thar lear. Dá mba rud é go raibh gúna gearr uirthi agus í i gclub éigean, ag ól agus ag pógadh fir, an mbeadh daoine chomh crosta fós? Dá mba rud é gur oibrí gnéis a bhí i gceist, céard a deireadh daoine? Níl sé tuillte ag duine ar bith bheith ionsaithe ar leibhéil ar bith.

Stop ag tabhairt do thuairim mar fhear, stop ag insint dúinn bealaí chun muid féin a chosaint! Níl clú ar bith agat mar fhear ar na cineál rudaí atá orainn déanamh nó gan déanamh.

Níl clú ar bith agat ar cé chomh deacair is atá sé. Tosaigh ag éisteacht linn! Sin an rud is tábhachtaí. Éist linn nuair a labhraímid faoinár n-eispéireas mar mhná. Creid muid. 

Ansin tosaigh ag cur stop leis an bhfuath ban timpeall ort. Seas ar ár son; tosaigh ag labhairt leis na fir timpeall ort; abair stop leo.

Léirigh meas orainn mar dhaoine daonna. Is féidir le gach fear i bhfad níos mó a dhéanamh chun saol níos cothromaí a chruthú dúinn uilig.

Muna bhfuil fir sásta éisteacht leis na moltaí seo níl athrú chun teacht ar an scéal agus beimid uilig sa chás seo arís.

Caillteanas

Cailleadh mo mháthair go tobann an mhí seo caite. Ba rud fíordheacair é. Ní féidir cur síos ar na tonnta dobróin a mhothaíonn tú arís is arís eile nuair a chailleann tú duine ar bith, gan trácht ar an duine a thug isteach sa tsaol seo thú. 

Agus mé ag labhairt le mo ghaolta go léir agus le cairde an teaghlaigh chun an drochscéal a chur ina láthair, ba thógáil croí dom a bheith ag éisteacht leis na scéalta agus dea-chuimhní uile a d’inis siad faoi mo mháthair. Chuala mé scéalta nár chuala mé riamh roimhe, agus mhothaigh mé fíorbhuíoch as an deis rud nua a fhoghlaim fúithi. 

Ansin tháinig aiféala orm nár chuir mé níos mó ceisteanna ar mo mháthair faoina saol agus í fós beo. Thug mé faoi deara an méid eolais atá caillte i ndiaidh a báis. Is mór an trua é: cailltear saol iomlán nuair a chailltear duine. Cailltear a scéalta, a chuimhní, a bhéasa, a chríonnacht.

Is amhlaidh atá sé i gcás teangacha chomh maith. Nuair a chailltear teanga, cailltear an oidhreacht chultúir dholáimhsithe uile a ghabhann léi: an béaloideas, na traidisiúin, an chruinneshamhail ar fad. Agus sin léargas amháin atá á bhaint agam as próiseas an bhróin seo. 

Ní leor an phráinn a bhíonn le cúrsaí Gaeilge, i mo thuairimse. Ní dóigh liom go dtugtar faoi deara cá mhéad atá i mbaol a chaillte.

Is oidhreacht thábhachtach an teanga féin, cinnte, ach is feithicil í chomh maith a iompraíonn saibhreas cultúir agus oidhreachta nach mairfeadh gan í. Tá sé de dhualgas orainn an saibhreas sin a chothú agus a fhás. 

Thaispeáin an phaindéim reatha dúinn cé chomh gasta agus is féidir athrú mór teacht ar an tsaol, agus dá bharr sin, ní mór an deis a thapú gníomhú ar son ár dteanga anois. Éirí as rudaí a chur ar an mhéar fhada.

Má tá sé ar intinn agat dán a scríobh i nGaeilge, cuir peann le pár inniu. Má tá tú ag lorg comhluadair trí mheán na Gaeilge, tá daoine eile thart ort agus an fonn céanna orthu – déan imeachtaí a reáchtáil. 

Tá an saol gairid agus níl againn ach an t-am i láthair. Ní fiú aiféala a bheith orainn maidir le caillteanais áirithe ar féidir iad a sheachaint. 

le Tadhg Mac Eoghain

Athruithe

Pléann ball Misneach, Tomás Ó Loinsigh, na hathruithe atá ag teacht ar an gcomhshaol; comhshaol na Gaeilge san áireamh

Tá go leor rudaí ann nach n-aithnítear go bhfuil siad in easnamh, go dtí go bhfeictear arís go tobann iad tar éis tamall fada gan a n-easnamh a thabhairt faoi ndeara. 

Is annamh anois a fheictear snáthaidí móra ná creabhair capaill ná an iomaí feithid bheag eile nach bhfuil de Ghaeilge ná de Bhéarla agam, mar jackeen a rugadh i dtreo dheireadh an fichiú haois, le cur síos orthu. 

Ach is cuimhin liom na feithidí sin do mo chrá ar fheirm m’uncail i gContae an Chabháin agus mé ag cuidiú (nó sin a cheapas agus níor bhréagnaíodh mé) le m’athair ann mar ghasúr. 

Agus ansin le cúpla lá anuas, nuair a mhothaigh mé iad ag baint greim asam arís, d’airigh mé cé chomh fada is a bhí sé ó chonaic mé iad. Is cuimhin liom chomh maith, agus muid ag taisteal abhaile ar chúlbhóithre dorcha, scáth gaoithe an ghluaisteáin clúdaithe le feithidí beaga, meallta ag soilse tosaidh an chairr. 

Ní fheictear sin anois. Tá córas feirmeoireachta monashaothraithe agus scaipeadh sciodair agus lotnaidicíde tar éis deireadh a chur leo uile, is dócha.  

Ar an bhfeirm chéanna, blianta fada ó shin, bhíodh capaill ann chun obair na feirme a dhéanamh, agus gort coirce curtha ar leataobh chun ábhar beatha a sholáthar dóibh, agus sa ghort sin bhíodh piasún agus éin eile, a d’fhéadadh iad fhéin a chothú ón choirce céanna. 

Anois, níl ar an bhfeirm ach beithígh, agus níl áit ann don fhiadhúlra uile eile a mhaireadh leo air tráth.

Agus ní ar na feirmeacha amháin atá seo ag titim amach. Tá éisc na farraige ag dul in éag leis an ró-iascaireacht atá ar bun. 

Aon iascaire ar mian leo a bheatha a chothú ar an bhfarraige, níl an dara rogha acu anois ach páirt a ghlacadh sa ró-iascaireacht chéanna, mar is é sin a chuireann an córas caipitlíoch iachall orthu a dhéanamh. 

Sna portaigh, ar sean-nós traidisiúnta agus dúchasach (agus eistarraingtheach) na tíre seo, tá móin fós á baint bliain in aghaidh bliana, ag scriosadh gnáthóg dhúlra agus linn carbóin, agus ag scaoileadh carbóin – ach gan foinse in-athnuaite fuinnimh faoi smacht an phobail, cén rogha atá ag teaghlaigh thuaithe ach an mhóin a bhaint agus a dhó?

Agus b’fhéidir gurb é sin an chúis nach bhfuil an stór focal agam chun cur síos cruinn a dhéanamh ar an dúlra seo ar fad – ní bhaineann sé le mo shaol ná le saol duine nó dála sa tír seo anois. 

Cad is fiú, sa lá atá inniú ann, an t-ainm cruinn traidisiúnta a bheith agat ar éan atá ag dul in éag, ar chrann nach féidir luach adhmaid a fháil uirthi, ar athrú tapaidh ar an aimsir nó cith tobann baistigh, nuair atá muid sáinnithe slán sábháilte sa ghluaisteán nó os comhair na teilifíse?

Is dócha nach aon rud nua í seo i stair an chine dhaonna. Ní hí an fichiú haois an chéad uair atá scrios iomlán déanta ag daoine ar an gcomhshaol mórthimpeall orthu. 

Dar ndóigh, rinne na hEorpaigh scrios ar fhiadhúlra (agus ar shochaithe daonna) Mheiriceá nuair a thosaigh siad ar an mhórchríoch sin a choilíniú sa séú chéad déag. Ach b’fhéidir gurb í seo an chéad uair go bhfuil seo ag tarlú ar scála domhanda.

Is minic le tamaillín beag anuas a fheictear inbhuanaitheacht teanga agus dúlra á phlé sa chomhrá céanna. 

Tá an-phlé ar cheisteanna timpeallachta sna meáin Ghaeilge, agus tá leabhair ar díol anois ag tarraingt aird ar an nasc ársa idir an teanga Ghaeilge agus tírdhreach agus timpeallacht na tíre seo. Ach ar shlí éigin, uaireanta mothaím nach bhfeictear méad agus donas an chruacháis atá ann ó thaobh na teanga agus an chomhshaoil de.

Le cúpla seachtain anuas, chualathas nach bhfuil ach 23% de theaghlaigh Ghaeltachta ag tógáil a gclann le Gaeilge. Is teanga dhaoine aosta na Gaeltachta í an Ghaeilge anois – níl ach 16% de dhaoine óga faoi bhun 18 bliain d’aois as an Gaeltacht ag labhairt na teanga go laethúil lasmuigh den chóras oideachais. 

Figiúirí iad seo atá an-chosúil leis na figiúirí a tháinig amach anuraidh, a léirigh nach bhfuil ach deich mbliain fágtha ag Gaeilge na hAlban mura mbíonn athrú mór ar chur chuige an rialtais ansin chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá á fulaingt ag an teanga, áit a bhfuil mórchuid na gcainteoirí sna caogaidí nó níos sine. 

Is rí-shoiléir atá sé leis na staitisticí úra os ár gcomhair, agus gan aon dalbhadh orainn nach bhfuil cás na Gaeilge mórán níos fearr.

Seachtain nó dhó ina dhiaidh sin, i lár tonn teasa millteanach ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh, agus tuillte uafásacha ag titim amach in áiteachaí eile, foilsíodh tuairisc nua de chuid an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis an ngéarchéim aeráide.

Cuirtear in iúl sa tuairisc go bhfuil aimsir den chineál seo ag dul in olcas agus i minicíocht, agus go bhfuilimid cheana féin buailte leis an bpointe claochlaithe, pointe nach mbeidh (nó nach bhfuil) aon filleadh uaidh. 

Agus, ag féachaint ar mhéad na faidhbe sin, tá sé rí-shoiléir nach bhfuil aon fhiúntas ag baint le haon iarracht aonair cúrsaí a athrú – athrú iomlán chórais atá de dhíth.

Nuair a airím ainmhithe nó feithidí nach bhfaca mé le tamall i gceantar éigin atá scoilte amach ón fheirmeoireacht mhonashaothraithe arb é bunleagan na feirmeoireachta sa tír seo agus i ngach aon tír sa lá atá inniú ann, nó nuair a chloisim páistí óga Gaeltachta ag caint eatarthu fhéin as Gaeilge, bíonn idir áthas agus brón orm. Mothaím brón mar dhuine a bhfuil sé de phribhléid aige gnéithe de shean-domhain atá ar tí imeacht go deo a fheiceáil nó a chloisint. 

Nuair a bhristear leis an slabhra trasghlúine a théann siar na mílte bliain trínar sheoladh teanga ar aghaidh ó ghlúin go glúin – agus tá an eachtra mílaoiseach seo ag tarlú timpeall orainn inniú – agus nuair a cailltear gnáthóg dhúlra, níl aon bhóthar siar. 

Ní féidir an slabhra briste a chuir le chéile nó an ghnáthóg a athógáil mar a bhí. 

Cinnte, is féidir an Ghaeilge a fhoghlaim anois go héasca ar líne nó ó leabhair, agus cinnte, má thagann deireadh leis an gcine daonna (rud nach gcreidim a tharlóidh, beidh lucht an rachmais ann i gcónaí, iad slán sábháilte ina gcathracha aerchóirithe agus teochtrialaithe, agus beidh na bochtanaigh ann i gcónaí chomh maith, gan aon cheist, gafa i gcathracha fairsinge, gan aon chosaint acu ón timpeallacht, ón salachar, ón ghalar, ó iarmhairtí millteanacha an athrú aeráide), b’fhéidir go dtiocfaidh an dúlra ar ais chuici féin, ach ní hí an dúlra céanna a bhéas ann – tá ainmhithe ‘s éisc ‘s éin atá imithe ina n-iomlán anois, ró-iascaireacht déanta orthu nó a mbiashlabhra iomlán scriosta againn.

Uaireanta mothaímid go bhfuilimid ag cónaí i ndomhan atá ag fáil báis.

Ach anseo is ansiúd, bíonn fíorsplancacha an dóchais le feiceáil. I mBéal Feirste, tá naíonra á chur ar bun ag gníomhaithe cróga in oirthear na cathrach, ainneoin bagairtí roinnt biogóidí Gaelfóbacha. 

I mBéal Feirste, cathair ina bhfuil an Ghaelscolaíocht ag dul ó neart go neart, ón am ar bunaíodh Bunscoil Phobail Feirste, in aghaidh gach iarracht an stáit í a chur faoi chois, tá an Ghaeilge anois mar cheann des na huirlisí is láidre le dhá phobail scoilte a thabhairt le chéile.

I mBéal Feirste a cuireadh ar bun an chéad iarracht pobal labhartha Gaeilge a bhunú go tíreolaíoch i gceantar faoi leith ar Bhóthar Seoighe, nach raibh lonnaithe sa Ghaeltacht féin ach san iar-Ghaeltacht. 

Tá torthaí na hiarrachta sin le clos inniú i measc na ndaoine óga a bhfuil an teanga in úsáid acu ar na sráideanna agus i gcaiféanna na cathrach. 

B’fhéidir go mbristear an slabhra anseo nó ansiúd, ach in áit eile cuirtear tús le slabhra nua. 

Is sampla í Béal Feirste dúinn ar fad – más saol trí Ghaeilge atá uainn, ní mór an Ghaeltacht a chosaint, ach chomh maith le sin beidh orainn troid san áit ina bhfuilimid, bíodh sin sa chathair nó faoin tuath. 

Le domhan atá ag éirí níos uirbí gach aon lá – de réir na Náisiún Aontaithe tá breis is leath de dhaonra an domhain anois ina gcónaí i gcathracha agus ceantracha uirbeacha, an tromlach ollmhór dóibh sin i slumaí bochta, don chéad uair riamh i stair an chine dhaonna – muna bhfuil spás sna cathracha don Ghaeilge, ní bheidh ann di amach anseo. 

Agus b’fhéidir gur féidir splancacha den chineál céanna a airint leis an chomhshaol. Ní bheidh rudaí mar a bhí riamh arís. 

Ach an cheist mhór atá romhainn anois ná an scaoilfimid do lucht an rachmais (agus ar scála domhanda, sin cuid mhór den Eoraip agus na Stáit Aontaithe) iad féin a chur faoi ghlas laistiar de bhallaí arda an chiníochais agus an fhuatha, agus an mhórchuid againn a fhágáil lasmuigh den doras, san fhásach atá le déanamh den domhan? Nó an dtroidfimid chun réiteach cóir a bhaint amach, chun tograí ón mbun aníos a chur ar bun, chun domhan slán agus saor a chur ar fáil do chuile dhuine air? 

Tá tograí i gceantracha tuaithe na tíre seo curtha ar bun le blianta beaga anuas, chun smacht an phobail áitiúil a fháil ar fhuinneamh inathnuaite, feirmeacha gaoithe phobail a thógáil agus an fuinneamh sin a chur chun leas an phobail chéanna, agus briseadh amach ón mhargadh fuinnimh agus breosla eistarraingtheach domhanda. 

Tá fuinneamh na gréine chomh flúirseach sin agus an teicneolaíocht chomh forbraithe anois, gurb í an bac is mó atá air sa lá atá inniú ann mar chóras cumhachta, ná nach bhfuil brábús le dhéanamh as. 

Ach más deireadh leis an gcóras caipitlíoch, eistarraingtheach, is cúis leis an ngéarchéim aeráide atá uainn – agus ag an bpointe seo ní dócha go bhfuil aon chaoi eile chun saol cóir a chur ar fáil do thromlach mór an chine dhaonna – is é seo atá le déanamh. 

Beidh focail nua Ghaeilge ag teastáil chun cur síos ceart a dhéanamh ar dhomhan úr den chinéal sin.

Cumhacht

Má labhraíonn tú le duine i dteanga a thuigeann siad, téann sin isteach sa cheann. Ach, má labhraíonn tú leo ina dteanga féin, sroicheann sin croí-lár an duine. Cén teanga a thuigeann muid sa lá atá inniu ann? Agus cén teanga a labhraímid? An labhraíonn muidne teangacha, fiú – nó an labhraíonn teangacha trínne?

Ní furasta a rá… go háirithe nuair a labhraíonn gníomhartha níos airde ná focail, mar a deirtear. Céard í bunfhadhb ár linne? Chuirfeadh mise an t-aon phingean rua a bheadh agam gurb í an mhíchothromaíocht atá ann. 

Rud a théann go smior i bhfeidhm ar chách. Míchothromaíocht a bhaineann le smacht agus cumhacht. Míchothromaíocht áiseanna agus achmhainní. Míchothromaíocht ghránna dho-mhaite atá ag dul in olcas in aghaidh an lae. 

Agus de ghnáth, níl ach an tost balbh le cloisteáil ag screadaim amach ina coinne. I gcoinne an choráis mhíchothroma seo. An córas capitileach. Tóir an bhrabúis. An gealltanas go bhfaighfaimís i gcónaí níos mó ar son níos lú. An t-inneall fáis eacnamaíochta. Agus foinse féin na deighilte móra.

Ní hionnann sin ’s a rá nach bhfuil scataí móra daoine ag troid in aghaidh na míchothromaíochta domhanda – agus éiríonn leo srian éigin a chur uirthi, cé go bfhuil siad ag fulaingt fúithi freisin. 

Ach ó thaobh an rialtais de, is annamh an dul chun cinn atá á dhéanamh. Táimse féin tuirseach. Go háirithe nuair a smaoiním ar an bPalaistín agus mé ag léamh tuarascáil na Náisiún Aontaithe – agus iad ag rá nach bhfuil aon dul chun cinn déanta i dtreo chuspóir an dá stát.

Is cuid den fadhb í an ‘réiteach’ sin, áfach, dar liom. Scéal (nó bréag) a thacaíonn leis an status quo amháin. Ag an am céanna, tá comharthaí suntasacha le feiceáil dúinn a leiríonn treo éigin eile. 

Tá rialtas Stát Sé Chontae Fhichead na hÉireann, mar shampla, tar éis teacht amach á rá go hoscailte agus go poiblí go bhfuil Iosrael tar éis seilbh de facto a ghlacadh ar thalamh iomlán na Palaistíne cheana féin. Agus is fíor sin. Agus an rud atá fíor, is tábhachtach a aithint.

Grianghraf tógtha le cead ag ócáid ​​dlúthpháirtíochta i gcathair Köln ar an 15 Bealtaine 2021

Níor fhágamar slán go fóill leis an ambasadóir Iosraelach áfach, agus is trua nár cuireadh an Bille um Ghníomhaíocht Eacnamaíoch Rialaithe (Bille na Críche faoi Fhorghabháil) fós i bhfeidhm mar gheall ar Chomhrialtas Fhianna Fáil, Fhine Gael, na nGlasaigh agusmar gheall ar an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney.

Ní féidir linn cur leis an uafás ag breathnú air mar ábhar spéise. Is í an Eoraip an dara bloc trádála is mó atá ag Iosrael, tar éis na Stát Aontaithe. Ba cheart dúinn ár dtionchar a úsáid chun dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn. Mar is eol do chách. Mar a chan Cohen.

Grianghraf tógtha le cead ag ócáid ​​dlúthpháirtíochta i gcathair Köln ar an 15 Bealtaine 2021

Tá an t-Aontas Eorpach (in éineacht leis an “gcomhphobal idirnáisiúnta”) tar éis smachtbhannaí a chur ar an tSín mar gheall ar sharú ar chearta an duine i gcoinne na Moslamach Uyghur – agus gach cosúlacht air go bhfuil cinedhíothú ar siúil ansin. Céard is ciall le “dlí idirnáisiúnta” agus “nie wieder” mura ndéanaimid é a chosaint?

Ach cén fuadar atá fúthu? Fuadar ar bith, is cosúil. Ní hiad lucht an rialtais atá ag tuilleamh níos lú ná €5 in aghaidh an lae. Ní hiad siúid atá ag teitheadh ón gcogadh. Ní hiadsan atá gan dídean nó a bhfuil buairt orthu nach mbeidís in ann cíos na míosa seo chugainn a íoc.

Ní hiad atá á mbá sa Mheánmhuir. Níl iontu ach lucht an chompoird agus is cuma sa tsioc leo faoin dream eile. Tá siad ar aon intinn amháin mar is gnáth – meon an ghnó mar ba ghnáth – fiú in ainneoin na paindéime – agus tá siad ag súil go mór go leanfaidh rudaí ar aghaidh ‘á fheabhsú’ go deo. 

le feiceáil ar lampa sráide sa Köln

Cad chuige todchaí na nGael? Nó fiú todchaí an Chinne Dhaonna? Nach chun báis amháin atá muid uile seolta? Ach idir an dá linn? Bainfimis úsáid agus sult as ár gcoirp, labharaímis ár dteangacha, agus déanaimis ár seacht ndícheall chun an scrios agus an mhíchothromaíocht, anseo agus mórthimpeall orainn, a laghdú. 

Is deis í an t-am atá ag sleamhnú thart, ag pléascadh agus ag titim as a chéile anseo ’s ansiúd, agus níl aon leigheas air sin. Is ionann an deis agus an dúshlán.

Níl uainn ach an Domhan uilig. 

Agus tá an chathair fós breac le tithe folmha. Tá 36,000 i mBaile Átha Cliath amháin, más buan mo chuimhne, agus 240,000 sa stát, gan tithe saoire san áireamh. 

Ní tithe atá iontu ar aon nós – níl ann ach infheistiú. Níl ann sna tithe folmha úd ach airgead. Is seirbhís bhainc atá ann. Chuir David Graeber i gcuimhne dúinn ina leabhar Debt: the First 5000 Years nach bhfuil ann sa chóras airgid ach córas creidmheasa. 

Is léir go gcreideann muid fós sa chóras sin, mar bainfimid úsáid as lá i ndiadh lae. Anois, nach bhfuil ár lán feasa againn go bhfuil an córas féin lofa – gur contúirt bháis don chine daonna é a scarann óna chéile muid agus a scriosann an plainéad dúinn, an t-aon bhaile amháin a bheidh againn uilig feasta?

“Homes for people, not for profit”

Túr dorcha airgid, tógtha i gcathair Köln

Is do lucht an bhrabúis atá an córas tithíochta ag soláthar. Mar a thug Richard Dawkins le tuiscint tráth ina leabhar The Selfish Gene – tá lucht an chaipitil i seilbh ag an víreas caipitleach féin; agus sin atá á dtiomáint. Ar tóir níos mó ar son níos lú atáthar, de shíor. Agus tá an barr bainte amach acu dá bharr. 

Téann siad ó neart go neart, ag folmhú na gcathracha agus ag scriosadh an phlainéid, agus ag cur an mhilleáin ar an duine bocht, ar na Moslamaigh, na teifigh, na Giúdaigh, srl. 

Ligtear dóibh dul ó neart go neart. Tugtar luach saothair dóibh, m.sh. luamh nua Bezos. Ina n-éagmais siúd, daoine éigin eile a bheadh ​​ann. Mar is fadhb shistéamach atá ann. Agus cumhacht sistéamach a rialaíonn ina bhfabhar. 

Ní bheadh an saibhreas sin ar fad acu murach ár ndlíthe, ár gcóras airgidis, ár rannpháirtíocht, ár gciontacht. Tá géarghá anois ann córas eile a chruthú le chéile – córas a oireann dúinn ar fad. 

Ní leor an t-eolas sin amháin, áfach. Mar is eol do chách. Tá athrú creidimh ag teastáil uainn chomh maith, chun muid a spreagadh. Agus tá comharthaí ann – ar nós na pandéime agus blocáil an Chanáil Shuais ag an Evergreen – a mheabhraíonn dúinn go bhfuil teannais phléascacha agus laigí ann sa chóras féin. 

Is suíomhanna straitéiseacha iad seo a bhféadfadh muid ár gcumhacht féin a dhíriú orthu agus ár leas féin a chur chun tosaigh. B’fhéidir go mbainfaimis amach an lá a labhróimis an fhírinne. I mbéal agus i ngníomh. Ach is dúshlán a bheidh ann, gan aon ráthaíochtaí…

An dtiocfaidh ár lá choíche?

Le Darragh de Paor, atá ag cur faoi sa Ghearmáin i láthair na huaire