Month: October 2022

An Ghéarchéim Tithíochta i nGaeltacht na nDéise

Suite ar leithinis idir Dún Garbhán is An Aird Mhóir ar an gcósta d’iarthar Chontae Phort Láirge tá Gaeltacht na nDéise mar cheann de’s na Gaeltachtaí is lú sa tír. 

Mar thearmann beag i gcomhair na canúna áitiúla, Gaelainn na nDéise, canúint a bhí scaipthe thar oirthear chúige Mumhan is beagáinín de chúige Laighean, níl ach dhá pharóiste fós á labhairt, an Rinn agus an Sean-Phobal. Tá tábhacht mhór ag baint leis an nGaeltacht seo ós rud é gurb í an t-aon Ghaeltacht in oirdheisceart na tíre le leanúnachas cultúir a théann leis an gcanúint siar na céadta bliain. 

Cé go bhfuil ár nGaeltachtaí go léir in ainm a bheith (ceaptha a bheith) mar thearmann i gcomhair na teanga is an phobail a labhraíonn í, tá sé soiléir d’an-chuid daoine fé’n am seo nach bhfuil fíor-chosaintí i bhfeidhm do mhuintir na Gaeltachta in aghaidh an ghéarchéim tithíochta is an phróisis uaislithe, an fhadhb is práinní atá ar an gcéad ghlúin eile le Gaelainn ar a gcuid bheola. 

Le blianta beaga anuas is sinne an t-aon cheantar Gaeltachta ina bhfuil úsáid na Gaelainne ag fás, go háirithe i measc iad siúd atá fé 18 mbliana d’aois.

Le 467 gcainteoir laethúla Gaelainne, 0 tithe inacmhainne ar fáil do theaghlaigh ón gceantar agus 94 thigh saoire sa Rinn agus an Sean-Phobal tá sé soiléir go bhfuil an teanga láidir go fóill ach go bhfuil sé millteach deacair ar dhaoine fásta, agus do theaghlaigh óga ach go háirithe, postanna agus tithíocht a fháil sa cheantar. 

Tóg an tigh seo ar fhíor-imeall na Gaeltachta sa Sean-Phobal ar an teorainn leis an gcéad pharóiste eile. Tá sé 14 km ón Rinn, áit ina mbíonn na tithe i bhfad níos costasaí, ach fós féin tá €365,000 air. Murab é seo sampla maith den phróiseas uaislithe agus den ghéarchéim tithíochta inacmhainne sa cheantar níl a fhios agam cá bhféadfaí sampla níos fearr a fháil: 

“Dragonfly cottage is a unique, colourful home situated in the Waterford Gaeltacht. The original structure of this beautiful build was constructed in the 1930s and was extended to what it is today in the 90s. Dragonfly Cottage is light filled and eclectically decorated. It sits sympathetically in its tranquil pastoral surroundings.”

Aistriúchán díreach gan bholscaireacht: is tigh sóisialta é seo le hacra a tógadh don lucht oibre sna 1930dí. Anois mar thigh faoi úinéireacht phríobháideach tá sé ar díol d’éinne ar bith ach tá praghas d’aon tríú de mhilliún air. 

An bhfuil aon rud ar siúl ag pobal na nDéise chun troid ar son tithe inacmhainne do theaghlaigh ón gceantar? 

I bhfocal amháin mar fhreagra dhuit: “Thá”, mar a deirtear sa cheantar seo.

Cé go bhfuil talamh ar fáil sa Rinn ag Údarás na Gaeltachta agus meitheal tithíochta i bhfeidhm le cúpla bliain anuas tá scéal casta is fada ag dul leis: 

Mar chuid den phlean teanga, tá meitheal tithíochta curtha ar bun ag Comhlacht Forbartha na nDéise chun scéim tithíochta inacmhainne a bhunú sa cheantar.

Tá dúshláin mhóra le sárú ag Údarás na Gaeltachta le togra na nDéise a thabhairt chun cinn. Baineann na dúshláin is mó le talamh stáit a dhíol agus maorlathas ó thaobh tithe inacmhainne a chur ar fáil. 

I mí Dheireadh Fómhair anuraidh scríobh Údarás na Gaeltachta chuig Roinn na Gaeltachta ag fiosrú an bhféadfadh siad an talamh sa Roinn a thabhairt ar láimh do chomhlacht forbartha na nDéise. 

Chuir an Roinn rialacha a bhain le talamh stáit a dhíol ar a gcuid súile agus dúirt siad go bhfiosródh siad an cheist leis an Roinn Tithíochta. 

I mí na Samhna d’fhiafraigh an tÚdarás an dtiocfadh leo an talamh a dhíol ar bhealach a bheadh ag teacht le rialacha an stáit, ach nuair a tháinig soiléiriú ó na ranna éagsúla dúradh leo go raibh obair go leor le déanamh sula ndéanfaí aon chinneadh faoi thogra na nDéise. 

Comhairlíodh don Údarás go bhféadfaí rialacha an stáit a bhriseadh dá ndíolfaí an talamh ar phraghas íseal nó dá gcuirfí coinníollacha casta le hiarratais a d’fhágfadh nach n-éireodh ach le dream amháin. 

Dúradh leo go gcaithfí an talamh a thairiscint d’eagraíocht stáit eile ar dtús sula gcuirfí ar an margadh é. Dúradh leis an Údarás go mbeadh orthu plean a aontú le Comhairle Contae Phort Láirge agus go mbeadh an moladh ag brath ar riachtanas tithíochta an cheantair, ar stádas zónála an talaimh agus ar phlean forbartha an chontae.

Sa chás go n-éireodh leis an Údarás an talamh a chur ar an margadh, dúradh leo a chinntiú nach mbeadh an ceannaitheoir ábalta an talamh a dhíol ar aghaidh ag praghas níos airde gan coinníollacha teanna agus a chinntiú nach dtitfeadh an costas ar an stát dá dteipfeadh ar an togra.

I ráiteas dúirt Comhairle Contae Phort Láirge nár pléadh an cheist le hÚdarás na Gaeltachta go fóill. Sin ráite, dúirt siad go n-aithníonn siad go bhfuil fadhb le praghas na dtithe i nGaeltacht na nDéise agus go mbreathnódh siad an féidir tithe a chur ar fáil ar phraghas inacmhainne amach anseo ach an t-airgead a bheith ar fáil ón rialtas.

Deirtear i gclár teilifíse 7 Lá ar TG4 go bhfuil an tÚdarás ag iarraidh teacht ar réiteach leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún agus an Roinn Tithíochta.

Tá sé i gceist ag an stát 54,000 teach inacmhainne a thógáil faoin bhliain 2030 ach an éireoidh leo scéim ar leith a chur ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge? 

Mar sin, tar éis an maorlathas sin a léamh tá muid thar náis go dtí an áit ina thosnaíomar san alt: tá an dualgas ar an stát amháin díonta a chur thar cheann na ndaoine, sna Gaeltachtaí ach go háirithe. 

Tá súil agam go n-athraíonn cúrsaí tithíochta go mear (go tapúil) anseo sna Déise ach ní bheinn ag breathnú ar Dháil atá lán de thiarnaí talún chun é sin a réiteach.

Braitheann sé go hiomlán ar an spiorad meithle atá ag an bpobal seo agus an méid misnigh atá acu chun troid le heastáit beag a thógáil i gcomhair na dteaghlach áitiúil le Gaelainn.

Rath ar Scioból an Phobail ’22

Deireadh seachtaine de scoith ag baill Misneach agus Trademark Belfast in Anagaire.

Ar mhianta Misneach, tá radacú Gael agus Gaelú radacach. Chuige sin, bhí seisiúin Ghaeilge againn do na ceardchumannaithe a bhí linn agus seisiúin pholatíochta/eacnamaíochta do bhaill Misneach.

Baineadh sult is sochar as an iomlán. Iontach buíoch do Scioból an Phobail as an fháras agus an as an bhia a sholáthar dúinn.

Sé seo an tarna bhliain a reáctháladh an deireadh seachtaine agus táimid ag tnúth leis an bhliain seo chugainn cheana féin.

Comóradh ar an gCadhnach i mBaile Átha Cliath ar na bacáin

Beidh Misneach BÁC ag reáchtáil comóradh ar Mháirtín Ó Cadhain an Satharn beag seo an 15ú Deireadh Fómhair i Reilg Chnoc Iaróm, BÁC 6.

Bhásaigh an Chadhnach ar an 18ú Deireadh Fómhair 52 bliain ó shin. Táimid, mar thír, mar Ghaeil, fós i bhfad uaidh fís an Chadhnaigh, fís den “Poblacht Shóisialach Ghaelach 32 Contae”.

Cé go ndéantar neart cur agus cúiteamh faoina litríocht i saol na Gaeilge, is annamh a gcloistear faoina bpolaitíocht. Ceann de na Gaeil is mó le rá san fhichiú haois, theastaigh poblacht shóisialach uaidh.

Beidh an staraí iomráiteach, Aindrias Ó Cathasaigh, mar chainteoir ag an gcomóradh agus tabharfaidh sé léargas ar shaol agus polaitíocht an Chadhnaigh.

Tá neart scríofa ag an gCathasach ar chúrsaí an eite chlé agus ar stair na Gaeilge, ina theannta dírbheathaisnéis den Chadhnach “Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain, 1905-70 (Coiscéim, 2002)”.

Fáilte roimh chách