Gairm ar ábhar do Mionlach #16

Gairm ar ábhar do Mionlach #16

Tá foireann eagarthóireachta Mionlach, irisleabhar Misneach, anois ag lorg ábhar d’eagrán #16 den iris. Glacfar le hailt ar an nGaeilge, polaitíocht, cúrsaí cultúrtha agus sóisialta, an eacnamaíocht, agus mar sin de. Fáilteofar ach go háirithe roimh ábhar cruthaíocht, filíocht, prós agus ealaíon.

Más spéis libh ábhar a sheoladh isteach, seolaigí é chuig eolas@misneachabu.ie. Is é an spriocdháta d’ábhar ná an 30ú Meán Fómhair.

Bhí rath maith ar díolachán eagrán #15, ach seans go bhfuil roinnt cóipeanna fós ar fáil sna siopaí agus ionaid seo a leanas:

Connacht

Béal an Daingin (Costcutter), Ceantar na nOiléan

An Cheathrú Rua (Eurospar), Conamara

Bell Book & Candle, Cathair na Gaillimhe

Charlie Byrnes, Cathair na Gaillimhe

Kenny’s, Cathair na Gaillimhe

Laighean

Siopa Leabhar, Sráid Camden, BÁC

Siopa Leabhar Uí Chonghaile, Barra an Teampaill, BÁC

Peadar Browns, Sráid Chlann Bhreasail, BÁC

Siopa Ráth Chairn, Co. na Mí

Red Books, Co. Loch Garman

The Village Bookshop, Tír an Iúir, BÁC

Mumhain

Rebel Reads, Cathair Chorcaí

Caifé Liteartha, An Daingean, Co. Chiarraí

Leac a Ré, An Daingean, Co. Chiarraí

Celtic Bookshop, Cathair Luimní

Spar na Rinne, An Rinn, Co. Phort Láirge

Ulaidh

An tSeanBheairic, An Fál Charrach, Co. Dhún na nGall

Muineacháin le Gaeilge, Baile Mhuineacháin

Gaelphobal an Cabháin, Co. an Chabháin

Siopa Néill Ruaidh (Eurospar), Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall

Ceathrú Póilí, An Cultúrlann, Béal Feirste

Cultúrlann Uí Chanáin, Cathair Dhoire

Aonach Ard Mhacha, Cathair Ard Mhacha

An Croí Caifé, Carn Tóchair, Co. Dhoire

Siopa 16, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain