Tag Archive : coilíneachas

Ceanada agus Éire: an Stát agus an Eaglais Chaitliceach sa gComhthéacs Coilíneach

Is ar éigean a thug na meáin clóite in Éirinn aird ar bith ar an scéal a tháinig amach as Ceanada le linn an tsamhraidh. Scéal a léirigh an slad a rinneadh ar bhundúchasaigh i gCúige Saskatchewan agus British Columbia.

Cosúil le scéal na hÉireann, nuair a d’fheidhmigh an stát agus an Eaglais Chaitliceach as lámha a chéile, bhí drochthoradh ann dóibh siúd a bhí imeallaithe agus ar bheagán cumhachta.

Tháinig sé chun solais i rith Mhí an Mheithimh go raibh dhá shuíomh ar a raibh scoileanna cónaithe de chuid na hEaglaise Caitlicí breac le huaigheanna gan leacht – uaigheanna bundúchasacha.

215 páiste a aimsíodh sa chéad scoil, agus 751 duine ag an tarna scoil, an formhór díobh ina bpáistí chomh maith.

Ní fios go fóill ar bhásaigh na páistí ó ghalair éagsúla nó ar dúnmharaíodh iad – tiocfaidh na fíricí gruama amach i gcaitheamh ama.

Tagann na rudaí atá ar eolas againn i láthair na huaire ó chuntais bhéil na n-íospartach a raibh sé de mhí-ádh orthu freastail ar na scoileanna, ach ar tháinig slán uathu.

Brúidiúlacht, mí-úsáid ghnéis, cos ar bholg ar chultúr agus teanga; b’in iad cleachtais na scoileanna “Críostaí” seo.

Dár ndóigh, is i gcomhthéacs coilíneach a tharla an díol náire seo. Bunaíodh na scoileanna cónaithe i dtreo dheireadh an naoú haois déag chun asamhlú cultúrtha a chur i gcríoch ar bhundúchasaigh Cheanada.

B’amhlaidh an scéal i Stáit Aontaithe Mheiriceá, san Astráil agus i dtíortha eile nach iad.

In Éirinn ba iad na páistí ba bhoichte, páistí na máithreacha a raibh “smál” orthu, a mhair in institiúidí den saghas céanna, agus ní gá ach smaoineamh ar an 796 leanbh a fuarthas i ndabhach shéarachais i dTuaim.

Cé go raibh difríochtaí áirithe idir Éire agus Ceanada sa chaoi is go mbaineann an cos ar bholg ar bhundúchasaigh le cúrsaí cine agus aicme, seachas le cúrsaí aicme go príomha mar a tharla in Éirinn, tá cosúlachtaí ann chomh maith.

Bhí an dá stát “neamhspleách” ag an am. D’éirigh le Ceanada féinrialtas a fháil in 1867, tríocha bliain sular bunaíodh na scoileanna cinedhíothaithe.

Bhí “neamhspleáchas” ag Fiche a Sé Chontae na hÉireann ó 1922 chomh maith, agus ba le linn blianta luatha an stáit a tosaíodh ar pháistí agus máithreacha a chur chuig na scoileanna saothair ‘s na neachtlanna Mhaigdiléana.

San fholús cumhachta agus infreastruchtúir a d’fhág an coilíneachas bhí an dá stát sásta go líonfadh an Eaglais Chaitliceach an bhearna. Ná déanaimís dearmad, ach oiread, go raibh ról ag an Eaglais Chaitliceach sa dá thír i gcur chun cinn an Ghalldaithe chomh maith.

Tá Rialtas Bhaile Átha Cliath tar éis praiseach a dhéanamh den phróiseas a thugadh an fhírinne chun solais agus cúiteamh ceart do na híospartaigh.

Rinne an tuairisc is déanaí ar thaithí na n-íospartach sna hinstitiúidí seo beag is fiú den scéal. Seachas an milleán a chur ar an stát, an Eaglais Chaitliceach, na Gardaí agus na hoibrithe “sóisialta”, cuireadh an milleán ar an “tsochaí trí chéile”.

Níl Rialtas Cheanada faoi Justin Trudeau puinn níos fearr agus is cur i gcéill aon phróiseas athmhuintearais sa stát úd fad is a leantar ar aghaidh leis an scrios atá á dhéanamh ar thailte na mbundúchasach sa tóir ar ola, gás agus adhmad.

Tá íospartaigh na n-institiúidí seo i gCeanada agus in Éirinn fós ag maireachtáil le pian na drochíde a d’fhulaing siad.

Tá teanga agus cultúr an dá áit fós an-lag de bharr an naisc lofa idir an stát agus an Eaglais a d’fhorbair i gcomhthéacs an choilíneachais.

Tá neart oibre le déanamh go fóill chun an dá áit a dhíchoilíniú ionas go bhfaighfí réidh le rianta, agus pianta, an stair dhearóil sin.

Cuirtear ar ceal comóradh na nDúchrónach agus an RIC go hiomlán

Bhí cúpla seachtain chrua ag an Taoiseach Leo Varadkar agus an tAire Cirt Charlie Flanagan bocht. Ó d’fhógair siad go ndéanfar comóradh ar Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, Póilíní Chathair Átha Cliath, agus na Dúchrónaigh, d’iompaigh sciar maith de phobal na hÉireann ina gcoinne.

Labhair maoir chathrach, comhairleoirí chontae, páirtithe polaitiúla, ceardchumainn agus an ghnáthdhuine amach mar gheall ar an maslú seo. Tá an chuma ar an scéal anois go bhfuil olltoghchán ar na bacáin agus go mbeidh an fhrithfhreagairt fheargach seo ón bpobal ar an gceist seo mar chuid lárnach de sin.

Bhí an t-athbhreithniúchas i ndiaidh dul rófhada. Is féidir bunús an scéal seo maidir leis an athbhreithniúchas in Éirinn le blianta beaga anuas a fheiceáil i gcuairt Bhanríon Shasana sa mbliain 2011. Nó, go deimhin, d’fhéadfaimis dul siar chomh fada leis an gcluiche rugbaí idir Éire agus Sasana i bPáirc an Chrócaigh sa mbliain 2007.

Sa dá chás, rinneadh iarracht normalú a dhéanamh ar an ngaol idir Éire agus Sasana. Is é sin le rá, go ndéanfar dearmad ar an eilifint sa seomra. Ligfí i ndearmad go raibh forghabháil fós á déanamh ag Sasana ar na Sé Chontae ó thuaidh.

Mar chuid den dioscúrsa seo, agus mar aon le seifteanna na n-athbhreithniúchóirí frith-phoblachtacha ag dul i bhfad siar, tosaíodh ar lúbadh níos déine a dhéanamh ar stair na hÉireann san fhichiú haois.

Cuireadh an polasaí seo i bhfeidhm ach go háirithe le linn de “deich mbliana na gcuimhneachán”, tréimhse a thosaigh i 2013 agus a mhairfidh go dtí 2023. Dúradh ar dtús gur chóir ómós a léiriú do na hÉireannaigh a throid ar son impireacht na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda.

Ina dhiaidh sin, rinneadh comóradh ar saighdiúirí na himpireachta céanna a chur Éirí Amach 1916 faoi chois. Dúradh go rabhamar “aibí” as seo a dhéanamh. D’éirigh le rialtas Fhine Gael ag an am an scéal a cheilt rud beag i measc chomóradh mhóir an stáit ar na hÓglaigh agus na comóradh éagsúla pobail a bhí ar bun.

Céard a d’athraigh an babhta seo agus iarracht á dhéanamh acu an RIC agus na Dúchrónaigh a chomóradh? Cúpla rud, ar a laghad.

Ar an gcéad dul síos, bhí dlisteanacht de shaghas éigin ag rialtas na Léinte Gorma i 2016. Toghadh iad arís i ndiaidh cúig bliana dóibh a bheith ag cur an mhilleáin ar Fhianna Fáil agus an ghéarchéim eacnamaíochta as na polasaithe nualiobrálacha uilig a bhí á gcur i bhfeidhm acu. Chomh maith leis sin, díríodh go leor feirge an tráth sin ar na fealltóirí i bPáirtí an Lucht Oibre.

Anois tá Fine Gael i rialtas mionlach ina n-aonar. Tá beagnach ceithre bliana caite acu, i lár “borradh eacnamaíochta”, le polasaithe a chur i bhfeidhm a leigheasfadh géirchéimeanna na gcóras tithíochta agus sláinte.

Is níos measa atá cúrsaí éirithe agus, lena chois sin, tagann scannal i ndiaidh scannail chun solais maidir le caimiléireacht árachais nó caiteachais i measc an pháirtí. Tá sciar maith den phobal dubh dóite d’Fhine Gael agus sotal a gceannairí.

Mar sin féin, tá cúrsaí stairiúla, cuimhne agus béaloidis ag baint le freasúracht an phobail i leith na Dúchrónaigh chomh maith. Tá cuimhne ag daoine i gceantair éagsúla ar na coireanna cogaidh a rinne na Dúchrónaigh le linn chogadh 1919-21. Bíodh sin ar a gcuid muintir féin nó ar bhailte, amhail Baile Brigín, agus cathracha ar nós Corcaigh, a dódh chun talaimh.

Tuigtear don phobal gur fórsa sceimhlitheoireachta a bhí sna Dúchrónaigh agus gur chuid den RIC a bhí iontu. Anuas ar sin, tuigtear gur ghlac an RIC féin páirt i gcuid mhaith den sceimhlitheoireacht chéanna, ainneoin iarrachtaí Flanagan an dallamullóg a chuir orainn trí ghnáth-fhórsa póilíneachta a ghlaoch orthu.

De bharr na cumhachta a bhfuil ag an bhfocal “Tan”, ligeadh i ndearmad, rud beag, na coireanna ina raibh an RIC páirteach le linn an naoú haois déag. Chuireadar Cogadh na nDeachúna faoi chois sna 1830í agus rinneadar díbirt ar tionóntaí as a gcuid tailte le linn an Drochshaoil sna 1840í.

Sna 1880í scaoil an fórsa a ngunnaí ar léirsitheoirí le linn Chogadh na Talún. Maidir le Póilíní Chathair Átha Cliath, is iadsan a bhris léirsiú na n-oibrithe ar Dhomhnach na Fola le linn Fhrithdhúnadh 1913, inar maraíodh beirt, agus inar gortaíodh na céadta.

Ainneoin iarrachtaí na bunaíochta an t-ábhar seo a dhéanamh “casta” agus “coimpléascach”, tá droim láimhe tugtha ag muintir na hÉireann don athbhreithniúchas gan srian ar dheireadh thiar thall. Agus is maith an rud é sin.

Is gá an comóradh seo a chur ar ceal go hiomlán anois.

Loscadh na hAstráile: Ról an Choilíneachais

Gné nádúrtha d’éiceachóras na hAstráile is ea an fhalscaí. Tá plandaí ann, mar shampla, nach bpéacann ach i dteas tine. Cén fáth, mar sin, a bhfuil falscaithe na bliana seo ina loscadh gan fasach?

De réir cosúlachtaí, meascán de chúinsí is cúis leis, ach ní féidir neamhaird a dhéanamh de ról an athraithe aeráide ar an ghéarchéim. 

Tá an Astráil buailte ag triomach den tríú bliain as a chéile, rud nár tharla riamh ó tosaíodh ar chuntas a choinneáil. Ina theannta sin, tá meánteocht na hAstráile ardaithe níos mó ná 1°C ó 1910.

D’ainneoin seo, deir Príomh-Aire Scott Morrison nach bhfuil sé sásta spleáchas na hAstráile ar mhianadóireacht guail a laghdú, ag maíomh go gcaillfí na míllte postanna dá ndéanfaí sin. Ar ndóigh, tá an Astráil ar cheann de na táirgeoirí guail is mó ar domhain. 

Cháin an OECD polasaithe timpeallachta na hAstráile in Eanáir 2019 toisc nach raibh an tír ag comhlíonadh a ndualgas faoi Chomhaontú Pháras.

Ní raibh aon éifeacht aige seo ar Morrison áfach. Agus é ag labhairt os comhair ionadaithe de chuid an tionscnaimh mianadóireachta i Mí na Samhna 2019, gheall Morrison go dtabharfadh sé reachtaíocht nua isteach a chuirfeadh cosc ar fheachtais bhaghcatála i gcoinne na mianadóireachta.

Is léir gur tábhachtaí an brabús ná an todhchaí do Morrison agus a léithéid. Seanscéal agus meirg air is ea é seo san Astráil, tír atá creachta gan taise ag an choilíneachas ó hionradh na nEorpach i 1788.

Níl aon ionadh ann mar sin go bhfuil baint dhíreach ag an choilíneachas leis na falscaithe. Leis na mílte bliain roimh an ionradh rinne bundúchasaigh na hAstráile na falscaithe a bhainistiú trí mhiontinte a lasadh agus iad ag siúl na tíre. 

Nós bunaithe ar shaineolas a ndúichí ab ea é a chur coisc ar fhalscaithe móra doshrianta.

Chuir díbirt na mbundúchasach stop leis an bhainistiú seo, rud a d’athraigh timpeallacht na tíre ar shlí bhunúsach. Léiríonn foinsí stairiúla gur meascán d’fhéarach agus díthreabh a bhí ann in 1788 san áit a bhfuil na mórchoillte eocalaipe atá trí thine inniú. 

Gan a sheanchaomhnóirí traidisiúnta, tá garraí na hAstráile tiontaithe go fiántas agus tá a thoradh sin á fheiceáil anois againn.

Tá iarrachtaí á ndéanamh le fada sean-nósanna bainistithe tine a chur in úsáid arís san Astráil. Déanann eagraíochtaí bundúchasacha ar nós an Firesticks Alliance agus Maoir Uunguu (dúiche bheo) iarrachtaí na nósanna seo a chuir i bhfeidhm agus tá ag éirí leo in áiteanna. 

Tá timthriall na mórfhalscaithe briste ag na Maoir Uunguu i ndiadh deich mbliana de bhainistiú traidisiúnta i graa (dúiche thraidisiúnta) mhuintir na Wunambal Gambera.

Léiríonn polasaithe Morrison go bhfuil meon santach an choilíneachais beo fós i measc aicme cheannais na hAstráile. Is léir go dteastaíonn athrú suntúsach i mbeartais thimpeallachta na tíre, mar aon le saineolas agus scileanna traidisiúnta na mbundúchasach.

Ní mór dúinn cuimhniú áfach go gcuireann tubaiste na bhfalscaithe seo go mór le tráma na mbundúchasach céanna. Díbríodh as a ndúichí iad agus anois caithfidh siad scriosadh na ndúichí céanna a choimheád.

Ó hionradh na nEorpach, táthar ag caitheadh leis an Astráil mar acmhainn ar féidir úsáid beag beann ar aon iarmhairt. 

Anois, 232 bliain níos moille, is léir go bhfuil athrú suntasach de dhíth, ní hamháin i mbeartas timpeallachta na tíre, ach i bhféintuiscint na ndaoine ann agus a ndearcadh ar an tír féin.

Uluṟu slán ó thurasóirí faoi dheireadh

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcarraig Uluṟu ag muintir bhundúchasach na hAstrála leis na mílte bliain. Tá an charraig lonnaithe i gceantar an Pitjantjatjara, dream daoine a bhfuil dlúthcheangal acu lena n-áit dhúchas.

Tá an charraig mar chuid d’oidhreacht, seanchas, cultúr, teanga agus spioradáltacht na ndaoine sin.

Bhí cur amach ag an domhan mór ar an gcarraig mar Ayers Rock ar feadh i bhfad. Nuair a rinne coilíneach darbh ainm William Goose suirbhé ar an gceantar in 1873 bhaist sé an t-ainm sin air in ómós don Phríomhrúnaí ar an Astráil Theas ag an am, Sir Henry Ayers.

Dar ndóigh tá seantaithí againn anseo in Éirinn ar an gcleasaíocht seo. Nuair a chuaigh an t-ordanás suirbhé i gceann a gcuid oibre idir 1829 agus 1842 rinneadh galldú ar go leor dár logainmneacha. 

Is maith an rud é le feiceáil, mar sin, go bhfuil brú ó dhreamanna bundúchasacha san Astráil ag dul i bhfeidhm ar an rialtas. Sna 1990í a tugadh an t-ainm ceart bundúchasach sa leagan oifigiúil don chéad uair. 

Faraor, ó shin i leith tá ceist eile ag dó na geirbe. Tá na céadta míle turasóirí ag dreapadh na carraige gach bliain. Léiriú ar mheon sotalach coilíneach agus ar aineolas araon a bhí sa mhéid a bhí ar bun ag turasóirí.

Ar ámharaí an tsaoil anois curfear deireadh leis an drochnós úd, óir tá cosc anois ar dhaoine a bheith ag dreapadh suas Uluṟu. 

Níor stop sé sin na céadta turasóir ag dul in airde ar an gcarraig ar an lá deireanach a raibh fáil acu air. 

Seasann Misneach leis na bundúchasaigh san Astráil, agus mórthimpeall an domhain, atá ag troid in éadan scrios cultúrtha an meoin choilínigh agus in éadan na turasóireachta gan srian.