Day: March 30, 2020

Sraith alt: #3 COVID-19 agus an Éiceolaíocht

Sa tsraith alt seo, déanfar anailís ar ghnéithe áirithe den ghéarchéim chorónach. Ina theannta sin, leagfar síos fís dhearfach den cineáil sochaí atá de dhíth chun a leithéid de ghéarchéim a sheachaint arís sa todhchaí.

An babhta seo, breathnófar go sciobtha ar cheist na héiceolaíochta.

Tá meon cúngaigeanta náisiúnaíoch tar éis forbairt in áiteanna ar nós an Bhraisíl faoi Bholsonaro agus Meiriceá faoi Trump ar cheist an víreais. Tá seo suarach, nuair a smaoinítear gur phaindéim dhomhanda é seo agus beagnach gach tír buailte leis.

Beidh comhordnú idirnáisiúnta de dhíth chun é a throid. Ní haon ionadh gurb iad na stáit céanna a bhí ag séanadh gurb ann don víreas corónach na stáit céanna a shéanann na fíricí maidir leis an téamh domhanda.

Paindéim é seo a d’eascair as an mbrú a chuireann an chine daonna ar an éiceolaíocht mar aon le droch-chleachtais na “margaí fliucha”.

I ndiaidh do ráigeacha ar nós SEIF, SARS, MERS, agus Ebola, bhí saineolaithe ag tuar go dtiocfadh pandéim mhór eile sula i bhfad. Beidh athmhacnamh dian le déanamh ar an gcaidreamh idir daoine, ainmhí agus an córas éiceolaíochta i ndiaidh na géarchéime seo.

Eascraíonn go leor de na víreais nua seo ón dífhoraoisiú agus scriosadh gnáthóigí nádúrtha, mar aon leis an uirbiú. Brúitear daoine ar mhulach a chéile i gcathracha agus iad ag maireachtáil go cóngarach le speicis nach bhfuil taithí acu leo.

Ar ndóigh, ceist eacnamaíoch is ea í seo fosta. Ní hiad na daoine saibhre a mbrúitear isteach i slumaí ná sna plódtithe.

Tá, agus beidh, víreais nua ag teacht ar an bhfód nó tá víreais nach bhfuil imdhíonacht ag daoine dóibh ag scaipeadh ó ainmhithe.

Go deimhin, is é an brú mór ón gcóras caipitleach ar an gcóras éiceolaíoch atá ina phríomhchúis le cothú, agus ag scaipeadh, na víreas seo.