Day: November 28, 2020

Cás Ráth Chairn

Tarraingíodh raic ar líne ag tús an tsamhraidh maidir le cead pleanála a thug an Bord Pleanála d’fhorbairt eastát tithíochta 28 teach agus teach ósta trí stór i gcroílár Ghaeltacht na Mí, Ráth Chairn.

Má mheasann tú gur ait an rud é cead pleanála a thabhairt d’fhorbairt den mhéad seo i mbaile chomh beag sin, bhuel, ní tú amháin a mheasann sin – mheas cigire an Bhoird Pleanála an rud céanna, ar an gcéad dul síos!

Is baile beag é Ráth Chairn — níl cónaí ach ar tuairim is 300 duine, nó níos lú ná sin fiú, i gcroílár Ráth Chairn. Níl éileamh ar na tithe nua seo, ach is í an fhadhb is mó a bhaineann leis an bhforbairt sheafóideach seo, an dochar a dhéanfadh sí don Ghaeilge sa cheantar.

Ar an gcéad dul síos, ní leor an coinníoll suarach teanga sa chead pleanála leis an nGaeilge a chosaint sa cheantar – agus is cinnte nach bonn sochtheangeolaíochta a bhí leis an gcoinníoll sin. Anuas air sin, fágann lúb ar lár sa choinníoll gur féidir leis an bhforbarthóir an coinníoll teanga a chur ar ceal, má aontaítear i scríbhinn é.

Sin é, a chairde, casadh sa scéal.

Ní hamháin go bhfuil an fhorbairt seo i bhfad rómhór do Ráth Chairn (agus go mbeadh an t-óstán ag dul in iomaíocht le mná tí an cheantair a chuireann seirbhís B’n’B ar fáil agus leis an gclub áitiúil!).

Ní hamháin nach leor an coinníoll teanga a luaitear sa chead pleanála leis an nGaeilge a chosaint.

Ní hamháin go raibh cigire an Bhoird Phleanála féin glan i gcoinne na forbartha seo.

Ach barr air sin ar fad, is féidir leis an bhforbarthóir féin cinneadh a dhéanamh gan an coinníoll teanga a chur i bhfeidhm ar chor ar bith.

Níl léamh, scríobh ná insint béil ar an dochar a dhéanfadh an fhorbairt seo don Ghaeilge sa Ghaeltacht álainn seo.

Ní bheadh cosaint ar bith aici in aghaidh an Bhéarla, go háirithe ós rud é gur cheantar beag é Ráth Chairn, atá timpeallaithe ag bailte gallda cheana féin. Ní hé go bhfuil muintir Ráth Chairn ag iarraidh daoine a choinneáil amach, ach caithfimid ár dteanga dhúchais a chosaint.

Ní i Ráth Chairn amháin atá a leithéid de sheafóid ag tarlú na laethanta seo. Cuireadh isteach ar chead pleanála sa Rinn, le heastát tithíochta 46 teach a fhorbairt.

Is cosúil, áfach, go bhfuil Comhairle Contae Port Láirge rud beag níos toilteanaí coinníollacha a leagan síos maidir le cosaint na Gaeilge sa cheantar ach is scéal eile é sin.

Beidh an chéad éisteacht eile d’athbhreithniú breithiúnach chás Ráth Chairn, a thosaigh i mí Mheán Fómhair na bliana seo, ar siúl ag tús mhí na Nollag.  

~ le Elisaveta Nic Eibhearáird