Day: May 11, 2021

An Ghaeilge agus Lucht an Rachmais

Tar éis an Chogaidh Fhada sna Sé Contae agus an ardú tuisceana, ní hamháin ar stair fhada an choilíneachais sa tír seo, ach ar ról lárnach na Gaeilge sa streachailt ina choinne sin, i measc phobal náisiúnach Thuaisceart na tíre, ní nach ionadh go gcloistear an Ghaeilge go rialta ar shráideanna Bhéal Feirste. 

Murab ionann le mórchathracha eile na tíre, tá an Ghaeilge láidir go maith ann, mar thoradh ar thréanobair gníomhaithe teanga le tamaillín maith de bhlianta anuas. 

Ach gné amháin den bhorradh seo gur fiú aird a dhíriú air ná an leas atá á bhaint as an nGaeilge chun tairbhe a bhaint as an ardú tuisceana agus meanmain i measc phobail Thuaisceart na tíre. 

Cé gur fíor, gan dabht, gur le ’chuile dhuine an Ghaeilge, cibé áit arbh as dóibh nó cibé post atá acu, ní mór dúinn a bheith airdealach ar na dóigheanna ina mbaineann lucht an rachmais úsáid as an teanga chun a spriocanna géilleagracha féin a bhaint amach – spriocanna nach bhfuil i gcónaí ar leas pobal mionteanga. 

Nuair a fheictear comharthaí dátheangacha in ollmhargaidh Shasanacha agus in oifigí gníomhaireachta eastáit in Iarthar Bhéal Féirste, meabhraítear dúinn an ráiteas a rinne an Conghaileach tráth: 

“Ní móide nach bhfeicfimid tóraithe d’fhostóirí Éireannacha ag cur a gcuid monarchaí dúshaothair faoi choim na meirgí flannbhuí agus na tiarnaí talún faoi réim an rialtais dúchais ag baint deatach as scal gréine an Oileáin Iathghlais chun a gcuid ainchíosa sna hothrais de bhailte na tíre a cheilt orainn.”

Is fiú dúinn smaoineamh ar lucht an rachmais Gaelach – na gníomhairí eastáit atá ag ardú cíosa agus praghasanna tí ar lucht oibre na tíre seo sa lá atá inniu ann sa dóigh chéanna is a bhí an tráth sin a dúirt an Conghaileach an méid sin thuas – mar “bourgeoisie náisiúnta”, mar a chuir an teoiricí Franz Fanon orthu ina leabhar cáiliúil Daoir na Cruinne (The Wretched of the Earth).

Mar a dúirt Fanon, agus é ag déanamh cur síos ar an meánaicme náisiúnta a thagann chun cinn i tíortha iarchoilíneacha tar éis na streachailte in aghaidh an chórais choilínigh – rud atá le brath i dTuaisceart na hÉireann faoi láthair, áit a bhfuil meánaicme nua eacnamaíoch agus pholaitiúil tagtha chun cinn sa bpobal náisiúnach:

Ní bhíonn an bourgeoisie náisiúnta de na tíortha tearcfhorbartha [agus áirítear Béal Féirste mar cheann des na ceantracha leis na rátaí bochtanais is airde in Iarthar na hEorpa, gan dabht sa chatagóir sin] gafa le déantúsaíocht, le cumadh, le tógáil ná le hobair, is do ghníomhaíochtaí idirmheánacha go hiomlán a bhíonn siad tugtha. 

Is cosúil gurb é an sprioc is giorra dá gcroí a bheith ag reáchtáil agus a bheith páirteach sa gcambheart… 

Ní bhaineann an aidhm atá ag an bourgeoisie leis an náisiún a athrú; baineann sé, go bunúsach, le bheith mar idirghabhálaí idir an náisiún agus an caipitleachas, gan srian ach fé cheilt, a chuireann air féin inniu cuma an nuachoilíneachais. Beidh an bourgeoisie náisiúnta sásta a bheith ina ghníomhaire gnó an bourgeoisie iartharach.”

Tá sé rí-shoiléar nach bhfuil i ngníomhairí eastáit agus ligin ach leagan eile den “bourgeoisie náisiúnta” sin atá ag iarraidh an ról lárnach a imríonn an Ghaeilge anois i measc phobail Bhéal Féirste a chur chun a leasa féin. 

Mar Ghaeil atá tiománta d’athbheochan na Gaeilge i ngach gné den saol (saol trí Ghaeilge atá uainn, dar ndóigh) is fiú dúinn a bheith amhrasach faoi iarracht ar bith míleas a bhaint as an teanga, ach go háirithe nuair is iad na daoine agus an aicme chéanna atá ag cur cíosanna agus praghasanna tithe ár bpobail in airde atá ina bhun sin.

Ar fud na hÉireann, ní hamháin i gcathracha móra na tíre, ach i gceantracha tuaithe agus Gaeltachta, agus fiú amháin ar na hoileáin thiar, tá ganntanas mór tithíochta ar phraghas réasúnta. 

Is iad na cúiseanna céanna atá leis sin i ngach áit – cíosanna arda, praghasanna arda, ganntanas tithíocht phoiblí agus sóisialta, infheisteoirí ag ceannach tithe mar thithe saoire nó mar réadmhaoin infheistíochta, deacrachtaí ó thaobh ceadúnas pleanála a fháil, agus tithe á bhfágáil tréigthe go forleathan. 

Tá an ghéarchéim tithíochta ar cheann des na cúiseanna is mó nach féidir le daoine óga ó na ceantracha seo cur fúthu sa Ghaeltacht agus a gclanna a thógáil ann. 

Más saol trí Ghaeilge atá uainn, is mithid dos na pobail Ghaelacha sin an deis a bheith acu cur fúthu san áit gur mhian leo, bíodh sin sna Gaeltachtaí tuaithe nó sna cathracha móra.

Ní haon chomhghuaillithe linn sa streachailt seo na tiarnaí talún ná a gcuid gníomhairí.

Fáilteoimis roimh fheiceáileacht na Gaeilge i measc an phobail, ach ná cuirimis aon dallamullóg orainn féin maidir le cé hiad siúd a bhfuil leas na Gaeilge agus a pobail trí chéile mar sprioc acu agus cé hiad siúd nach bhfuil uathu ach brabach a bhaint as an dteanga. 

Mar a rinne Máirtín Ó Cadhain ina léirmheas ar Ghluaisteacht na Gaeilge, nílimid ach ag dearbhú an chogadh aicmíocht atá ar bun cheana féin. Is iad, mar a dúirt sé, na Petie O’Sheas, na Fullers, agus óstáin na Rosa, agus is iad, dar linne, leithidí Northern Property sa lá atá inniu ann, atá ag cur an chogaidh sin, “dhá fheidhmiú go nimhe neánta ó lá go lá agus ó bhliain go bliain in aghaidh na haicme íochtair agus a gcultúir.”

Ina n-aghaidh siúd ar mian leo míleas a bhaint as an teanga, tá moladh an Cadhnaigh an tráth sin fós ina cheart fosta:

An áit is tréine an dushlán in aghaidh an rachmais, in aghaidh na héagóra, ar son na bhfann agus na mbocht, bíodh fáinne Gaeilge an Choirnéil le feicéail agus leas dá bhaint as anois nár shamhlaigh an Coirnéal ariamh.” 

Mar a dúirt sé i leith slánú na Gaeilge – “Ní féidir an slánú seo a dhéanamh ach le Athghabháil na hÉireann – seilbh na hÉireann agus a cuid maoine uilig a thabhairt ar ais do mhuintir na hÉireann.” Nílimid den tuairim gur aon chabhair chuige sin a gheobhaimid ó Northern Property.