Day: June 29, 2021

An Ghaeilge, an Gaeloideachas agus Aineolas an Rabharta Ghlais

Tá páirtí polaitiúil nua le hainm aonteangach sa Ghaeilge ar an bhfód – An Rabharta Glas. Is iarbhaill an Chomhaontais Ghlais a d’fhág an páirtí sin – toisc iad a bheith míshásta le cinntí an rialtais a bhfuil an Comhaontas páirteach ann – iad baill an pháirtí nua seo.

Le hainm den chinéal sin, bheiféa ag súil le polasaí daingean láidir uathu maidir leis an Ghaeilge, ach ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí.

De réir ailt a foilsíodh ar an 5ú Meitheamh san Irish Independent, ‘sé an moladh atá ag Ciara Noble, atá mar bhall den pháirtí úr seo, ná “Maybe take it out of schools so people who come from foreign countries don’t feel excluded, introduce it some other way [sa Bhéarla a bhí an ráiteas, agus sa Bhéarla a fágfaidh muid anseo é]”.

Níl an chuma air ón méid sin go raibh mórán machnaimh déanta ag lucht an pháirtí nua maidir leis an Ghaeilge sula ndeachaigh siad chun cainte ar an cheist sa nuachtán is mó léamh sa tír.

Ach ag an am céanna, is cinnte go bhfuil leagan éigin den argóint seo cloiste againn go léir uair amháin nó uair eile.

Tá sé imithe ina cliché amach is amach faoin staid seo – an Béarlóir a leagan an miléan ar a mhúinteoir Ghaeilge meánscoile nó ar an gcóras oideachais i gcoitinne dá gráin i leith na teanga, agus an Gaeilgeoir a bhréagnaíonn ar an dtort iad, á rá nach í an córas oideachais is cúis le meath na Gaeilge, ach an coilíneachas, an caipitleachas, agus naimhdeas an stáit.

Cé gur iomaí cúis atá le drochstaid na teanga sa tír seo nach iad an córas oideachais iad, is fíor chomh maith nach bhfuil aon bhealach chun slánú na Gaeilge a chur i gcrích d’uireasa an oideachais go ginéarálta, agus gan an Gaeloideachas ach go háirithe.

I measc na ndrochscéalta gan stad a thagann lá i ndiaidh ló maidir le meath na Gaeilge, ‘sé an Gaeloideachas an t-aon loinnir soilse atá le feiceáil. 

Ó thuaidh agus ó dheas, sa Ghaeltacht agus sna cathracha móra, i gceantracha ardnósacha mar Stigh Lorgan agus i gceantracha an lucht oibre ar nós Baile Munna, i measc Gael a théann siar na céadta glúine sa tír seo agus Gael nua arb as tíortha agus phobail eile na cruinne dá dtuismitheoirí, sa lá atá inniu ann agus le breis is caoga bliain anuas (agus amach anseo chomh maith, má tá rath le bheith orainn maidir le slánú an Gaeilge sa tír seo), is é rath an Gaeloideachais an éacht is mó atá bainte amach ag pobal na Gaeilge. 

In aghaidh naimhdeas an stát ó thuaidh ‘s ó dheas, tá pobal lucht oibre Iarthar Bhéal Feirste agus Tuaisceart Bhaile Átha Cliath tar éis troid fada seasta a dhéanamh chun a gcearta a fhíorú agus oideachas a chur ar a bpáistí trí Ghaeilge. 

Tá Gaeil nua ó gach cúinne den cruinne ag fás aníos, agus iad gníomhach go mór i saol na Gaeilge, agus is buíochas leis an Ghaeloideachas é sin chomh maith.

Más mian linn, mar a deir Noble, a chinntiú nach mothaíonn daoine ó tíortha éagsúla eisiata ón teanga, is é an Ghaelscolaíocht an chaoi is fearr chun é sin a bhaint amach.

Is é an Gaeloideachas, níos mó ná aon ní eile, a nascann na teaghlaigh uile atá ag tógáil clainne le Gaeilge isteach leis an phobal mór taobh leo. Anuas air sin, leagann an Gaeloideachas bunús a bhfuil fréamhacha doimhne curtha aige i bpobail agus saoil áitiúla na tíre do phobail na Gaeilge. 

Más mian linn pobal Gaelach a thógail sna ceantracha ina chónaíonn muid, is iad na Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a luíonn i gceartlár na sprice (agus na bpobal) sin.

Agus má tá muid chun an Ghaeilge, agus pobal na Gaeilge a sheoladh ar aghaidh ó glúin go glúin, is tríd an nGaeloideachas go príomha, a ndéantar agus a ndéanfar sin. Uirlis troda trasglúine i leith na todhchaí atá in oideachas an óige.

Ní chóir go mbeadh aon duine ag moladh an Ghaeilge a ghearradh ón gcóras oideachas, ach a mhalairt. Mar a deir ag an bhfeachtas pobail Gaelscoil 4 All, is ceart bunúsach sa tír seo é oideachas a chur ar do pháistí trí Ghaeilge.

Is leathnú amach mór ar sholáthar na Gaelscolaíochta, níos mó ná aon rud eile, atá ag teastáil ón teanga, chun Gaeloideachas atá oscailte do chách, ionchuimistheach, ilchultúrtha (agus nach bhfuil greim docht na hEaglaise Caitlicí fós air) a chur ar fáil.

I measc baill Misneach tá iarscoláirí an Gaeloideachais agus daoine atá múinteoireacht sna Gaelcholáistí mar gairm bheatha acu.

Tá sé feicthe go soiléir againn an tairbhe a bhaineann leis an Gaeiloideachas do dhaoine óga Gaelacha agus do phobal na Gaeilge i gcoitinne.

Ní fiú do pholaiteoirí a bheith ag caint ráiméise maidir leis an Ghaeilge agus an t-oideachas, gan fios a ngnó a bheith acu ar an méid a bhfuil á rá acu – go háirithe iad siúd a mhaíonn go bhfuil inbhuanaitheacht comhshaoil agus teanga mar sprioc acu.

Go dtí go léiríonn an Rabharta Glas tuiscint ar bhunfhíricí an ábhair seo, is beag aird atá tuillte acu dá dtuairimí.