Day: May 1, 2026

Cath na staire beo i gCorcaigh go fóill agus díchoilíniú déanta ar chomharthaí sráide impiriúlacha

Is iomaí uair gur chualathas i léamh liobrálach na staire, “gurb ionann an stair ar fad”. Is é sin le rá go bhfuil an luach céanna ag insint staire amháin agus atá ag insint staire eile. Dár ndóigh, is truflais é an ráiteas sin. Mar is eol dúinn bíonn insintí éagsúla na staire in adharca lena chéile.

Cuir i gcás insint stair na hÉireann atá bunaithe ar cheart fhlaitheas na náisiúin agus an insint athbhreithnitheach fhrithnáisiúnach a dhéanann beag is fiú den cheart sin. 

Sampla eile den chur chuige liobrálach seo i leith na staire ná i gcás thírdhreach ár gcathracha agus bailte, áit a bhfuil ainmneacha, deilbheanna agus siombailí an choilínithe fós le feiceáil.

Maíonn na liobrálaithe gur “cuid den stair” iad na rianta seo ó ré na himpireachta. Agus, dá bharr sin, maítear gur gá iad “a chaomhnú inár dtírdhreach”. Ach tá feidhm agus cumhacht shíceolaíoch áirithe ag siombailí, ainmneacha, comharthaí, agus logainmneacha.

Mar is eol do Ghaeil, tá cumhacht an Bhéarla le sonrú sa ghibiris ghalldaithe dár logainmneacha Gaelacha fud fad na tíre. Tá cumhacht áirithe le sonrú chomh maith sna sráideanna agus bóithre a bhfuil ainmneacha chlanna ríoga Shasana orthu go fóill. 

Seans nach dtugann formhór na ndaoine mórán airde ar na siombailí seo. N’fheadar an gcothaíonn nó nach gcothaíonn siad meon Seoiníneach. Níor deineadh taighde soch-shíceolaíochta ar an gceist riamh, go bhfios dom.

Ach, níos mó ná aon rud eile, is léiriú iad ar an díchoilíniú nach ndeachthas fada go leor leis. Tá impleachtaí na heaspa díchoilínithe seo le sonrú mar a luaigh mé sna hainmneacha Béarla atá in áit ár logainmneacha ársa, in easpa físe fadradharcaí an stáit i leith na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa chóras oideachais, in úinéireacht talún atá go fóill faoi smacht tiarnaí talún coilíneacha, cuir i gcás Lios Mór agus Diúc Devonshire, agus sa chóras caipitlíoch coilíneach nár briseadh leis tar éis bhunú an tSaorstáit.

Is sa chomhthéacs seo a chuaigh Misneach agus Liú na Laoi i mbun gníomh díchoilínithe i gCorcaigh le linn dheireadh seachtaine na Cásca. Tá an chathair breac le comharthaí sráide a thugann ómós d’Impireacht Shasana.

Cé go ndeir muintir Chorcaí gur “reibiliúnaigh” iad, tugtar ómós do chlann ríoga Shasana ina dtírdhreach go fóill. Níl Baile Átha Cliath gan locht sa mhéid seo, dár ndóigh. Agus chuaigh Misneach i mbun gníomh den sórt céanna ann in 2024.

An babhta seo i gCorcaigh mhol Misneach agus Liú na Laoi gur chóir laochra Gael agus poblachtacha a chur in áit ainmneacha an choilínithe. Mar sin, d’athraíomar trí chomhartha i lár na cathrach.

Is ainm é Union Quay a léiríonn an scrios cultúrtha: tugtar ómós d’Acht an Aontais 1801. Reachtaíocht é seo a fuair réidh le parlaimint na hÉireann i ndiaidh Éirí Amach 1798. Mhaígh lucht cumhachta Shasana go gcruthófaí “aontacht”.

Ach i ndáiríre is tuilleadh den chur faoi chois a bhí i gceist. Déanann ainm na céibhe comóradh ar an imeallú bunreachtúil. Ní léiriú é an t-ainm ar na daoine a mhair, a d’oibrigh nó a labhair sa cheantar sin é. 

Mar sin, athraíodh ainm na céibhe go Cé Phádraig Uí Chuanacháin. Chaith Ó Cuanacháin, a rugadh i gCorcaigh in 1932, a shaol i mbun oibre i gcoinne thoradh an impiriúlachais. Ba dhíograiseoir Gaeilge é, a rinne feachtasaíocht ar a son i gcúlseomraí, seomraí boird agus ar na sráideanna.

Cuireadh i ngéibheann é sa Churrach in 1956 de bharr a sheasaimh phoblachtaigh, agus chaith sé seal sa phríosún arís sna 1970í. Nuair a scaoileadh saor é chinn sé ar an nGaeilge a dhéanamh níos feiceálaí agus a chur i lár an aonaigh i ngeilleagar na cathrach agus an chontae.

Chuir sé an chomharthaíocht dhátheangach chun cinn go mór mór agus bhí lámh aige i mbunú Gaelscoileanna ar fud Chúige Mumhan. Rinne sé athréimniú ar an nglór a rinne Acht an Aontais iarracht a chur faoi chois.

Comhartha eile a ndearnadh díchoilíniú air ná Albert Street. Cosúil le Union Quay, is comhartha aonteangach Béarla é seo. Ainmníodh Albert Street i ndiaidh an Phrionsa Albert tar éis dó féin agus an Bhanríon Victoria cuairt a thabhairt in 1849.

Agus an tír ag fulaingt sa Drochshaol, thug an chlann ríoga cuairt áiféiseach ar Éirinn lán de sheó agus searmanais. Tugann an t-ainm seo ómós don ríochas, ní don ghnáthphobal nó na daoine a d’oibrigh ar thaobh na habhann agus a d’fhulaing faoi riail Shasana. 

I gcodarsnacht leis an méid sin, chaith Muirgheal Bean Mhic Suibhne (Muriel MacSwiney mar is fearr aithne uirthi) a saol ag obair go díograiseach ar son na ndaoine. Rugadh i gCorcaigh í mar Muriel Frances Murphy in 1892 agus chuaigh sí leis an ngníomhaíocht chléach phoblachtach. Ghlac sí ballraíocht le Conradh na Gaeilge agus Cumann na mBan.

I ndiaidh bhás a fir Traolach Mac Suibhne, nó Terence MacSwiney mar is fearr aithne air, chuaigh sí i mbun feachtasaíochta go hidirnáisiúnta. 

Bhí sí chun cinn i bhfeachtais phoblachtacha agus ar son na n-oibrithe sna Stáit Aontaithe agus i bParás. Throid sí ar son an cheartais, i gcoinne na héagóra agus sheas sí leis na hoibrithe agus cosmhuintir an domhain i gcoinne lucht an cheannais.

Ainmníodh Bóthar Victoria as an mbanríon, dár ndóigh, “Banríon an Ghorta”. Ba chomóradh é seo ar an gcuairt ríoga in 1849, agus ba chomhartha é chun ómós a léiriú d’údarás na himpireachta. Ba iarracht é ainmniú an bhóthair cathair Éireannach a iompú ina chathair dhílis Sasanach nó, ar a laghad, ina chathair sheoinínteach.

A mhalairt a bhí ar bun ag Leslie Price de Barra, a rugadh in 1893. Ba chúiréir í in Ard Oifig an Phoist in 1916. Thug Seán Mac Diarmada ardú céime di agus d’iompair sí teachtaireachtaí agus armlóin i mbaol a báis le linn na réabhlóide. I ndiaidh an Éirí Amach chabhraigh sí le fás Chumann na mBan ó 17 gcraobh go 600 craobh. Bhí sí ina stiúrthóir ar Chumann na mBan ar ball, agus chuaigh sí i mbun obair dhaonnúil chomh maith. Bhí sí mar chathaoirleach ar Chumann Croise Deirge na hÉireann.

Chabhraigh sí le teifigh agus bhí lámh aici i mbunú Gorta, eagraíocht a thug cúnamh do dhaoine ocracha san Afraic. Mar sin, nár cheart ómós a thabhairt inar tírdhreach do dhuine a d’oibrigh i gcoinne an ghorta, seachas banríon a bhí ina ceann feadhna ar stát Shasana a rinne réabadh ar an tír sna blianta 1845-52 agus a bhuail buille láidir ar ár sochaí, teanga, cultúr agus geilleagar a bhfuilimid fós ag dul i ngleic leis inniu?

Ní mór do Chomhairle Cathrach Chathair Chorcaí, i dteannta comhairlí eile agus an rialtais chomh maith, polasaí díchoilínithe a chur i bhfeidhm.

I gCorcaigh go háirithe tá sé scannalach an bealach a bhfuil an stát ag caitheamh le Gael Taca, an eagraíocht a bhunaigh Pádraig Ó Cuanacháin thuasluaite. Ba chóir an eagraíocht a mhaoiniú, infheistíocht a dhéanamh chun Cultúrlann Chorcaí a bhunú, agus dul i mbun bearta díchoilínithe ar an tírdhreach leis.

Is féidir cuimhneamh ar an stair go cinnte, an stair impiriúlach chomh maith. Ach is é an iarsmalann an áit do na siombailí sin, áit a ndéanfar comhthéacsú agus míniú orthu. Níor chóir go mbeidís fós scaipthe ar fud ár gcathracha go fóill tar éis 104 bliain den “neamhspleáchas”.

Cuirim an focal sin idir uaschamóga mar is stát spleách é na sé chontae fichead go fóill, mar is léir i dtaobh a stádais mar stát faoi smacht na bPoncánach go míleata agus go heacnamaíoch. Tá gaol díreach síceolaíoch ag an staid reatha sin leis an easpa díchoilínithe a deineadh san fhichiú haois agus a léirítear go fóill i gcuid mhaith comharthaí sráide impiriúlacha.

Mar sin, is cath comhaimseartha é an cath stairiúil; troidimis an dá chath i dteannta a chéile!