Day: June 9, 2021

Cumhacht

Má labhraíonn tú le duine i dteanga a thuigeann siad, téann sin isteach sa cheann. Ach, má labhraíonn tú leo ina dteanga féin, sroicheann sin croí-lár an duine. Cén teanga a thuigeann muid sa lá atá inniu ann? Agus cén teanga a labhraímid? An labhraíonn muidne teangacha, fiú – nó an labhraíonn teangacha trínne?

Ní furasta a rá… go háirithe nuair a labhraíonn gníomhartha níos airde ná focail, mar a deirtear. Céard í bunfhadhb ár linne? Chuirfeadh mise an t-aon phingean rua a bheadh agam gurb í an mhíchothromaíocht atá ann. 

Rud a théann go smior i bhfeidhm ar chách. Míchothromaíocht a bhaineann le smacht agus cumhacht. Míchothromaíocht áiseanna agus achmhainní. Míchothromaíocht ghránna dho-mhaite atá ag dul in olcas in aghaidh an lae. 

Agus de ghnáth, níl ach an tost balbh le cloisteáil ag screadaim amach ina coinne. I gcoinne an choráis mhíchothroma seo. An córas capitileach. Tóir an bhrabúis. An gealltanas go bhfaighfaimís i gcónaí níos mó ar son níos lú. An t-inneall fáis eacnamaíochta. Agus foinse féin na deighilte móra.

Ní hionnann sin ’s a rá nach bhfuil scataí móra daoine ag troid in aghaidh na míchothromaíochta domhanda – agus éiríonn leo srian éigin a chur uirthi, cé go bfhuil siad ag fulaingt fúithi freisin. 

Ach ó thaobh an rialtais de, is annamh an dul chun cinn atá á dhéanamh. Táimse féin tuirseach. Go háirithe nuair a smaoiním ar an bPalaistín agus mé ag léamh tuarascáil na Náisiún Aontaithe – agus iad ag rá nach bhfuil aon dul chun cinn déanta i dtreo chuspóir an dá stát.

Is cuid den fadhb í an ‘réiteach’ sin, áfach, dar liom. Scéal (nó bréag) a thacaíonn leis an status quo amháin. Ag an am céanna, tá comharthaí suntasacha le feiceáil dúinn a leiríonn treo éigin eile. 

Tá rialtas Stát Sé Chontae Fhichead na hÉireann, mar shampla, tar éis teacht amach á rá go hoscailte agus go poiblí go bhfuil Iosrael tar éis seilbh de facto a ghlacadh ar thalamh iomlán na Palaistíne cheana féin. Agus is fíor sin. Agus an rud atá fíor, is tábhachtach a aithint.

Grianghraf tógtha le cead ag ócáid ​​dlúthpháirtíochta i gcathair Köln ar an 15 Bealtaine 2021

Níor fhágamar slán go fóill leis an ambasadóir Iosraelach áfach, agus is trua nár cuireadh an Bille um Ghníomhaíocht Eacnamaíoch Rialaithe (Bille na Críche faoi Fhorghabháil) fós i bhfeidhm mar gheall ar Chomhrialtas Fhianna Fáil, Fhine Gael, na nGlasaigh agusmar gheall ar an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney.

Ní féidir linn cur leis an uafás ag breathnú air mar ábhar spéise. Is í an Eoraip an dara bloc trádála is mó atá ag Iosrael, tar éis na Stát Aontaithe. Ba cheart dúinn ár dtionchar a úsáid chun dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn. Mar is eol do chách. Mar a chan Cohen.

Grianghraf tógtha le cead ag ócáid ​​dlúthpháirtíochta i gcathair Köln ar an 15 Bealtaine 2021

Tá an t-Aontas Eorpach (in éineacht leis an “gcomhphobal idirnáisiúnta”) tar éis smachtbhannaí a chur ar an tSín mar gheall ar sharú ar chearta an duine i gcoinne na Moslamach Uyghur – agus gach cosúlacht air go bhfuil cinedhíothú ar siúil ansin. Céard is ciall le “dlí idirnáisiúnta” agus “nie wieder” mura ndéanaimid é a chosaint?

Ach cén fuadar atá fúthu? Fuadar ar bith, is cosúil. Ní hiad lucht an rialtais atá ag tuilleamh níos lú ná €5 in aghaidh an lae. Ní hiad siúid atá ag teitheadh ón gcogadh. Ní hiadsan atá gan dídean nó a bhfuil buairt orthu nach mbeidís in ann cíos na míosa seo chugainn a íoc.

Ní hiad atá á mbá sa Mheánmhuir. Níl iontu ach lucht an chompoird agus is cuma sa tsioc leo faoin dream eile. Tá siad ar aon intinn amháin mar is gnáth – meon an ghnó mar ba ghnáth – fiú in ainneoin na paindéime – agus tá siad ag súil go mór go leanfaidh rudaí ar aghaidh ‘á fheabhsú’ go deo. 

le feiceáil ar lampa sráide sa Köln

Cad chuige todchaí na nGael? Nó fiú todchaí an Chinne Dhaonna? Nach chun báis amháin atá muid uile seolta? Ach idir an dá linn? Bainfimis úsáid agus sult as ár gcoirp, labharaímis ár dteangacha, agus déanaimis ár seacht ndícheall chun an scrios agus an mhíchothromaíocht, anseo agus mórthimpeall orainn, a laghdú. 

Is deis í an t-am atá ag sleamhnú thart, ag pléascadh agus ag titim as a chéile anseo ’s ansiúd, agus níl aon leigheas air sin. Is ionann an deis agus an dúshlán.

Níl uainn ach an Domhan uilig. 

Agus tá an chathair fós breac le tithe folmha. Tá 36,000 i mBaile Átha Cliath amháin, más buan mo chuimhne, agus 240,000 sa stát, gan tithe saoire san áireamh. 

Ní tithe atá iontu ar aon nós – níl ann ach infheistiú. Níl ann sna tithe folmha úd ach airgead. Is seirbhís bhainc atá ann. Chuir David Graeber i gcuimhne dúinn ina leabhar Debt: the First 5000 Years nach bhfuil ann sa chóras airgid ach córas creidmheasa. 

Is léir go gcreideann muid fós sa chóras sin, mar bainfimid úsáid as lá i ndiadh lae. Anois, nach bhfuil ár lán feasa againn go bhfuil an córas féin lofa – gur contúirt bháis don chine daonna é a scarann óna chéile muid agus a scriosann an plainéad dúinn, an t-aon bhaile amháin a bheidh againn uilig feasta?

“Homes for people, not for profit”

Túr dorcha airgid, tógtha i gcathair Köln

Is do lucht an bhrabúis atá an córas tithíochta ag soláthar. Mar a thug Richard Dawkins le tuiscint tráth ina leabhar The Selfish Gene – tá lucht an chaipitil i seilbh ag an víreas caipitleach féin; agus sin atá á dtiomáint. Ar tóir níos mó ar son níos lú atáthar, de shíor. Agus tá an barr bainte amach acu dá bharr. 

Téann siad ó neart go neart, ag folmhú na gcathracha agus ag scriosadh an phlainéid, agus ag cur an mhilleáin ar an duine bocht, ar na Moslamaigh, na teifigh, na Giúdaigh, srl. 

Ligtear dóibh dul ó neart go neart. Tugtar luach saothair dóibh, m.sh. luamh nua Bezos. Ina n-éagmais siúd, daoine éigin eile a bheadh ​​ann. Mar is fadhb shistéamach atá ann. Agus cumhacht sistéamach a rialaíonn ina bhfabhar. 

Ní bheadh an saibhreas sin ar fad acu murach ár ndlíthe, ár gcóras airgidis, ár rannpháirtíocht, ár gciontacht. Tá géarghá anois ann córas eile a chruthú le chéile – córas a oireann dúinn ar fad. 

Ní leor an t-eolas sin amháin, áfach. Mar is eol do chách. Tá athrú creidimh ag teastáil uainn chomh maith, chun muid a spreagadh. Agus tá comharthaí ann – ar nós na pandéime agus blocáil an Chanáil Shuais ag an Evergreen – a mheabhraíonn dúinn go bhfuil teannais phléascacha agus laigí ann sa chóras féin. 

Is suíomhanna straitéiseacha iad seo a bhféadfadh muid ár gcumhacht féin a dhíriú orthu agus ár leas féin a chur chun tosaigh. B’fhéidir go mbainfaimis amach an lá a labhróimis an fhírinne. I mbéal agus i ngníomh. Ach is dúshlán a bheidh ann, gan aon ráthaíochtaí…

An dtiocfaidh ár lá choíche?

Le Darragh de Paor, atá ag cur faoi sa Ghearmáin i láthair na huaire