Month: January 2025

Seasann an Conradh an fód i gcoinne na cléire: ‘Cath Chúil an tSúdaire’ 1905-6

Ba choimhlint idé-eolaíoch ‘Cath Chúil an tSúdaire’ (1905-1906) thar aon rud eile. Tháinig lucht Chonradh na Gaeilge i gCúil an tSúdaire, Co. Laois, in adharca leis an gcléir ar an mbaile de bharr cinneadh ranganna Gaeilge a chur ar bun d’fhir agus mná.

Bhí bunús an Chonartha i gCúil an tSúdaire le fáil sna feiseanna a tionóladh ann in 1904 agus 1905, rud a spreag bunú Chraobh Ruairí Uí Mhórdha i mí na Bealtaine 1905.

Ar na daoine a bhí lárnach sa chraobh bhí an Conallach P.T. McGinley, a bhí ina bhall de Choiste Gnóthaí an Chonartha ag an leibhéal náisiúnta chomh maith. Nuair a bunaíodh an chraobh an chéad lá, bhí fir agus mná i láthair, agus thug beirt sagart, an tAthair O’Leary agus an tAthair Brophy, a dtacaíocht.

Ina dhiaidh sin, agus de bharr gur meascadh na fir agus na mná sna ranganna Gaeilge, thosaigh an chléir ag cáineadh na craoibhe, agus bhí sé deacair ar an gcraobh suíomh do na ranganna agus dá gcuid cruinnithe a aimsiú ar an mbaile.

Ach d’éirigh leo áit fheiliúnach a aimsiú sa deireadh agus tionóladh ranganna trí oíche sa tseachtain – ba mhná agus leanaí den chuid is mó a d’fhreastail orthu. Briseadh an tAthair O’Leary as an gcraobh go luath ina dhiaidh sin, agus tháinig tuilleadh cáinte ó altóirí na n-eaglaisí áitiúla.

Faoi mhí Mheán Fómhair 1905, bhí conspóid phoiblí tagtha chun cinn idir McGinley agus an tAthair Brophy. 

Labhair McGinley leis an Leinster Leader an tráth sin agus dúirt sé ‘nach bhféadfaimis glacadh le smacht na hEaglaise Caitlicí ar gach aon chineál gníomhaíochta sa pharóiste. Ba mhaith linn a chur in iúl gur eagraíocht neamhsheicteach é Conradh na Gaeilge agus ní féidir linn glacadh le smacht na hEaglaise dá réir sin’.

Ach sheas eagraíochtaí Caitliceacha agus náisiúnacha áitiúla, Conradh na nÉireannach Aontaithe (United Irish League, an UIL) ina measc, leis an gcléir, agus rith an eagraíocht rúin i gcoinne an Chonartha.

Faoi Dheireadh Fómhair 1905, bhí na húdaráis eaglasta ag leibhéal na deoise agus ceannaireacht náisiúnta an Chonartha tarraingthe isteach sa scéal.

Chas toscaireacht ón gConradh leis an Easpag Patrick Foley, agus ina dhiaidh sin cuireadh fiosrúcháin ar bun sa séipéal i gCúil an tSúdaire. Le linn an fhiosrúcháin, leag Foley béim ar an ‘imní mhorálta’ a bhain le ranganna measctha, agus dúirt sé go mbeidís ina mbaol do dhaoine óga.

Scríobh McGinley litir oscailte mar fhreagra agus chosain sé coincheap na ranganna measctha ar bhonn na saoirse pearsanta. D’áitigh sé go raibh tacaíocht ó easpaig eile agus cháin sé cur isteach na cléire. Ag an am céanna, threisigh an UIL ar a n-ionsaí ar McGinley. Dúirt duine dá mbaill, Michael Dempsey i ngeall ar McGinley go raibh ‘lay pope in Portarlington’.

Cúl an tSúdaire

Faoi thús 1906, bhí baill lárnacha den Chonradh, lena n-áirítear Dubhghlas de hÍde agus Pádraig Mac Piarais, ag tacú le McGinley go hoscailte. Cuireadh ciste tacaíochta ar bun do bhaill áitiúla an Chonartha a briseadh as a bpoist. Thug de hÍde cuairt ar Chúl an tSúdaire go pearsanta agus mhol sé an obair a bhí ar bun ag Craobh Uí Mhórdha.

Mar sin féin, bhí an chléir ag bailiú tacaíochta agus d’eagraigh siad féile ar ar fhreastail 6,000 duine. D’úsáid an tAthair O’Leary an ócáid chun a chur in iúl gurb é an Caitliceachas, thar aon rud eile, tír agus teanga san áireamh, an rud ba thábhachtaí.

In 1906, d’imir an choimhlint tionchar ar chúrsaí CLG. Bhí buairt ann i measc na n-údarás coilíneach go mbeadh bruíon ann nuair a d’eagraigh na Conraitheoirí agus na sagairt comórtais CLG. Cuireadh tuilleadh constáblaí isteach sa bhaile, ach ní raibh aon achrann ann sa deireadh.

Chuaigh an chonspóid i léig nuair a theip ar an Athair O’Leary a bheith tofa go Coiste Gnóthaí an Chonartha. Sa bhliain 1912, d’áitigh an t-iriseoir W.P. Ryan gur eachtra stairiúil ab ea an choimhlint i gCúl an tSúdaire, agus gur léiriú é go raibh an ghluaiseacht náisiúnta agus teanga sásta an fód a sheasamh i gcoinne an chinsil chléirigh.

Léirigh ‘Cath Chúil an tSúdaire’ coimhlintí idir smacht na cléire, an náisiúnachas coimeádach, ceisteanna inscne, agus teacht chun cinn Gaeilgeoirí tuata nach raibh sásta géilleadh do na sagairt.

Na hÉireannaigh Óga agus an Cumann Reipéil i mBéal Feirste, 1846-1848

Ba thréimhse chorraitheach é lár an 19ú haois don náisiúnachas in Éirinn, go háirithe i gCathair Bhéal Feirste. Bhí tionchar ag na coimhlintí idir na hÉireannaigh Óga agus lucht leanúna Dhónaill Uí Chonaill idir 1846 agus 1848 ar fhorbairt an náisiúnachais sa chathair as sin amach. Bhí Béal Feirste ina cathair thábhachtach sa streachailt chun Acht an Aontais 1800 a aisghairm.

Ach bhagair teacht in inmhe na nÉireannach Óg radacacha gluaiseacht choimeádach Uí Chonaill agus an Cumann Reipéil. Tharla an t-easaontas idir an dá dhream i gcomhthéacs an Ghorta Mhóir agus réabhlóidí ón mbun aníos ar Mhór Roinn na hEorpa. D’fhágfadh an scoilt lorg seasta ar fhorbairt an phoblachtachais in Éirinn sa 19ú haois.

Ba lárionad trádála é Béal Feirste an tráth seo. Mar a mhaígh an taistealaí William Makepeace Thackeray in 1842 bhí an chathair ‘folláin, rathúil, agus rachmasach.’ Bhí an Cumann Reipéil gníomhach sa chathair ó 1842 i leith, agus iarracht á déanamh acu an rath sin a thapú ar mhaithe leis an náisiúnachas.

Ba iad na ceardaithe, siopadóirí, agus trádálaithe Caitliceacha an dream ba láidre i measc lucht Reipéil na cathrach, ach rinne ceannairí amhail John McVeigh agus Francis McLoughlin iarracht tacaíocht Phrotastúnach a mhealladh.

Bhí a gcuid achainí bunaithe ar argóintí eacnamaíocha, ag maíomh go raibh polasaithe trádála na Breataine ag déanamh dochair do thionscail Uladh. Ach bhí an deighilt idir pobail na cathrach ina mbac d’fhás an Chumainn Reipéil.

Tháinig an crú ar an tairne sa Chumann Reipéil in 1846 nuair a mhol an tÉireannach Óg, William Smith O’Brien, polasaí neamhfhreastail ar Westminster. Anuas air sin, d’éirigh teannas idir seasamh an dá dhreama ar cheist na láimhe láidre.

Chreid lucht Uí Chonaill gur leor an ‘fórsa morálta’, ainneoin gur theip ar an gcur chuige sin nuair a chuir rialtas na Breataine bac ar shlógadh mór an Chonallaigh i gCluain Tarbh in 1843.

D’fhógair na hÉireannaigh Óga gur chóir cead a bheith ag náisiúnaigh dul i muinín na láimhe láidre – ar bhonn teoiriciúil ar a laghad. I mí Iúil 1846, d’fhág na hÉireannaigh Óga an Cumann Reipéil agus bhunaigh siad na Cónaidhme Éireannaí.

I mBéal Feirste, d’fhan formhór na náisiúnach neodrach ar dtús ach faoi mhí Mheán Fómhair 1846 bhí an teannas le brath. I gcruinniú corraitheach amháin díbríodh John Griffith agus cúig dhuine dhéag eile as an gCumann Reipéil as a dtacaíocht do na hÉireannaigh Óga.

Go híorónta, ní raibh drogall ar bith ar an gCumann Reipéil leas a bhaint as an bhforéigean chun iarracht a dhéanamh cruinnithe na Cónaidhme a chur faoi chois.

Mar sin féin, faoi 1847 d’éirigh le lucht tacaíochta Éire Óg clubanna den Chónaidhm Éireannach a bhunú sa chathair. Bhí idir fhir mheánaicmeacha agus lucht oibre, ceardaithe go háirithe, ina mbaill de na clubanna. Ba chlár radacach poblachtach agus daonlathach a bhí acu, le béim ar an neamhspleáchas eacnamaíoch agus an ceart dul i mbun frithbheartaíocht armtha.

Faoi 1848, agus de réir mar a scaip réabhlóidí ar fud na hEorpa, agus sa Fhrainc go háirithe, bhog clubanna Cónaidhme i mBéal Feirste i dtreo éirí amach.

Cé gur chuir na clubanna tús le bailiú armlóin, chuir eisiúint an Achta Tréasa an ghluaiseacht faoi chois go sciobtha. Bogadh longa cogaidh i dtreo na cathrach, cuireadh le líon na saighdiúirí agus cláraíodh constáblaí speisialta chun na clubanna a cheansú. 

Cé gur theip ar Éirí Amach 1848 i mBéal Feirste, agus sa chuid eile den tír, cuireadh síolta poblachtachais na láimhe láidre in athuair a mbeadh tionchar acu ar fhás na bhFíníní roinnt blianta ina dhiaidh sin.

Sa mhullach air sin, agus murab ionann agus gluaiseacht uasaicmeach Uí Chonaill, rinneadh ‘daonlathú’ ar an náisiúnachas nuair a cumhachtaíodh gnáthdhaoine chun tabhairt faoin ngníomhaíocht phoblachtach – rud a d’fhágfadh lorg ar stair na hÉireann.

Pádraig Ó Snodaigh, An Snodach, imithe ar shlí na fírinne

Tá Pádraig Ó Snodaigh, laoch mór na Gaeilge, na litríochta Gaeilge agus na gníomhaíochta Gaeilge, imithe ar shlí na fírinne agus é naoi mbliana le cois an cheithre scór. Cuireadh an Snodach i Reilig Naomh Fionntán i mBaile Átha Cliath Dé Luain seo caite i ndiaidh a shochraide in Eaglais Pheadair agus Phóil, Baile Dúill.

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, go raibh Pádraig ‘mar laoch ríthábhachtach do ghluaiseacht na Gaeilge’ agus gur spreag a shaol grá don teanga i measc na mílte.

Bhí Ó Snodaigh pósta leis an dealbhóir Cliodhna Cussen, agus bhí seisear mac acu: Aengus, Rossa, Rónán, Colm, Cormac agus Fergus. Rugadh Ó Snodaigh i gCeatharlach in 1935. Chuaigh sé ag obair leis an mBord Soláthair Leictreachais sular bhog sé chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann, áit ar oibrigh sé mar choimeádaí cúnta. 

Idir 1970-73 bhí Ó Snodaigh ina chomheagarthóir ar an iris chléach phoblachtach Ghaeilge Pobal. I lár na seachtóidí bhí sé ina eagarthóir ar Carn, iris an Chonartha Cheiltigh. Bhí sé go fóill ag scríobh do Carn agus ina bhall den Chonradh Ceilteach nuair a básaíodh é. Bhíodh sé de nós aige ailt a scríobh de láimh i gcónaí, seachas leas a bhaint as ríomhairí.

Mhol a chomhghleacaithe san eagraíocht é as a intleacht, a acmhainn ghrinn thur, agus a dhúthracht do chultúr agus neamhspleáchas na dtíortha Ceilteacha.

In 1980 bhunaigh sé Coiscéim, a chuir os cionn 1,300 leabhar i gcló thar na blianta. Chuir sé litríocht agus filíocht na Gaeilge i lár an aonaigh agus chuir sé saothar le scríbhneoirí agus filí móra na Gaeilge, leithéidí Mháirtín Uí Chadhain, Chaitlín Maude agus Thomáis Mhic Shíomóin, i gcló.

B’fhile é an Snodach chomh maith agus áirítear leithéidí Cumha agus Cumann (1985) agus Ag Druidim le 80 (2017) i measc na gcnuasach a d’fhoilsigh sé féin.

Lena chois sin, ba staraí é agus spéis ar leith aige i dtréimhse na réabhlóide. Chuir sé peann le pár agus chuir sé in eagar an tsraith thábhachtach Macallaí na Cásca, sraith leabhar a thug léargas ar ghnéithe logánta, domhanda, pearsanta, fealsúnachta agus teanga Éirí Amach 1916.

Maidir lena staireolaíocht, níor chuir sé aon fhiacail ann i leith na staraithe athbhreithnitheacha, mar a léirigh foilsiú Two Godfathers of Revisionism: 1916 in the Revisionist Canon in 1991. Saothar tábhachtach a bhí, agus atá, in The Hidden Ulster: Protestants and the Irish Language, a cuireadh i gcló trí huaire (1973, 1977, 1995) agus a d’fhág lorg dearfach ar Phrotastúnaigh an tuaiscirt atá ag tabhairt faoi athbheochan na Gaeilge sa lá atá inniu ann. 

Poblachtach go smior a bhí sa Snodach agus sheas sé le poblachtaigh agus náisiúnaithe na sé chontae le linn an chogaidh fhada, agus bhí meas ag muintir Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin ó thuaidh air i gcónaí.

Mar ghníomhaí Gaeilge le linn a shaoil agus mar uachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 1974 agus 1979 bhí sé ina cheannródaí. Bunaíodh An Siopa Leabhar agus cuireadh Seachtain na Gaeilge ar bun in athuair faoina cheannaireacht. Thacaigh sé go mór le gluaiseacht na Gaelscolaíochta a bhí ag teacht in inmhe an tráth céanna.

Agus é ag scríobh do Comhar in 1989 dúirt sé gur ‘cath cúlgharda’ a bhí sna Gaelscoileanna ina raibh ‘an pobal Gaelach ag léiriú míshástacht leis an gcúlú ó aidhmeanna fógraithe an stáit sa Phoblacht agus in éadan ionraí an stáit sna sé chontae’.

Chuir sé an Bille Cearta don Ghaeilge chun cinn sna seachtóidí chomh maith, a baineadh amach mar Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) nach mór tríocha bliain ina dhiaidh sin.

Bhí Ó Snodaigh lárnach, chomh maith, san Fheachtas Náisiúnta Teilifíse a cuireadh ar bun sna hochtóidí agus a bhain a sprioc amach le bunú TnaG (TG4 ina dhiaidh sin) in 1996. Bhí sé sásta dul i mbun an ghnímh dhírigh nuair ba ghá. Ag tús an fheachtais chuidigh sé le Ciarán Ó Finneadha meirge a chrochadh ar aeróg chumarsáide RTÉ i nDomhnach Broc chun aird a tharraingt ar neamairt an stáisiúin i leith na teanga.

Dúirt iaruachtarán eile ar Chonradh na Gaeilge, Íte Ní Chionnaith, faoi ghníomhaíocht Ghaeilge an tSnodaigh,

‘Thaisteal sé an tír ar fad ag cur fhealsúnacht an Chonartha chun cinn agus ag spreagadh daoine chun craobhacha nua a bhunú. Chuir sé béim ar leith ar dhaoine óga a mhealladh isteach san eagraíocht agus mná a thabhairt chuig leibhéal ceannasaíochta san eagraíocht chomh maith. Smaointeoir a bhí ann, intleachtóir a bhí ann, ach do creid sé san agóidíocht mar mhodh oibre in obair an Chonartha’.

Fear ildánach, fathach fir, Gael, poblachtach. Go gcodlóidh an Snodach go sámh i measc laochra na nGael.

An Iúdachas Frith-Shíónach

Seo a leanas machnamh a rinne bean Iúdach atá ag cur fúithi in Éirinn ar an méid atá ag titim amach sa Phalaistín i ndiaidh di freastal ar an gcomóradh ar Mháirtín Ó Cadhain a mbíonn á reáchtáil go bliantúil ag Misneach:

Bliain ó shin bhailigh muid anseo i gcuimhne fear a chaith a shaol ar fad chun Éire a shaoradh agus sóisialachas a bhaint amach. Agus muid anseo bhí brúidúileacht Iosrael díreach tosaithe in aghaidh na Palaistíne ach ní fhaca muid fós na mílte a maraíodh i rith na bliana

Táim anseo ní hamháin mar thacadóir Mhisneach ach mar Ghiúdach Frith-Shíónach freisin. Is rud an-tábhachtach é díchoilíniú domsa agus is rud lárnach don phróiseas sin ná do theanga dúchais a fhoghlaim.

Tá sé scríofa agam cheana faoi dhearcadh Síónaigh i gcoinne teanga na Giúdaise, an slí a bhí bac curtha uirthi san Iosrael, scriosadh na n-amharclainne Giúdaise san Iosrael agus fiú an méid a dúirt Theodore Herzl faoi nuair a scríobh sé gur teanga an gheiteo í.

Measaim go n-aithníonn sibhse, Gaeilgeoirí, an dearcadh seo. Tá a leithéid againn in Éirinn, seoiníní, nó West-Brits mar a dhearfá, is iad na Síónaigh na seoiníní don phobal Giúdach.

Bíodh an Eabhrais mar theanga naofa amháin – agus tá sé fós do na Chasidim, a labhraíonn Giúdais agus ní ghlacann siad le polasaithe Iosrael i gcoinne teanga ár sinsear.

Rinneadh an Eabhrais mar theanga saolta go bunúsach chun coilíniú a dhéanamh ar na teangacha éagsúla uilig ag na Giúdaigh uilig mar shampla, Ladino, Judeo-French, Judeo-Italian srl. Sa Ghaeilge tá sé suimiúil, is é an focal do Yiddish ná Giúdais, teanga na Giúdaigh, ach Hebrew sin Eabhrais focal le fréamhacha sa Laidin.

Is í an Ghaeilge teanga na nGaeil, sin mar a bhfuil sé do Ghiúdais, teanga na nGiúdach in Oirthear na hEorpa amháin.

Faoi láthair, tá Iosrael ag déanamh ionradh ar an Liobáin, agus tá siad ag leanúint ar aghaidh ag scaipeadh báis agus scriosadh in ainm an Giúdachais. Tá siad ag maslú an Giúdachais, agus tá siad ag cáineadh Giúdaigh atá ag labhairt amach in a gcoinne, nó níos measa.

Dúinne, atá ag iarraidh stop a chur ar a gcuid faisisteachais, diúltaíonn muid go huile is go hiomlán leis an gcoilíneachas atá ag tarlú sa Phalaistín.

Caithfidh muid inspioráid a ghlacadh ó fhrithbheartaíocht na Palaistíne a d’íobair gach rud i gcoinne cinedhíothú a muintir, ach freisin inspioráid a ghlacadh ón bhfear a chuaigh ar a rothar ón nGaillimh go Teach Laighin ar son na muintire agus na teanga chun Gaeltacht Ráth Chairn a bhunú.

An fear a chaith blianta i bpríosúin ag múineadh na teanga, ag díchoilíniú. Sin fianaise don obair a rinne sé. Tá ár streachailt go léir nasctha. Tá an streachailt idirnáisiúnta. Sé an chúis nach bhfuil Éire Aontaithe againn ná Rialtas na Breataine. Is iadsan an chúis gur cruthaíodh an Iosrael sa chéad áit.

Tá sin i gcomónta againn, tá fuath acu do mhuintir na hÉireann agus an phobal Giúdach, agus throid muid le chéile in a gcoinne san am atá thart ar Shráid an Cábla agus sa lá atá inniu ann ar na sráideanna ag iarraidh deireadh le Forghabháil na Palaistíne agus forghabháil na Sé Chontae.

Dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta go deo!

Saoroideachas ag leibhéal na hiar-bhunscolaíochta, 1966

Tá rialtas nua, agus aire oideachais nua leis, ar na bacáin ag tús na bliana úire. Ní haon ionadh é a rá go mbeidh buairt ar phobal na Gaeilge, agus na Gaelscolaíochta, faoi cheapachán an aire oideachais nua.

Chuir an t-iar-aire oideachais, Norma Foley, Fianna Fáil, le líon na ndíolúintí ón nGaeilge ag leibhéal na hardteistiméireachta agus le titim ar líon na ndaltaí in earnáil na Gaelscolaíochta.

Laige ollmhór sa chóras oideachais faoi láthair is ea an easpa polasaí don oideachas lán-Ghaeilge le spriocanna uaillmhianacha ann. Tá an chuma air go bhfuil an Roinn Oideachais ag obair i dtreo polasaí a bheidh ina shop in áit na scuaibe a fhoilsiú.

Is fiú breathnú ar an tráth ar tugadh isteach polasaí cuimsitheach, ‘radacach’ fiú, sa chóras oideachais, nuair a tugadh isteach an saoroideachas don dara leibhéal in 1966.

Ceann de na laigí ba mhó i gcóras oideachais an stáit i lár an fhichiú haois ba ea nach raibh saoroideachas ann ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Bhí táillí i gceist do na hiar-bhunscoileanna ag an am – mar sin is do dhéagóirí na meánaicme go príomha a bhí an scolaíocht dara leibhéal. Rachaidís ar aghaidh chun bheith ag obair sa státseirbhís, mar chléirigh in oifigí, nó mar dhlíodóirí, dochtúirí etc.

Bhí líon beag scoileanna gairmoideachais ann chomh maith a thug oiliúint sna ceirdeanna don lucht oibre sna cathracha agus páistí ó chlanna bocht na tuaithe agus na Gaeltachta.

De réir mar a bhí an geilleagar ag domhandú ó dheireadh na 1950í ar aghaidh agus an teicneolaíocht ag teacht i réim, tuigeadh go mbeadh oideachas de dhíth ar dhaoine óga chun na comhlachtaí nua a bhí á mealladh a shásamh. Ach bhí neart constaicí roimh an saoroideachas.

Ag an am, ní raibh farasbarr airgid ag an stát, mar atá inniu. Sa mhullach air sin, ceapadh nach mbeadh móréileamh ann ó thuismitheoirí ar an saoroideachas ag an dara leibhéal mar creideadh gurbh fearr leo go mbeadh a ndéagóirí ag saothrú ioncam breise don teaghlach.

Chomh maith leis sin bhí drogall ar na rialtais éagsúla ó bunaíodh an stát cur isteach ar smacht na hEaglaise Caitlicí ar chúrsaí oideachais – mar sin ní dhearnadh aon dul chun cinn ar feadh 40 bliain.

Agus é ina aire oideachais, rinne Tomás Ó Deirg, Fianna Fáil, mar shampla, iarracht sna 1930í saoroideachas a thabhairt isteach don Ghaeltacht, ach chuir na heaspaig an togra go tóin poill.

Tháinig ugach ón Ríocht Aontaithe nuair a chonacthas gur ardaigh Westminster aois an tsaoroideachais go 15 sna 1940í. Agus bhí spreagadh breise ann nuair a d’eisigh Fine Gael Towards a Just Society agus d’fhoilsigh an Roinn Oideachais Investment in Education in 1965 agus cuireadh brú ar Fhianna Fáil feidhmiú.

D’fhógair an tAire Oideachais Donagh O’Malley, teachta dála de chuid Fhianna Fáil d’Oirthear Luimnigh, saoroideachas go leibhéal an Mheánteastais i dtreo dheireadh na bliana 1966 i ngan fhios don Roinn Airgeadais.

Cinneadh mór a bhí anseo, go raibh greim ag an Roinn Airgeadais ar pholasaí rialtais ó bunaíodh an stát agus iad an-choimeádach ó thaobh an chaiteachais de.

Bhí an tAire Airgeadais Jack Lynch, Fianna Fáil, ar buile le O’Malley. Ach bhí an pobal taobh thiar de chinneadh an Mháilligh agus cuireadh i bhfeidhm é.

Sna seascaidí, ní raibh ach an tríú cuid de dhéagóirí a shroich aois a 16 fós ar scoil. Inniu críochnaíonn os cionn 90% de dhéagóirí an dara leibhéal agus tá ceann de na rátaí is airde ar domhan ag an stát sé chontae is fiche i dtaobh freastal ar oideachas den tríú leibhéal. 

Sna 1960í, theastaigh ón stát oibreoirí a chruthú don chóras eacnamaíoch domhanda a bhí ag teacht i réim agus rinneadh sin. Dár ndóigh chonacthas go raibh ‘luach’ i gceist ansin – luach airgeadais. 

Le hais an luacha chultúrtha, tá luachanna oideachais agus sóisialta ag earnáil na Gaelscolaíochta a neartaíonn pobail agus a laghdaíonn caiteachas i réimsí eile den tsochaí. An dtuigfidh cibé polaiteoir a thagann i gcomharba ar Norma Foley an luach sin? Nó más Foley atá ann arís, an féidir le gluaiseacht na Gaelscolaíochta an méid sin a chur ina luí uirthi?

An mbeidh cibé aire oideachais a bheidh ann cróga a dhóthain le polasaí cuimsitheach agus uaillmhianach a chur i bhfeidhm don oideachas lán-Ghaeilge mar a rinneadh in 1966 nuair a tugadh isteach an saoroideachas do leibhéal na hiar-bhunscolaíochta?

Ní aon laoch dúinne Donagh O’Malley – Fianna Fáileach a bhí ann i ndeireadh thiar. Ach rinne sé rud forásach os cionn leathchéad bliain ó shin. Cén fáth nach féidir lena shliocht Fianna Fáileach beart den sórt céanna a chuir i bhfeidhm sa lá atá inniu ann?

Ceapachán Verona Murphy: easpa measa i leith phobal na Gaeilge

Más ‘tús maith leath na hoibre’, is drochthús é don Ghaeilge le linn shaolré an 34ú Dáil ceapachán Murphy mar Cheann Comhairle

Ba é Cathal Brugha, réabhlóidí agus cainteoir Gaeilge, céad cheann comhairle na Dála in 1919. Léigh sé an Clár Daonlathach amach i nGaeilge agus reáchtáladh gnó na Dála go hiomlán trí Ghaeilge ar an gcéad lá a bhailigh na teachtaí.

Ní ‘scannal’ é, fiú, gur ceapadh Verona Murphy, atá gan Ghaeilge, atá ceapta ina ceann comhairle 105 bliain níos déanaí. Tá pobal na Gaeilge imithe i dtaithí ar chinntí den sórt seo le blianta beaga anuas.

Léiríonn ceapachán Murphy codarsnacht lom idir fís agus cur chuige ghlúin na réabhlóide ar an láimh amháin, agus cur chuige ghlúin na ngaimbíní ar an láimh eile.

Anuas air sin, is léiriú é go bhfanfaidh cúrsaí mar atá i dTeach Laighean i dtaobh úsáid na Gaeilge de go ceann 5 bliana eile ar a laghad. Labhrófar an cúpla focal anois is arís, agus i rith Sheachtain na Gaeilge cuirfear an dráma bliantúil, ar a nglaoitear ‘Lá na Gaeilge’, ar bun.

Déanfar plámás ar eagraíochtaí Gaeilge agus inseofar dóibh go bhfuil an rialtas ‘dáiríre faoin nGaeilge’. Ach ní léireoidh Fianna Fáil ná Fine Gael aon chinnireacht i dtaobh normalú a dhéanamh ar an teanga i saol polaitiúil na tíre de, ná i dtaobh cur chun cinn na teanga i réimsí tábhachtacha eile.

Agus cén fáth a léireodh? Nach bhfuil ardmheas acu ar ghradam an Bhéarla mar cheann de ‘bhunchlocha gheilleagar an stáit’? Nach bhfuil géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht ag dul in olcas faoina stiúir? Nach bhfuil líon na ndaltaí sa chóras Gaelscolaíochta tar éis titim le blianta beaga anuas, an chéad uair a raibh titim ann le leathchéad bliain? Nach bhfuil díolúintí ón nGaeilge as smacht go hiomlán anois agus 22.5% de dhaltaí Ardteiste nach ndéanann scrúdú sa teanga?

Mura bhfuil lucht ceannasaíochta an stáit sásta fiú ceann comhairle a bhfuil Gaeilge acu a cheapadh, cén fáth a mbeimis ag súil leis go réiteoidís fadhbanna i saol na Gaeilge atá i bhfad Éireann níos mó?  

Ní tuar maith é tús an rialtais seo don Ghaeilge. Is gá athmhachnaimh a dhéanamh ar an mbealach a n-éilítear cearta agus cothromas do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá easpa measa bunúsach le brath le blianta beaga anuas agus táimid ag íoc go daor as.

‘Éire ag seasamh go láidir ar a cosa féin’: bunú Raidió Éireann 1926

Bunaíodh Raidió Éireann (ar a dtugtar Raidió Teilifís Éireann sa lá atá inniu ann) go hoifigiúil ar an 1 Eanáir 1926. Ba chéim mhór chun tosaigh é i stair chraolacháin na hÉireann. Ba é an chéad seirbhís craolacháin phoiblí oifigiúil in Éirinn é.

Anuas air sin, ba shiombail a bhunú den tábhacht a bhain leis an raidió mar mheán cumarsáide agus mar ghléas tógála stáit i luathbhlianta an tSaorstáit.

Go luath i ndiaidh bhunú an tSaorstáit, d’aithin an rialtas tábhacht an raidió chun aontacht chultúrtha agus pholaitiúil a chothú. Chonacthas an tseirbhís mar bhealach chun féiniúlacht náisiúnta a fhorbairt agus chun cultúr agus teanga na hÉireann a chur chun cinn.

Míníonn Caoimhghin Ó Croidheáin an bunús idé-eolaíochta a bhí le hiarrachtaí an stáit i leith na Gaeilge an tráth seo. Díríodh an mhian a bhí ann d’athrú sóisialta (athdháileadh talún, cearta oibrithe srl) isteach in athruithe a bhain leis an gcultúr – an ‘Gaelú’ a rinneadh ar an gcóras oideachais, mar shampla.

Baineadh leas as an nGaeilge agus na meáin nua cosúil le Raidió Éireann, arsa Ó Croidheáin, ‘mar ghléas chun an stát a chomhdhlúthú’, tráth a raibh bagairt ann go fóill ó phoblachtaigh a chreid nach raibh dlisteanacht ag an Saorstát.

I dtaca le forbairt an stáisiúin, roimh do Raidió Éireann teacht ar an bhfód, rinneadh tástáil ar an raidió trí chraoltaí raidió eile. Ba é an chéad stáisiún raidió Éireannach ceadúnaithe ná 2RN, a thosaigh tástáil ar chraoltaí i mí na Nollag 1925 agus a chuir tús le craoladh rialta go hoifigiúil faoin scáth Raidió Éireann ar an 1 Eanáir 1926.

Ba as imeartas focail bunaithe ar an nath cainte i mBéarla na hÉireann, ‘are ye right there, Michael, are ye right?’, a tháinig an t-ainm 2RN. Bhí an t-ainm ag teacht leis na cineálacha ainmneacha a bhaistí ar stáisiúin raidió eile an t-am sin. Is ar 36 Sráid Bheag na Danmhairge, Baile Átha Cliath, a bhí stiúideo 2RN.

Thug an Dr. Dubhghlas de hÍde, duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge agus an chéad Uachtarán ar na sé chontae is fiche ina dhiaidh sin, an chéad óráid ar 2RN. Leag sé béim ar thábhacht an chultúir agus ar an nGaeilge a chaomhnú. Bhí ceol agus siamsaíocht mar chuid den chlár tosaigh freisin.

Arsa de hÍde agus é i mbun óráide ar an gcéad lá den chraoladh:

‘Beidh Éire ag seasamh go láidir ar a cosa féin. Is í an Ghaeilge an leathchos agus is í an leathchos eile an damhsa, an ceol agus ár gcluichí féin’.

Ar dtús, bhí dúshláin ag an stáisiún maidir lena chumas gach cuid den stát, go háirithe ceantair thuaithe, a bhaint amach mar gheall ar theorainneacha na teicneolaíochta tarchurtha. Níor shroich an stáisiún na contaetha Ghaeltachta go dtí na 1930í. Mar sin féin, rinneadh feabhsuithe de réir a chéile sna blianta ina dhiaidh sin.

Cé gur phléigh J.J. Walsh, an tAire Poist agus Teilegrafa, stáisiúin raidió do na ceantair Ghaeltachta sna 1920í, níor bunaíodh a leithéid mar gheall ar pholasaithe eacnamaíocha coimeádacha. I ndáiríre dhírigh an tseirbhís 2RN ar lucht labhartha an Bhéarla.

Bhíodh cláracha áirithe ar nós Nuacht agus Tréimhseachán Teann, le cloisteáil le hais cláracha ar CLG, cláracha ceoil thraidisiúnta agus cláracha reiligiúnacha Caitliceacha.

Sna 1940í, dhírigh cláracha ar nós Is Your Irish Rusty? agus Listen and Learn ar lucht foghlamtha na Gaeilge agus lucht an chúpla focal.

Mhol Éamonn de Valera agus é ina Thaoiseach in 1943 go mbunófaí seirbhís raidió don Ghaeltacht, ach níor tharla sé go ceann 30 bliain eile.

Fágadh é faoi Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta stáisiún raidió bradach, Saor-Raidió Chonamara, a bhunú in 1970 agus an stát a náiriú sular bunaíodh Raidió na Gaeltachta go hoifigiúil roinnt blianta ina dhiaidh sin in 1973.