Category Archive : Ailt Staire

250 bliain de SAM, 250 bliain den chinedhíothú agus ciníochas

Tá SAM ag “ceiliúradh” 250 bliain a bhunaithe i mbliana. Ach déantar dearmad, i measc na nÉireannach atá faoi gheasa ag an áit ach go háirithe, gur bunaíodh SAM ar chinedhíothú dream amháin agus daoradh chun sclábhaíochta dream eile.

Tá torthaí na bpróiseas seo fós le brath i ngach gné de chultúr, sochaí agus polaitíocht SAM. Tá an ciníochas fite fuaite le saol laethúil SAM go fóill. Cé gur tháinig deireadh foirmiúil leis an sclábhaíocht in 1865 agus gur cuireadh an fhrithbheartaíocht bhundúchasach faoi chois ar deireadh in 1890 ag Wounded Knee, tá an meon a chuir bonn faoi na córais sin fós ann go smior i measc codanna móra den tsochaí.

Ar feadh níos mó ná 200 bliain bhí an ciníochas nasctha go dlúth le sochaí an Deiscirt. Sa chaoi chéanna, breathnaíodh ar na Bundúchasaigh mar dhream a gcaithfí fáil réidh leo chun “an náisiún” a leathnú amach.

Fiú dá mbeadh an t-ádh ar na hAfrai-Mheiriceánaigh nó Bundúchasaigh a bheith “saor” ní raibh meas madra orthu sa tsochaí ná sa stát.

Cuireadh na Bundúchasaigh go scoileanna cónaithe inar fáisceadh a gcultúr agus a dteangacha amach astu. Achtaíodh dlíthe Jim Crow i gcoinne na nAfrai-Mheiriceánach fiú i ndiaidh dheireadh chóras na sclábhaíochta.

Tá an creideamh i “ciníocha” bitheolaíocha, coincheap atá gan bunús eolaíoch, ar cheann de na hoidhreachtaí is contúirtí den sclábhaíocht. Ach glactar go forleathan leis an bhféinaithint chiníoch. Tá catagóirí amhail Geal, Dubh, Áiseach, agus Bundúchasach fós in úsáid, cé gur trí reachtaíocht choilíneach in Virginia agus Tuaisceart Carolina a cumadh iad an chéad lá. Ba é an creideamh san fhorchiníochas Geal agus an beag is fiú de dhaoine Dubha agus Bundúchasacha bunús chiníochas SAM.

Ní “rogha” a bhaineann leis an duine aonair é an ciníochas. I ndiaidh dó a bheith á threisiú ar feadh na nglúnta, feidhmíonn sé ar bhonn cultúrtha, institiúideach, agus ar bhonn aonair:

  1. Neartaíonn an ciníochas cultúrtha tuiscintí faoin gcéimlathas ciníoch sa saol laethúil
  2. Aistríonn an ciníochas institiúideach na tuiscintí sin, ar bhealach éagothrom, isteach i réimsí an oideachais, na tithíochta, na fostaíochta agus na póilíneachta.
  3. Coinníonn an ciníochas aonarach, bíodh sin go coinsiasach nó go fothchoinsiasach, na córais seo in situ

Nuair a thógtar na trí ghné seo san áireamh, bíonn praghas mór síceolaíochta agus sláinte le híoc acu siúd a fhulaingíonn dá bharr. Ar an mbealach seo, déantar gortuithe stairiúla na sclábhaíochta agus an chinedhíothaithe a threisiú sa lá atá inniu ann.

Tháinig an staraí Raphaël Lemkin aníos leis an téarma “cinedhíothú”. Agus é ag forbairt an téama, bhí staidéar ar scrios na mBundúchasach agus daoradh chun sclábhaíochta na nAfrai-Mheiriceánach ar bun aige. D’áitigh sé gur dhírigh an cinedhíothú ar ghrúpaí, seachas ar dhaoine aonair, agus é mar aidhm “cuid nó an t-iomlán acu a scrios”. Faoin sainmhíniú seo, is cinedhíothú a bhí sa sclábhaíocht agus i scrios na mBundúchasach.

Cuireadh bac ar sclábhaithe Afrai-Mheiriceánacha a dteangacha, ainmneacha agus reiligiún a úsáid, nó a gcultúr a choinneáil. Maraíodh iad nuair a dhiúltaigh siad. Fuair siad bás den ocras, deineadh ciapadh agus éigniú orthu agus cuireadh bac orthu clanna a thógáil. Díoladh páistí ar nós sclábhaí airnéise agus scaradh iad óna dtuismitheoirí.

Tagann na gníomhartha le sainmhíniú Lemkin ar an gcinedhíothú: marú baill ghrúpa, díobháil thromchúiseach a dhéanamh do chorp nó meabhair, cosc a chur ar bhreitheanna, agus páistí a aistriú trí fhórsa.

Tá ceist an raibh an rún ann dul i mbun an chinedhíothaithe, atá lárnach i sainmhíniú na Náisiún Aontaithe, soiléir sna taifid staire. Mhaígh úinéirí na sclábhaithe go hoscailte go raibh an ceart acu sa mhéid a rinne siad de bharr ísleacht na sclábhaithe.

Chreid siad go raibh an bhrúidiúlacht a d’úsáid siad de dhíth agus chun leasa an chórais. Léiríonn lámhleabhair, litreacha agus tráchtaireacht phoiblí straitéisí soiléire chun na sclábhaithe a choinneáil faoi smacht.

Bhí pátrún den chineál céanna mar a bhain sé le léirscrios na mBundúchasach. Roimh theacht na nEorpach, meastar go raibh 2 mhilliún Bundúchasach ina gcónaí san áit a d’fhorbródh isteach sna SAM.

Faoi 1890, ní raibh fágtha ach 8%-12% acu. Cé go raibh ról áirithe ag galair, ba iad na feachtais mhíleata, na háir, an t-aistriú trí fhórsa, agus goid talún a bhí mar an cor cinniúnach. Ceann i ndiaidh a chéile, chlis ar na náisiúin Bhundúchasacha, scriosadh a ndaonraí, agus cuireadh iad siúd a tháinig slán i bhfad ar shiúl óna dtailte dúchasacha.

Tá na héagóracha seo fós ina chnámh spairne agus ina cheist bheo nach bhfuil córas caipitlíoch-coilíneach SAM sásta, nó in ann fiú, a réiteach. Mar sin, ná ceiliúraimis 250 de SAM ná ról na nÉireannach a chruthaigh an impireacht sin.

Seasaimis leis na pobail atá ag fulaingt go fóill de bharr na himpireachta agus gníomhaímis chun titim na himpireachta céanna a fheiceáil.

An Corn Domhanda agus an nasc idir an spórt agus an pholaitíocht

Cloistear an tuairim gur chóir an spórt agus an pholaitíocht a choinneáil scartha i gcomhthéacs an baghcait a éilíonn gníomhaithe Palaistíneacha ar chluichí leis an Iosrael.

Ach úsáideann stáit mhóra an spórt chun spórtdalladh a chur i bhfeidhm. Tharla seo i gcás an Choirn Dhomhanda san am a chuaigh thart, mar shampla le linn réimeas Mussolini agus Corn Domhanda 1934 san Iodáil. Rinneadh é le déanaí in 2022 nuair a rinne Catar óstáil ar an gCorn Domhanda, ainneoin shárú na gceart daonna sa tír.

Ach ba é Uragua, a óstáil an chéad Chorn Domhanda, a chuir tús leis an gcleachtas leas polaitiúil a bhaint as an gcomórtas chun féiniúlacht idirnáisiúnta na tíre a chruthú os comhair an domhain.

Thosaigh an scéal ní le Corn Domhanda 1930, ach le Cluichí Oilimpeacha 1924. Rinne taidhleoir san Eilvéis Uragua a iontráil sna cluichí i bPáras i ngan fhios do dhaoine.

Ní raibh buiséad ann don turas agus b’éigean d’oifigeach amháin morgáiste a thabhairt amach ar a theach chun an maoiniú cuí a fháil. Ach d’éirigh leis an bplean. 

Chuaigh Uragua ar thuras timpeall na Spáinne ar an mbealach go Páras. Bhí na sluaite faoi gheasa ag an bhfoireann agus a stíl phasála. Le linn an chomórtais ba iad an fhoireann is mó a mheall na sluaite. Seoladh an t-úrscéalaí Colette chun scríobh fúthu do Le Matin. 

Nuair a bhuaigh Uragua bonn óir, d’fhógair an nuachtán El Día go raibh níos mó déanta ag an bhfoireann do chlú na tíre ná aon fheachtas bolscaireachta. Cuireadh saoire phoiblí ar bun nuair a d’fhill an fhoireann.

Mhaígh Mundo Uruguayo gur léirigh an bua gur “náisiún sibhialta” a bhí in Uragua a d’fhéadfadh cultúr a easpórtáil chomh maith le mairteoil. 

Bhí dul chun cinn foireann sacar Uragua bunaithe i mbuntáistí na hidé-eolaíochta batllismo. Idé-eolaíocht fhorásach ba ea é a leag béim ar lámh an stáit a úsáid ar son leas sóisialach.

Bhí córas láidir oideachas stáit i gceist a raibh an cleachtadh coirp ina chroílár. Tógadh isteach an lá oibre ocht n-uaire agus tugadh an vóta do chách. D’éirigh le hUragua bonn óir a bhaint sa sacar ag na cluichí Oilimpeacha in Amstardam arís in 1928.

Nuair a chinn FIFA go raibh gá le Corn Domhanda a bhunú don sacar a sheasfadh ar a chonlán féin, theastaigh ó Uragua go ndéanfaidís óstáil air. Bhí Corn Domhanda 1930 ag teacht le comóradh 100 bliain bhunreacht Uragua. Rinneadh an Estadio Centenario, staid ollmhór sacair i bpríomhchathair na tíre Montevideo, a thógáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mbliain. 

Bhuaigh Uragua ar an Airgintín 4-2 sa chluiche ceannais agus b’fhíorú é go raibh rath ar scéimeanna batllismo. Cé gur tháinig an idé-eolaíocht faoi bhrú le linn an Spealta Mhóir sna 1930í, tá Uragua go fóill ar cheann de na stáit is forásaí dá bhfuil ann, le ceann de na daonraí is sásta i Meiriceá Theas; rud a léiríodh go hidirnáisiúnta de chéad uair le linn an Chéad Choirn Dhomhanda in 1930.

Toghchán na Bolaive, 2005

Ba ré nua é don Bholaiv nuair a bhuaigh Evo Morales toghchán uachtaránachta na tíre in 2005. Bundúchasach ba ea Morales a bhí ina cheannaire ceardchumainn agus ina cheann feadhna ar ghluaiseacht na bhfásaithe cóca.

Léirigh na pobalbhreitheanna díreach tar éis na vótála go raibh 51% den vóta buaite ag Morales. Toradh stairiúil a bhí ann. Ba é Morales an chéad uachtarán dúchasach ar stát ina raibh tromlach soiléir ag na bundúchasaigh.

Ghéill an t-iomaitheoir is gaire dó, Jorge Quiroga de chuid na heite deise láir, nuair ba léir go raibh Morales go mór chun cinn.

Reáchtáladh an toghchán agus cosmhuintir na tíre dubh dóite le polasaithe nualiobrálacha an rialtais le traidhfil de bhlianta.

Gheall feachtas Morales go ndéanfaí fás cóca dleathach, go dtabharfaí acmhainn gáis agus ola na tíre isteach in úinéireacht phoiblí, agus go ndéanfaí athdháileadh maoine tráth a raibh an Bholaiv ar cheann de na tíortha ba bhoichte sa Mhórchríoch.

Thacaigh muintir na tuaithe, ceardchumainn, agus bundúchasaigh, a coinníodh amach ón gcumhacht go dtí sin, le feachtas Morales.

Bhí ceiliúradh ann ar fud na tíre nuair a bhuaigh Morales, agus d’fhógair a lucht tacaíochta go raibh tús á chur le “stair nua” don Bholaiv. Ón tús bhí Stáit Aontaithe Mheiriceá ag bagairt ar an tír.

Sheas Morales le Hugo Chávez agus ceannairí eile de chuid na dtonn bándearg. Dhiúltaigh siad don chlár saorthrádála a bhrú Stáit Aontaithe Mheiriceá ar Mheiriceá Theas.

Tá roinnt cúiseanna go bhfuil ag trá ar an tonn bhándearg i Meiriceá theas le blianta beaga anuas, cé nach bhfuil an cogadh caillte go fóill. Ach is iad coups agus feachtais bagartha agus smachtbhannaí SAM cúis le go leor den chúlú.

Le roinnt seachtainí anuas, chuir rialtas na heite dheise, a mhaíonn gur “lárnaigh” iad, sa Bholaiv dlíthe éigeandála i bhfeidhm anuas de bharr éirí amach na cosmhuintire ina éadan.

Bhí “an caipitleachas do chách” mar mhanna ag an Uachtarán Rodrigo Paz le linn a fheachtais toghchánaíochta in 2025. Feictear an patrún seo arís agus arís eile; nuair a éiríonn gnáthdhaoine amach i gcoinne polasaithe na déine, déanann an stát cos ar bolg orthu.

Tá bundúchasaigh na Bolaive go mór chun cinn ag cur i gcoinne an rialtais. Tá na bundúchasaigh i gcroílár na ngluaiseachtaí sóisialta sa tír le fada.

Le roinnt seachtainí anuas tá an tír curtha faoi imshuí acu, tá cruinnithe poiblí glaoite acu agus tá siad chun cinn i gcosaint a bpobail ó lámh láidir an stáit.

Tá comhthéacs níos doimhne i gceist leis an ngéarchéim. Tá SAM tar éis na mblianta a chaitheamh ag déanamh beag is fiú de dhaonlathas na Bolaive.

Tá feachtas curtha ar bun ag SAM chun an bonn a bhaint ón stát de bharr ceannairí den eite chlé a bheith i gcumhacht. Tugtar tacaíocht d’éilítí geala a bhfuil an ghráin acu ar chultúr, seilbh thalún, agus teangacha na mbundúchasach.

Tarlaíonn sé seo go minic i Meiriceá Theas. Nuair a théann rialtais i ngleic leis an gcaipitleachas atá ag réabadh a dtíortha, déanann Washington beag is fiú den fhlaitheas.

Léiríonn an ráiteas a rinne Elon Musk, an chéad trilliúnaí ar domhan, a dúirt “déanfaimid coup ar cibé daoine is mian linn” le linn aighneas faoin litiam sa Bholaiv, an dlúthnasc idir an chumhacht chorparáideach agus impiriúlachas Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá pobal dúchasach atá ag cur i gcoinne na déine sa Bholaiv agus Meiriceá Theas ag seasamh i gcoinne an impiriúlachais chomh maith. Ní mór seasamh leo.

Thiar in 2021 reáchtáil Misneach ócáid dlúthpháirtíochta leis an bpobal Quechua sa Bholaiv inar fhoghlaim Gaeil faoi streachailtí teanga an dreama sin. An bhliain seo caite chuaigh baill Ghlór na Móna ar thuras dlúthpháirtíochta go bundúchasaigh san Amasóin. Is maith naisc den sórt seo a chothú, óir tá ár naimhde eagraithe go hidirnáisiúnta.

Ní mór do Ghaeil, pobail mhionlaigh teanga agus araile, agus cosmhuintir an domhain feidhmiú as lámha a chéile má táimid leis an gceann is fearr a fháil ar lucht ceannasaíochta an domhain, leithéidí Musk agus an aicme sin a thug cuairteanna rialta ar Oileán Epstein.

Deireadh le cleachtas Áiféiseach na bpardún stairiúil roimh 1922

Bhí meas ag go leor daoine ar Mhícheál D Ó hUiginn agus ar an dá théarma a chaith sé mar uachtarán. Ach droch-chleachtas amháin a tháinig chun cinn le linn a thréimhse sa ról ná gur tosaíodh ar phardúin a thabhairt do dhaoine a chuir stát na Breataine chun báis agus iad i gceannas ar an tír.

In 2023 thug an tUachtarán pardún do John Twiss a ciontaíodh as James Donovan, feighlí ar eastát i dTuaisceart Chorcaí, a mharú. Lámhachadh Donovan in 1894 le linn tréimhse dhian de choimhlint talmhaíochta.

Tháinig brú ar na póilíní é a chúiseamh, ainneoin easpa fianaise fisiceach, ráitis finnéithe a bhí ag teacht salach ar a chéile, agus amhras ann gur cuireadh iallach ar dhaoine ráitis a thabhairt. Creideadh ag an am gur crochadh Twiss chun mar rabhadh le linn tréimhse theannais talún.

An bhliain dár gcionn, in 2024, tugadh pardúin do Sylvester Poff agus James Barrett. B’fheirmeoirí tionónta ó cheantar Oileán Chiarraí iad an bheirt. Ciontaíodh iad as marú Thomas Brown in 1883 i dtreo dheireadh Chogadh na Talún. Crochadh iad i bPríosún Thrá Lí.

Ba léiriú é bású na beirte do na tuathánaigh eile éirí as an ngluaiseacht i gcoinne na dtiarnaí talún agus stát Shasana in Éirinn.

An cás ab éagóraí, is dócha, ná cás Mhaolra Seoighe, a crochadh in 1882 as “dúnmharuithe Mhám Trasna”, a tharla le linn Chogadh na Talún chomh maith.

Tá taifead cruinn ar na heachtraí seo le fáil i leabhar an iar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin, Éagóir: Maolra Seoighe agus Dúnmharuithe Mhám Trasna, agus sa leabhar Béarla le Margaret Kelleher, The Maamstrasna Murders: Language, Life and Death in Nineteenth-Century Ireland.

Léitear sna leabhair sin mar a imríodh feall ar Seoighe, a bhí ina chainteoir aonteangach Gaeilge. Níor tugadh ceartas ar bith dó sa chúirt a d’fheidhmigh trí Bhéarla. 

Ach, bhí sé áiféiseach go mbeadh uachtarán ar stát a bunaíodh in 1922, stát nach raibh ar an bhfód nuair a tharla na heachtraí éagóracha seo faoi riail Shasana, ag tabhairt pardúin ar a son. Is stát Shasana ar chóir pardúin agus leithscéal a ghabháil as na héagóracha seo, agus neart éagóracha stairiúla agus comhaimseartha lena ais.

Tréith aisteach iarchoilíneach é nach mbeimis ag iarraidh impí ar Shasana leithscéal a ghabhadh agus go mbeadh an stát ag glacadh an chúraim sin air féin; samhlaigh, ag gabháil leithscéal as easpa ceartais a rinne an stát coilíneach le linn tréimhsí a bhí na hÉireannaigh ag éirí amach i gcoinne córas míchothrom talún! Ní raibh bun ná barr leis.

Ar an dea-uair tá sé fógrartha ag an Aire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, go mbeidh deireadh ag teacht leis an gcleachtas áiféiseach seo.

Luaigh O’Callaghan go raibh easpa doiciméadú déanta ar na cásanna roimh 1922 agus go raibh leibhéal ard fianaise de dhíth chun pardúin a thabhairt.

Ach i ndáiríre is é an bhuncheist ná gur córas dleathúil éagsúil agus stát éagsúil é a rinne na héagóracha, mar sin ní raibh ciall ar bith le stát nach raibh ar an bhfód fiú pardúin a thabhairt thar ceann stát coilíneach.

Owain Glyndŵr, prionsa dúchasach deireanach na Breataine

Tá áit ar leith ag Owain Glyndŵr i stair na Breataine Bige mar an té deireanach a raibh teideal Phrionsa na Breataine aige. Rugadh é in 1359 i gclann Angla-Breathnach. Ba as na clanna Powys Fadog agus Deheubarth é. Bhásaigh a athair Gruffydd Fychan II nuair a bhí Owain an-óg.

D’uchtaigh Sir David Hanmer, breitheamh Angla-Breathnach, é. Chuaigh sé i mbun staidéir ansin i Londain ach níor chloígh sé le gairm sa dlí.

Phós sé Margaret Hamner in 1383, rud a láidrigh a stádas i measc uasaicme na críche, pobal coilíneach ar theorainneacha na Breataine Bige de shliocht na Normannach agus na mBreatnach, cosúil le hoirdheisceart na hÉireann i ndiaidh ionradh Strongbow in 1169.

Bhí teideal Scuibhéir Sycharth agus Glyndyfrdwy ag Glyndŵr agus ghlac sé páirt i roinnt feachtais mhíleata ar son na Sasanach/Normannach.

Go dtí na 1390í bhreathnaigh na Sasanaigh ar Glyndŵr le teann measa laistigh den chóras coilíneach; ba Bhreathnach é a thuig sochaí agus polaitíocht na gcríoch teorannach sin, dár leo.

Ach nuair a tháinig Anraí IV i gcomharbas ar Risteárd II trí threascairt cuireadh deireadh leis an socrú sin. Chothaigh Anraí IV teannas i gcríocha na teorann.

Bhí Glyndŵr agus a chomharsa Reginald Grey de Ruthin in adharca le chéile agus thaobhaigh Anraí IV le Grey, agus rinneadh beag is fiú de chasaoidí na Breataine Bige.

Ba léir, ina dhiaidh sin, nach raibh guth láidir ag na Breatnaigh dáiríre i measc lucht cumhachta na Sasanach/Normannach. Ba é seo a spreag éirí amach i gcoinne na gcoilínitheoirí. 

Fógraíodh Owain Glyndŵr mar Phrionsa na Breataine Bige ar an 16 Meán Fómhiar 1400.

Níor ghníomh siombalach a bhí anseo, ach fógra náisiúnach ar stádas na Breataine Bige mar thír inti féin. Baineadh amach buanna go luath agus creideadh go bhféadfaí polaití neamhspleách Breathnach a bhaint amach faoi cheannaireacht Glyndŵr.

Diaidh ar ndiaidh, faraor, tháinig an t-éirí amach faoi bhrú ollmhór míleata. Faoi 1412 bhí an fhrithbheartaíocht laghdaithe. Bhí gníomhaíochta áitiúil i gcoinne na Sasanach ag tarlú, ceart go leor, ach níorbh ann d’fheachtas náisiúnta comhordaithe a thuilleadh.

Bhí Owain Glyndŵr fágtha ar an taobhlíne faoin tráth seo. Creidtear gur chaith sé a bhlianta deireanacha ar eastát a iníne Alys agus a fir céile, Sir Henry Scudamore, sirriam Herefordshire.

Bhí drochthionchar aige seo ar an mBreatain Bheag. Scrios na Sasanaigh bailte, sráidbhailte agus feirmeacha. Mhaolaigh geilleagar na tíre agus ghlac sé glúin nó dhó ar an tír teacht chuici féin. Cuireadh forbairt pholaitiúil na Breataine Bige ó mhaith chomh maith agus bhí sé 150 bliain sula raibh tionchar ag na Breatnaigh arís i dtaobh chumhacht na sochaí de.

Ach bhí oidhreacht as cuimse ag Owain Glyndŵr. Ba laoch é do náisiúnaithe an naoú haoise déag sa tír é. Nuair a thángthas ar a litreacha, tuigeadh gur ceannaire náisiúnta le tionchar fairsing taidhleoireachta é, seachas pearsa rómánsúil amháin.

Déantar comóradh ar Glyndŵr inniu i bhféilte, le dealbha agus le logainmneacha sa tír. Léiríonn a oidhreacht gur tír neamhspleách lena féiniúlacht agus stair féin í an Bhreatain Bheag.

Samhlaítear é, san aigne Cheilteach, i dteannta le Roibeart Brús agus Uilliam Uallas in Albain, agus Aodh Ó Néill agus Aodh Rua Ó Domhnaill in Éirinn, ceannairí a thug dúshlán do thionscadail choncais na Sasanach. 

Tá cúiseanna a bhaineann leis an asamhlú reiligiúnach, an Reifirméisean agus stair na polaitíochta sa Bhreatain Bheag agus in Albain, a mhíníonn an fáth gur deineadh coilíniú ní b’éifeachtaí ar na tíortha sin ná ar Éirinn.

Ach go bunúsach, mar a dúirt an t-amhránaí agus sóisialach poblachtach mór le rá, Dominic Behan, is í an fharraige an chúis nár deineadh slad iomlán ar fhéiniúlacht náisiúnta na hÉireann.

De bharr go raibh ar na Sasanaigh tionscadail phlandálaithe fhoréigneacha a chur ar bun chun na Gaeil in Éirinn a chur faoi chois mar bhíomar níos faide i gcéin, spreagadh frithbheartaíocht ní ba thréine a chothaigh náisiúnachas ar feadh na nglúine.

Ní mór dúinn tacú lenár gcomrádaithe sna tíortha Ceilteacha nach raibh an buntáiste sin acu, Corn na Breataine go háitrithe, ach sin scéal do lá eile.

Coup d’état an CIA san Iaráin, 1953

Tá na Poncánaigh tar éis cogadh a thosú leis an Iaráin. Dream craiceáilte religiúnda i bhfad amach ar an eite dheas atá i gcomhairí Trump. Beidh mearbhall ar go leor den dream a chaith vóta ar son Trump agus é ag maíomh go ndíreodh sé ar SAM agus nach mbacfaidh sé le cogaí thar lear.

Ach tá an chogaíocht lárnach d’idé-eolaíocht agus geilleagar na bPoncánach. Tá SAM tar éis a bheith i mbun cogaíochta ar feadh 229 bliain as an 246 a bhfuil sé ar an bhfód.

Ní luann na mórmheáin an eachtra chinniúnach i stair na hIaráine nua-aimseartha atá mar chomhthéacs den mhéid atá ag tarlú faoi láthair, is é sin an coup a rinne an tIarthar san Iaráin in 1953. 

Sna 1950í bhí sé mar aidhm ag an CIA gluaiseachtaí daonlathacha a chur faoi chois a bhagair ar mhianta straitéiseach agus corparáideach an Iarthair. Tharla seo ní hamháin san Iaráin, ach sa tSile, sa Tuirc agus tíortha eile nach iad.

Chinn an CIA go gcaithfí fáil réidh le Príomh-Aire na hIaráine, Mohammad Mossadegh an tráth sin. Bhí sé de dhánacht aige go ndearna sé náisiúnú ar thionscail ola na tíre, a bhí faoi smacht ag an gComhlacht Ola Angla-Iaránach (COAI) roimhe sin, an comhlacht Briotanach ba bhrabúsaí ar domhan.

Ach níor chuir an comhlacht an brabús sin i dtreo infreastruchtúr na hIaráine. Seoladh an t-airgead díreach chun na Ríochta Aontaithe. 

Ghlac an Iaráin inspioráid ón náisiúnachas Arabach a bhí ag borradh an tráth sin. Mhol an tír go mbeadh córas ann ina roinnfí an brabús 50/50 mar a tharla leis an múnla Saudi-Meiriceánach.

Ach dhiúltaigh na Sasanaigh do gach comhréiteach, rud a spreag parlaimint na hIaráine náisiúnú a dhéanamh ar an COAI in 1951. Thairg Mossadegh 25% den bhrabús don Ríocht Aontaithe agus gheall sé go gcoimeádadh fostaithe an chomhlachta a bpoist. 

Níor leor sin do rialtas Londain agus tosaíodh ar fheachtas cogaíochta eacnamaíche: bacainní agus baghcat ar an ngeilleagar agus reo ar acmhainn na Iaráine i measc bearta eile.

Ainneoin an bhrú ar fad, thacaigh cosmhuintir na hIaráine go mór le polasaí an náisiúnaithe, rud a d’fhág nach mbeadh sé indéanta dul siar air.

D’iompaigh an Ríocht Aontiathe agus SAM ar bhearta faoi cheilt ina dhiaidh sin. Dhearbhaigh an gníomhaí CIA Kermit Roosevelt don Shah gur thacaigh Churchill agus Eisenhower le fáil réidh le Mossadegh.

D’fhoilsigh an Shah forógra ríoga i mí Lúnasa 1953 agcur brú ar Mossadegh éirí as, ach níor ghéill an príomh-aire. D’áitigh sé gur ag an bparlaimint amháin a bhí an chumhacht fáil réidh leis.

I ndiaidh gur theip ar an gcéad iarracht ar coup theith an Shah chun na Róimhe. D’eagraigh an CIA agóidí sráide agus buíon mhíleata agus d’éirigh leis an coup ar an 19 Lúnasa.

Tháinig an Shah ar ais chun na hIaráine agus tuilleadh cumhachta, ollsmacht nach mór, aige. Sáraíodh cearta daonna ar bhonn leanúnach sna blianta ina dhiaidh sin.

Ní féidir réabhlóid Ioslamach 1979 a thuiscint gan comhthéacs coup 1953. Scriosadh forbairt dhaonlathach na hIaráine nuair a fuair an tIarthar réidh le Mossadegh.

Treisíodh ar an riail údarásaíoch, riail atá anois á úsáid mar leithscéal le cogadh agus athrú réimeas a chur ar bun arís! 

Dár ndóigh, is acmhainní nádúrtha, mianraí, ola agus a leithéid atá ó SAM, agus tá Iosrael agus a tionscadal ar mhaithe le hOll-Iosrael mar chuid den scéal.

Níl spéis dá laghad ag SAM sa daonlathas, mar a léiríonn coup na hIaráine in 1953. Ná ligimis do raiméis na mórmheán, Trump, Micheál Martin, ná éinne eile, an dallamullóg a chur orainn.

Athbheochan na Manainnise agus Blein ny Gaelgey, 2001-2026

Is é Blein ny Gaelgey (bliain na Manainnise) é i mbliana ar an Oileán Mhanann. Is é aidhm na bliana íomhá dhearfach den Mhanainnis a spreagadh agus daoine a chur á húsáid ar bhonn laethúil.

Anuas air sin, tá sé i gceist cruthaíocht, foghlaim agus féiniúlacht sa teanga a spreagadh chun bonn níos láidre a chur faoin Manainnis. Chuige sin cuirfear imeachtaí ar bun amhail ceardlanna sa teanga, ceolchoirmeacha, agus seisiúin amhránaíochta. Chomh maith leis sin cruthófar podchraoladh agus múrphictiúir nua, i dteanna tionscadail chruthaíochta eile.

Ceann de na fáthanna go bhfuil Blein ny Gaelgey á ceiliúradh i mbliana ná go bhfuil 25 bliain caite ó bunaíodh Bunscoill Ghaelgagh in 2001.

D’éirigh an bhunscoil as grúpaí naíonra ar nós Chied Chesmayd (an chéad chéim), a bunaíodh in 1993, agus Mooinjer Veggey (muintir bheaga) a bunaíodh in 1996. Ghlac an dream a bhunaigh an eagraíocht inspioráid ón méid a bhí ar bun le grúpaí spraoi in Albain ag deireadh na 1980í. Chruthaigh an grúpa naíonra éileamh ar bhunscolaíocht de réir a chéile.

Bunaíodh Sheshaght ny Paarantyn (cumann na dtuismitheoirí) in 1999 agus é mar aidhm bunscoil Mhanainnise a chur ar an bhfód, agus an bhliain sin chuaigh siad i dtreo na Roinne Oideachais lena n-iarratas.

D’oscail an scoil i mí Mheán Fómhair 2001 mar shruth, rang amháin i Scoil Bhaile an Choiteora in Doolish, príomhchathair an oileáin, agus naonúr páistí ag freastal uirthi. In 2003 bhog an scoil go dtí a foirgneamh féin i seanscoil Naomh Eoin i lár an oileáin.

Bhí cúig dhalta is fiche ann roinnte idir dhá rang faoin tráth sin. Bhí formhór na ndaltaí ag teacht ó naíonra Mooinjer Veggey go fóill. Faoi 2006 ba scoil neamhspleách í Bhunscoill Ghaelgagh lena príomhoide féin.

Ó shin i leith tá forbairt tagtha ar an scoil; tá ceithre rang ann anois le daltaí d’aoiseanna éagsúla agus ó cheantair éagsúla ar fud an oileáin.

In 2020, ghlac Rialtas Oileán Mhanann freagracht iomlán as Bunscoill Ghaelgagh, rud a thug an ceart don scoil rochtain a fháil ar sheirbhísí riachtanas speisialta. Tá thart ar 70 dalta ag freastail ar an mbunscoil sa lá atá inniu ann.

Is féidir leo dul ar aghaidh go meánscoil i bPurt ny h-Inshey chun cúpla ábhar a dhéanamh tríd an Mhanainnis agus macasamhail Teastas Ginearálta an Mheánoideachas, Teisht Chadjin Ghaelgagh, a dhéanamh.

Dár le Stiúrthóir Mooinjer Veggey, Phil Gawne, tá Bunscoill Ghaelgagh tar éis 170 dalta atá líofa sa teanga a chruthú agus “cinniúint na teanga a athrú ó bhonn”.

Is iontach an dul chun cinn atá déanta ag na Manannaigh, go háirithe le scór bliain anuas. Bhí thart ar 8% den daonra ag labhairt na teanga in 1901; 4.8% in 1911; 1.5% in 1921; 1% in 1931, agus 0.5% in 1951. Faoi na 1980í bhí cúrsaí chomh dona sin nár cuireadh ceist faoin teanga sa daonáireamh.

Bhí borradh faoin náisiúnachas ar an oileán sna 1970í agus 80í, rud a spreag suim arís sa teanga. Faoi 2021, bhí an teanga ag thart ar 2% den oileán, nó 2,200 cainteoirí de chumais éagsúla ann.

Mheas an tsochtheangeolaí Tadhg Ó hIfearnáin, in 2010 go raibh thart ar 100 cainteoir d’ardchumas ar an oileán. Ar an drochuair, ní chuirtear ceist sa daonáireamh faoi mhinicíocht.

Tionscadal fiúntach é Blein ny Gaelgey do chur chun cinn na Manainnise. Ach cosúil le gach tír Cheilteach eile, agus gach pobal mionteanga eile lena, caithfear aghaidh a thabhairt ar na bunrudaí ábharaíocha chun pobal teanga a chothú.

Fadhbanna ollmhóra iad an t-eisimirce agus cúrsaí tithíochta don aos óg ar an Oileán Mhanainn. Déantar cainteoirí Manainnise a chothú in Bhunscoill Ghaelgagh agus ar bhealaí eile, ach imíonn siad le sruth nuair nach féidir leo poist fhiúntacha ná áit chónaithe réasúnta a fháil ar an oileán.

De réir dhaonáireamh 2021 rugadh 49.6% de chónaitheoirí an oileáin ar an Oileán Mhanann, ach rugadh 38.3% sa Ríocht Aontaithe. Déanann cuid de na Sasanaigh a bhogann isteach imeascadh, ach breathnaíonn cuid eile acu ar an oileán mar chontae eile de Shasana. 

Mar sin tá gá le hathrú polasaí tithíochta chun tacú leis an Manainnis agus aos óg an oileáin, rud atá fíor faoi na tíortha Ceilteacha ar fad.

Thiar in 2020, shínigh dream ar Oileán Mhanainn, Cymdeithas na Breataine Bige, Misneach na hÉireann, agus Misneachd in Albain Cairt Cheilteach Tithíochta a leag amach spriocanna radacacha don tithíocht.

Ina measc bhí ardú ollmhór ar cháin ar an dara teach, rud a baineadh amach sa Bhreatain Bheag ach a chaithfear a chur thar abhainn go fóill sna tíortha eile.

Gleann an Smóil, tearmann deireanach na Gaeilge i gContae Bhaile Átha Cliath

Ní de bharr teann spéise a ndéantar anailís ar chás leithéidí Gleann an Smóil, in iardheisceart Bhaile Átha Cliath. Léiríonn an gleann mar a chlis ar an nGaeilge de dheasca brú struchtúrtha, éiginnteacht eacnamaíochta agus naimhdeas an stáit.

Fórsaí iad seo a bhrúigh síos ar an teanga agus a d’iompaigh an pobal ar an mBéarla laistigh de chúpla glúin.

Ní rud é seo le staidéar a dhéanamh air amháin. Is rabhadh é don lá atá inniu ann. Nuair nach mbíonn a neamhspleáchas nó féinriail agus cúinsí ábharaíocha sásúil ag pobal is deacair bonn láidir a choimeád faoin teanga agus cultúr.

Léiríonn fianaise scoláirí amhail Ua Broin, Piatt, Price, agus daoine eile nach iad, gur mhair an Ghaeilge níos faide in iardheisceart an chontae ná áit ar bith eile.

Bhí Gleann an Smóil ar an tearmann deireanach a briseadh. Tá cíoradh spéisiúil déanta ar na díospóireachtaí scolártha a bhaineann leis an iompú teanga sa ghleann ar an mblagspota Dublin Gaelic.

Is cosúil go raibh cuid de na scoláirí ródhóchasach faoi bheatha na Gaeilge sa ghleann agus chinn siad gur mhair sí níos faide isteach sa naoú haois déag ná mar a bhí amhlaidh. Ach níl aon staidéar nua-aimseartha scolártha déanta ar an nGaeilge sa ghleann ó scríobhadh ailt acadúla faoi i lár na fhichiú haoise. 

Cibé ar bith, is féidir a áitiú gur mhair an Ghaeilge sa cheantar seo i bhfad níos faide ná mar a mhaíonn naimhde na teanga a scaoileann rudaí áiféiseach uathu ar nós “nár labhraíodh an Ghaeilge mar theanga phobail i mBaile Átha Cliath le 800 bliain anuas.”

In 1753 ba í an Ghaeilge teanga an phobail go fóill i Ráth Cúil, mo bhaile dúchais féin, in iardheisceart an chontae. I bhfoisceacht scread asail de Ráth Cúil tá Gleann an Smóil, agus faoi 1837 bhí Eoghan Ó Comhraidhe in ann bualadh le seanchainteoirí ar nós Uilliam Uí Reachtabhra agus a dheirfiúr Úna, a labhair “Gaeilge chomh maith lena raibh cloiste aige”.

Deir daoine áirithe gur eisceacht a bhí sna Reachtabhraigh, ach mar a luaigh mé, tá staidéar níos doimhne de dhíth ar an gceist. De réir chuntas Uí Reachtabhra, dhá scór bliain roimhe sin “nár labhraíodh mórán Béarla sa ghleann seo”, rud a chuireann in iúl go raibh an Ghaeilge fós i réim sa ghleann thart ar 1800.

Ach laistigh d’achar tríocha nó daichead bliain cliseadh ar an teanga. Ní de bharr easpa spéise cultúrtha nó iompú teanga “nádúrtha” a tharla sé seo. Fórsaí ábharaíocha a thiomáin an próiseas.

Osclaíodh bóithre sna 1740í, tháinig oibrithe cairr as Baile Átha Cliath a bhraith ar an mBéarla don obair, agus bhí amhras ar na húdaráis choilíneacha faoin nGaeilge de bharr éirithe amach 1798 agus 1803. Tá bearna ollmhór sa taighde mar a bhaineann sé le teanga urlabhra na reibiliúnach tuaithe in 1798.

I nGleann an Smóil is léir gur chothaigh an t-atmaisféar contúirt dóibh siúd a labhair an Ghaeilge. Chuir clanna pionós ar a bpáistí as an teanga a labhairt. Agus chun maireachtáil sa domhan caipitleach Béarla b’éigean Béarla a shealbhú. Is ceacht tábhachtach é seo don lá atá inniu ann.

Tá an geilleagar caipitleach Béarla ag brú síos ar an nGaeilge go fóill. Bogann an geilleagar céanna, an córas tithíochta príobháideach go háirithe, daoine i bpobail teanga chun na gceithre hairde.

Tá an baol céanna ann don Ghaeltacht sa lá atá inniu ann. Tá praghas na dtithe as cuimse ard, níl an stát ag tógáil tithíocht phoiblí do Ghaeil óga, agus drogall air a ladar a chur isteach sa mhargadh.

Sna ceantair uirbeacha ní fiú a bheith ag trácht ar líonraí Gaeilge, gan fiú dlúthphobail teanga a lua, de bharr na géarchéime tithíochta don aos óg.

Más pobail Ghaeilge atá uainn, seachas an siombalachas, caithfear troid ar son na mbunrudaí ábharaíocha atá mar bhunús dóibh: tithíocht, fostaíocht, infreastruchtúr, seirbhísí dátheangacha stáit.

Léiríonn an stair go lom gur féidir le deireadh teacht le pobail teanga gan na tacaíochtaí ábharaíocha cearta.

Ar an dea-uair, tá athbheochan na Gaeilge tar éis fréamhacha a chur sa cheantar máguaird le dhá scór bliain anuas.

Bunaíodh Scoil Santain agus Scoil Chaitlín Maude sa cheantar sna 1980í agus bunaíodh Caifé Aon Scéal le blianta beaga anuas.

Ach chun fíortheanga phobail a dhéanamh den Ghaeilge i dTamhlacht arís ní mór díriú ar bhearta radacacha ar nós lonnaíochtaí lán-Ghaeilge, tithe i gcóngair dá chéile ina mbeadh Gaeil ag maireachtáil iontu, á labhairt go laethúil, agus á seachadadh ó ghlúin go glúin.

Éirí Amach Radacaigh na hAlban, 1820

Faoi 1820 bhí coinníollacha oibre agus maireachtála na bhfíodóirí, na sníomhaithe, na ngualadóirí agus an lucht oibre déantúsaíochta in Albain an-dian ar fad.

Bhí an dífhostaíocht ina fadhb chomh maith, go háirithe de bharr na saighdiúirí díshlógaithe ó airm Wellignton. Tháinig radacaigh chun cinn a d’éiligh athruithe fairsinge.

Theastaigh uathu go ndéanfaí leasú ar pharlaimint cham Westminster, go dtabharfaí cearta vótála do dhaoine fásta (mná san áireamh go pointe), go mbeadh na parlaimintí á dtoghadh go bliantúil, agus go ndéanfaí aisghairm ar Dhlíthe an Arbhair, a bhí ag coinneáil phraghas an aráin ard chun leas na n-úinéirí talún agus ceantálaithe gráin ach chun mhíbhuntáiste na cosmhuintire.

Ba ag dul i mbun achainí ar Fhear Ionaid an Rí i Londain an t-aon bhealach dleathúil le cúrsaí a athrú. In 1816, ag Thrushgrove in aice le hArdeaglais Ghlaschú, bhailigh 60,000 duine le chéile chun teacht ar fhoclaíocht d’achainí amháin.

Ba é sin an cruinniú polaitiúil ba mhó a reáchtáladh go dtí sin in Albain nó sa Bhreatain. Tharla scata chun cinn den sórt céanna sna blianta ina dhiaidh sin.

I mí Lúnasa 1819 bhailigh 60,000 agóideoir síochánta ag Faichí Naomh Peadar i Manchain. Bhuail scaoll na giúistísí agus sheol siad na gíománaigh isteach sa slua. Bhí neart ólta ag na gíománaigh agus rinne siad ruathar ar an slua lena mairc-chlaimthe.

Scaoil saighdiúirí urchair isteach sa slua chomh maith. Maraíodh cúigear déag, beirt bhan agus páiste ina measc, agus gortaíodh 650 duine. Glaodh “Peterloo” ar an ár go sciobtha agus chuir an méid a tharla uafás ar radacaigh fud fad na Breataine.

An mhí dár gcionn, bhailigh 15,000 duine le chéile i bPàislig in Albain chun léirsiú i ngeall ar an “ár ag Manchain”, agus béiceadh amach “cuimhnigh ar Mhanchain” i measc na gluaiseachta.

D’fhorbair comhoibriú idir na radacaigh in Albain agus Sasana. De réir mar a bhí sé soiléir go raibh Fear Ionaid an Rí ag déanamh neamhaird iomlán de na hachainithe thug na radacaigh droim láimhe don “fhórsa morálta” agus bhog siad i dtreo na láimhe láidre.

Tharla an rud céanna in Éirinn sna 1790í; cuimhnímis gur gluaiseacht shíochánta ar son leasuithe a bhí sna hÉireannaigh Aontaithe ar dtús go dtí go ndearna stát na Breataine cos ar bolg orthu.

In Albain in 1819 sheol coistí rúnda i nGlaschú agus Pàislig ionadaithe go Nottingham. Ba é an plean a bhí ann stailc ginearálta agus éirí amach armtha a chur ar bun. Ghlac na céadta pící a déanadh sa bhaile chucu féin, agus rinne na seansaighdiúirí druileáil ar na reibiliúnaigh.

I ndiaidh gur nochtaíodh Comhcheilg Shráid Cato i mí Feabhra 1820, threisigh amhras na n-údarás. Chuaigh spiaraí agus brathadóirí i mbun oibre. Bhí Alexander Richmond ar dhuine de na brathadóirí ba mhíchlúití tar éis dó feall a imirt ar a chomrádaithe in 1816 agus 1817. Bhí na focail “Tabhair aire faoi Richmond an spiaire” i mbéal an phobail i nGlaschú.

Mar sin féin, cé go raibh ról ag agents provocateurs i gcur chun cinn an éirí amach in 1820, bhí neart radacach ann a bhog i dtreo na réabhlóide de bharr an fhrustrachais a bhí orthu leis an gcóras mídhaonlathach mar a bhí.

Cuireadh na mílte póstaeir in airde in iarthar na hAlban thar oíche idir an 1 agus 2 Aibreán 1820. D’fhógair “Aitheasc go hÁitritheoirí na Breataine Móire agus na hÉireann” go mbeadh stailc ginearálta agus frithbheartaíocht armtha le tarlú.

Chuaigh 60,000 oibrithe teicstíle ar stailc; dúnadh an 11 mhuileann teicstíle i mBaile Iain mar shampla. Bhí eagla ar na húdaráis go n-ionsófaí an stát agus rinne siad slógadh ar lucht an mhílíste agus baill athneartacha an airm.

Chuaigh grúpa as Glaschú, a raibh Andrew Hardie agus John Baird i gceannas orthu, i dtreo na nOibreacha Iarainn i gCarrann, ach tháinig fórsaí na coróine orthu ag Bonn a’ Mhonaidh  agus chlis ar na reibiliúnaigh. Ar an lá céanna bhí James Wilson i gceannas ar ghrúpa fíodóirí ó Shrath Aibhne agus brat ar foluain acu ar a raibh “Alba Saor, nó Alba ina fhásach” scríofa.

Chuir na húdaráis an t-éirí amach faoi chois go sciobtha. Scaoileadh reibiliúnaigh i nGranaig, cuireadh trialacha tréasa ar bun ar fud na hAlban, agus cuireadh daoine chun báis. Crochadh agus baineadh na cloigne de Hardie, Baird agus Wilson. Dhá bhliain déag ina dhiaidh sin tugadh isteach Acht Leasaithe 1832 a chuir tús le próiseas inar baineadh amach an daonlathas agus cearta vótála don ghnáthdhuine. 

Is ceart a rá freisin go raibh gné náisiúnach láidir ag baint le Éirí Amach 1820 chomh maith. Bhí tagairt le linn na slógaí agus sna achainithe do “chearta ársa”, focail a tuigeadh i gcomhthéacs na gceart a baineadh dóibh ó Acht an Aontais 1707 ar aghaidh.

Bhí an brat a thagair do “Alba Saor” ina chomhartha den ghné náisiúnach chomh maith. Theastaigh uaidh roinnt radacaigh poblacht Albanach a bhunú ar mhúnla na Fraince agus Meiriceá. 

Déanann staraithe áirithe frithnáisiúnach in Albain iarracht beag is fiú a dhéanamh den ghné seo, ag maíomh “gurb é an t-aon rud a bhí uathu ná deireadh leis an bparlaimint” agus ag rá nár gníomh náisiúnach é de bharr “go raibh siad ag comhoibriú lena gcomrádaithe in Nottingham agus Yorkshire”. Ach is drochléamh é seo ar an stair agus léiríonn sé easpa tuisceana ar an gcosmhuintir, an lucht oibre agus tuathánaigh na naoú haoise déag luath.

Áitítear, sa léamh coimeádach seo, nach bhféadfadh an chosmhuintir níos mó ná sprioc simplí amháin a bheith acu, cur i gcás nach bhféadfaidís feidhmiú ar son an náisiún ach coinsias idirnáisiúnta a bheith acu ag an am céanna.

Bhí staraithe athbhreithnitheach na hÉireann ar aon dul leis an gcur chuige seo agus iad ag scríobh i ngeall ar éirithe amach na dtuathánach sa naoú haois déag. Creideadh nach bhféadfadh le tuathánaigh spriocanna eacnamaíochta agus spriocanna nó meon náisiúnach a bheith acu ag an am céanna.

Is léamh thar a bheith aicmeach é sin a dhéanann neamhaird de mheascán mearaí mianta, spriocanna agus idé-eolaíochtaí a d’fhéadfadh an chosmhuintir a bheith acu ag am ar bith sa stair, agus a chaitheann leo mar dhúramáin. Is gá, ar na cúiseanna seo agus eile, rannóga staire a bhaint ó smacht an mheánaicme choimeádaigh agus frith-náisiúnta.

Stair ghairid Choláiste Eoghain Uí Chomhraidhe, Co. an Chláir

Ar feadh na nglún sheas an Coláiste Gaeilge, Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe i gCarraig an Chabhaltaigh, mar chomhartha beo den bhreac-Ghaeltacht in iardheisceart an Chláir, áit inar nascadh an teanga, an pobal agus an cultúr ar imeall an Atlantaigh. 

Bunaíodh an coláiste in 1912. Aimníodh é in ómós d’Eoghan Ó Comhraidhe, scoláire mór le rá as Dún Átha a bhí ar dhuine de mhórfhilí agus bailitheoirí béaloidis na hÉireann. Ba iad Neilí Ní Bhriain, gariníon an Éireannaigh Óig William Smith O’Brien, Seán Tóibín, agus Conradh na Gaeilge a bhunaigh an coláiste agus iad faoi anáil fhís chumhachtach na hathbheochana.

Ní raibh an fhís sin gan bhunús. Léirigh daonáireamh 1911 go raibh 36,704 cainteoir dúchais fós i gContae an Chláir, a fhormhór acu i gCeann Léime, Cill Bheathach, Cros agus Carraig an Chabhaltaigh, ceantar ina raibh 90% den daonra fós ag labhairt na Gaeilge.

Ba iad na figiúirí seo a threoraigh Neilí: Gaeltacht bheo, ach leochaileach, a d’fhéadfaí a neartú trí choláiste samhraidh a bhunú ann agus lucht na hathbheochana a mhealladh chuig an gceantar.

Ag cruinniú poiblí i gCill Dalua ar 15 Deireadh Fómhair 1911 leag Neilí a fís amach go paiseanta. D’áitigh sí go dtógfaí “oileán Gaelach” sa cheantar, áit a ndíreodh craobhacha an Chonartha a gcuid fuinnimh agus a gcruthófaí athbheochan ón mbun aníos.

Bhí sí ag tagairt don rath a bhí ar choláistí eile, cuir i gcás Coláiste Chonnacht (1905) agus Coláiste Uladh (1906), agus bhí sí meáite ar an obair chéanna a dhéanamh i gCo. an Chláir.

D’fhás Coláiste Uí Chomhraidhe go tapa agus mealladh na mílte scoláirí ó gach cearn den tír. Bhí sé ina lárionad foghlama, ina chroílár pobail agus ina thaca don Ghaeilge i gceantar a bhí ag streachailt le cultúr an bháid bháin agus le brú ón mBéarla.

Cé gur baineadh “neamhspleáchas” amach in 1922, is í an fhírinne shearbh ná gur thréig an stát an ceantar seo. Trí fhaillí, easpa maoinithe, agus drogall maoin na tíre a athdháileadh go cothrom i dtreo an iarthair, lig an Saorstát don bhreac-Ghaeltacht seo agus cinn eile lena hais dul i léig san fhichiú haois. Nuair a dhún an coláiste in 2017, níorbh aon iontas é, ba thoradh an dúnadh ar na blianta d’imeallú stáit.

Ar an dea-uair, sheas oibrithe deonacha isteach sa bhearna, ag obair go crua chun an foirgneamh a chaomhnú agus athoscailt. Foilsíodh staidéar féidearthachta in 2022, ach fós níl obair thógála tosaithe, agus tá an pobal go fóill ag fanacht ar bheart de réir briathar ón gComhairle Contae agus ón stát.