Léiríonn conspóid Charna drochthionchar pholasaithe an rialtais agus imeallú na Gaeltachta araon
Le coicís anuas tá conspóid tagtha go cnámh na huillinne i ngeall ar iarrthóirí tearmainn atá ceaptha teacht go hÓstán Chuan Charna i nGaeltacht Chonamara. D’ofráil úinéir an óstáin an t-ionad don Roinn Lánpháirtíochta, agus meastar go bhféadfadh 84 duine bogadh isteach ann. Tá léirsiú ar bun ag muintir na háite lasmuigh den óstán ina aghaidh sin. Faraor, mar is dual dóibh, tá an eite dheas i bhfad amach ar líne ag déanamh a ndíchill an ciníochas a bhrú isteach i lár báire.
An comhthéacs domhanda
Is ceist chigilteach agus ceist chasta í ceist na himirce. Teastaíonn ón eite dheas i bhfad amach ceist shimplí bunaithe ar an gciníochas a dhéanamh di. Sa chaoi sin, ní thuigfidh saoránaigh na cúiseanna móra struchtúrtha a bhaineann leis an imirce.
Agus é ag scríobh in 1972 ina leabhar How Europe Underdeveloped Africa, d’áitigh an Marxach díchoilíneach Walter Rodney gur bréag a bhí ann nuair a dúradh gurb ann do ‘thíortha forbartha’ agus ‘tíortha atá i mbéal forbartha’. I ndáiríre, sciobadh acmhainní nádúrtha agus baineadh an bonn de gheilleagar na hAfraice le linn ré an choilíneachais.
Ina dhiaidh sin, coinníodh mar ‘thíortha tearcfhorbartha’ cuid mhór den Afraic trí ghadaíocht na gcomhlachtaí ilnáisiúnta, iasachtaí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Bhainc Dhomhanda agus ‘cabhair’ ón iasacht le coinníollacha a spreag an spleáchas. Tá na tíortha ‘tearcfhorbartha’ ar an imeall sa chóras domhandaithe agus na tíortha impiriúlacha i lár baill an chórais.
De bharr na n-éagothromaíochtaí stairiúla seo, agus de bharr an impiriúlachais agus na bhfeachtas buamála reatha sa Mheánoirthear, gan trácht ar an téamh domhanda, leanfaidh an imirce i dtreo ‘na gcroíthíortha’ ar aghaidh.
Cé go raibh Éire go stairiúil ina tír a ndearnadh coilíniú uirthi, tá stát na sé chontae is fiche suite i dteach an leathbhealaigh anois de bharr shaibhreas lucht an rachmais agus sciar suntasach den mheánaicme.
Infreastruchtúr
Ach níl an mhaoin sin á dáileadh mar is cóir. Léiríonn staitisticí de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh agus na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta le blianta beaga anuas go bhfuil idir 25% agus 30% den chosmhuintir ‘ag streachailt’ i dtaobh cúrsaí airgid de agus thart ar 13% ‘i mbochtaineacht’.
Sa mhullach air sin, mar is eol dúinn uilig faoin tráth seo, tá an ghéarchéim thithíochta ag brú síos ar sciar mór den phobal. Tá míréir thíreolaíoch ann agus ceantair lucht oibre sna cathracha agus roinnt ceantair thuaithe, in iarthar na tíre go háirithe, faoi mhíbhuntáiste. Léiríonn léarscáil de chuid na heagraíochta Pobal go bhfuil an toghcheantar ina bhfuil Carna suite ‘go mór faoi mhíbhuntáiste’.
De réir dhaonáireamh 2022 tá 197 ina gcónaí i gCarna. Dá gcuirfí 84 iarrthóir tearmainn leis sin is méadú daonra 43% a bheadh i gceist, i gceantar atá ar bheagán seirbhísí cheana. Níl ach bus uair sa ló ann, mar shampla.
Le blianta beaga anuas tá roinnt de mhuintir na háite, i gcomhpháirt le hÚdarás na Gaeltachta, ag déanamh iarrachta fostaíocht a chruthú dóibh féin trí Pháirc na Mara a bhunú. Dhiúltaigh Comhairle Contae na Gaillimhe agus ansin an Bord Pleanála don scéim.
Níl fágtha ach an t-óstán chun airgead turasóireachta a thabhairt isteach sa cheantar sa samhradh. Fanann roinnt de thuismitheoirí dhaltaí na gcoláistí samhradh san óstán agus bíonn cuairteoirí ag triail ar an gceantar do na féilte cultúrtha agus sean-nóis chomh maith. Is é an t-óstán an t-aon áit gur féidir le muintir na háite ócáidí sóisialta, an chéad chomaoineach, bainiseachaí is araile a bheith acu. Níl an t-óstán ar fáil mar ionad sóisialta ó bhí 2022 ann.
Mar sin féin, níl an locht ar na hiarrthóirí tearmainn as sin, agus mar a dúirt oibrí pobail atá lonnaithe sa Ghaeltacht liom, ‘níl postannaí ann daofa … níl siad ag iarraidh a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht’.
Is ar an stát atá an locht as an aighneas seo, mar nach n-aithnítear an Ghaeltacht mar phobal beo atá i dteideal fostaíochta agus ionaid sóisialta.

An Ghaeilge
I dtaobh cúrsaí teanga de, mheas an t-oibrí pobail céanna nach mbeadh na hiarrthóirí tearmainn ag athrú cúrsaí teanga, ach gurb é gradam an Bhéarla agus daoine aitheanta áitiúla ag brú an Bhéarla a thiomáinfeadh an t-iompú teanga, cé go bhfuil neart daoine áitiúla ag cothú na teanga.
Labhair mé le sochtheangeolaí ar an gceist chéanna, agus mar a d’áitigh siad, ‘níl aon taighde go bhfios dom déanta ar mheall imirceach a bhogadh isteach … [ach] is léir go mbeidh tionchar acu ar an iompú teanga sa bpobal’.
I mo thuairim féin, is botún a bheadh ann líon suntasach daoine gan Ghaeilge a chur isteach i gceantar Gaeltachta a bhfuil an phleanáil teanga ar bun ann, bíodh siad ina n-iarrthóirí tearmainn nó Éireannaigh gheala gan Ghaeilge.
Ar an ábhar sin, bheadh contúirt níos mó i dtaobh na teangeolaíochta dá dtógfaí eastát buan lán Bhéarlóirí, mar a tharla i mBearna le déanaí, ná ó iarrthóirí tearmainn a bheadh in óstán go sealadach. Níor chualathas gíog ná míog ón eite dheas i bhfad amach faoi choilíniú Béarlóirí geala ar an nGaeltacht. Tríd is tríd, ba chóir tacú le héileamh Tinteán ‘straitéis daonra agus tithíochta’ don Ghaeltacht a fhorbairt a chinnteodh fás inbhuanaithe do na ceantair sin.
D’fhéadfadh líon áirithe iarrthóirí tearmainn agus inimirceach a bheith mar chuid den straitéis chéanna. Tá éirithe le cúpla scoil Ghaeltachta, a bhí i mbaol a ndúnta de bharr an bhánaithe tuaithe, páistí ón iasacht a spreagadh i dtreo na Gaeilge. Agus tá ag éirí leis an tionscadal Le Chéile de chuid Chonradh na Gaeilge eachtrannaigh a thabhairt i dtreo na Gaeilge, cé gur gá é leathnú amach go mór.
Rátaí na hinimirce
I dtaobh na hinimirce de, ó 2020 go háirithe, tá fás as cuimse tagtha ar líon na n-imirceach atá tagtha isteach i stát na sé chontae is fiche. Ag tabhairt na mblianta 2020-2024 san áireamh, meastar go mbeidh thart ar 320,000 sa bhreis ar an daonra tar éis teacht.
Tá meascán cúiseanna leis seo: ionradh na Rúise ar an Úcráin, iarrthóirí tearmainn ón Afraic agus an Meánoirthear, éileamh saothair na gcomhlachtaí teicneolaíochta agus tógála, easpa altraí, dochtúirí is araile san earnáil sláinte, agus easpa oibrithe san earnáil fáilteachais. Beidh fás 6.4% tagtha ar dhaonra an stáit in achar ceithre bliana de bharr na himirce, rud atá as riocht le tíortha eile na hEorpa.
Más ag caint ar leibhéal an stáit nó an leibhéal logánta atáimid, is é an inbhuanaitheacht an phríomhghné gur gá díriú air. Laistigh den chóras mar atá, agus gnáthdhaoine in iomaíocht lena chéile do bhlúiríní saibhris lucht an rachmais agus é ag dul deacair dóibh teacht ar lóistín agus seirbhísí, de réir dealraimh ní bheidh sé inbhuanaithe arduithe suntasacha d’imircigh, murab ionann agus iarrthóirí tearmainn, a spreagadh ar mhaithe le héilimh an lucht gnó agus na gcóras stáit a shásamh.
De réir fhigiúirí na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, mar shampla, is ionann an t-éileamh ó imircigh ar thithíocht agus 50-60%, rud atá ag cur leis an mbrú ar an stoc tithíochta.
Mura dtagann athrú ó bhonn ar chur chuige an stáit i dtaobh na tithíochta de, agus mura dtógtar tithíocht uilíoch phoiblí ar mhúnla Vín, Shingeapór, na Fionlainne is araile, agus má leantar le rátaí na hinimirce mar atá, is cinnte go bhfuil tuilleadh coimhlinte sóisialta i ndán dúinn. Déanfaidh an eite dheas i bhfad amach gach iarracht teacht i dtír ar an gcoimhlint sin.
Ar an dea-uair, i gCarna tá sé beartaithe ag muintir na háite teacht le chéile chun ‘óstán pobail’ a chruthú. In éagmais tacaíocht ón stát, is é an féintuilleamaí an cur chuige is fearr.