Teacht in inmhe agus titim Chaomhaoir Órga, 2012-2020
Ó tháinig neart faoin ngluaiseacht chiníoch i sé chontae fichead na hÉireann le blianta beaga anuas, tá na hionsaithe ar eachtrannaigh agus daoine de dhath imithe in olcas. Fiú roimh an bpaindéim, thiar in 2018 agus 2019 bhí óstáin agus lóistín a bhí sainaitheanta do theifigh á ndó.
Ach in 2023 agus 2024 tháinig ardú as cuimse ar na hionsaithe coirloiscthe céanna. Anuas air sin, tá ardú tagtha ar líon na gcoireanna fuatha le cúpla bliain anuas. Bhí ardú 4% ar choireanna den chineál sin idir 2024 agus 2023. Sa tréimhse chéanna, tháinig ardú ar líon na gcoireanna fuatha de bharr an chiníochais ó 36% go 39%, agus ina theannta sin d’ardaigh coireanna fuatha bunaithe ar an náisiúntacht ó 18% go 25%.
Dá dhonacht na staitisticí áirithe sin, cuireann siad scéal níos measa fiú faoi cheilt, is é sin go bhfuil na hionsaithe fíochmhara foréigneacha i gcoinne eachtrannach ag tarlú ar bhonn níos minicí. Níl staitisticí na bliana seo againn go fóill, ach tá a fhios againn ó thuairiscí nuachta go bhfuil ardú tagtha ar líon na ndaoine ó phobal na hIndia atá á n-ionsaí thart ar Bhaile Átha Cliath, i dTamhlacht go háirithe.
Anuraidh, maraíodh Josip Strok, fear as an gCróit, i gCluain Dolcáin de bharr gur chualathas é ag labhairt ina theanga dhúchais. Tá sciar den lucht oibre, an lumpenproletariat (eilimintí frithshóisialta agus coirpeach), atá ag baint leas as an treisiú sa chiníochas san allagar, ar na meáin shóisialta go háirithe, mar leithscéal chun dul i mbun ionsaithe ar eachtrannaigh agus daoine de dhath.
Creideann an dream céanna go dtugann gluaiseacht náisiúnach na heite deise dlisteanacht dóibh foréigean a úsáid i gcoinne na bpobal seo.
Tá ionsaithe den chineál seo á ngríosú ag urlabhraithe na heite deise i bhfad amach. Sa Ghréig tamall gairid de bhlianta ó shin bhí páirtí polaitiúil Naitsíoch, Chrysí Avgí, nó Camhaoir Órga i nGaeilge, ann a chuaigh i bhfad Éireann níos faide ná ionsaithe mar seo a spreagadh.
Ba chóir go dtabharfadh a fás Chaomhaoir Órga foláireamh d’éinne in Éirinn atá i gcoinne pholaitíocht na heite deise i bhfad amach.
Ach cad as ar tháinig Camhaoir Órga na Gréige?
Bhí an eite dheas i bhfad amach ar imeall na polaitíochta sa Ghréig ó thit réimeas giunta na tíre in 1974. Ní raibh sé de chumas ag aon pháirtí faisisteach a bhain leas as an bhforéigean, a bhí ciníoch go hoscailte agus a dhiúltaigh don daonlathas aon dul chun cinn polaitiúil a dhéanamh sna blianta ina dhiaidh sin. Is é sin gur tháinig Camhaoir Órga in inmhe in 2012 nuair a bhuaigh siad beagnach 7% den vóta agus 21 suíochán sa pharlaimint.
Is mithid teacht chun cinn Chamhaoir Órga a thuiscint i gcomhthéacs na géarchéime eacnamaíochta sa Ghréig, agus ar fud na hEorpa, in 2009. Mar a tharla in Éirinn, chuir an triúracht fhioscach (an tAontas Eorpach, Banc Ceannais na hEorpa agus an Ciste Idirnáisiúnta Airgeadais) polasaithe na déine i bhfeidhm.
D’ardaigh na rátaí dífhostaíochta agus bochtaineachta as cuimse, agus gearradh seirbhísí sóisialta go dtí an chnámh, rud a chothaigh easpa muiníne in institiúidí an stáit. Chaill gnáthdhaoine dóchas i bpáirtithe an láir a bhí ag cur na bpolasaithe déine i bhfeidhm, rud a thug an deis do Chamhaoir Órga dul chun cinn a dhéanamh trí cheap milleáin a dhéanamh d’eachtrannaigh agus réitithe simplí a thairiscint d’fhadhbanna na cosmhuintire.
Is é cliseadh an chórais chaipitligh a ghineann an faisisteachas, bíodh sin sna 1930í nó na 2010í.
Idir 2012 agus 2019 bhí Camhaoir Órga chun cinn ar an eite dheas i bhfad amach sa Ghréig. D’úsáid siad reitric i gcoinne na n-imirceach, an Ioslaim, na dTurcach, agus éinne a bhí “ar an taobh amuigh”. Chuaigh siad i mbun patróil ghríosaitheacha forairdill i gceantair ina raibh dlús ard inimirceach agus d’ionsaigh siad ceardchumannaithe.
Mar shampla, in 2013 in Perama d’ionsaigh baill de Chamhaoir Órga fiche ceardchumannaí de chuid PAME le maidí, barraí iarrainn agus sciatha fad is a bhí bileogaí á scaipeadh acu. Mar sin, faoi dhromchla an stádais toghchánaíochta bhí struchtúir ar mhúnla paraimíleata i bhfeidhm i measc Chamhaoir Órga a chuaigh i mbun ionsaithe ar imircigh, daoine den eite chlé, ceardchumannaithe agus grúpaí imeallaithe eile ní hamháin san Aithin ach sna bailte réigiúnacha chomh maith.
Ach ba chor cinniúnach é marú an ghníomhaire fhrithfhaisistigh Pavlos Fyssas, a bhí ag rapáil faoin ainm “Killah P”, in 2013. Creideadh gur Camhaoir Órga a bhí ciontach as é a mharú. Ag an am, rinne Príomh-Aire na Gréige, Antonis Samaras, ráiteas ina ndúirt sé go stopfar “sliocht na Naitsíoch an saol sóisialta a nimhiú, agus nach dtabharfar cead dóibh a bheith i mbun na coiriúlachta nó na sceimhlitheoireachta nó beag is fiú a dhéanamh de dhúshraith na tíre as ar tháinig an daonlathas”.
Ainneoin na bhfocal láidir, níor cuireadh bac ar Chamhaoir Órga mar pháirtí polaitiúil ar an bpointe, agus d’éirigh go maith leo sna toghcháin náisiúnta agus AE in 2015. Mar sin féin, chaith marú Fyssas solas ar an bpáirtí agus thug na póilíní faoi iniúchadh coiriúil ar chinnirí Chamhaoir Órga i ngeall ar ról comhcheilge a bheith acu sa ghníomh.
Mhair an triail ar feadh na mblianta. Cé gurb é an páirtí coimeádach Daonlathas Nua a chuir tús leis an triail, bhí ról lárnach ag an eite chlé agus frithfhaisistithe i mbailiú na fianaise. Ba dhlíodóirí ó ghrúpaí den eite chlé, amhail Fylaki Chrisís Avges (“Cuir Camhaoir Órga i bPríosún”), a bhí ag abhcóideacht ar son mhuintir Fyssas agus íospartaigh eile.
Bhailigh grúpaí den sórt seo taifid fhairsinge de choiriúlacht Chamhaoir Órga gan aon tacaíocht ar bith ón stát. Taobh amuigh den chóras dlí, bhí ról ag páirtithe ar nós Syrizia agus an KKE maidir le freasúra polaitiúil a léiriú i gcoinne Chamhaoir Órga, agus chabhraigh iriseoirí cléacha iniúchadh a dhéanamh ar an bpáirtí chun an bonn “measúil” a bhaint de. Bhí dreamanna eile ag feidhmiú ón mbun aníos i bpobail lucht oibre chun seasamh in éadan iarrachtaí na bhfaisistithe tuilleadh tacaíochta a bhuachan i measc an lucht oibre.
Ar an 7 Deireadh Fómhair 2020 chinn cúirt achomhairc san Aithin gur eagraíocht choirpeach a bhí i gCamhaoir Órga. Ciontaíodh cinnirí, Nikolaos Michaloliakos, Ilias Kasidiaris, agus Christos Pappas ina measc, as dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, agus cambheartaíocht.
Cuireadh pianbhreitheanna trí bliana déag nó níos mó orthu. Chuaigh Camhaoir Órga in éag mar fhórsa polaitiúil i ndiaidh chinneadh na cúirte. Mar sin féin, tá idé-eolaíocht na heagraíochta fós le brath in eagraíochtaí nua ar nós Ellinikí Lýsi (Réiteach Gréigeach) a bhuaigh 10 suíochán i dtoghcháin 2019. Seachnaíonn na grúpaí nua ar an eite dheas i bhfad amach an reitric Naitsíoch oscailte.
Céard a léiríonn scéal Chamhaoir Órga dúinne in Éirinn? Dar ndóigh tá an t-ádh linn nár tháinig an eite dheas i bhfad amach i réim i dtaobh na toghchánaíochta de sna sé chontae fichead go fóill.
Ní chiallaíonn sin nach bhféadfaidís dul chun cinn a dhéanamh amach anseo, ach ionadaithe nach bhfuil go hiomlán tugtha do thuairimí comhcheilge a aimsiú. Tá féith an fhoréigin agus na coirpeachta sna dreamanna seo in Éirinn mar a bhí i gCamhaoir Órga, agus a reitric tar éis toradh marfach a bheith aici do phobail mhionlacha cheana.
Ach, cé is moite de dhreamanna beaga ar an eite chlé, níl an chuid eile den tsochaí, ná na hinstitiúidí, tar éis dúshlán ceart a thabhairt do na bómáin. Tá cead a gcinn tugtha do ghrúpaí na heite deise i bhfad amach bagairt a dhéanamh ar dhaoine ar líne agus dul i mbun agóide ag tearmainn teifeach. Spreagann seo na dreamanna coirpeachta chun tabhairt faoi ionsaithe níos fíochmhara fiú.
Ar chóir fanacht go dtí go mbaileoidh siad a neart ar nós Chamhaoir Órga na Gréige go dtí go rachfar in adharca leo mar is ceart? Tarlóidh cásanna eile ar nós Josip Strok bhoicht mura dtugtar a ndúshlán.
