Níl tuiscint dá laghad ag lucht na heite deise i bhfad amach ar stair an Trídhathaigh 

Níl tuiscint dá laghad ag lucht na heite deise i bhfad amach ar stair an Trídhathaigh 

Le blianta beaga anuas, is minic a chonacthas bratach an Chósta Eabhair ar foluain ag lucht na heite deise ag a gcuid agóidí, agus á húsáid acu ar na meáin shóisialta chun a gcuid fuatha a scaipeadh. Tá sé íorónta, dár ndóigh, go bhfeicfí bratach de chuid náisiúin Afracaigh ag agóidí atá glan i gcoinne na dteifeach agus na n-imirceach. 

Ach ba léiriú é an méid sin ar aineolas na muintire a bhí á hiompar. Tá an t-aineolas céanna faoi stair agus brí an Trídhathaigh le sonrú san fheachtas atá ar bun ag gníomhaithe frithimirceacha faoi láthair agus í ar crochadh ó chuaillí solais ar fud Bhaile Átha Cliath go háirithe. 

Tá bratach na hÉireann anois le feiceáil ar chuaillí i gceantair lucht oibre den chuid is mó: Tamhlacht, an Chúlóg, Baile Munna, Baile Formaid, agus mar sin de. Beidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag bualadh leis na gardaí chun an cheist a phlé. 

Tá roinnt áitritheoirí tar éis buairt a léiriú go bhfuil leas á bhaint as an mbratach chun imeagla a chur ar dhaoine nach bhfuil dath geal ar a gcraiceann. Ní aontaíonn gach éinne sna ceantair sin leis na bratacha a bheith ar crochadh, ach is cinnte go gcothaíonn na cinn atá in airde drochmhothúcháin d’inimircigh.

Mar sin féin, má dhéantar iarracht na bratacha a bhaint, tabharfar tuilleadh armlóin don eite dheas i bhfad amach. Thaitneodh sé go mór leo dá mbeidís in ann físeáin a fháil d’oibrithe na comhairle cathrach ag baint na mbratach anuas.

Ach léiríonn an míleas atá á bhaint as an mbratach easpa tuisceana na ndaoine atá á cur in airde. 

Is ó chúlra idirnáisiúnta agus réabhlóideach a tháinig an Trídhathach, cúlra atá fréamhaithe i dtuiscint na dlúthpháirtíochta. Dearadh brat réabhlóideach na Fraince, le tricolore, idir 1790 agus 1794, agus is uaidh sin a tháinig bratach na hÉireann. 

Chuaigh an tÉireannach Óg Thomas Francis Meagher (1823-67) chun na Fraince sna 1840í agus thóg sé ar ais an Trídhathach leis. Ba choiste de mhná Francacha, a bhí báúil le streachailt náisiúnaithe na hÉireann, a bhronn an bhratach ar Meagher mar chomhartha cairdis.

Ag cruinniú i gCathair Phort Láirge ar an 7 Márta 1848, nochtaigh Meagher an bhratach go poiblí den chéad uair. Bhí Meagher ar an dara hurlár de Chlub Wolfe Tone sa chathair agus thug sé óráid don slua ar an tsráid thíos a bhí ag ceiliúradh réabhlóid a tharla sa Fhrainc an mhí roimhe sin.

Ní hamháin gur chomhartha dlúthpháirtíochta idirnáisiúnta an Trídhathach, ach is siombail d’athmhuintearas in Éirinn é chomh maith. Theastaigh ó na hÉireannaigh Óga teacht ar chultúr náisiúnach, teanga (sé sin an Ghaeilge), agus siombail a d’aontódh Caitlicigh agus Protastúnaigh. 

Mar a dúirt Meagher é féin i leith an Trídhathaigh, “an bhrí atá ag an mbán i lár baoil ná sos cogaidh buan idir Oráiste agus Glas agus tá súil agam gur féidir le lámha na bProtastúnach agus na gCaitliceach Éireannach fáisceadh le chéile faoina bhfillteacha i mbráithreachas flaithiúil agus fial”.

Tá feachtas an lucht frithimirceach in Éirinn glan i gcoinne na bprionsabal poblachtánach seo ar go leor bealaí. Ar an gcéad dul síos, tá leagan thar a bheith cúng den Éireannachas á chur chun cinn acu a thagann salach ar bhrí ionchuimsitheach na brataí.

Anuas air sin, tá aithris á déanamh acu ar na himpiriúlaithe Sasanacha atá i mbun an fheachtais chéanna. Tá an dream seo Sasanach tar éis a bheith i mbun comharthaí Breatnaise a scrios trí chros Sheoirse a phéinteáil orthu, rud a léiríonn go lom go mbaineann an idé-eolaíocht fhorcheannasaíoch acu le himircigh agus le Ceiltigh araon.

Dá ainneoin seo, tá bómáin na heite deise sa Bhreatain Bheag, agus in Albain, tar éis Y Ddraig Goch (an dragún dearg) agus bratach na hAlban faoi seach a chrochadh chun a bhfreasúra d’imircigh a léiriú. 

Tá cuid acu sa Bhreatain Bheag fiú tar éis leas a bhaint as amhrán Dafydd Iwan, Yma o Hyd, cé go bhfuil sé ráite ag Iwan gur scríobhadh an t-amhrán “i gcoinne Thatcher sna hochtóidí agus tá an t-amhrán i gcoinne Farage sa lá atá inniu ann”.

In Éirinn, bíonn amhráin Luke Kelly, a bhí ar an eite chlé agus ina bhall de Chumann Uí Chonghaile, le cloisteáil ag agóidí na heite deise i bhfad amach.

Mar atá amhlaidh in Éirinn, tá idé-eolaíochtaí agus tuiscintí mhíchruinn nó chontrárthach ag an lucht oibre a ghlacann páirt sna feachtais thall go minic. Tá aontachtaithe antoisceacha agus a idé-eolaíocht impiriúlach le sonrú ag croílár na bhfeachtas, agus tá naisc á gcruthú acu leis an eite dheas sna sé chontae fichead chomh maith. 

Luíonn sé seo le ciall, nó míchiall más maith leat, óir do na gamail atá ag cur an Trídhathaigh in airde, ní bratach phoblachtánach tríocha a dó chontae é, ach bratach náisiúnach ciníoch na sé chontae fichead; is é sin an fáth go réitíonn siad leis an lucht ciníoch sna sé chontae agus sa Bhreatain, dream atá ag cur ruaig ar Chaitlicigh óna dtithe i mBéal Feirste i láthair na huaire.